Nuacht an Tuaiscirt: 37 othar ag fanacht le leaba san otharlann

Nuacht an Tuaiscirt: 37 othar ag fanacht le leaba san otharlann

Tá Otharlann Leitir Ceanainn ar an 3ú otharlann is gnóithí sa tír inniu agus 37 othar ag fanacht sna bardaí agus ar thralaithe.

De réir Chumann Altraí agus Banchabhrach na hÉireann, tá 24 ar thralaithe agus 13 sna bardaí.

Táthar ag iarraidh ar dhaoine freastal ar a ndochtúirí teaghlaigh muna cás éigeandála atá ann.

Ceardlanna Turasóireachta

Tá sraith ceardlanna turasóireachta á n-eagrú ag Fáilte Éireann sa gcontae an mhí seo.

Beidh aird á dhíriú ar na caighdeáin atá ag teastáil ó Fáilte Éireann le freastal ar earnáil na turasóireachta agus ar cheist Imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.

Bhéarfar eolas cén chaoi gur féidir le heagrais clárú le Fáilte Éireann agus caighdeáin faoi leith a bhaint amach.

Beidh ceardlanna ar an Chlochán Liath, i Leitir Ceanainn agus sna Cealla Beaga.

Ionad Mara

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Joe Mc Hugh go gcuideoidh an  €7.9  milliún  a cheadaigh an tAire Talmhaíochta Bia agus Mara, Michael Creed, d' Ionad Mara Chalafort na gCealla Beaga leis an mbaile agus leis an gceantar uilig.

Dúirt sé inniu go gcuideodh sé go mór le forbairt an chalafoirt, le cúrsaí iascaireachta agus próiseála éisc chomh maith le cúrsaí turasóireachta.

Droichead na nGleanntach

Cuireadh tús inniu leis an obair dhaingnithe ar dhroichead na nGleanntach ar phríomh shráid an bhaile.

Cuirfear isteach ar ghluaiseacht na tráchta fríd bhaile na nGleanntach fhad agus a bheas an obair seo ag dul ar aghaidh.

Meastar gur 3 seachtainí a mhairfidh an obair dhaingnithe ar an droichead.

Tugadh eolas faoin obair atá le déanamh ar an droichead ag cruinniú poiblí a bhí ag ionadaithe ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall le pobal na háite ar an tseachtain is a chuaigh thart.

Léirigh daoine imní le cúpla mí mar gur mheas siad go raibh an droichead ag titim.

Polasaí Gaeilge i gColáiste na Carraige.

Thug Stiúrthóir Scoltacha Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún an nGall, An Dr. Martin Gormley, le fios ag cruinniú den Bhord ar na mallaibh  go  bhfuil sé beartaithe polasaí Gaeilge a chur i bhfeidhm i gColáiste na Carraige faoi Mheán Fómhair 2019 ag toiseacht le Mata.

Dúirt sé gur an plean atá ag an Bhord na hábhair ar fad a theagasc trí mheán na Gaeilge, de réir a chéile, go mbeidh an scoil ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge amháin.

Dúirt an Dr Gormely go bhfuil iarratas déanta anois ag an mBord chuig an Roinn Oideachais agus go bhfuil siad ag dúil le cinneadh taobh istigh de roinnt seachtainí.

Marú Andrew Burns

Cothrom an lae inniu 10 mbliana ó shin a dúnmharaíodh Andrew Burns ag Dún na Lúb, i gCaisleáin na Finne, agus tá na Gardaí ag impí ar aon duine a bhfuil eolas acu faoin dúnmharú a theacht chucu.

Fuarthas Andrew Burns, a bhí 27, i gcarrchlós Theach Pobail Dhún na Lúb i ndiaidh a 7 a chlog, an 12ú Feabhra 2008, agus é scaoilte.

Chonacthas 2 carr, ceann ar dhath an airgid agus ceann de dhath dorcha ag tiomáint ón teach pobail trasna na teorann i dtreo an Chláidigh i dTír Eoghain.

Ciontaíodh duine amháin as an dúnmharú, ach creideann Gardaí go raibh roinnt daoine bainteach leis an eachtra inár scaoileadh Andrew Burns.

Tá siad ag iarraidh ar dhuine ar bith le eolas faoin dúnmharú teagmháil a dhéanamh le stáisiún Gardaí Leitir Ceanainn ar 074 91 67100.

An Phleanáil Náisiúnta

Tá múnla an Chreat Náisiúnta Pleanála bunaithe ar an cheantar ó dheas ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath, a deir an Seanadóir Brian Ó Domhnaill.  Caithfear cuid de na ceantair ó thuaidh den líne sin a chur san áireamh sa Chreat Náisiúnta Pleanála, a dúirt sé, agus infheistíocht de €115 billiún euro le déanamh faoin phlean.

Dúirt sé go ndearna sé 2 aighneacht maidir leis an phlea, ina measc go bhféadfaí leanstan ar aghaidh le comhoibriú tras teorann, agus ionad réigiúnach a lonnú san iar thuaisceart.

Dúirt sé go bhfuil an plean leagtha amach do na blianta ó 2020 go dtí 2040 agus go bhfuil Dún na nGall fágtha ar lár sa phlean.

Radon i dTír Chonaill

Léirigh staidéar le gairid go bhfuil leibhéal ard gáis radon i bpáirteanna áirithe de Dhún na nGall.

Ina measc, tá an ceantar ó Mhín na Cuinge go Dún Lúiche i nGaoth Dobhair, An Clochán, An Fál Carrach agus Gort an Choirce.

Tá ceantair i Mainéar Uí Chuinneagáin agus Coill na gCuirridín san áireamh fosta.

Ba an ESRI agus an Ghníomhaireacht Um Chaomhnú Comhshaoil a thug faoin taighde sin agus faoi staidéar ar líon na ndaoine os cionn leathchéad bliain d'aois ar an áit a raibh cónaí orthu agus ráta níos airde ailse scamhóg  sna ceantair sin.

Seo an chéad staidéar dá chineál a rinneadh sa tír, agus rinneadh an staidéar i measc 5,000 ball den phobal.

An Drochaimsir

Tá a lorg fágtha ag sioc agus sneachta na hoíche aréir ar bhóithre san iarthuaisceart.

Tá bealaí i nDún na nGall go speisialta iontach contúirteach.

Dúnadh scoileanna ar maidin mar gheall ar an sneachta, Gaelscoil Adhmhnáin i Leitir Ceanainn ina measc.

Tá na Gardaí ag impigh ar thiománaithe a bheith fíor-chúramach agus glacadh leis nach bhfuil bealach ar bith glan ó shiocán.

Tá an tseirbhís iompair Local Link a thugann paisinéirí ó Ailt an Chorainn go Leitir Ceanainn curtha ar ceal ar maidin chomh maith leis an tseirbhís go Leitir Ceanainn ó cheantar Fhánada.

Bhí rabhadh aimseartha stádas buí, siocán agus sneachta i bhfeidhm thar oíche i nDún na nGall.

Teach Cúirte Leitir Ceanainn

Osclóidh an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan Teach Cúirte nua Leitir Ceanainn go hoifigiúil inniu.

Tá an chúirt ag feidhmiú sa bhfoirgneamh nua le mí.

Chosain an teach cúirte nua, atá ar an mBóthar Ard i Leitir Ceanainn, €11.5m.

Tógadh é ar an suíomh ina raibh sean-ionad sólainne agus linn snámha Leitir Ceanainn.

Bhíodh brú mór spáis i dteach na cúirte. 2 sheomra cúirte a bhíodh ann.

Tá 4 sheomra cúirte san fhoirgneamh úr.

Beo

Rí-Rá ar RnaG

Rí-Rá ar RnaG

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Taobh Tuathail

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An tOllamh Pádraig Ó Mocháin, Aduaidh in Ollscoil Chorcaí.

An tOllamh Pádraig Ó Mocháin, Aduaidh in Ollscoil Chorcaí.

 
Breandán Ó Murchú, Oideachas agus múineadh.

Breandán Ó Murchú, Oideachas agus múineadh.

 
Mac Dara ac'Donnchadha;Bac ar thabac CLG na Rinne.

Mac Dara ac'Donnchadha;Bac ar thabac CLG na Rinne.

 
An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 21 Samhain 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 21 Samhain 2018.

 
Bríd Ní Chonghóile, príomhfheidhmeannach, Gaillimh le Gaeilge.

Bríd Ní Chonghóile, príomhfheidhmeannach, Gaillimh le Gaeilge.

 
Diarmuid Ó Cadhla, Comhairleoir Neamhspleách, Corcaigh.

Diarmuid Ó Cadhla, Comhairleoir Neamhspleách, Corcaigh.

 
Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga.

Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga.

 
John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairleoir Condae.

John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairleoir Condae.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidó na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidó na Gaeltachta.

 
An tOllamh Fionnuala Ní Aoláin, toscaire na Náisiún Aontaithe um Cearta Daonna & Frithsceimhleitheoireacht.

An tOllamh Fionnuala Ní Aoláin, toscaire na Náisiún Aontaithe um Cearta Daonna & Frithsceimhleitheoireacht.

 
Mark Wringe, tráchtaire, an tOileán Sgiathánach, Alba.

Mark Wringe, tráchtaire, an tOileán Sgiathánach, Alba.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt

Nuacht an Deiscirt

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Seán Monghan, cumadóir agus amhránaí.

Seán Monghan, cumadóir agus amhránaí.

 
Stiofán Ó Móráin, Cathaoirleach Chonradh na Gaeilge, i gCaisleán an Bharraigh.

Stiofán Ó Móráin, Cathaoirleach Chonradh na Gaeilge, i gCaisleán an Bharraigh.

 
Ardtráthnóna: Dé Máirt 20 Samhain 2018.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 20 Samhain 2018.

 
Caitlín Breathnach; Oifig Poist don Dromaid.

Caitlín Breathnach; Oifig Poist don Dromaid.

 
Donnchadh Ó Laoghaire TD; Córas Iompair Chathair Chorcaí.

Donnchadh Ó Laoghaire TD; Córas Iompair Chathair Chorcaí.

 
An Dr. Caitríona Breathnach;Taighde ar iompar teanga i nGaeltacht na nDéise

An Dr. Caitríona Breathnach;Taighde ar iompar teanga i nGaeltacht na nDéise

 
Caoimhín Ó Sé agus Micheál Ó Máirtín: Daoine atá ag fulaingt ón ngalar céiliach/coeliac.

Caoimhín Ó Sé agus Micheál Ó Máirtín: Daoine atá ag fulaingt ón ngalar céiliach/coeliac.

 
An Saol ó Dheas: Dé Máirt 20 Samhain 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 20 Samhain 2018.

 
Neansaí Ní Choisdealbha, Eagraí Ceoil, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Neansaí Ní Choisdealbha, Eagraí Ceoil, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Emer Uí Mhurchú, Coiste Stiúrtha le Oifig Posta Máistir Gaoithe a choinneáil oscailte.

Emer Uí Mhurchú, Coiste Stiúrtha le Oifig Posta Máistir Gaoithe a choinneáil oscailte.

 
Piaras Ó Dochartaigh TD, Sinn Féin.

Piaras Ó Dochartaigh TD, Sinn Féin.

 
Kevin Ó hEadhra, Ardrúnaí, An Foras Patrúnachta.

Kevin Ó hEadhra, Ardrúnaí, An Foras Patrúnachta.

 
Criostóír Mac Cafraidh, bunaitheoir 'Ár dTodhchaí, Ár Rogha'

Criostóír Mac Cafraidh, bunaitheoir 'Ár dTodhchaí, Ár Rogha'

 
Cathal Ó Coinnín, tráchtaire.

Cathal Ó Coinnín, tráchtaire.

 
Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Máirtín Seoighe, as Corr na Móna.

Máirtín Seoighe, as Corr na Móna.

 
Pacáiste as Féile na MÍ.

Pacáiste as Féile na MÍ.

 
Bríd agus Stephen Mc Graith, as an Tuairín.

Bríd agus Stephen Mc Graith, as an Tuairín.

 
Ardtráthnóna: Dé Máirt 19 Samhain 2018.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 19 Samhain 2018.

 
Camachuaird Chorca Dhuibhne ar tharraiceoirí.

Camachuaird Chorca Dhuibhne ar tharraiceoirí.

 
Máirtín Ó Méaloid, Cléire.

Máirtín Ó Méaloid, Cléire.

 
An Daingean buacach i gcluiche ceannais peile Chiarraí Thiar inné.

An Daingean buacach i gcluiche ceannais peile Chiarraí Thiar inné.

 
Micheál Ó Muircheartaigh; ómós do Weeshie Fogarty.

Micheál Ó Muircheartaigh; ómós do Weeshie Fogarty.

 
Orlaith Ruiséal, Comhdháil ar mhórtas dúiche in Amsterdam. Martin Lynch;Grúpa caomhnaithe an Mhachaire.

Orlaith Ruiséal, Comhdháil ar mhórtas dúiche in Amsterdam. Martin Lynch;Grúpa caomhnaithe an Mhachaire.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 19 Samhain 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 19 Samhain 2018.

 
Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Iris Aniar

Iris Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

PléScéal

PléScéal

Barrscéalta

Barrscéalta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís