Nuacht an Tuaiscirt: Andrew Allen

Nuacht an Tuaiscirt: Andrew Allen

Andrew Allen

D'iarr cróinéir Dhún na nGall an Dr Denis McCauley tuairisc óna Gardaí faoin fhiosrúchán maidir le dúnmharú Andrew Allen, a scaoileadh i dteach i mBun Crannacha i mí Feabhra 2012. Bhí Andrew Allen, gur as Doire dó, ina chónaí i mBun Crannacha, agus deir Grúpa Gníomhaíochta Poblachtanach  i gCoinne Drugaí, gur iad a mharaigh é. Ar iarratas ó chigire na nGardaí, David Murphy i gCúirt Bhun Crannacha inniu, cuireadh siar arís an coiste cróinéara faoina bhás. Dúirt sé go bhfuil roinnt gnéithe den fhiosrúchán ag leanstan ar aghaidh go fóill.

Sliogéisc

Bhí méadú de chor a bheith 25% ar luach an tsliogéisc a thug bádaí ó thíortha eile i dtír sna Cealla Beaga anuraidh, do réir tuarascáil de chuid Bhord Iascaigh Mhara. Thug bádaí eachtracha luach €401m de shliogéisc i dtír ag príomh chalafoirt iascaireachta na tíre i 2017, agus tugadh €125m de sin i dtír sna Cealla Beaga. Do réir na tuarascála seo, dúradh go dtáinig méadú 6.4% ar earnáil bia mara na tíre seo i 2017, earnáil a raibh €1.15 billiún luaite leis anuraidh.

Buiséad bardais

Dhiúltaigh Comhairleoirí Contae cheantar Bardais na nGleanntach d'aonghuth glacadh leis an bhuiséad agus an clár oibre a cuireadh os a gcomhair inné. Dúirt na Comhairleoirí nach bhfuil  siad ag fáil cothrom na féinne agus go bhfuil ceantair bardais eile sa chontae ag fáil i bhfad níos mó airgid. Dúirt na Comhairleoirí gur léir nár éist Príomhfheidhmeannach na Comhairle Seamus Neely  leo  nuair a chas siad leis  lena n-imní a léiriú,  mar nach bhfuil méadú ar bith tagtha ar an bhuiséad don cheantar bardais. D'aontaigh an seisear Comhairleoir d'aon ghuth  go gcaithfear troid don cheantar agus do thodhchaí an cheantair agus go  mbeidh  siad ag léiriú a n-imní ag an chéad chruinniú iomlán eile den Chomhairle Contae i Leifear.

Gerry Mc Monagle

Ní bheidh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall an Comhairleoir Gerry Mc Monagle ag taisteal go Meiriceá do Lá Fhéile Pádraig. Dúirt an Chomhairle Contae go dtuigeann siad gur ar mar gheall ar chúiseanna pearsanta nach mbeidh an Comhairleoir Mc Monagle ag dul go Meiriceá. Beidh an Leas Chathaoirleach an Comhairleoir Noel Jordon ag taisteal ina áit, chomh maith le  Stiúrthóir Seirbhísí Airgeadais  na Comhairle Contae Garry Martin. Beidh Méara Leitir Ceanainn an Comhairleoir Jimmy Kavanagh ag dul na Gearmáine. Beidh an Comhairleoir Michael Mc Bride ina chuideachta chomh maith le  Mary Daly  n Rannóg Turasóireachta Chomhairle Condtae Dhún na nGall. Tá an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh i Meiriceá Theas faoi láthair do cheiliúradh na Féile Pádraig. Tá roinnt laethanta caite aige i Chile agus tá sé sa Bhrasíl faoi láthair.

Danielle McLaughlin

Cothrom an lae seo anuraidh, a dúnmharaíodh Danielle McLaughlin, bean óg as Bun Cranncha, agus í ar saoire i nGoa na hInde. Fuarthas corp Danielle ar an trá i nGoa ar an 14ú Marta 2017, rinneadh éigniú uirthi agus bhí sí buailte go holc sa chloigeann. Tá fear as an Ind, Vikat Bhagat le dhul ar a thriail go luath, agus é curtha ina leith gur éignigh sé agus gur mharaigh sé Danielle McLaughlin. Séanann seisean na cúiseanna seo. Tá sé ar intinn ag máthair Danielle,  Andrea, taisteal chun na hInde don chás cúirte.

Ceantar Bardais

Tá Comhairle Paróiste Chill Chartha ag cur i gcoinne athruithe ar bith a bheadh le déanamh ar na teorainneacha atá ar Cheantar Bardais Dhún na nGall. Rinneadh moltaí le gairid go mbeadh na teorainneacha ar fad dona ceantracha bardais i nDún na nGall le tarraingt arís, agus moladh amháin a rinneadh nó go mbeadh Cill Chartha, Gleann Cholm Cille agus an Charraig ag dul isteach i gCeantar Bardais na nGleanntach. Aontaíodh d'aon ghuth ag cruinniú de Chomhairle Paróiste Chill Chartha le gairid cur in éadan na moltaí seo, a d'fhágfadh paróistí Ghleann Cholm Cille agus Chill Chartha scartha ó cheantracha in aice láimhe, a bheadh go fóill i gCeantar Bardais Dhún na nGall. 

Scéim chúitimh

Is ar an mhí seo chugainn a bhéarfaidh an Rialtas eolas do na daoine a ndearna na brící lochtacha MICA damáiste dá dtithe, cén cur chuige a bhéas acu le dul i ngleic leis an fhadhb sin. Tá na céadta teach i nDún na nGall ina bhfuil na brící MICA, agus tá iarrtha ag an Teachta Charlie McConalogue ar an Aire Damien English a chinntiú go gcuirtear scéim cúitimh ar bun do úinéirí na dtithe sin. Chinntigh an tAire English don Teachta McConalogue go mbeidh an Rialtas ag fógairt plean le dhul i ngleic leis an scrios atá déanta ag na brící lochtacha do thithe i Muigh Eo agus i nDún na nGall i mí Aibreán. Ba cheart don scéim cúitimh a bheith cosúil leis an scéim a cuireadh ar fáil do dhaoine a  ndearna pyrite díluacháil dá dtithe, agus sin a chuir ar fáil gan mórán moille, a dúirt an Teachta Charlie McConalogue.
 

Beo

Tequila Tíre

Tequila Tíre

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthiar.

Nuacht an Iarthiar.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 22ú Meitheamh 2018

An Saol ó Dheas 22ú Meitheamh 2018

 
Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Curran

Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Curran

 
An t-Aire stáit Gaeltachta Joe McHugh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

An t-Aire stáit Gaeltachta Joe McHugh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

 
Betty Mc Laughlin, Institiúid na Múinteoirí Comhairleacha.

Betty Mc Laughlin, Institiúid na Múinteoirí Comhairleacha.

 
Tom Ó Muirí, Pobal na Teorann in Éadan an Bhreatimeachta.

Tom Ó Muirí, Pobal na Teorann in Éadan an Bhreatimeachta.

 
Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Áine Moynihan agus Simon Ó Faoláin.

Áine Moynihan agus Simon Ó Faoláin.

 
Tomás Ó Curraoin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Tomás Ó Curraoin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Aidan Fitzmaurice, Herald.ie.

Aidan Fitzmaurice, Herald.ie.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtáin.

Príomhscéalta na Nuachtáin.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 21 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 21 Meitheamh 2018.

 
Caitríona Hastings

Caitríona Hastings

 
Conall Ó Mórain, saineolaí airgeadais.

Conall Ó Mórain, saineolaí airgeadais.

 
Cathal Ó Conchúir, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Cathal Ó Conchúir, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 
Carmel Nic Airt, Island to Island.

Carmel Nic Airt, Island to Island.

 
Dáithí Mac Roibeard, Craobh an Earagail, Cumann Bunmhúinteoirí Éireann.

Dáithí Mac Roibeard, Craobh an Earagail, Cumann Bunmhúinteoirí Éireann.

 
Séamus Ó Drisceoil, bainisteoir, bád farantóireachta Oileán Chléire.

Séamus Ó Drisceoil, bainisteoir, bád farantóireachta Oileán Chléire.

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc  Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtáin.

Príomhscéalta na Nuachtáin.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Plean Teanga Liospóil

Plean Teanga Liospóil

 
Karen Trench;Fleadh Cheoil Chiarrai.

Karen Trench;Fleadh Cheoil Chiarrai.

 
Siúlóid cuimhneacháin Tom Crean;Marian Ní Chinnéide

Siúlóid cuimhneacháin Tom Crean;Marian Ní Chinnéide

 
Oscailt Oifigiúil Halla i nDún Chíomháin

Oscailt Oifigiúil Halla i nDún Chíomháin

 
An Saol ó Dheas 20ú Meitheamh 2018

An Saol ó Dheas 20ú Meitheamh 2018

 
Léirmheas ar Asking for it le Gerry Motherway

Léirmheas ar Asking for it le Gerry Motherway

 
Dr. Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan.

Dr. Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan.

 
Pacáiste - Gaillimh 2020.

Pacáiste - Gaillimh 2020.

 
Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlin, An Ghearmáin.

Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlin, An Ghearmáin.

 
Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

PléScéal

PléScéal

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Rónán Beo

Rónán Beo

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís