Nuacht an Tuaiscirt: Brú ar ospidéal

Nuacht an Tuaiscirt: Brú ar ospidéal

Brú ar ospidéal

Tá an brú ollmhór atá ar Aonad Timpiste agus Éigeandála Leitir Ceanainn ag leanstan ar aghaidh inniu áit a bhfuil ceathrar is tríocha ar thralaithe agus iad ag fanacht ar leapacha san otharlann.  Tá duine is fiche ar thralaithe san aonad timpiste agus éigeandála agus tá triúr déag ar na bardaí.  Tá an méid céanna othar ar thralaithe in Otharlann Shligigh inniu, 34 othar atá ag fanacht ar leapacha in Otharlann Shligigh inniu chomh maith.

Gáinneáil ar dhaoine

Cuireadh siar cás fir a bhfuil cónaí air i Leitir Ceanainn agus atá cúisithe as gáinneáil ar dhaoine nuair a tháinig sé os comhair na cúirte i Sligeach inniu.  Tá Sorin Cirpaci, 40 bliain d'aois, a bhfuil seoladh aige i Fortwell Court i Leitir Ceanainn cúisithe as gáinneáil a dhéanamh ar Yeorgha Bogdan idir an 28ú Bealtaine agus an 9ú Meán Fómhair 2015 ag láthair niteoir carranna ar Bhealach an Phiarsaigh i Sligeach.  Tá fear eile a bhfuil cónaí air i Sligeach le bheith os comhair na cúirte ar na cúiseanna céanna.  Seo an chéad cás le theacht os comhair na cúirte faoin reachtaíocht úr maidir le gáinneáil ar dhaoine agus sé'n pionós is diana gur féidir a ghearradh orthu siúd atá ciontach nó ceithre bliana déag príosúnachta.  Cuireadh an cás siar inniu go mí na Samhna.

Árachas

Bhí 77 éileamh as Dún na nGall os comhair Biúró Árachas Gluaisteáin na hÉireann anuraidh.  Sin laghdú 5% ar na héilimh as Dún na nGall a rinneadh chuig an Bhiúró Árachas Gluaisteáin i 2016.  Cuireadh an biúró seo ar bun le cúiteamh a íoc le daoine a bhí as póca de bharr timpistí bóthair a raibh daoine gan árachas taobh thiar de.  Dúirt príomhfheidhmeannach an Bhiúró, David Fitzgerald, go bhfuil achan iarracht ar bun acu dul i ngleic le héilimh chalaoiseacha.  Dúirt sé go bhfuil siad ag comhoibriú le Gardaí agus le hearnáil an árachais le dul i ngleic leis an fhadhb seo, i nDún na nGall, agus ar fud na tíre.

Bealach Féich

Tá 28.8% d'fhoirgnimh gnó Bhealach Féich ina luí folamh, an ráta is mó i mbaile ar bith sa tír, de réir figiúirí até eisithe inniu.  Léiríonn na figiúirí go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta ag bisiú taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath ach go bhfuil éagothromaíocht maidir le cúrsaí gnó ar fud na tíre.  Thit líon na bhfoirgneamh folmha i nDún na nGall ach tá an ráta is airde d'fhoirgnimh folmha sa tír i Sligeach.

Féile Phan-Cheilteach

Tá na hullmhúcháin ar siúl faoi láthair don Fhéile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach a bheas ar siúl i Leitir Ceanainn ón 3ú go dtí'n 8ú lá d'Aibreán agus tá sé socruithe go mbeidh an Fhéile ar siúl i Leitir Ceanainn arís ar an bhliain seo chugainn.  Tá cuireadh a thabhairt anois d'iomaitheoirí cur isteach ar na comórtais a bheas ar siúl i rith na féile agus tá go dtí'n chéad lá de Mhárta ag iomaitheoirí sin a dhéanamh.
 

Ardú 3.9% ar chíos

Tháinig ardú 3.9% ar an mheán ar rátaí cíosa i nDún na nGall sa cheathrú deireanach de 2017 i gcomparáid leis an tréimhse céanna in 2016. Sin de réir figiúirí inniu ón suíomh Daft.ie.  €599 an meán ráta cíosa sa chontae faoi láthair, de réir na bhfigiúirí.  Ní seo an scéal go náisiúnta, áit a dtáinig ardú 10.4% ar an mheán ar rátaí cíosa.  Thug Ronan Lyons, údar na tuairisce, le fios go bhfuil tionchar ag imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach ar na rátaí cíosa i nDún na nGall.  Dúirt sé go bhfuil amhras go fóill faoi na socruithe a bheas déanta maidir leis an teorann agus go dtí go bhfuil seo socruithe nach mbeidh mórán athruithe ar rátaí cíosa sa chontae, sin nó go bhféadfadh do na rátaí cíosa titim mar gheall ar easpa éileamh.

Cás Jim Ferry

Tá fiosrúchán ar bun ag an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla, CAB, maidir le Jim Ferry a raibh gnónna bailithe bruscair aige i nDún na nGall, agus a bhfuil na Gardaí ar a thóir faoi láthair.  Ghlac an Biúró seilbh ar na mílte euro ó chuntas bainc atá in ainm duine muinteartha do Jim Ferry, agus tuigtear gur corradh le €300,000 atá i gceist.  Tá sé deimhnithe ag Jim Ferry é féin ar leathanach Facebook atá bunaithe aige, Justice for Jim, go bhfuil an Biúró sa tóir air.  D'ordaigh an Ard Chúirt i mí Lúnasa anuraidh go ngabhfaí Jim Ferry, mar nár chuir sé ordú cúirte i bhfeidhm, suíomh 11 acra ag Rosbracken, Leitir Ceanainn, áit a raibh ábhair dumpáilte go mídhleathach, a ghlanadh.  Tá sé ráite ag Jim Ferry gur dhíol sé an dá chomhlacht a bhí faoina stiúir, Ferry's Refuse Collection agus Ferry's Refuse Recycling le Wers Waste as Gaillimh.  Ach, theip ar Jim Ferry cruthúnas a thabhairt san Ard Chúirt gur dhíol sé na comhlachtaí, nó a rá cé mhéad a fuair sé ó na díolacháin, agus cár chuir sé an t-airgead a fuair sé ó na díolacháin.  Rinne Comhairle Contae Dhún na nGall scrúdú ar láthair Jim Ferry i Ros Bracken i mí na Samhna, agus thángthas ar idir 28,000 agus 36,000 tonna de bhruscar a bhí curtha faoin talamh go mídhleathach.  Chuir nuachtán an Irish Times, a rinne fiosrúchán faoi ghníomhaíochtaí Jim Ferry, roinnt ceisteanna chuige, ach níor fhreagair sé iad, ach thug sé freagair orthu ar na meáin shóisialta, inár dhúirt sé gur seans go ndéanfaí píosa bolscaireachta ina choinne.

Cúirt úr Leitir Ceanainn

Dúirt an Dlíodóir Seán Ó Canainn, go bhfuil sé dóchasach go mbeifear in ann níos mo cásanna cúirte a éisteacht anois i gcúirt úr Leitir Ceanainn.  Os rud é go bhfuil 4 sheomra cúirte sa chúirt úr, dúirt se go mbeidh Údarás na Cúirte in ann déileáil le níos mo cásanna, rud a chuideoidh an liosta feithimh fada de chásanna atá le héisteacht go fóill a laghdú.  Tá níos mó nó 300 cás sibhialta ar an liosta feithimh faoi láthair, a dúirt sé.  Tá an tUasal Ó Canainn dóchasach fosta go mbeidh an Ard Chúirt ar siúl níos minice i Leitir Ceanainn ó seo amach agus thagair sé faoin méid a dúirt an Príomh bhreitheamh Frank Clarke inné ag oscailt oifigiúil na Cúirte, sé sin, go raibh féidearthachtaí fosta amach anseo an Chúirt Uachtarach a thabhairt go Leitir Ceanainn.

Eitleán úr

Tá eitleán úr nua den déanamh ATR-42 ag Stobart Air le húsáid ar sheirbhís aeir idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath, i measc seirbhísí eile.  Thuirling an t-eitleán úr nua ag Aerfort Dhún na nGall don chéad uair inné.  Sé dhá eitleán a bhíonn a úsáid ag Stobart Air do sheirbhísí go Dún na nGall, agus cuireadh eitleán amháin acu sin as feidhm an tseachtain seo, eitleán a bhí 27 bliain d'aois, agus a bhí ar an eitleán is sine de chuid Aer Lingus.  Tá brandáil Aer Lingus ar an eitleán úr, eitleán ina bhfuil 50 suíochán.  Tá infheistíocht €13.8m ina iomláine déanta ag Stobart Air sna seirbhísí aer go Dún na nGall agus Ciarraí.

Obair ar scoileanna

Tá cáineadh déanta ag an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir ar an rialtas mar gheall ar an mhoill obair riachtanach a dhéanamh ag seacht scoil i nDún na nGall.  Thug an Teachta Ó Gallachóir le fios don Aire Oideachais le linn díospóireachta sa Dáil go bhfuil mic léinn agus múinteoirí ag streachailt mar gheall ar dhroch staid na scoltacha ina bhfuil siad lonnaithe agus cháin sé go mór an mhoill aon dul chun cinn a dhéanamh leis na tograí seo.  Siad na scoltacha atá i gceist nó Scoil Adhamhnáin An Luinnigh Gaoth Dobhair, Scoil Náisiúnta Naomh Adhamhnáin Rath Bhotha, Scoil Mhuire, an Craoslach, Gairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall, Scoil an Royal and Prior Rath Bhotha, Gaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall agus Scoil Náisiúnta Naomh Muire Srath an Urláir.
 

Scoil Adhamhnáin

Tá cuireadh oifigiúil seolta ag Scoil Adhamhnáin ar an Luinnigh chuig an Aire Oideachais Richard Bruton le cuairt a thabhairt ar an scoil nuair a bheas sé sa chontae ag deireadh na míosa.  Tá an scoil ag iarraidh go bhfeicfidh an tAire Bruton dó féin na himní atá orthu faoi staid na scoile agus faoin fhadhb atá le tais sa scoil, agus an baol sláinte mar gheall ar seo.
 

Beo

An Taobh Tuathail

An Taobh Tuathail

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
An Seanadóir Rónán Mullan.

An Seanadóir Rónán Mullan.

 
John Downing.

John Downing.

 
Brian Ó Broin.

Brian Ó Broin.

 
Micheál Ó Leidhin.

Micheál Ó Leidhin.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Seán Ó Loingsigh;Trácht ar Tom Crean

Seán Ó Loingsigh;Trácht ar Tom Crean

 
Gillian Ní Bhriain agus Émonn Mac Muiris;Cúrsa caide na Cásca

Gillian Ní Bhriain agus Émonn Mac Muiris;Cúrsa caide na Cásca

 
Muiris Ó Fiannachta;Babhláil

Muiris Ó Fiannachta;Babhláil

 
John Spillane;Finscéál an Locha

John Spillane;Finscéál an Locha

 
Tommy Jim Mac Gearailt Coláistí Chorca Dhuibhne

Tommy Jim Mac Gearailt Coláistí Chorca Dhuibhne

 
An Saol ó Dheas 22ú Feabhra 2018

An Saol ó Dheas 22ú Feabhra 2018

 
Antaine Ó Donnaile.

Antaine Ó Donnaile.

 
Máire Ní Chasaide.

Máire Ní Chasaide.

 
Micheál Mac Aoidh & Áine Durkin.

Micheál Mac Aoidh & Áine Durkin.

 
Mairéad Uí Fhuaruisce.

Mairéad Uí Fhuaruisce.

 
Mairtín Ó Faoláin.

Mairtín Ó Faoláin.

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Barrscéalta  Déardaoin 22-02-2018.

Barrscéalta Déardaoin 22-02-2018.

 
Bríd Ní Chonghóile, ArdFheidhmeannach Gaillimh le Gaeilge.

Bríd Ní Chonghóile, ArdFheidhmeannach Gaillimh le Gaeilge.

 
Veronica Ní Loideáin, Teiripeoir Suathaireachta.

Veronica Ní Loideáin, Teiripeoir Suathaireachta.

 
Ciarán Ó Cofaigh, Léiritheoir an Scannáin 'Murdair Mhám Trasna'.

Ciarán Ó Cofaigh, Léiritheoir an Scannáin 'Murdair Mhám Trasna'.

 
Catherine Connolly, Teachta Dála.

Catherine Connolly, Teachta Dála.

 
An Comhairleoir Mícheál Mac Donncha, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath.

An Comhairleoir Mícheál Mac Donncha, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath.

 
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh na Gaeilge.

Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh na Gaeilge.

 
Brian Ó Gáibhín, Áras Chrónáin Cluain Dolcáin.

Brian Ó Gáibhín, Áras Chrónáin Cluain Dolcáin.

 
Pádraig Ó hUiginn, Institiúid Uí Riain, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Pádraig Ó hUiginn, Institiúid Uí Riain, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

 
Séamus Ó Drisceoil, Bainisteoir Chomharchumann Chléire.

Séamus Ó Drisceoil, Bainisteoir Chomharchumann Chléire.

 
Alan Ó Baoid, Feidhmeannach Forbartha Údarás na Gaeltachta.

Alan Ó Baoid, Feidhmeannach Forbartha Údarás na Gaeltachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Rónán Mac Con Iomaire- Straitéis nua RTÉ

Rónán Mac Con Iomaire- Straitéis nua RTÉ

 
Mír na Cartlainne.

Mír na Cartlainne.

 
Diarmuid Mulcahy, as Ciarraí ó dhúchas ach atá ina chonaí i nGaillimh.

Diarmuid Mulcahy, as Ciarraí ó dhúchas ach atá ina chonaí i nGaillimh.

 
Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 21 Feabhra 2018.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 21 Feabhra 2018.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Micheál Ó hUanacháin, Tráchtaire ar chúrsaí sa meánmhuir.

Micheál Ó hUanacháin, Tráchtaire ar chúrsaí sa meánmhuir.

 
Póilín Ní Chiaráin, Comhfhreagraí Raidió na Gaeltachta i mBéal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, Comhfhreagraí Raidió na Gaeltachta i mBéal Feirste.

 
Janet Muller, Stiúrthóir POLAB.

Janet Muller, Stiúrthóir POLAB.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas 21ú Feabhra 2018

An Saol ó Dheas 21ú Feabhra 2018

 
Pluincéad Ó Fearraigh.

Pluincéad Ó Fearraigh.

 
Máire Ní Bhraonáin.

Máire Ní Bhraonáin.

 
Caitríona Ní Fhrighil. Slimming World.

Caitríona Ní Fhrighil. Slimming World.

 
Rosaleen Mhic  Gairbheith.

Rosaleen Mhic Gairbheith.

 
Todhchaí Otharlainn Pobail i nDún na nGall.

Todhchaí Otharlainn Pobail i nDún na nGall.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

An Cheárta

An Cheárta

Iris Aniar

Iris Aniar

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís