Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá roinnt obraidí curtha ar ceal ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in Otharlann Leitir Ceanainn inniu mar gheall ar bhrú a bheith ar sheirbhísí na hOtharlainne, le daoine ag fanacht san Aonad Éigeandála le leapacha a fháil agus an brú a chuir an droch aimsir le gairid ar an tseirbhís sláinte. Tá ceathrar déag ar thralaithe inniu in Aonad Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn agus duine agus fiche ar thralaithe in Otharlann Shligigh. Dúirt an Dr Tony Delap nach bhfuil an cinneadh ceart déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, obraidí nach bhfuil práinn mhór leo a chur ar ceal, mar go mbeidh na liostaí feithimh d'obraidí ag ardú leis. Beidh doctúirí comhairleacha áirithe agus máinlianna i Leitir Ceaninn díomhaoin inniu a dúirt an Dr Delap ar Bharrscéalta  rud a chuireann frustrachas orthusan agus a chuireann as do na hothair atá ag fanacht le dhul faoi scian.

Calafort na gCealla Beaga

Ba é calafort na gCealla Beaga an calafort is luachmhaire ó thaobh lastas éisc a tugadh i dtír anuraidh de, de réir tuairisc bhliantiúil Bhord Iascaigh Mhara an BIM. Tugadh luach 125 milliún euro d'iasc i dtír ó bhádaí iascaireachta sna Cealla Beaga anuraidh, sin ardú 24% ar an lion éisc de réir tonnáiste a tugadh i dtír ann i gcomparáid le 2016. De réir tuairisc Bhord Iascaigh Mhara, tháinig 105 milliún euro den iasc a tháinig isteach chun na Cealla as bádaí iascaireachta Éireannacha agus 20 milliún euro den lastas éisc ó thraeléirí a bhí cláraithe i dtíortha eile. De réir na tuairisce fosta dúradh go bhfuil 12% de dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantar cósta Dhún na nGall fostaithe in earnáil an bhia mara.

Sábhailteacht bóithre


Tá imeacht faoi shábhailteacht bóithre ar siúl inniu i bPobalscoil na Rosann, á reachtáil ag Comhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na ngall, an DLDC, le eolas a thabhairt do dháltaí scoile faoi dhóigheanna le bheith sábháilte i gcarranna , ag rothaíocht nó ag siúl ar bhealtai móra. Beidh 200 dálta idirbhliana as scoltacha eagsúla sa chondae páirteach in imeachtaí an lae agus ionadaithe ón tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóihtre i láthair sa scoil le labhairt faoin tionchar a bhíonn ag taismí bóthair ar dhaoine chomh maith le baill de na seribhísí éigeandála.

Halla Spóirt

Dhiúltaigh an Roinn Oideachais d'iarratas ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall le Halla Spóirt a thógáil ar Oileán Árainn Mhór. Rinne an Bord iarratas ar Halla Spóirt úr a thógáil in aice le Gairmscoil Mhic Diarmada ar an Oileán ar an 27 de Dheireadh Fómhair anuraidh agus diúltaíodh don iarratas ag deireadh na míosa seo chuaigh thart. Tá sé i gceist anois ag an Bhord achomharc a dhéanamh ar an iarratas. Agus ag   coinneáil leis an Ghairmscoil, tá  sé beartaithe obair fhorbartha a dhéanamh ag an scoil i rith an Samhraidh , tá sé i gceist seomra úr teicneolaíochta a thógáil agus táthar dóchasach go mbeidh an obair críochnaithe  ag Mean Fómhair.

Bord Oideachais


Deir an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh agus ball de Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na háiseanna céanna oideachais ar na hOileáin agus atá ar tír mór chomh maith leis na cearta céanna. Chuir se fáilte mhór roimh an tuairisc atá curtha le cheile dírithe ar Scoltacha ar na hOileáin agus dúirt sé go bhfuil súil aige go gcuirfear na moltaí ata sa tuairisc i bhfeidhm anois. Dúirt sé go bhfuil infheistíocht fhiúntach á dhéanamh i nGairmscoil Mhic Diarmada mar go bhfuil fás rialta ag teacht ar thinreamh na scoile.

Comórtas Gailf

Dhéanfar plé inniu ag cruinniú de Cheantar Bardais Inis Eoghain ar an ghéarghá atá le maoiniú éigeandála a fháil le bail a chuir ar infrastructúr san leathinis, roimh Chomórtas Oscailte Galf na hÉireann. Tá na comhairleoirí condae ag iarraidh ar an Aire Shane Ross 2.8 milliún euro ar a laghad a chuir ar fáil don Chomhairle Condae láithreach, le cinntiú gur féidir an obair chóirithe a dhéanamh roimh mhí Iúil. Tá tacaíocht traspháirtí faighte don mholadh a chuirfear os comhair an chruinnuithe  inniu mar go bhfuil sé ráite ag na Comhairleoirí Condae sa Cheantar Bardais gur seo deis iontach an leathinis a chuir os comhair an domhain, mar láthair turasóireachta.
 

Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Sinéad ar Maidin

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2018

 
Mícheál Ó Tonaigh, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.

Mícheál Ó Tonaigh, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.

 
Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Robert Brosnan, iarrthóir Shinn Féin, An Daingean.

Robert Brosnan, iarrthóir Shinn Féin, An Daingean.

 
Dara Calleary, leascheannaire Fhianna Fáil.

Dara Calleary, leascheannaire Fhianna Fáil.

 
Gearóid Mac Donncha, ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Gearóid Mac Donncha, ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Tom Ó Ceallaigh, saineolaí airgeadais, Londain.

Tom Ó Ceallaigh, saineolaí airgeadais, Londain.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagrai Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagrai Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Aoife Ní Chonchúir;Scannán beochanna Gráinne Mhaol.

Aoife Ní Chonchúir;Scannán beochanna Gráinne Mhaol.

 
Joe Ó Murchú;Liostuathail

Joe Ó Murchú;Liostuathail

 
Beirní Feirtéár;Cór nua an Daingin

Beirní Feirtéár;Cór nua an Daingin

 
Rosaí Nic Chárthaigh;Pleanála teanga Mhúscraí

Rosaí Nic Chárthaigh;Pleanála teanga Mhúscraí

 
Pádraig Feirtéár;Marglann an Daingin

Pádraig Feirtéár;Marglann an Daingin

 
An Saol ó Dheas 12ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 12ú Nollaig 2018

 
Elaine Scahill.

Elaine Scahill.

 
Geamaireacht' Balor na Súile Nimhneach'

Geamaireacht' Balor na Súile Nimhneach'

 
Caitríona Ní Bhaoill.

Caitríona Ní Bhaoill.

 
Rosa Glackin SVP.

Rosa Glackin SVP.

 
Séamus Mac Giolla Bhuí.

Séamus Mac Giolla Bhuí.

 
Frances Nic Géidigh .

Frances Nic Géidigh .

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 12 Nollag 2018.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 12 Nollag 2018.

 
Síle Ní Dhubhghaill, Pairtí Daonlathaigh Sóisialta & Conor McGuinness, Sinn Féin.

Síle Ní Dhubhghaill, Pairtí Daonlathaigh Sóisialta & Conor McGuinness, Sinn Féin.

 
Anne Mc Hugh, príomhfheidhmeannach Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall.

Anne Mc Hugh, príomhfheidhmeannach Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall.

 
Tomás Mac Pháidín, stiúrthóir scoileanna GRETB.

Tomás Mac Pháidín, stiúrthóir scoileanna GRETB.

 
Susan Folan, ateangaire, pairlimint na hEorpa agus an Feisire Eorpach Seán Kelly. .

Susan Folan, ateangaire, pairlimint na hEorpa agus an Feisire Eorpach Seán Kelly. .

 
Dr. Gillian Ní Cheallaigh, tráchtaire, Londain.

Dr. Gillian Ní Cheallaigh, tráchtaire, Londain.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Joe McHugh, Aire Oideachais agus Scileanna.

Joe McHugh, Aire Oideachais agus Scileanna.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 11ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 11ú Nollaig 2018

 
Gobnait Ní Mhuineacháin. comhairleoir condae.

Gobnait Ní Mhuineacháin. comhairleoir condae.

 
Seán Mícheál Ó Domhnaill, cathaoirleach ceantar bardasach Fhine Gael.

Seán Mícheál Ó Domhnaill, cathaoirleach ceantar bardasach Fhine Gael.

 
Éamon Ó Cuív. T.D.

Éamon Ó Cuív. T.D.

 
Cormac Ó Comhraí, staraí.

Cormac Ó Comhraí, staraí.

 
Séamus Breathnach, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Séamus Breathnach, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

Seán Kelly, Feisire Eorpach.

 
Éamonn Mallie, iriseoir.

Éamonn Mallie, iriseoir.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Barrscéalta

Barrscéalta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Malairt Poirt le Muireann

Malairt Poirt le Muireann

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís