Nuacht an Tuaiscirt: Seirbhís Thoraí

Nuacht an Tuaiscirt: Seirbhís Thoraí

Seirbhís Thoraí

Deir an Teachta Dála Piaras O Dochartaigh nach bhfuil an Roinn ag éisteacht le pobal Thoraí in ainneoin gur léirigh siad ón tús nach raibh glacadh acu leis an Queen of Aran, deir sé nach bhfuil sé dóchasach go dtiocfar réiteach ar an scéal roimh an chead lá d'Aibreán. Dúirt an Teachta O Dochartaigh ar Bharrscealta inniu nach bhfuil sé ró-mhall go fóill ag an Roinn na deacrachtaí atá idir iad féin agus pobal Thoraigh a réiteach. 

Aonad Gaeilge

Beidh cíche eolais ag Gairmscoil na Mainistreach Baile Dhún na nGall san oíche amárach leis an Aonad Gaeilge atá beartaithe a chur ar fáil sa Scoil o Mheán Fómhair ar aghaidh a phlé. Beidh Bainistíocht agus foireann na scoile i láthair le heolas a thabhairt ar an Aonad. Tá cuireadh a thabhairt do thuismitheoirí freastal ar an ócáid. Dúirt  Cathal Mac Suibhne Tuismitheoir as Baile Dhún na nGall  go bhfuil  na  lúcháir  mhór air  go  bhfuil sé beartaithe Aonad Gaeilge a chur ar fáil sa Ghairmscoil.

Bás fir

Ba é Emmett Mc Clelland as Doire an fear óg sna ficheadaí a fuair bás de bharr gortaithe a bhain dó nuair a leag carr é ar bhealach an N13 ag Ceann an Droichid oíche Shatharn.  Leagadh beirt fhear san eachtra agus tugadh iad go Otharlann Alt na nGealbháin áit a bhfuair Emmett Mc Clelland bás de bharr na ngortaithe a bhain dó.  Gabhadh fear sa tríochaidí ag láthair na timpiste agus amhras go raibh tiomáint chontúirteach ar bun aige.  Scaoileadh saor an fear agus tá cód a ullmhú le cur chuig stiúrthóir na n-ionchúisimh poiblí.  Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhí ag taisteal sa cheantar ag an am teagmháil a dhéanamh leo.  Ba mhaith leo labhairt le lánúin amháin a chur stop le carr patróil de chuid na nGardaí ag stáisiún breosla i gCeann an Droichid agus a chur na Gardaí ar an eolas faoin taisme.

Toraigh

Tá ráiteas eisithe ag Comharchumann Oileán Thoraí inniu maidir leis an aighneas atá ar siúl faoi sheirbhís úr farantóireachta an oileáin.  Deirtear sa ráiteas go bhfuil muinín caillte ag muintir Thoraí sa Roinn Cultúr Oidhreachta agus Gaeltachta agus dheimhnigh siad arís go bhfuil siad ag diúltú glacadh leis na moltaí a chur an Roinn os a gcomhar go dtí seo.  Tá an Comharchumann agus pobal an oileáin ag iarraidh ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an chinneadh atá déanta acu.  Tá siad ag iarraidh ar an Roinn síneadh ama a thabhairt don chonradh atá ag Turasmara Teo agus an bád an Tor Mór, tá siad ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an chonradh úr atá bronnta ar The Queen of Aran, agus tá siad ag moladh nach gcuirfí tús le córas tairisceana úr go dtí go ndéanfaí measúnacht ar an chéad phróiseas a rinneadh.  Dúradh ag cruinniú poiblí ar an oileán inné nár cheart go gcuirfí tús leis an dara próiseas tairisceana go dtí go bhfuil measúnacht an chéad tairisceana nochtaithe mar go ndeir siad nach bhfuil muinín ar bith acu sa chóras tairisceana atá i bhfeidhm mar gheall ar an méid a tharla go dtí seo.

Seirbhísí Gaeilge

Beidh dúshláin ag Comhairle Contae Dhún na nGall a gcuid dualgais ar fad i leith seirbhís tré Ghaeilge a sholáthar, a chomhlíonadh, a dúirt Oifigeach Seirbhísí Gaeilge na Comhairle Seán Ó Daimhín.  Dúirt sé muna dtugtar tacaíochtaí sa bhreis daofa go mbeidh sé deacair acu an obair a chomhlíonadh.  Tá níos mó brú anois ar oibrithe sa Chomhairle, agus ar fud an stát chórais, seirbhísí Gaeilge labhartha agus scríofa a sholáthar a dúirt sé, agus mar sin, ba chóir do threoir a theacht ón Rialtas, le níos mó daoine atá inniúil i nGaeilge a fhostú i Rannóga éagsúla.  Tá rannóg Gaeilge na Comhairle Contae ag feidhmiú go maith, a dúirt Seán ó Daimhín, ach cuireann na  cáipéisí atá le haistriú agus an ghá leis an suíomh idirlíne a uasdhátú go rialta, brú sa bhreis ar na daoine a bhfuil caighdeán ard Gaeilge scríofa acu.  Ba cheart daoine oilte le hard leibhéal Gaeilge a bheith earcaithe in achan Rannóg Stáit agus i Rannóga éagsúla sa Chomhairle Contae, dar leis.

Bord Oideachais agus Oiliúna

Measann ionadaí na dtuismitheoirí ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Jeffrey Browne, go nglacfaidh níos mo daltaí leis an chinneadh gan Teagasc Críostaí a fhoghlaim sna scoltacha na mar a shíleann an Bord.  Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach dearcadh na dtuismitheoirí a fháil ar an cheist.  Tá deis a thabhairt ag an Roinn Oideachais anois do dhaltaí gan Teagasc Críostaí a dhéanamh mas mian leo agus bheirfear deis dona daltaí ábhair eile a fhoghlaim.  Roimhe seo bhí cead staidéir ag daltaí nach raibh ag déanamh teagasc críostaí nó bhí cead acu fanacht sa rang.  Dúirt an Comhairleoir Contae Albert Doherty gur cheart don Bhord tacaíocht a thabhairt do phríomhoidí agus acmhainní breise a chur ar fáil sa chás seo.               

Droichead Gorm

Cuirfidh comhlacht conraitheoirí Deane as Contae Fhear Manach tús arís amárach leis an obair ar an Droichead Gorm ar an Ard Donn i nGaoth Dobhair.  B'éigean deireadh a chur leis an obair ag tús na bliana nuair a thit fear a bhí ag obair ar an Droichead isteach san abhainn agus maraíodh é.  I bhfreagra a thug an Comhlacht don Chomhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, dúirt siad go bhfuil súil acu go mbeidh an obair críochnaithe i lár mí na Bealtaine áit a bhfuil obair dhaingnithe  a dhéanamh ar an Droichead.

Beo

Scoth an Luain

Scoth an Luain

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Neansaí Uí Choisdealbha agus Tommy Mellett.

Neansaí Uí Choisdealbha agus Tommy Mellett.

 
Ardtráthnóna: Dé Luain 24 Meán Fómhair 2018.

Ardtráthnóna: Dé Luain 24 Meán Fómhair 2018.

 
Oíche ómóis do Mhicheál Ó Muircheartaigh

Oíche ómóis do Mhicheál Ó Muircheartaigh

 
Breandan Ó Beaglaoich agus Pádraig Ó Duinín;Naomhóga Chorca Dhuibhne

Breandan Ó Beaglaoich agus Pádraig Ó Duinín;Naomhóga Chorca Dhuibhne

 
An Saol ó Dheas 24ú Meán Fómhair 2018

An Saol ó Dheas 24ú Meán Fómhair 2018

 
Bríd Ní Chonghaile.

Bríd Ní Chonghaile.

 
Úna Ní Ghabhláin.

Úna Ní Ghabhláin.

 
Gearóid Mháirtín Bán, Myles Mac Donnacha agus Suzanne Ní Chualáin.

Gearóid Mháirtín Bán, Myles Mac Donnacha agus Suzanne Ní Chualáin.

 
Pádraig Ó Gríofa ó 'Tourmac Teo Rathchairn', Doiminic Ó Móráin, Óstán Lough Inagh agus Pádraic Ó Conghaile ó Údarás na Gaeltachta.

Pádraig Ó Gríofa ó 'Tourmac Teo Rathchairn', Doiminic Ó Móráin, Óstán Lough Inagh agus Pádraic Ó Conghaile ó Údarás na Gaeltachta.

 
Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach RTE Raidió na Gaeltachta.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Sláine Ní Chathalláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Sláine Ní Chathalláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Dr Anne Ryan, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.

Dr Anne Ryan, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.

 
Éamon Ó Cuív, T.D. Gaillimh Thiar.

Éamon Ó Cuív, T.D. Gaillimh Thiar.

 
Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin.

Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, An Bhreatain.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, An Bhreatain.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Edel Ní Loibhéád.

Edel Ní Loibhéád.

 
Micheál Ó Lionáird.

Micheál Ó Lionáird.

 
Muireann Nic Amhlaoibh.

Muireann Nic Amhlaoibh.

 
Cormac Ó Beaglaoich, Ceol agus seiceolaíocht.

Cormac Ó Beaglaoich, Ceol agus seiceolaíocht.

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 21 Meán Fómhair 2018.

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 21 Meán Fómhair 2018.

 
Muireann Ní Dhroighneáin, Ealaín na Gaeltachta.  & Ray Yeates, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Muireann Ní Dhroighneáin, Ealaín na Gaeltachta. & Ray Yeates, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 
Gret O' Connor, Comharchumann Forbartha Mhúscraí.

Gret O' Connor, Comharchumann Forbartha Mhúscraí.

 
Cróna Ní Ghallachóir, Gort a Choirce.

Cróna Ní Ghallachóir, Gort a Choirce.

 
Catherine Connolly, T.D, Gaillimh Thiar.

Catherine Connolly, T.D, Gaillimh Thiar.

 
Tarlach de Blácam, Coiste Cosanta Seirbhís Aeir Árann.

Tarlach de Blácam, Coiste Cosanta Seirbhís Aeir Árann.

 
Rónán Mac an Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Rónán Mac an Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Iriseoireacht chlóite na Gaeilge

Iriseoireacht chlóite na Gaeilge

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Gerry Motherway, An Mai san Everyman.

Gerry Motherway, An Mai san Everyman.

 
Pádraig Ó Súilleabháin, Dánscoil Shliabh Luachra.

Pádraig Ó Súilleabháin, Dánscoil Shliabh Luachra.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

PléScéal

PléScéal

Ar an mBóthar

Ar an mBóthar

Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

Gníomh na Polaitíochta

Gníomh na Polaitíochta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Reacaireacht an Tráthnóna

Reacaireacht an Tráthnóna

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís