Nuacht an Tuaiscirt: Bád Thoraí

Nuacht an Tuaiscirt: Bád Thoraí

Bád Thoraí

Beidh cruinniú speisialta ar oileán Thoraigh anocht ar a 7.00 le plé a dhéanamh ar chonradh úr bhád farantóireachta an oileáin. Níl moltaí faighte ag an Chomharchumann ó Roinn na Gaeltachta go fóill, mar a bhíthear ag dréim. Beidh cruinniú poiblí ar an oileán Dé Domhnaigh le plé a dhéanamh ar mholtaí na Roinne, ag brath ar na moltaí a bheith faighte acu faoin am sin.

Otharlann Leitir Ceanainn

Bhí ceathrar agus fiche ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn inniu. Cúigear a bhí  ar thralaithe san Aonad Timpiste agus Éigeandála agus naonúr déag a bhí ar thralaithe i bhardaí san otharlann níos luaithe inniu. Naonúr déag a bhí ar thralaithe inniu in Otharlann Shligigh.

Bád Thoraí

Beidh an bád farantóireachta Queen of Aran i measc achan rogha a chuirfidh Roinn na Gaeltachta os comhair Comharchumann Oileán Thoraigh inniu, ina n-iarrachtaí a theacht ar réiteach faoin aighneas a bhaineann le seirbhís úr farantóireachta an oileáin. Tuigtear go mbeidh géilleadh déanta ag an Roinn sa mhéid agus go mbeidh bád farantóireacht eile a thairiscint i gcomhair leis an Queen of Aran, sin an Cailín Óir, bád 15 méadar ar fhad a tógadh sa bhliain 1983 agus atá i mbun seirbhíse faoi láthair idir Dún na Séad agus Oileán Chléire i gCorcaigh. Beidh rogha eile an Queen of Aran a úsáid i gcomhair le bád beag gasta, agus rogha eile an Queen of Aran agus bád beag gasta a bheadh lonnaithe go buan ar an oileán. Tá sé ráite arís ag Roinn na Gaeltachta go seasann an conradh a bronnadh ar Réalt na Maidne Teoranta leis an tseirbhís farantóireachta  a sholáthar ón chéad lá de Aibreán.

LoganAir

Beidh LoganAir ag dul i mbun na seirbhísí aeir idir aerfort Dhoire agus Glasgow i mí Dheireadh Fómhair, nuair a bheas deireadh a chur ag Ryanair leis an tseirbhís. Beidh eitiltí cúig lá sa tseachtain a sholáthar ag LoganAir idir Doire agus Glasgow. Bainfidh an comhlacht úsáid as eitleán den déanamh Saab le 33 suíochán ar an tseirbhís agus eitleán 50 suíochán ar an Domhnach. Fógraíodh i mí Eanáir go mbeidh Logan Air ag dul i mbun na seirbhísí idir Dún na nGall agus Glasgow nuair a bheas deireadh a chur ag Aer Lingus leis an tseirbhís sin ar an 25ú Márta.

Iascairí

D'iarr iarchathaoirleach Bhord Iascaigh Mhara Joey Murrin as na Cealla Beaga ar an Aire Mara Michael Creed soiléiriú a dhéanamh d'iascairí Dhún na nGall ar cibé cainteanna atá ar siúl faoi imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach agus cúrsaí iascaireachta.   Dúirt sé gur chuir sé imní air an méid a dúirt Príomh Aire na Breataine Teresa May Dé Domhnaigh nach raibh fadhb ar bith ag an Bhreatain socrú a dhéanamh faoi chúrsaí iascaigh, agus tá soiléiriú a lorg aige ón Aire Mara faoin ráiteas seo. Dúirt sé gur chaill an tír seo 20,000 tonna murlas i mbliana, de luach €20m, rud a chur isteach go mór ar chalafoirt ar nós na Cealla Beaga, An Caisleán Nua agus Ailt an Chorráin. Caithfidh an tAire Creed a rá go soiléir cad é dearcadh na Roinne maidir le cúrsaí iascaireachta agus imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, a dúirt Joey Murrin.

Meabhairshláinte

Deir an teiripeoir agus an comhairleoir meabhairshláinte Jim Mc Glynn  go bhfuil fadhbanna meabhairshláinte i measc daoine óga ag dul chun donais i nDún na nGall,  agus nach bhfuil seirbhís cheart tacaíochta ar fáil do dhaoine óga sa chontae. Deir sé go bhfuil neamart a dhéanamh ar an aois ghrúpa idir dhá bhliain déag d'aois agus ocht mbliana déag d'aois. Tá fadhbanna i measc daoine óga maidir le hólachán agus drugaí  ag dul as smacht, a dúirt sé,  agus deir sé nach bhfuil srianta géar go leor a gcur ar dhaoine óga maidir leis an idirlíon de agus an úsáid atá a bhaint ag daoine óga as an idirlíon.

Otharlann Leitir Ceanainn


Níl sé ceart go mbeadh ionadaithe poiblí i nDún na nGall ag maíomh go bhfuil Otharlann Leitir Ceanainn in iomaíocht le Otharlann Shligigh ó thaobh cúrsaí maoinithe de, a dúirt Peter Cutliffe, Cathaoirleach ar Ghrúpa Cairde Otharlann Leitir Ceanainn. Rinne sé a chuid cainte ag cruinniú de choiste Straitéiseach Pleanála agus Eacnamaíochta na Comhairle Contae le gairid, áit ar cáineadh an Rialtas as a bplean úr forbartha, nach raibh go leor béime curtha ar Otharlann Leitir Ceanainn ann. Caithfidh an dá Otharlann iarracht a dhéanamh comhoibriú ar sheirbhísí agus oibriú ar son a gcuid othair a dúirt Peter Cutliffe, agus gan a dhul i gcomórtas le chéile, a dúirt sé. Dúirt sé go bhfuil seirbhísí maithe in Otharlann Leitir Ceanainn agus gur féidir tógáil ar na seirbhísí sin, má oibríonn na líonraí Otharlanna le chéile agus cás láidir a dhéanamh do cheantar an Iarthuaiscirt ina iomláine.

Uisce

Tá gearáin déanta ag an Chomhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig le Comhairle Contae Dhún na nGall faoin mhoill fhada an píopa uisce go hoileán Ghabhla a chóiriú. Dúirt sé gur ceapadh conraitheoir leis an phíopa uisce a chóiriú, ach go bhfuil moill fhada an obair seo a dhéanamh. D'éirígh an píopa uisce idir tír mór agus Gabhla go barr na farraige roinnt seachtainí ó shin, agus rinneadh damáiste den phíopa ó shin. Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig nach bhfuil uisce reatha ar bith i nGabhla faoi láthair, agus nach bhfuil sé maith go leor go bhfuil moill chomh fada an obair a dhéanamh ar an phíopa uisce.

Beo

Béal Maidine

Béal Maidine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Aifreann an Domhnaigh

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Edel Ní Loibhéád.

Edel Ní Loibhéád.

 
Micheál Ó Lionáird.

Micheál Ó Lionáird.

 
Muireann Nic Amhlaoibh.

Muireann Nic Amhlaoibh.

 
Cormac Ó Beaglaoich, Ceol agus seiceolaíocht.

Cormac Ó Beaglaoich, Ceol agus seiceolaíocht.

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 21 Meán Fómhair 2018.

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 21 Meán Fómhair 2018.

 
Muireann Ní Dhroighneáin, Ealaín na Gaeltachta.  & Ray Yeates, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Muireann Ní Dhroighneáin, Ealaín na Gaeltachta. & Ray Yeates, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 
Gret O' Connor, Comharchumann Forbartha Mhúscraí.

Gret O' Connor, Comharchumann Forbartha Mhúscraí.

 
Cróna Ní Ghallachóir, Gort a Choirce.

Cróna Ní Ghallachóir, Gort a Choirce.

 
Catherine Connolly, T.D, Gaillimh Thiar.

Catherine Connolly, T.D, Gaillimh Thiar.

 
Tarlach de Blácam, Coiste Cosanta Seirbhís Aeir Árann.

Tarlach de Blácam, Coiste Cosanta Seirbhís Aeir Árann.

 
Rónán Mac an Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Rónán Mac an Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Iriseoireacht chlóite na Gaeilge

Iriseoireacht chlóite na Gaeilge

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Gerry Motherway, An Mai san Everyman.

Gerry Motherway, An Mai san Everyman.

 
Pádraig Ó Súilleabháin, Dánscoil Shliabh Luachra.

Pádraig Ó Súilleabháin, Dánscoil Shliabh Luachra.

 
Peadar Ó Riada, Oíche Chultúir.

Peadar Ó Riada, Oíche Chultúir.

 
Rachel Ni Fhearaíosa, Féile Bídh an Daingin.

Rachel Ni Fhearaíosa, Féile Bídh an Daingin.

 
Séamus Ó Lúing.

Séamus Ó Lúing.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 20 Meán Fómhair 2018.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 20 Meán Fómhair 2018.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Eoin Ó Catháin, tráchtaire, An Bhruiséil.

Eoin Ó Catháin, tráchtaire, An Bhruiséil.

 
Mícheál Ó Gliasáin, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Mícheál Ó Gliasáin, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Pearse Ó Dochartaigh, T.D. Sinn Féin.

Pearse Ó Dochartaigh, T.D. Sinn Féin.

 
An t-Aire stáit Seán Kyne, T.D.

An t-Aire stáit Seán Kyne, T.D.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Donncha Ó Conaill, An Coimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn.

Donncha Ó Conaill, An Coimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

PléScéal

PléScéal

Murach Gur Tharla

Murach Gur Tharla

Gníomh na Polaitíochta

Gníomh na Polaitíochta

Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

Ar an mBóthar

Ar an mBóthar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Reacaireacht an Tráthnóna

Reacaireacht an Tráthnóna

Iris Aniar

Iris Aniar

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís