Nuacht an Deiscirt: Loiscneoir
Loiscneoir
Is ar 25 Bealtaine seo chughainn anois, a deir an Bord Pleanála a bheidh a'gcinneadh déanta acu, maidir leis na pleananna atá ag an gComhlacht Indaver Ireland loiscneoir dramhaíola a fhorbairt i gCuan Chorcaí.
Seo an deichiú babtha go bhfuil dáta na cinniuna maidir le forbairt an loiscneoir chonspóideach seo curtha siar. Bhí súil le cinnedh ar an lá deireannach don mi seo 'migh tharainn maidir leis na pleananna atá ag Indaver Ireland, loiscneoir a chosnoidh 160 milliún Euro a fhorbairt i Rinn an Scidígh i gCuan Chorcaí, an triú babtha acu ó 2001 iarratas a dheanamh dá leithéid.
Bóithre
Ag labhairt do ar an gclar Adhmhaidin, dúirt an tAire Stáit Turasóireachta Iompair agus Spóirt an Teachta Breandán ó Grifín Fine Gael ó Chiarraí Láir go bhfuil sé dóchasach gur féidir scéim na mbóithre áise mar a thugtaí ar,scéim le feabhas a chuir ar bhóithre beaga i gceantair Ghaeltachta na tire agus a thainigh chun críche i 2007 a thabhairt ar ais arís an bhliain seo chughainn. Dúirt sé go mbeadh timpeall buiséad do trí mhilliún euró ag teastáil don scéim nua ,agus go bhfeadfadh an Roinn Iompair agus Roinn na Gaeltachta a bhí i bhfeighil an seanna scéim, comhoibriú le chéile maidir leis an maoiniú a sholáthar eatharthu.