Nuacht an Tuaiscirt: Bád go Toraigh

Nuacht an Tuaiscirt: Bád go Toraigh

Beidh ócáid eolais do na meáin ar siúl inniu in Oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i nGaillimh le cur síos a dhéanamh ar mholtaí na Roinne maidir le seirbhís farantóireachta do Thoraigh.  Tá sé ráite ag Comharchumann Oileán Thoraigh nach mbeidh ionadaí acu i láthair ag ócaid an lae inniu agus go bhfuil siad go fóill ag diúltú glacadh le moltaí na Roinne de thairbhe go bhfuil an bád 'The Queen of Aran' san áireamh sna moltaí atá curtha ag an Roinn faoi bhráid an Chomharchumainn.

Daoine Aosta san Aonad Timpiste agus Éigeandála

Tá fearg mhór léirithe ag an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh maidir le figiúirí ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte a léiríonn go raibh ar 18 othar thar 75 bliain d'aois fanacht níos mó ná 24 uair in Aonad Timpiste agus Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn sula bhfuair siad cóir leighis.  Dúirt an TD nach bhfuil sé maith go leor go bhfuil ar othar ar bith fanacht níos mó ná 24 uair ach gur olc an mhaise é go raibh ar 18 aosach fanacht an fhad sin le dochtúir a fheiceáil.  Is cúis imní a dúirt sé go bhfuil beatha daoine aosta á cur i mbaol mar nach bhfuil Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte in ann cloí leis na spriocanna atá leagtha síos acu maidir leis an tréimhse feithimh ama san aonad éigeandála.

Oifigeach Gaeilge

Deir Bernie Ní Dhuibhir ball de Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall gur cheart don Bhord, Oifigeach Gaeilge a cheapadh.  Dúirt sí go bhfuil Oifigigh Gaeilge ceaptha ar go leor de Bhoird Oideachais agus Oiliúna na tíre agus go bhfuil Dún an nGall ar cheann de na contaetha is mó ina bhfuil limistéar gaeltachta agus go bhfuil sé tábhachtach Oifigeach Gaeilge a cheapadh anseo.  Dúirt Bernie Ní Dhuibhir go bhfuil polasaí oideachais Gaeltachta le cur i bhfeidhm in 4 scoil sa gcontae rud a chiallóidh go mbeidh cuid mhór oibre i gceist leis an aitheantas a bhaint amach gan trácht ar na scoltacha atá ar Oileáin agus Gael Choláistí Áilligh agus Chineál Eoghain.  Thug an Príomhfheidhmeannach Anne Mc Hugh le fios go dtuigeann siad an tábhacht atá leis an Ghaeilge sa Chontae agus go mbeidh siad sásta an cheist a phlé.

Praghas talamh feirmeoireachta ag titim

Thit luach talamh feirmeoireachta i nDún na nGall ar an mheán 18% le bliain i gcomparáid leis an ardú atá tagtha go náisiúnta ar thalamh feirmeoireachta de réir tuairisce atá foilsithe.  Bhí luach €6,328 ar an meán ar acra talamh feirmeoireachta i nDún na nGall anuraidh, titithe ó €7,724 in 2016.  Tugadh le fios sa tuairisc fosta go bhfuil tionchar ag imeacht na Breataine ón Aontas Eorpacha ar luach thalamh feirmeoireachta i gcontaetha cois teorann, Dún na nGall ina measc.

Bus Éireann

Tá sé tugtha le fios ag Bus Éireann go mbeidh siad ag athrú clár ama na mbusanna i ndeisceart na contae le cinntiú go bhfuil an pobal in ann ceangal leis an tseirbhís úr atá bunaithe acu idir Baile Átha Cliath agus Dún na nGall.  Dúirt an Comhairleoir Contae Noel Jordan go ndearna Bus Éireann athruithe ar sceideal na seirbhíse ó Bhaile Dhún na nGall go Baile Átha Cliath, athrú a bhí ag cur isteach ar phaisinéirí a bhí ag taisteal ó sheirbhís Ghleann Cholm Cille go Baile Dhún na nGall agus a bhí ag iarraidh ceangal le seirbhís Bhaile Átha Cliath.  Thug Bus Éireann le fios go bhfuil siad le sceideal na seirbhíse ó Ghleann Cholm Cille a athrú le cinntiú go bhfuil paisinéirí i mBaile Dhún na nGall in am leis an bhus a fháil go Baile Átha Cliath.

Fostaíocht

Beidh tráthnóna eolais ar siúl inniu in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn faoi chúrsaí fostaíochta agus na deiseanna traenála atá ann d'fhostóirí agus lucht oibre.  Cuirfear tús leis an ócáid ag 5:30 agus i measc na gcainteoirí beidh urlabhraithe ón LYIT, Skillnets agus ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.  Bhéarfar eolas  ar scéimeanna maoinithe agus cúrsaí printíseachta chomh maith le gnóthaí taighde agus forbairt gnó.  Beidh ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta, Fiontar Éireann, Cumann Tráchtála Leitir Ceanainn agus DLDC i láthair fosta le comhairle a chuir ar fáil.

Tá CLG na nDúnaibh ag lorg conraitheoirí le huasghrádú a dhéanamh ar an chlub theach atá acu i Leargán Riabhach.  Ba mhaith leis an chlub cistin úr a thógáil, seomra aclaíochta úr agus fuinneoga agus doirse úra a chuir isteach.  Beidh an club ag reáchtáil Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta deireadh seachtaine na Cincíse agus tá obair mhór á déanamh le háiseanna an chlub a uasghrádú roimh an Chomórtas.  Caithfidh iarratais a bheith istigh roimhe an 23ú Márta maidir leis an obair atá beartaithe.

Beo

Nuacht a Sé

Nuacht a Sé

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Fógraí an Lae

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Séámus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Séámus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Pobal Shíomóin - tuairisc ó Chaitlín Ní Chualáin.

Pobal Shíomóin - tuairisc ó Chaitlín Ní Chualáin.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitaíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitaíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Majella Uí Ghallachobhair, Comhlacht Forbartha Acla.

Majella Uí Ghallachobhair, Comhlacht Forbartha Acla.

 
Seán Ó Conaill, léachtóir le dlí, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.

Seán Ó Conaill, léachtóir le dlí, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.

 
Máire Clár Ní Ghriallaigh, Shannonside FM.

Máire Clár Ní Ghriallaigh, Shannonside FM.

 
An Tuairisc Spóiirt.

An Tuairisc Spóiirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Pól Mac Cumhaill.

Pól Mac Cumhaill.

 
Frank Glackin.

Frank Glackin.

 
Aodhán Ó Baoill.

Aodhán Ó Baoill.

 
Caitlín Uí Shearcaigh .

Caitlín Uí Shearcaigh .

 
Michelle Nic Grianna.

Michelle Nic Grianna.

 
Barrscéalta  Dé Luain.

Barrscéalta Dé Luain.

 
Daithí Ó hÉalaí, An Comhaontas Glas.

Daithí Ó hÉalaí, An Comhaontas Glas.

 
Deirdre de Bhailís, Bainisteoir MolTeic, An Daingean.

Deirdre de Bhailís, Bainisteoir MolTeic, An Daingean.

 
Seán Kyne, An tAire Stáit Gaeltachta, T.D.

Seán Kyne, An tAire Stáit Gaeltachta, T.D.

 
An t-aire oideachais Joe McHugh, T.D.

An t-aire oideachais Joe McHugh, T.D.

 
Marty Ward, urlabhraí Michael Fitzmaurice. T.D.

Marty Ward, urlabhraí Michael Fitzmaurice. T.D.

 
Alan Dukes, tráchtaire & iar-aire.

Alan Dukes, tráchtaire & iar-aire.

 
Niall Ó Muilleoir, tráchtaire & comhairleoir caidrimh poiblí, Meiriceá.

Niall Ó Muilleoir, tráchtaire & comhairleoir caidrimh poiblí, Meiriceá.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2018

 
Mícheál Ó Tonaigh, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.

Mícheál Ó Tonaigh, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.

 
Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Robert Brosnan, iarrthóir Shinn Féin, An Daingean.

Robert Brosnan, iarrthóir Shinn Féin, An Daingean.

 
Dara Calleary, leascheannaire Fhianna Fáil.

Dara Calleary, leascheannaire Fhianna Fáil.

 
Gearóid Mac Donncha, ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Gearóid Mac Donncha, ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Tom Ó Ceallaigh, saineolaí airgeadais, Londain.

Tom Ó Ceallaigh, saineolaí airgeadais, Londain.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagrai Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagrai Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Aoife Ní Chonchúir;Scannán beochanna Gráinne Mhaol.

Aoife Ní Chonchúir;Scannán beochanna Gráinne Mhaol.

 
Joe Ó Murchú;Liostuathail

Joe Ó Murchú;Liostuathail

 
Beirní Feirtéár;Cór nua an Daingin

Beirní Feirtéár;Cór nua an Daingin

 
Rosaí Nic Chárthaigh;Pleanála teanga Mhúscraí

Rosaí Nic Chárthaigh;Pleanála teanga Mhúscraí

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Malairt Poirt le Muireann

Malairt Poirt le Muireann

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís