Nuacht an Tuaiscirt: Mol Digiteach le seoladh i nGaoth Dobhair

Nuacht an Tuaiscirt: Mol Digiteach le seoladh i nGaoth Dobhair

"Mol ina bhorradh iontach don iarthuaisceart" - Cathaoirleach ÚnaG

Sheol Aire Stáit na Gaeltachta, an Teachta Dála Joe McHugh g-Teic Ghaoth Dobhair, mol dhigiteach in Áislann Ghaoth Dobhair inniu.

Tá an spás atá os cionn 1,400 méadar cearnach mar chuid de g-Teic Gréasán Digiteach na Gaeltachta. Is gréasán de 30 mol nuálaíochta agus digiteach é g-Teic atá a bhunú i gceantair ar fud na Gaeltachta.

Tá scór deasc shealaíochta agus spásanna roinnte do chian oibrithe agus ríomhoibrithe forbartha i gteic Ghaoth Dobhair agus deiseanna cur le sin sa todhchaí. Lena chois sin tá 26 spás oifige agus aonaid ghorlainne forbartha do ghnóanna atá ag tosnú nó ag fás.  

Dúirt Micheál Ó hÉanaigh príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go bhfuil an mol úr seo ag cuidiú le teicneolaíocht úr a chothú i nGaoth Dobhair.

Tiománaí gafa ag Gardaí

Fuair Aonad Tráchta an Gharda Síochána i mBaile na nGallóglach greim ar thiománaí a bhí ag tiomáint 45km thar an teorainn luais i gceantar Rath Mealtáin inniu.

Do réir an eolais a d'fhoilsigh na Gardaí ar a gcuntas Twitter inniu, bhí an tiománaí ag tiomáint ag luas de 125km san uair, in áit a bhfuil teorainn luais de 80km san uair i bhfeidhm.

Deir siad go mbeidh  pointí pionóis a gcur ar cheadúnas an tiománaí sin, ag eascairt ón eachtra seo.

Comhlacht Dhún na nGall ina measc siúd cáilithe don tSín

Tá comhlacht Próiseála Feola Dhún na nGall i measc trí mhonarcha feola sa tír a bhfuil a mbeannacht tugtha ag údaráis na Síne lena gcuid feola a dhíol sa tSín.

Is iad seo na chéad chomhlachtaí feola as an Eoraip a bheas ag díol a gcuid feola le margadh na Síne.

Chuir an tSín bac ar importáil feoil ón Eoraip agus ó Mheiriceá sa bhliain 2000 nuair a bhí géarchéim BSE nó Galar na Bó Mire iontach leitheadach, agus bhí an bac sin i bhfeidhm go dtí anois.
 

Mol Digiteach le seoladh

Seolfaidh Aire Stáit na Gaeltachta, an Teachta Dála Joe McHugh G-Teic Ghaoth Dobhair, mol digiteach in Áislann Ghaoth Dobhair níos moille inniu.

Tá an spás atá os cionn 1,400 méadar cearnach a oscailt mar chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta.

Is gréasán de 30 mol nuálaíochta agus digiteach é gteic atá a bhunú i gceantair ar fud na Gaeltachta Tá scór deasc shealaíochta agus spásanna roinnte do chian oibrithe agus ríomh oibrithe forbartha i gteic Ghaoth Dobhair agus deiseanna cur le sin sa todhchaí.

Lena chois sin tá 26 spás oifige agus aonaid ghorlainne forbartha do ghnóanna atá ag tosnú nó ag fás. Faoi láthair tá 18 togra lonnaithe i gteic Ghaoth Dobhair agus corradh le 50 duine fostaithe iontu.

Tá spriocanna ag Údarás na Gaeltachta moill dhigiteacha mar seo a sholáthar ar fud na Gaeltachta, le cuidiú le cúrsaí fiontraíochta sna Gaeltachta. Beidh an seoladh ar siúl ar maidin inniu ar a 11.00

Margaí nua don iascaireacht

Tá forbairtí móra ar chúrsaí iascaireachta le cúpla bliain agus margaidh úra le tamall sa tSín do chrúbóga, a dúirt John O'Brien as Inis Bó Finne.

Tá trí oiread airgid le fáil ar chrúbóga faoi láthair agus €4,500 an tonna a fháil ag iascairí ar chrúbóga i láthair na huaire, a dúirt sé.

Tá brú mór ar stoc na ngliomach faoi láthair, a dúirt sé, agus ghlacfadh iascaireacht de chineál eile a bheith ar bun le brú a bhaint de stoc na ngliomaigh, dár le John O'Brien.

Deir sé go bhfuil na holl thrálaeir iascaireachta as an Íseal Tír, an Spáinn agus ón Fhrainc, le feiceáil de shíor amach ó chósta Dhún na nGall.

Cháin sé Bord Iascaigh Mhara as an easpa suime, a deir sé,  atá acu forbairt a dhéanamh ar an tionscal.

Moill ar dheontais 

Tá moill mhór deontais a cheadú le cuidiú tithe daoine aosta a chur in oiriúint, a dúirt an Comhairleoir Contae Éanna Ó Cnáimhsí.

Go dtí seo i mbliana, níor ceadaíodh deontas ar bith faoi thrí scéim faoi leith atá ag an Chomhairle Contae le tacaíocht a thabhairt do dhaoine aosta cónaí go neamhspleách ina dtithe féin, i gceantar bardais na nGleanntach.

Ceadaíodh 60 iarratas sa cheantar bardais anuraidh, agus tá éileamh mór ar thacaíocht faoin scéim seo, a dúirt an Comhairleoir Ó Cnáimhsí. Ba cheart go mbeadh idir cúig agus deich gcinn de iarratais ceadaithe faoin am seo, a dúirt sé.

Beidh sé mí nó dhó eile sula roghnófar ionadaí ó Choiste Oileáin Chomhairle Contae Dhún na nGall ar CPRM, Comhdháil na Réigiúin Mara Imeallacha. Sin do réir an eolais a thug an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh, ag cruinniú Choiste Oileáin na Comhairle Contae le gairid.

D'éirigh le rún ón Chomhairleoir Ó Fearraigh ag cruinniú den Chomhairle Contae le gairid, go mbeadh ionadaí ó Choiste na nOileán ar an choiste seo.

Níl infheistíocht mar is ceart a dhéanamh ag Comhairle Contae Dhún na nGall sna hoileáin amach ó chósta na contae, a dúirt sé, agus caithfear maoiniú mar is ceart a chur ar fáil do thograí ar na hoileáin, dar leis.

Beidh sé ina bhuntáiste do oileáin na contae agus  ionadaí ag Coiste na nOileán ar an CPRM, a dúirt an Comhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh.

Creat Pleanála Náisiúnta

Caithfear eolas cuimsitheach a fháil ar cén tionchar a bheas ag an Chreatlach Náisiúnta Pleanála ar chontae Dhún na nGall, a dúirt an Comhairleoir Contae Séamus Ó Domhnaill.

Beidh ceardlann speisialta ag an Chomhairle Contae an tseachtain seo maidir le Plean Forbartha na Contae, ach tá gá le heolas roimh reidh ar an tionchar a bheas ag an phlean náisiúnta seo ar an chontae, a dúirt sé.

Deir an Comhairleoir Ó Domhnaill go mbeidh tionchar diúltach ag an phlean seo ar Dhún na nGall, go háirithe maidir le tithe aonaracha a thógáil faoin tuath.

Tá Dún na nGall ag brath go mór ar thithíocht aonarach faoin tuath, agus ní thig glacadh leis an Chreatlach Náisiúnta Pleanála, a dúirt sé.

Éilimh scoileanna ar oileáin

Beidh an dara cruinniú ag ionadaithe ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall le feidhmeannaigh na Roinne Oideachais maidir le éilimh scoileanna ar na hoileáin, ar siúl amárach.

Bhí cruinniú cheana féin in oifigigh na Roinne Oideachais in Áth Luain ar an 27ú Márta, agus rinneadh cur i láthair ar na dúshláin atá ag scoileanna ar na hoileáin, agus na riachtanais bhreise atá ag na scoileanna sin.

Dúirt Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, gur tugadh cuntas ar chostais a bhíonn ar scoileanna ar na hoileáin, agus na heasnaimh atá i gcúrsaí curaclam ar scoileanna ar oileáin.

Thug sí le fios go mbeidh comhdháil in Ostán Buswells i mBaile Átha Cliath ar an 30ú Bealtaine faoi scoileanna ar na hoileáin, agus go mbeidh baint lárnach ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall leis an chomhdháil sin.

Beidh sé a eagrú ag an Bhord i gcomhair le Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin i gcomhair le ETBI, agus sé'n tAire Stáit Joe McHugh a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil. 

Ómós do thiománaithe railí

Beidh ócáid chathartha a reáchtáil tráthnóna inniu ag Comhairle Contae Dhún na nGall dona tiománaithe rally Manus Kelly agus Dónal Barrett. Bhain siad beirt Rally Idirnáisiúnta Dhún na nGall i 2016 agus 2017 agus Craobh Náisiúnta Rally 2015.

Is i gceannáras na Comhairle Contae i Leifear a bheas an ócáid chathartha tráthnóna inniu ar a 6.00. Cuirfidh Cathaoirleach na Comhairle Contae, An Comhairleoir Gerry Mac Monagail fáilte oifigiúil rompu tráthnóna, agus beidh bronnadh a dhéanamh orthu ag deireadh na hócáide.

Beo

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nuacht a hAon

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Seán Ó Tuairisg, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seán Ó Tuairisg, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Caoimhe Nic Cába, Pavee Point.

Caoimhe Nic Cába, Pavee Point.

 
Catherine Connolly. T.D Gaillimh Thiar.

Catherine Connolly. T.D Gaillimh Thiar.

 
Sláine Ní Chathalláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Sláine Ní Chathalláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Póilín Ní Chiaráin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Póilín Ní Chiaráin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Micheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta  an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An bhfuil teorainn chrua romhainn?

An bhfuil teorainn chrua romhainn?

 
Mír na Leabhar- Áine Ní Ghlinn

Mír na Leabhar- Áine Ní Ghlinn

 
Máirtín Ó Méalóid;Sa Bhruiséal.

Máirtín Ó Méalóid;Sa Bhruiséal.

 
Mac Dara Mac Donnchadha;Tionól Nioclás Tóibín

Mac Dara Mac Donnchadha;Tionól Nioclás Tóibín

 
Noel Ó Murchú;Leabhar ar chogadh na saoirse

Noel Ó Murchú;Leabhar ar chogadh na saoirse

 
Ciara Ryan;Trácht ar Sheán Ó Súilleabháin Bhéarra

Ciara Ryan;Trácht ar Sheán Ó Súilleabháin Bhéarra

 
Darach Ó Scolaí;'Fonn a níos fiach' foillsithe arís

Darach Ó Scolaí;'Fonn a níos fiach' foillsithe arís

 
An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2019

An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2019

 
Mac Dara Mac Donnchadha;Trácht ar thimpist bóthair ina maraíodh Michael Wright aréir

Mac Dara Mac Donnchadha;Trácht ar thimpist bóthair ina maraíodh Michael Wright aréir

 
Seán Ó Conchúir; Teacht le chéile d'iarr dhaltaí Choláiste Iosagáin

Seán Ó Conchúir; Teacht le chéile d'iarr dhaltaí Choláiste Iosagáin

 
Dr. Neill Buttimer;An Chéad Dáil. Dáithí de Mordha;Piaras Béaslaí.

Dr. Neill Buttimer;An Chéad Dáil. Dáithí de Mordha;Piaras Béaslaí.

 
Conal Mac Gearailt,Pól Ó Cuinn agus peileadóirí 14 na Gaeltachta

Conal Mac Gearailt,Pól Ó Cuinn agus peileadóirí 14 na Gaeltachta

 
An Saol o Dheas 21ú Eanair 2019

An Saol o Dheas 21ú Eanair 2019

 
Jeaicí Mac Gearailt, tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Jeaicí Mac Gearailt, tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Peadar Ó Scanaill, tréadlia.

Peadar Ó Scanaill, tréadlia.

 
Anna Heussaff, Cairde na Cruinne.

Anna Heussaff, Cairde na Cruinne.

 
Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta.

 
Gearóid Ó hEara, iarmhéara Dhoire.

Gearóid Ó hEara, iarmhéara Dhoire.

 
John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairleoir Condae Dún na nGall.

John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairleoir Condae Dún na nGall.

 
Thomas Byrne, urlabhraí Fhianna Fáil.

Thomas Byrne, urlabhraí Fhianna Fáil.

 
Príomhaoire an rialtais, An tAire Stáit Seán Kyne.

Príomhaoire an rialtais, An tAire Stáit Seán Kyne.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Siúlach Scéalach - Scéalta ó Camden Town

Siúlach Scéalach - Scéalta ó Camden Town

 
Siúlach Scéalach - Ceol as Gaeltacht na hAlbna

Siúlach Scéalach - Ceol as Gaeltacht na hAlbna

 
Tide- Rachael agus Olivia

Tide- Rachael agus Olivia

 
Susan Ní Laoire; Cathaoirleach Bhord Chiarrai Theas do CLG.

Susan Ní Laoire; Cathaoirleach Bhord Chiarrai Theas do CLG.

 
Rónán Ó Dubhghaill;Institiúid Bídh Ollscoil Chorcaí

Rónán Ó Dubhghaill;Institiúid Bídh Ollscoil Chorcaí

 
Micheál Ó Conchúir; Trácht ar an bhfeisire Eorpach Brian Crowley

Micheál Ó Conchúir; Trácht ar an bhfeisire Eorpach Brian Crowley

 
Liam Ó Rócháin; Cur síos ar obráid croi a bhí aige anuraidh.

Liam Ó Rócháin; Cur síos ar obráid croi a bhí aige anuraidh.

 
An Saol ó Dheas 18ú Eanair 2019

An Saol ó Dheas 18ú Eanair 2019

 
Máirín Ní Ghadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Máirín Ní Ghadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Mark Beag Mac Donnacha, Tiománaí Leoraí.

Mark Beag Mac Donnacha, Tiománaí Leoraí.

 
Tadhg Ó Conghaile agus Amelia Uí Chonláin, lucht tacaíochta & bainistíochta Chumann Lúthchleas Gael an Spidéil.

Tadhg Ó Conghaile agus Amelia Uí Chonláin, lucht tacaíochta & bainistíochta Chumann Lúthchleas Gael an Spidéil.

 
Piaras Ó Dochartaigh, T.D. Sinn Féin.

Piaras Ó Dochartaigh, T.D. Sinn Féin.

 
Load More...
Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Beo ar Éigean

Beo ar Éigean

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

Tús Áite

Tús Áite

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís