Nuacht an Tuaiscirt: Tionóisc bhóthair

Nuacht an Tuaiscirt: Tionóisc bhóthair

Tionóisc bhóthair


Maraíodh fear 68 bliain d'aois i dtimpiste bóthair ar bhealach an N14 ag Droim Eochaill, idir Leitir Ceanainn agus Leifear, ar maidin inniu. Bhí an fear a maraíodh ag tiomáint tarracóir a bhí i dtimpiste le carr. Gortaíodh tiománaí an charr, agus tugadh an tiománaí go Otharlann Leitir Ceanainn. Tharla an  timpiste idir an carr agus an tarracóir ar 6.55 ar maidin inniu. Tá an bealach druidte agus tá trácht a chur malairt slí i dtreo Shrath an Urláir.

Cruinniú ar Thoraigh

Sé Dé hAoine seo chugainn a bheas an cruinniú idir pobal Thoraí, Roinn na Gaeltachta, Aire Stáit na Gaeltachta agus Séamus Ó Baoill, ar bronnadh an conradh air le seirbhís farantóireachta a sholáthar go hoileán Thoraí. Bhí an cruinniú le bheith ar siúl inniu, ach cuireadh siar an cruinniú ar feadh seachtaine. Níl bunadh Thoraí sásta maidir leis an bhád a bheas i mbun na seirbhíse faoin chonradh úr.

Plean SF

Tá doiciméid a scaipeadh ag páirtí Shinn Féin i nDún na nGall i measc an phobail faoina pleananna a bheadh ag Sinn Féin déileáil leis an ghéarchéim atá le líon na n-othar atá ar thralaithe in otharlanna na tíre. Dúirt an Teachta Piaras Ó Dochartaigh go mbeadh 500 leaba i bhardaí atá druidte, a bhfoscailt arís ag Sinn Féin, laghdú a dhéanamh ar líon na n-othar in aonaid géar chúraim, rud a bhainfeadh brú de Aonaid Timpiste agus Éigeandála, a dúirt sé.

Aonad uathachais

Tá sé tugtha le fios ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh go bhfuil aonad uathachais le cur ar fáil ag Coláiste na Maoil Ruaidhe i mBaile na nGallóglach. Beidh síniú breise 263 méadar cearnach a chur leis an scoil don aonad uathachais úr.

Oileán Thoraí

Tá míshásamh léirithe ag bunadh Oileán Thoraí go bhfuil an cruinniú a  bhí beartaithe don lá inniu  faoi chonradh farantóireachta chun an oileáin, curtha ar ceal. Cuireadh scéala chuig an Chomharchumann mall tráthnóna inné go raibh an cruinniú seo, a bhí le tarlú idir bunadh an oileáin, an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh, oifigigh ó Roinn na Gaeltachta agus Séamus Ó Baoill, a fuair an conradh farantóireachta, curtha ar ceal. Dúradh le Bainisteoir Comharchumann Thoraí, Marjorie Uí Chearbhaill, go raibh imní ar oifigigh na Roinne go mbeadh said sáinnithe ar an oileán mar gheall ar dhroch aimsir. Níl sé ceart, a dúirt sí, go bhfuil an cruinniú práinneach seo a chur ar an mhéar fhada arís. Tá data úr socruithe don chruinniú, ar an Aoine seo chugainn, agus cuirfear helicopter  ar fáil le daoine a thabhairt go Toraigh don chruinniú.

Údarás na Gaeltachta

Éan gan eiteog atá in Údarás na Gaeltachta faoi láthair nuair nach bhfuil aon bhord ag an Údarás, a dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh, Sagart Cúnta Ghaoth Dobhair. Thug an tAthair Ó Fearraigh le fios go bhfuil sé i measc an phobail ar bhun rialta agus go bhfuil imní i measc an phobail go háitiúil faoi easpa fostaíochta sa cheantar. Dúirt sé nach gcuidíonn sé go bhfuil Údarás na Gaeltachta ar leath chois san am i láthair agus mhol sé don phobal a bheith níos glóraí le cinntiú go ndéanfaidh an tAire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh an bord úr a ainmniú láithreach.

Cás Mary Boyle

Tá agóid a eagrú i mí Mhárta le brú a chur go gcuirfí coiste cróinéara ar bun faoi chás Mary Boyle a chuaigh ar iarraidh i mí Mhárta 1977. Beidh an agóid a eagrú taobh amuigh de oifig an chróinéara, an Dochtúir Denis McCauley, ar an 10ú Márta, cothrom an lae 41 bliain ó shin a ndeachaigh Mary Boyle ar iarraidh. Sé'n grúpa Justice for Mary Boyle, atá ag eagrú na hagóide seo, agus deir siad go bhfuil go leor ceisteanna gur mhaith leo freagraí orthu faoi chás Mhary Boyle, agus gur cheart coiste cróinéara a chur ar bun faoina cás.

Creimeadh cósta

Tá iarratas le déanamh ar staidéar féidearthachta le dhul i ngleic leis an chreimeadh cósta ag Port Uí Chuireáin i nGaoth Dobhair a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.  Chas sé le innealtóirí sa cheantar sin inné, agus rinneadh measúnú ar chreimeadh atá tarlaithe in aice na Céibhe i bPort Uí Chuireáin agus thart fán chósta ansin mar gheall ar stoirmeacha an gheimhridh. Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go raibh cruinniú dearfach ann agus go raibh sé dóchasach go mbeadh ciste ar fáil le cosc a chuir ar an chreimeadh cósta sa cheantar sin, rud a deir se atá ag cur tithe agus maoin i mbaol.

Árachas

Caithfidh an Rialtas níos mó iarracht a dhéanamh dhul i ngleic leis an chostas ard a bhaineann le árachas do thiománaithe, a dúirt an Teachta Dála Charlie McConalogue. Tá bliain caite ó d'fhoilsigh an Rialtas tuarascáil ar chostas árachais, ach go fóill níl na moltaí ar fad a rinneadh sa tuarascáil curtha i bhfeidhm, a dúirt sé. Dúirt an Teachta McConalogue go raibh go leor tiománaithe óga agus daoine a bhfuil carranna thar aois áirithe acu, i dteagmháil leis mar gheall gur ardaigh a gcuid costais árachais le bliain. Tá fadhb ar leith i nDún na nGall a dúirt Charlie McConalogue, mar go bhfuil daoine ag brath níos mó ar charranna mar gheall ar an chóras iompar a bheith chomh heasnamhach.

Gradaim Ceoil

Tá roinnt ceoltóirí as Dún na nGall ainmnithe do dhuaiseanna ag Gradaim Ceoil Nós a bheas ar siúl anocht i mBaile Átha Cliath. Tá an ceoltóir Connie Mhary Mhicí Ó Gallchóir as na Rosa ainmnithe do Albam na Bliana, Diane Ní Chanainn as Mín Lárach ainmnithe sa Rannóg d'fhíseán ceoil na bliana agus Féile Ceoil Swell a bhí ar siúl ar Oileán Árainn Mhór ainmnithe d'Fhéile na Bliana. Beidh Gradaim Ceoil  NÓS 2018  ar siúl i gclub an tSiúcra, An Sugar Club, i mBaile Átha  Cliath ag a 8.00  anocht agus craolfar na Gradaim beo anseo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Beo

Aifreann an Domhnaigh

Aifreann an Domhnaigh

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Togha agus Rogha

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Saol ó Dheas 20 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 20 Iúil 2018

 
Eoin Corry, Travel Extra.

Eoin Corry, Travel Extra.

 
Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

 
Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg.

Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg.

 
Declan Kearney, cathaoirleach Shinn Féin.

Declan Kearney, cathaoirleach Shinn Féin.

 
Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Darach Ó Scolaí agus Liam Mac Amhlaigh faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge

Darach Ó Scolaí agus Liam Mac Amhlaigh faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge

 
Seán Ó Coinn ar na dúshláin roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge

Seán Ó Coinn ar na dúshláin roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge

 
Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

 
Conn Ó Muineacháin, Black Knight Solutions.

Conn Ó Muineacháin, Black Knight Solutions.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna.

Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna.

 
Caitríona Ní Chuinneagáin, Cóstaí Glana na nÉireann.

Caitríona Ní Chuinneagáin, Cóstaí Glana na nÉireann.

 
Daithí de Mórdha, Baile na nGall.

Daithí de Mórdha, Baile na nGall.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Joe McHugh TD, Príomhaoire an Rialtais.

Joe McHugh TD, Príomhaoire an Rialtais.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

 
Pól Mac Donncha, Coiste Pobail Chéibh an tSrutháin.

Pól Mac Donncha, Coiste Pobail Chéibh an tSrutháin.

 
An Seanadóir Rónán Mullen.

An Seanadóir Rónán Mullen.

 
Frances Nic Geadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Geadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Mícheál  Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Toiréasa Ferris, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Toiréasa Ferris, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Seán Kelly, M.E.P.

Seán Kelly, M.E.P.

 
Áine Máire Nic Diarmada, iriseoir, Londain.

Áine Máire Nic Diarmada, iriseoir, Londain.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Load More...
PléScéal

PléScéal

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís