Nuacht an Tuaiscirt: Cuntais bainc
Cuntais bainc
Tá Gardaí ag iarraidh ar an phobal a bheith cúramach má tá siad ag tógáil suimeanna móra airgid óna gcuntas bainc. Tharla roinnt eachtraí sa chontae le gairid áit a ndearna baill den phobal airgead a thógáil óna gcuntas bainc agus an t-airgead a fhágáil ina gcarranna le linn daofa a ghabháil i mbun gnóthaí eile. Nuair a phill siad ar a gcarranna bhí an t-airgead ar iarraidh. Tharla cás amháin i mBeál Átha Seanaigh agus cás eile i Leitir Ceanainn. Dúirt an tOifigeach Coiscthe Coireanna, an Sáirsint Paul Wallace gur cheart do dhaoine atá le suimeanna móra airgid a thógáil óna gcuntas bainc, glaoch a chur ar an bhanc roimh ré agus na socruithe a dhéanamh. Dúirt sé nár cheart do dhaoine a bheith ag eagrú seo os comhair custaiméirí eile sa bhanc. Dúirt an Sáirsint Wallace fosta nár cheart, in am ar bith, suimeanna airgid a fhágáil i gcarranna nach bhfuil duine ar bith iontu.
Coiste na nOileán
Beidh cruinniú de Choiste na nOileán ar siúl don chéad uair ariamh inniu ar Oileán Ghabhla. Beidh Cathaoirleach Choiste na nOileán, an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig chomh maith le Comhairleoirí Contae agus oifigigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall ag taisteal chun oileáin ar maidin don chruinniú. Dúirt ball den choiste, Máirín Uí Fhearraigh, gur lá stairiúil é seo d'Oileán Ghabhla. Dúirt sí go bhfuil obair mhór a dhéanamh ar na hoileáin agus go bhfuil sé tábhachtach tógáil ar an obair sin agus cur leis na háiseanna ar na hoileáin. Beidh an cruinniú ar siúl ar a 10 a chlog maidin inniu.
Áislann Chill Chartha
Cuirfear tús le hobair fhorbartha ar Áislann Chill Chartha ar an mhí seo chugainn. Cheadaigh an tAire Stáit Joe Mc Hugh chóir a bheith €100,000 le hobair fhorbartha a dhéanamh san Áislann agus tá sé beartaithe Seomra Fáiltithe úr a thógáil chomh maith le stór úr agus roinnt obair dheisiúcháin a dhéanamh ar an dara urláir. Táthar ag súil go mbeidh an obair críochnaithe roimh dheireadh na bliana. Dúirt Muiris Ó hEigeartaigh, ball de Choiste na h Áislainne go bhfuil an Áislann bunaithe anois le 5 bliana is 20 agus go bhfuil sé ag dul ó neart go neart. Dúirt sé go mbaineann daoine ó na Cealla Beaga go Gleann Cholmcille úsáid as an Áislann agus go bhfuil réimse leathan de chursaí, ranganna, imeachtaí spóirt agus caitheamh aimsire ar siúl san Áislann go laethúil.
Céim Aniar
Deir baill de na coistí Céim Aniar i Ros Goill agus Gaeltacht Bheo Fhanada go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh comhoibriú idir an dá Choiste agus go mbeadh siad in ann tacaíocht a thabhairt dá chéile. Dúirt na baill go bhfuil ceangal nádúrtha idir an dá cheantar le fada agus gur cheart tógáil ar an cheangal sin. Dúirt Aodh Mac Laifeartaí Cathaoirleach Choiste Céim Aniar go bhfuil na spriocanna agus na dúshláin chéanna ag an dá cheantar agus go leor i gcoitinne ag an dá ghrúpa, go háirithe mar gheall ar thíreolaíocht agus ar chaighdeán na Gaeilge de. Tá Plean Teanga a ullmhú faoi láthair do Limistéar Pleanála Teanga Thuaisceart Dhún na nGall a chlúdaíonn Fanaid, Ros Goill, Gleann Bharr, an Tearmann, an Craoslach agus Gleann Domhain.
Teach Solais Fhánada
Tá íomhá de Theach Solais Fhánada le feiceáil ag láthaireacha éagsúla i Milan san Iodáil faoi láthair, mar pháirt d'fheachtas turasóireachta atá ar bun ansin. Siad Turasóireacht Éireann i gcomhar le Aer Lingus atá i mbun an fheachtais agus iad ag iarraidh turasóirí ón Iodáil a mhealladh na tíre seo i mbliana. Tá fógraí le feiceáil i stáisiúin Metro ar fud Milan agus meastar go mbeidh suas le 1.3m duine ag amharc ar na fógraí agus tá teach solais Fhánada lárnach san fhógra seo. Tá sé beartaithe feachtas dá mhacasamhail a thabhairt na Gearmáine agus chun na Fraince chomh maith. Rinneadh leabhráin turasóireachta i nGearmáinis atá dírithe ar Dhún na nGall a sheoladh le gairid agus táthar ag súil go meallfaidh seo tuilleadh turasóirí ón Ghearmáin i mbliana.