Nuacht an Tuaiscirt: Cumann Iascairí na gCealla Beaga

Nuacht an Tuaiscirt: Cumann Iascairí na gCealla Beaga

Cumann Iascairí na gCealla Beaga

Chuir Cumann Iascairí na gCealla Beaga fáilte roimh dhréacht threoirlínte a d'eisigh Comhairle na hEorpa an tseachtain seo, ar treo a mbeidh cainteanna ag dul ar chúrsaí iascaireachta sa díospóireacht ar an chaidreamh a bheidh ag an Aontas Eorpach agus an Bhreatain feasta. Tá sé molta nach mbeadh aon dhleachtanna nó aon srianta ar cheantair iascaireachta i bhfeidhm. Dúirt Príomhfheidhmeannach Chumann Iascairí na gCealla Beaga, Seán O'Donoghue gur lorg an cumann na dearbhaithe sin. Thréaslaigh sé leis an Aire Mara Michael Creed a throid cás iascairí na tíre seo. Bhí dian chomhráití ag an KFO le Ambasadóir na Fraince an tseachtain seo ar chúrsaí iascaireachta.

Cearta lucht bainte feamainne

Tá sé tábhachtach go gcosnódh an Rialtas cearta lucht bainte feamainne a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, agus nach ndíolfaí na cearta sin le comhlachtaí príobháideacha as thar lear. D'éirigh le rún a mhol na Teachtaí Thomas Pringle agus Catherine Connolly sa Dáil aréir, le cosaint a thabhairt do na cearta traidisiúnta bainte feamainne atá ag daoine a bhfuil cónaí orthu thart ar an chósta.

Otharlann Leitir Ceanainn

Bhí an dara líon is mó othair ar thralaithe in otharlanna na tíre inniu in Otharlann Leitir Ceanainn, áit a raibh 42 othar ar thralaithe. Bhí 29 ar thralaithe san aonad timpiste agus éigeandála agus triúr déag ar thralaithe i bhardaí san otharlann. 20 othar a bhí ar thralaithe in Otharlann Shligigh inniu.

Togra tithíochta pobail

Tá cead pleanála faighte anois don togra tithíochta pobail do dhaoine le riachtanais speisialta ar an Chlochán Liath, a dúirt an Leas Cheann Comhairle, an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir. Beidh maoiniú a chur ar fáil ag an Roinn Tithíochta le trí aonad ina mbeidh ceithre sheomra leapa a thógáil ar an Chlochán Liath le freastal ar dhá dhuine dhéag. Cosnóidh an fhorbairt seo breis agus milliún euro. Tá feachtas ar bun le tamall fada ag grúpa tuismitheoirí le go rachfaí ar aghaidh leis an fhorbairt seo ar an Chlochán Liath. Dúirt an Teachta Ó Gallachóir go bhfuil súil aige gur féidir conraitheoir a cheapadh go luath agus tús a chur leis an obair thógála.

Club Rothaíochta an Earagail

Tá Club Rothaíochta an Earagail ag iarraidh brú a chuir ar an Aire Iompar Shane Ross a chinntiú go gcuirfear an dlí úr le rothaithe a chosaint ar bhóithre, i bhfeidhm i gceart. Maraíodh ball den chlub rothaíochta, Noel McDermott, as Leitir Ceanainn ó dhúchas agus a raibh cónaí air i nGaoth Dobhair, i dtimpiste agus é ag rothaíocht i mí Eanáir. Dúirt Cathaoirleach an Chlub, James Harkin go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfidh fíneálacha agus pointí pionóis i bhfeidhm ar thiománaithe a bhriseann an dlí maidir le rothaithe. Beidh ar thiománaithe fad méadar amháin a fhágáil idir a gcarr agus rothaí agus iad ag dul thart leo ar bhóithre ar a bhfuil teora luais faoi 50 ciliméadar san uair, agus 1.5 méadar ar bhóithre le teora luais os cionn 50 ciliméadar san uair. Tá athruithe feicthe ag rothaithe an Chlub cheana féin ar na bóithre, a dúirt sé, ach caithfear a chinntiú nach maraítear agus nach ngortaítear rothaithe eile i nDún na nGall i mbliana a dúirt James Harkin.

Gaeilge i Leitir Ceanainn

Tá Líonra Leitir Ceanainn le  suirbhé a chur le chéile dírithe ar cheist na Gaeilge agus eolas a fháil ar an tsuim atá ag pobal Leitir Ceanainn sa teanga. Beidh an suirbhé  dírithe ar dtús ar an  phobal atá gníomhach sa ghaeloideachas ar an bhaile  agus ansin ar an gnáth phobal , cumainn spóirt agus lucht gnó. Dúirt Caitlín Nó Bhroinn, Oifigeach Caidrimh Poiblí an Líonra go bhfuil próifíl na Gaeilge ag méadú i Leitir Ceanainn,  agus go bhfuil tacaíocht agus comhairle a fháil acu  ó Fhoras na Gaeilge agus Comhairle Contae Dhún na nGall ina gcuid oibre. Tá sé beartaithe Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú amach anseo le plean teanga a chur i bhfeidhm do bhaile Leitir Ceanainn.

Ionad gnó an Kube

D'oscail ionad gnó an Kube i Leitir Ceanainn arís an tseachtain seo i ndiaidh do a bheith druidte le sé mhí dhéag,  nuair a cheap Danske Bank glacadóir ar an ionad ar leis an chonraitheoir áitiúil Brendan Gildea é. Tá an Kube lonnaithe ar Bhóthar Thorn  agus an tseachtain seo  chuir cúig  chomhlacht tús lena gnó san ionad, áit a bhfuil súil acu 20 duine a fostú agus tá comhráití ar siúl le comhlachtaí eile chomh maith. Dúirt urlabhraí ón ghrúpa Helping Hand  a thugann tacaíocht  do dhreamanna  a bhíonn i ndroch fhiacha  agus a bhfuil deacrachtaí acu morgáistí a íoc  go  bhfuil dian iarrachtaí ar siúl acu leis an Ionad ina iomláine  a oscailt go luath.

Cás Mary Boyle

Beidh agóid ar siúl ar maidin amárach i Srath an Urláir le haird a tharraingt ar chás Mary Boyle, a chuaigh ar iarraidh i gCaiseal Ard, Béal Átha Seanaidh i 1977. Bhí Mary Boyle sé bliana d'aois nuair a chuaigh sí ar iarraidh ar an 18ú Marta, agus ní fhacthas ó shin í. Beidh leathchúpla Mary, Anne agus lucht tacaíochta an teaghlaigh ag cruinniú ag íoclann Chróinéir na Contae , an Dr Denis McAuley i Srath na Urláir amárach idir a 10.00 agus an mheán lae. Tá an grúpa tacaíochta ag iarraidh go mbeadh coiste cróinéara ann a bhaineann le cás Mary Boyle, agus tá siad le achainí sínithe ag 10,000 duine agus litir sínithe ag roinnt baill de theaghlach Mary Boyle a thabhairt don Chróinéir an Dr McAuley.

Coimisinéir Teanga

Tá gearáin ar bhonn rialta á bhfáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall ó oifig an Choimisinéara Teanga faoi chomharthaíocht bóthair sa chontae, a dúirt Seán O Daimhín, Oifigeach seirbhísí Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na nGall. Dúirt sé go mbaineann na fadhbanna is mó le comharthaí oibreacha bóthair a bhíonn in úsáid ag conraitheoirí príobháideacha agus a bhíonn litrithe contráilte nó i mBéarla i gceantracha Gaeltachta. Dúirt sé gur éirigh leo cuid mhaith  dena deacrachtaí  a réiteach ach go bhfuil deacrachtaí le réiteach acu go fóill.

Éigse Uladh

Cuirfear tús inniu le Éigse Uladh i nGaoth Dobhair, le fáiltiú agus bricfeasta don phobal sa Chrannóg ag 9:30 ar maidin. Beidh clár speisialta ar Bharrscéalta inniu faoi stair Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair. Anocht, ar  8:30 san Acadamh beidh oscailt oifigiúil na hÉigse le Micheál Ó hÉanaigh, Príomh Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta. Beidh cur i láthair ar stair an Chomharchumainn agus ar thograí pobail Gaeltacha le Cathal Ó Gallchóir, Bainisteoir an Chomharchumainn agus le Peadar Mac an Iomaire, Iar Phríomh Fheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
 

Beo

Binneas Béil

Binneas Béil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Dr. Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan.

Dr. Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan.

 
Pacáiste - Gaillimh 2020.

Pacáiste - Gaillimh 2020.

 
Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlin, An Ghearmáin.

Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlin, An Ghearmáin.

 
Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

 
Albert Doherty, Comhairleoir Condae.

Albert Doherty, Comhairleoir Condae.

 
Mícheal Ó Leidhin – Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheal Ó Leidhin – Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Na Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Na Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Diarmuid Ó Beaglaioch - Pip na Máirte.

Diarmuid Ó Beaglaioch - Pip na Máirte.

 
Phil agus Páid Ó Gairbhí.

Phil agus Páid Ó Gairbhí.

 
Marie Uí Ghrífín.

Marie Uí Ghrífín.

 
Micheál de Liostún, 50 bliain ina shagart.

Micheál de Liostún, 50 bliain ina shagart.

 
Déaglán Ó Murchú.

Déaglán Ó Murchú.

 
An Saol ó Dheas: Dé Máirt 19 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 19 Meitheamh 2018.

 
Bríd Hynes ar bhás Shiobhán, a hiníon

Bríd Hynes ar bhás Shiobhán, a hiníon

 
Pacáiste Ráth Cairn - Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Pacáiste Ráth Cairn - Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

 
Shaunie Ó Baoill - Ball den Choiste Náisiúnta - Cumann Feiliméirí Cnoc agus Natura na hÉireann, Tír Chonaill.

Shaunie Ó Baoill - Ball den Choiste Náisiúnta - Cumann Feiliméirí Cnoc agus Natura na hÉireann, Tír Chonaill.

 
Catherine Conolly, T.D. - Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

Catherine Conolly, T.D. - Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

 
Micheál Ó Leidhin - Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin - Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Eoghan Corry - Eagarthóir na hirise 'Travel Extra'

Eoghan Corry - Eagarthóir na hirise 'Travel Extra'

 
Toiréasa Ní Fhearaíosa, Comhairleoir Condae.

Toiréasa Ní Fhearaíosa, Comhairleoir Condae.

 
Micheál Mac Donncha - Árdmhéara Bhaile Átha Cliath.

Micheál Mac Donncha - Árdmhéara Bhaile Átha Cliath.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Na Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Na Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Andy Ó Scanaill, Honda 50 i gCorca Dhuibhne.

Andy Ó Scanaill, Honda 50 i gCorca Dhuibhne.

 
Bríd Úna Ní Mhaoileoin,Séamus de Londra;Gaelscoil Charraig Uí Leighin

Bríd Úna Ní Mhaoileoin,Séamus de Londra;Gaelscoil Charraig Uí Leighin

 
Derry Ó Murchú, Taispeántas Talmhaíochta Chiarraí Thiar.

Derry Ó Murchú, Taispeántas Talmhaíochta Chiarraí Thiar.

 
Micheál Ó Muircheartaigh, Cluichí CLG.

Micheál Ó Muircheartaigh, Cluichí CLG.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 18 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 18 Meitheamh 2018.

 
John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairleoir Condae.

John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairleoir Condae.

 
Breandán Mac Gearailt.

Breandán Mac Gearailt.

 
Tomás Mac Pháidín - Stiúrthóir Scoileanna - Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe/Ros Comáin.

Tomás Mac Pháidín - Stiúrthóir Scoileanna - Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe/Ros Comáin.

 
Árdfheis Shinn Féin - Tuairisc le Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Árdfheis Shinn Féin - Tuairisc le Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Comhdháil Chonradh na Gaeilge i nGaillimh.

Comhdháil Chonradh na Gaeilge i nGaillimh.

 
John Downing - Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent.

John Downing - Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Load More...
Iris Aniar

Iris Aniar

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Rónán Beo

Rónán Beo

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

PléScéal

PléScéal

Barrscéalta

Barrscéalta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís