Nuacht an Tuaiscirt: Gearradh cumhachta

Nuacht an Tuaiscirt: Gearradh cumhachta

Gearradh cumhachta

Tá 1,531 custaiméir i gceantar Bhun Cranncha gan leictreachas faoi láthair, mar gheall ar bhriseadh cumhachta sa cheantar. Beidh sé i dtráth a a seracht anocht nuair a bhéas an fhadhb réitithe ag Bord Solathar an Leictreachais, a deir siad.

Toraigh 

Tá a dtacaíocht a thabhairt ag Conradh na Gaeilge do phobal oileán Thoraí ina bhfeachtas maidir le seirbhís farantóireachta an oileáin. Dhearbhaigh Peadar Mac Fhlannchadha, Leas Ard Rúnaí  Chonradh na Gaeilge ar Bharrscéalta inniu go mbeidh Conradh na Gaeilge páirteach san agóid a bheas ar bun ag pobal Thoraigh taobh amuigh den Dáil Dé Céadaoin seo chugainn. Dúirt sé go mbeidh grúpa ó Chonradh na Gaeilge ag tacú le bunadh Thoraigh agus an agóid seo a eagrú acu. 

Scoil Adhamhnáin an Luinnigh

Beidh oifigeach teicniúil sinsearach ón Roinn Oideachais ag tabhairt cuairte ar Scoil Adhamhnáin an Luinnigh i nGaoth Dobhair Dé hAoine seo chugainn , le scrúdú a dhéanamh ar an fhadhb ata le taiseachas sa scoil.
Thug an tAire Stáit Joe McHugh agus na Teachtaí Dála Pat the Cope Ó Gallachóir agus Piaras Ó Dochartaigh cuairt ar an Scoil an tseachtain seo , agus chas siad le Bord Bainistíochta na scoile faoin imní atá orthu faoi staid na scoile.  Rinneadh plé ar thaiseachas sa scoil agus an imní atá faoi chúrsaí sláinte dá bharr, agus rinneadh plé fosta ar an éileamh atá acu maidir le halla ilghnéitheach níos mó don scoil. Dúirt an Leas Cheann Comhairle, An Teachta Pat the Cope Ó Gallachóir go bhfuil fadhb olc sa scoil maidir le taiseachas agus go bhfuil baol sláinte ag baint leis, agus gur cheart don Aire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh agus an tAire Oideachais, deontas a cheadú don scoil. Tá imní faoi sláinte na bpáistí de bharr staid na scoile, a dúirt Bridie Anne Uí Fhearraigh, Príomhoide na scoile, de bharr an staid ina bhfuil an scoil. Tá tuismitheoirí imníoch fosta faoi chúrsaí sláinte, a dúirt sí.

Otharlann Leitir Ceanainn


Tá fearg mhór léirithe ag an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh faoin deimhniú atá faighte aige nach bhfuil an dara máinlia ailse brollaigh lánaimseartha ceadaithe d'Otharlann Leitir Ceanainn go fóill. Thóg sé an cheist leis an Aire Sláinte sa Dáil tráthnóna inné agus tugadh le fios dó go bhfuil an dara máinlia ailse brollaigh ag obair san  otharlann faoi láthair ar chonradh sealadach agus nach bhfuil an post lánaimseartha ceadaithe go fóill.
Cháin sé an tAire Stáit Joe Mc Hugh go mór mar go ndeir sé go bhfuil an tAire Stáit Mc Hugh de shíor ag fógairt go bhfuil an dara máinlia ailse brollaigh lánaimseartha le ceadú, ach nach bhfuil sin déanta aige go fóill.
Beidh an conradh sealadach atá ag an máinlia atá ansin faoi láthair ag teacht chun críche i mí Iúil.
Is mór an náire é go bhfuil seo go fóill ag gabháil ar aghaidh i ndiaidh blianta fada a bheith i mbun feachtais go gceadófaí an post buan riachtanach seo, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.

Ráiteas Aire Stáit

Tá ráiteas díreach eisithe ag an Aire Stáit Gaeltachta  Joe Mc Hugh ar an cheist seo, áit a ndeir sé  nach bhfuil baol ar bith nach gceadófar an dara máinlia Ailse brollaigh lán aimseartha in Otharlann Leitir Ceanainn.
Deir sé gur tugadh an geallúint dó anuraidh agus go seasann an geallúint sin go fóill.
Idir an dá linn,  deir sé go mbeidh Máinlia Ailse Brollaigh Páirt aimseartha fostaithe  san Otharlann agus  go bhfuil sé dóchasach go gceadófar conradh sealadach eile do mháinlia páirt aimseartha  i mí Iúil.
Dúirt an tAire Stait  go bhfuil   fianaise aige go bhfuil na liostaí feithimh ag laghdú ó ceapadh an dara máinlia páirtaimseartha. Deir sé go bhfuil comhráití leanúnach ar siúl ar an cheist  agus go bhfuil dóchasach  go gceadófaí an Máinlia go lán aimseartha san Otharlann.  
 

Andrew Allen

Cothrom an lae inniu sé bliana ó shin a dúnmharaíodh Andrew Allen ag a theach cónaithe i bPáirc Links View i mBun Cranncha agus tá achainí a dhéanamh ag na Gardaí ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoin dúnmharú teagmháil a dhéanamh leo. Scaoileadh Andrew Allen, ceithre bliana is fiche d'aois, os comhair a pháirtí ar 9.20 ar 9ú lá de mhí Feabhra 2012 agus fuair sé bás ar an láthair. Fuarthar carr le dath an airgid den déanamh Vauxhall Cavalier ar thine i bhFathan, trí mhíle ó Bhun Cranacha go gairid i ndiaidh na heachtra.
Deir Gardaí go gcreideann siad go raibh roinnt daoine páirteach san eachtra seo agus gur dearnadh fianaise a scrios agus daoine a chosaint. Thug siad le fios gur ceistíodh roinnt daoine faoin dúnmharú, an duine is deireanaí i mí Aibreán 2017. Deir na Gardaí go gcreideann siad go bhfuil daoine i mBun Cranncha agus i nDoire a bhfuil eolas acu a chuideodh leo ina bhfiosrúchán agus d'imigh siad ar dhuine ar bith a bhfuil eolas de chineáil ar bith acu teaghmháil a dhéanamh leo.

Scoil Adhamhnáin an Luinnigh

Thug an tAire Stáit Joe McHugh agus na Teachtaí Dála Pat 'The Cope' Ó Gallchóir agus Piaras Ó Dochartaigh cuairt ar Scoil Adhamhnáin an Luinnigh i nGaoth Dobhair an tseachtain seo, agus chas siad le Bord Bainistíochta na scoile faoi imní atá orthu faoi staid na scoile.  Rinneadh plé ar thaiseachas sa scoil agus an imní atá faoi chúrsaí sláinte dá bharr, agus rinneadh plé fosta ar an éileamh atá acu maidir le halla ilghnéitheach níos mó don scoil. Dúirt an Leas Cheann Comhairle, An Teachta Pat the Cope Ó Gallachóir go bhfuil fadhb olc sa scoil maidir le taiseachas agus go bhfuil baol sláinte ag baint leis. Dúirt sé gur cheart don Roinn Oideachais an cás a iniúchadh láithreach, agus tuairisc a chur le chéile ar na fadhbanna, agus maoiniú a chur ar fáil lena gcur i gceart.

Bóithre Dhún na nGall


Tá géarghá le cuid mhór infheistíochta a dhéanamh i mbóithre Dhún na nGall, a dúirt an Comhairleoir Contae Michael McBride. Deir sé go mbeidh dúshlán mór i mbliana ag an Chomhairle Contae maidir le cothabháil a dhéanamh ar bhóithre na contae, de bharr an damáiste a rinne tuilte agus fearthainn throm le cúpla mí.
Dúirt sé ag cruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall le gairid, go bhfuil cuid dena bóithre i nDún na nGall i riocht chomh holc agus gur cheart iad a dhruid, ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta. Dúirt sé fosta go bhfuil go leor bóithre i ndroch bhail de bharr obair a rinneadh ag cur síos píopaí le tamall.

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá fearg mhór léirithe ag an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh faoin deimhniú atá faighte aige nach bhfuil an dara máinlia ailse brollaigh lánaimseartha ceadaithe d'Otharlann Leitir Ceanainn go fóill. Thóg sé an cheist leis an Aire Sláinte sa Dáil tráthnóna inné agus tugadh le fios dó go bhfuil an dara máinlia ailse brollaigh ag obair san  otharlann faoi láthair ar chonradh sealadach agus nach bhfuil an post lánaimseartha ceadaithe go fóill.
Cháin sé an tAire Stáit Joe Mc Hugh go mór mar go ndeir sé go bhfuil an tAire Stáit Mc Hugh de shíor ag fógairt go bhfuil an dara máinlia ailse brollaigh lánaimseartha le ceadú, ach nach bhfuil sin déanta aige go fóill.
Beidh an conradh sealadach atá ag an máinlia atá ansin faoi láthair ag teacht chun críche i mí Iúil. Is mór an náire é go bhfuil seo go fóill ag gabháil ar aghaidh i ndiaidh blianta fada a bheith i mbun feachtais go gceadófaí an post buan riachtanach seo, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.

Beo

Spórt an Lae

Spórt an Lae

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nuacht a Sé

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Caoimhín Ó Casaide & Feargal Mac Uiginn.

Caoimhín Ó Casaide & Feargal Mac Uiginn.

 
Johnny Ó Colla.

Johnny Ó Colla.

 
Máire Ní Chomhaill.

Máire Ní Chomhaill.

 
Gavin  Ó Ceallaigh agus Josephine.

Gavin Ó Ceallaigh agus Josephine.

 
Hughie Mac Suibhne.

Hughie Mac Suibhne.

 
Marjorie Uí Charúil.

Marjorie Uí Charúil.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine 25-05-2018.

Barrscéalta Dé hAoine 25-05-2018.

 
Frances Nic Géadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Géadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Andy Caomhánach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Andy Caomhánach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

 
Breandán Mac Cormaic, Teacht Aniar.

Breandán Mac Cormaic, Teacht Aniar.

 
Máire Ní Neachtain, Foram Pleanála Chois Fharraige.

Máire Ní Neachtain, Foram Pleanála Chois Fharraige.

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae Chiarraí.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae Chiarraí.

 
Máirín Ní Choisdealbha Seoighe, Comharchumann Chonamara Láir.

Máirín Ní Choisdealbha Seoighe, Comharchumann Chonamara Láir.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Eilís Bairéad.

Eilís Bairéad.

 
Máire Nic Gairbheith.

Máire Nic Gairbheith.

 
Rozanne Ní Ghallachóir.

Rozanne Ní Ghallachóir.

 
Treasa Ní Ghallachóir

Treasa Ní Ghallachóir

 
Pól Ó Frighil.

Pól Ó Frighil.

 
Rosa Glackin.

Rosa Glackin.

 
Ailbhe Ó Monachain.

Ailbhe Ó Monachain.

 
Jimí Hughie Mac Suibhne.

Jimí Hughie Mac Suibhne.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh .

Aodh Máirtín Ó Fearraigh .

 
Barrscealta 24-05-2018

Barrscealta 24-05-2018

 
Somhairle Mac Uidhir. macléinn.

Somhairle Mac Uidhir. macléinn.

 
Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

 
Sláine Ní Chathalláin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Sláine Ní Chathalláin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Dara Bailey, Rúnaí Comharchumann Sliogéisc Chonamara.

Dara Bailey, Rúnaí Comharchumann Sliogéisc Chonamara.

 
Dr. Seán Byrne, eacnamaí.

Dr. Seán Byrne, eacnamaí.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Dr. Anne Gillan, Áine Bhreathnach, Seán Ó Domhnaill.

Dr. Anne Gillan, Áine Bhreathnach, Seán Ó Domhnaill.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Hannah Ní Bhaoill.

Hannah Ní Bhaoill.

 
An Dlíodóir Antoin Delap.

An Dlíodóir Antoin Delap.

 
Barbara Uí Chathail

Barbara Uí Chathail

 
Dónal Mac Daibhéad. 2.

Dónal Mac Daibhéad. 2.

 
Dónal Mac Daibhéad  1.

Dónal Mac Daibhéad 1.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Áine Ní Bhreasláin.

Áine Ní Bhreasláin.

 
Barrscealta Dé Céadaoin  23-05-2018.

Barrscealta Dé Céadaoin 23-05-2018.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Iris Aniar

Iris Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Rónán Beo

Rónán Beo

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís