Nuacht an Tuaiscirt: Féile na Meán Ceilteach

Nuacht an Tuaiscirt: Féile na Meán Ceilteach

Féile na Meán Ceilteach

Tá dhá ainmniúchán faighte ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Ghearr liosta d'Fhéile na Meán Ceilteach i mbliana. Dhá chlár as na Doirí Beaga atá ainmnithe ar an ghearr liosta.  Fear as Dobhair, Clár faisnéise faoi shaol agus shaothair Phádraig Uí Dhúgáin, nach maireann, ball de Chlannad agus eagrán de Bharrscéalta a craoladh beo as na Dúnaibh anuraidh.  Beidh Féile na Meáin Cheilteach ar siúl ag tús mí na Bealtaine sa Bhreatain Bheag.

Lucht bainte feamainne

Tá an Teachta Dála Thomas Pringle le rún a chur os comhair na Dála inniu ag iarraidh go ndéanfaí caomhnú ar chearta lucht bainte feamainne ar oileáin agus ar phobail cois cósta.  Dúirt sé go bhfuil imní faoi láthair maidir le todhchaí lucht bainte feamainne sna ceantair seo agus go bhfuil géarghá rialacha a chur i bhfeidhm leis an acmhainn nádúrtha seo a chosaint.  Ní thig athruithe a dhéanamh ar na ceadúnais traidisiúnta seo a dúirt an Teachta Pringle agus caithfear cosaint a thabhairt daofa siúd atá ag obair san earnáil seo le blianta fada ar na hoileáin agus ar an chósta.  Tá an Teachta Pringle ag iarraidh ar an rialtas gan ceadúnais bainte feamainne a bhronnadh ar chomhlachtaí móra idirnáisiúnta agus cearta na ndaoine áitiúla a chosaint.

Cúram baile

Tá an Seanadóir Pádraig Mac Lochlainn ag iarraidh ar Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte na ciorraithe a rinneadh ar sheirbhísí cúram baile le bliain a chur i bhfeidhm arís.  De réir figiúirí atá eisithe ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte rinneadh laghdú 3,500 ar an méid uaireanta cúram baile a cuireadh ar fáil i nDún na nGall anuraidh.  Dúirt an Seanadóir Mac Lochlainn go bhfuil tionchar ag seo ar Otharlann Leitir Ceanainn agus go bhfuil na ciorraithe seo sna seirbhísí sláinte ag cur go mór leis na deacrachtaí atá le plódú in Otharlann Leitir Ceanainn.

Campas Bhun Cranncha

Thug Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Anne Mc Hugh, eolas faoin chruinniú a bhí ag an bhord leis an Aire Oideachais Richard Bruton le gairid maidir le Campas Oideachais Bhun Cranncha, ag cruinniú míosúil an Bhoird an tseachtain seo.  D'fhreastal sí féin, Cathaoirleach an Bhoird, Rena Donaghey, Príomhoide Ghaelscoil Bhun Cranacha, Úna Ní Cheallaigh chomh maith le baill oireachtais na Contae ar an chruinniú.  Léirigh siad don Aire Bruton go bhfuil an togra seo ar an bacáin le deich mbliana agus go bhfuil géarghá tús áite a thabhairt dó.  Gheall an tAire Oideachais go ndéanfadh sé scrúdú ar an tuairisc a cuireadh os a chomhair le gairid ach ní raibh sé sásta teora ama a thabhairt don toscaireacht.  Dúirt an Comhairleoir Albert Doherty gur mhór an trua nár tugadh deis do phríomhoidí Choláiste Crana agus Chineál Eoghain freastal a an chruinniú chomh maith.
 

Bád farantóireachta

Tá pobal Oileán Thoraí aontaithe go hiomlán nach mbeidh glacadh acu leis an bhád The Queen of Aran, maidir le seirbhís farantóireachta úr don oileán. Aontaíodh an méid seo ag cruinniú poiblí a bhí ar an oileán aréir. D'fhreastail scaifte mór de bhunadh an oileáin ar an chruinniú a mhair trí uair a chloig agus thug Comharchumann Thóraigh le fios nach bhfuil siad sásta glacadh le rogha ar bith ó Roinn na Gaeltachta a bhfuil an bád The Queen of Aran luaite ann.  Níl moltaí úra na Roinne curtha chuig an Chomharchumann go fóill ach táthar ag dréim leis na moltaí sin inniu.  Deir an Comharchumann go bhfuil an Roinn ag tarraingt a gcosa maidir leis an easaontú seo agus go bhfuil an Comharchumann ag fáil níos mó eolais ó na meáin faoi tseirbhís farantóireachta in áit ón Roinn.

Tithíocht

Tá Contae Dhún na nGall sa tríú háit maidir le contaetha na tíre a bhfuil an ráta is airde d'eastáit tithíochta nach bhfuil críochnaithe ar fáil iontu.  Tá aon eastáit is fiche i nDún na nGall nach bhfuil críochnaithe, i gcomparáid le trí eastáit is fiche i Ros Comáin agus cúig cinn is fiche i gContae Chorcaigh.  De réir tuairisce a bheas foilsithe inniu tá níos mó ná 250 eastáit tithíochta nach bhfuil críochnaithe sa tír faoi láthair.

Bóithre

Beidh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall brú breise a chur ar chonraitheoirí bóthair an obair chothabhála atá riachtanach i gceantar Charn Domhnaigh agus i dTuaisceart Inis Eoghain a chríochnú roimh an Chomórtais Oscailte Galf i mBaile Lifín, a dúirt an Comhairleoir Albert Doherty.  Bhí fadhbanna le hinfrastructúr sa cheantar roimhe seo ach d'fhág tuillte mhí Lúnasa go leor bealtaí agus droichid scriosta, agus tá práinn anois iad seo a chóiriú roimh Iúil, a dúirt an Comhairleoir Doherty.  Dúirt sé nach bhfuil an córas uisce i gceantar Bhaile Lifín in ann an méid daonra sa cheantar a láimhseáil faoi láthair agus gcaithfear socruithe a chur i bhfeidhm le cinntiú gur féidir freastal ar na mílte a bheas ag tabhairt cuairte ar an leathinis don chomórtas Galf i mí Iúil.  Tá sé dóchasach go mbeidh foireann Uisce Éireann sásta cruinniú a eagrú le comhairleoirí agus le hinnealtóirí Cheantar Bardais Inis Eoghain go luath le féidearthachtaí a scrúdú maidir le soláthar éifeachtach uisce a chur ar fáil.

Turasóireacht

Beidh Ceardlann Turasóireachta a reáchtáil ag Fáilte Éireann in Ostán an Waterfront ar an Chlochán Liath inniu leis na deiseanna turasóireachta maidir le Bealach an Atlantaigh Fhiáin a phlé agus le hoiread buntáiste agus is féidir a bhaint as an togra turasóireachta seo.  Beidh aird a dhíriú fosta ar na caighdeáin atá ag teastáil ó Fháilte Éireann le freastal ar earnáil na turasóireachta.  Chomh maith le heolas ar na caighdeáin loistín atá ag teastáil ó Fháilte Éireann, beidh an cheardlann ag díriú fosta ar ghnóanna atá ag brath ar thurasóirí, ina measc Bialanna, Tithe Tábhairne, Ionaid Eachtraíochta agus a leithéidí.  Bhéarfaidh Fáilte Éireann eolas ar threoirlínte atá ag teastáil agus ar dhóigheanna gur féidir le heagrais clárú le Fáilte Éireann agus caighdeáin faoi leith a bhaint amach.

Áislann Ghaoth Dobhair

Bhéarfar deis inniu do dhaoine cuairt a thabhairt ar Áislann Ghaoth Dobhair agus eolas a fháil ar an réimse leathan de sheirbhísí agus áiseanna atá ansin.  Tá an Áislann fóirsteanach d'úsáid fiontraíochta, nuálaíochta agus chultúrtha.  Tá Ionad Nuálaíochta lonnaithe ar an chéad urlár agus tá tuilleadh spáis fiontraíochta ar an dara urlár.  Dhéanfaidh Donnchadh Ó Baoill, Feidhmeannach Forbartha Údarás na Gealtachta, cur síos ar Scéal agus Stair Áislann Ghaoth Dobhair inniu idir 2 agus 3 a chlog.  Tá an ócáid a reáchtáil mar pháirt de Sheachtain Fiontraíochta Dhún na nGall.

Beo

Scoth na Seachtaine

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthiar.

Nuacht an Iarthiar.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 22ú Meitheamh 2018

An Saol ó Dheas 22ú Meitheamh 2018

 
Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Curran

Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Curran

 
An t-Aire stáit Gaeltachta Joe McHugh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

An t-Aire stáit Gaeltachta Joe McHugh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

 
Betty Mc Laughlin, Institiúid na Múinteoirí Comhairleacha.

Betty Mc Laughlin, Institiúid na Múinteoirí Comhairleacha.

 
Tom Ó Muirí, Pobal na Teorann in Éadan an Bhreatimeachta.

Tom Ó Muirí, Pobal na Teorann in Éadan an Bhreatimeachta.

 
Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Áine Moynihan agus Simon Ó Faoláin.

Áine Moynihan agus Simon Ó Faoláin.

 
Tomás Ó Curraoin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Tomás Ó Curraoin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Aidan Fitzmaurice, Herald.ie.

Aidan Fitzmaurice, Herald.ie.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtáin.

Príomhscéalta na Nuachtáin.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 21 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 21 Meitheamh 2018.

 
Caitríona Hastings

Caitríona Hastings

 
Conall Ó Mórain, saineolaí airgeadais.

Conall Ó Mórain, saineolaí airgeadais.

 
Cathal Ó Conchúir, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Cathal Ó Conchúir, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 
Carmel Nic Airt, Island to Island.

Carmel Nic Airt, Island to Island.

 
Dáithí Mac Roibeard, Craobh an Earagail, Cumann Bunmhúinteoirí Éireann.

Dáithí Mac Roibeard, Craobh an Earagail, Cumann Bunmhúinteoirí Éireann.

 
Séamus Ó Drisceoil, bainisteoir, bád farantóireachta Oileán Chléire.

Séamus Ó Drisceoil, bainisteoir, bád farantóireachta Oileán Chléire.

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc  Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtáin.

Príomhscéalta na Nuachtáin.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Plean Teanga Liospóil

Plean Teanga Liospóil

 
Karen Trench;Fleadh Cheoil Chiarrai.

Karen Trench;Fleadh Cheoil Chiarrai.

 
Siúlóid cuimhneacháin Tom Crean;Marian Ní Chinnéide

Siúlóid cuimhneacháin Tom Crean;Marian Ní Chinnéide

 
Oscailt Oifigiúil Halla i nDún Chíomháin

Oscailt Oifigiúil Halla i nDún Chíomháin

 
An Saol ó Dheas 20ú Meitheamh 2018

An Saol ó Dheas 20ú Meitheamh 2018

 
Léirmheas ar Asking for it le Gerry Motherway

Léirmheas ar Asking for it le Gerry Motherway

 
Dr. Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan.

Dr. Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan.

 
Pacáiste - Gaillimh 2020.

Pacáiste - Gaillimh 2020.

 
Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlin, An Ghearmáin.

Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlin, An Ghearmáin.

 
Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Rónán Beo

Rónán Beo

PléScéal

PléScéal

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís