Nuacht an Iarthair: Plódú in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh

Nuacht an Iarthair: Plódú in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh

Is in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh atá an dara líon is airde othar atá ar thralaithe in ospidéil na tíre inniu agus iad ag fanacht le leaba de réir fhigiúirí ó Chumann Altraí agus Banchabhrach na hÉireann. 

37 atá ag fanacht le leaba ann.

14 atá ag fanacht le leaba in Ospidéal na hOllscoile Maigh Eo.

Forbairt Ospidéal Pháirc Mhuirlinne

Mura dtugtar tús áite láithreach don fhorbairt atá le déanamh ar Ospidéal Pháirc Mhuirlinne d'fhéadfadh an ghéarchéim plódú atá in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh a dhul in olcas a deir Teachta Dála do Ghaillimh Thiar ag Fine Gael Hildegarde Naughton.

Bhí sí ag tagairt don phlean atá ag an Aire Sláinte Simon Harris maoiniú a fháil ón rialtas le 500 leaba sa mbreis a chur ar fáil in ospidéil na tíre.

Ní féidir aon leaba sa mbreis a chur in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh a deir an Teachta Naughton mar nach bhfuil an spás ann. 

Má tá leapacha le cur ar fáil in ospidéil na Gaillimhe caithfear bualadh láithreach faoin bhforbairt atá le dhéanamh ar Ospidéal Pháirc Mhuirlinne a deir sí.

Anuas air sin, tá fáilte curtha ag an Aire Stáit Seán Kyne roimh an scéala go mbeidh a gcéad chruinniú ag an bhfoireann atá ag plé leis an dearadh ar Aonad Nua Timpiste agus Éigeandála in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh, roimh dheireadh na míosa.

An phlaisteach ar muir

Deir an Dr Peter Heffernan, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara i nGaillimh go bhfuil reachtaíocht le bheith ann roimh dheireadh na bliana le cosc a chur ar úsáid agus ar tháirgeadh coirníní beaga plaisteacha.

Is é an chontúirt is mó leis na blúiríní beaga plaisteacha sin go dtéann siad sa slabhra bia a deir sé.

Ní mór dúinne, chuile dhuine againn, ár gcuid iompair a athrú a deir sé.

Dumpáiltear 8 milliún tonna plaisteach sa bhfarraige chuile bhliain agus má leanann rudaí mar atá, beidh níos mó plaisteach ná iasc ar muir a deir an Dr Heffernan.

Gradaim IFTA

Tá 3 ainmniúchán do ghradam IFTA faighte ag an scannán Song of Granite, faoin bhfonnadóir Joe Éinniú as Carna.

Is é Pat Collins a stiúraigh an scannán agus rinne triúr aisteoirí as an taobh seo tíre páirt Joe Éinniú ann, - Colm Seoighe as Ros an Mhíl, Michael Frainc Ó Conghaola as Muiceanach idir Dhá Sháile agus MacDara Ó Fátharta as Inis Meáin.

Tá ainmniúchán faighte freisin ag an scríbhneoir Antoine Ó Flaithearta don dráma teilifíse Grace Harte.

Tá 5 ainmniúchán IFTA faighte ag an scannán Three Billboards Outside Ebbing Missouri, a scríobh agus a stiúraigh Martin McDonagh, mac le Johnny Mhichael Choilm as Leitir Mealláin ó dhúchas.

Ghrúigh an scannán sin 4 ghradam Golden Globe túníos tús na seachtaine. 

Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid speisialta, an 15ú Feabhra.

Maoiniú Chomhairle Chondae na Gaillimhe

Níl Comhairle Chondae na Gaillimhe ag fáil cothrom na féinne ó thaobh an allúntais airgid atá dhá chur ar fáil dóibh a deir an Comhairleoir Contae Seosamh Ó Cualáin le Nuacht an Iarthair.

Fáiltíonn an Comhairleoir Ó Cualáin roimh chruinniú atá le bheith ag an Aire Stáit Seán Kyne agus Teachtaí Dála as Gaillimh Thiar le hoifigigh na Roinne Tithíochta, Pleanála & Rialtais Áitiúil le cúrsaí airgid i gComhairle Chontae na Gaillimhe a phlé.

Tá sé ag dul ó mheabhair air go bhféadfadh Comhairle Chontae Mhaigh Eo a bheith ag fáil €15 milliún níos mó ná Comhairle na Gaillimhe.

Ní inniu ná inné a tharla sé sin a deir an Comhairleoir Ó Cualáin.

Innealtóir Ceantair ar an gCeathrú Rua

Tá imní léirithe in athuair ag an gComhairleoir Condae Seosamh Ó Cualáin faoin easpa leanúnachais atá ann ó thaobh innealtóirí ceantair atá fostaithe ag Comhairle Chondae na Gaillimhe san oifig ar an gCeathrú Rua.

Thug an Comhairleoir le fios go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach mbeidh an t-innealtóir áitiúil atá ar an gCeathrú Rua faoi láthair i bhfad eile ann.

Tá eolas maith ag an té sin a deir an Comhairleoir Ó Cualáin le Nuacht an Iarthair agus ba chóir don Chomhairle féachaint len é a choinneáil ann más féidir ar chor ar bith é.

Deiseanna Oibre ar an Spidéal

Tá cead pleanála tugtha ag Comhairle Chondae na Gaillimhe d'Údarás na Gaeltachta le Mol Digiteach agus Aonad Fiontraíochta agus Nualaíochta a bhunú sa Spidéal.

Thug urlabhraí de chuid an Údaráis le fios go bhfuil an togra le dhul os comhair an Bhoird chomh luath agus a cheapfar bord nua.

Gabhfar ar thóir tairiscintí ina dhiaidh sin don obair chóirithe atá le déanamh taobh istigh den fhoirgneamh ag Páirc na Meán sa Spidéal, le taobh na Ceardlainne.

Nuair a bheidh an áit réitithe amach beidh deascanna sealaíochta ann agus oifigí do chomhlachtaí beaga nó do dhaoine aonair a mbeadh ceangal idirlín ardluais ag teastáil uathu lena gcuid oibre a dhéanamh.

Ní fios fós cén uair go díreach a bheidh an obair sin déanta agus an mol digiteach réidh le n-úsáid.

Beo

Aifreann an Domhnaigh

Aifreann an Domhnaigh

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Togha agus Rogha

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Saol ó Dheas 20 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 20 Iúil 2018

 
Eoin Corry, Travel Extra.

Eoin Corry, Travel Extra.

 
Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

 
Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg.

Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg.

 
Declan Kearney, cathaoirleach Shinn Féin.

Declan Kearney, cathaoirleach Shinn Féin.

 
Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Darach Ó Scolaí agus Liam Mac Amhlaigh faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge

Darach Ó Scolaí agus Liam Mac Amhlaigh faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge

 
Seán Ó Coinn ar na dúshláin roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge

Seán Ó Coinn ar na dúshláin roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge

 
Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

 
Conn Ó Muineacháin, Black Knight Solutions.

Conn Ó Muineacháin, Black Knight Solutions.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna.

Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna.

 
Caitríona Ní Chuinneagáin, Cóstaí Glana na nÉireann.

Caitríona Ní Chuinneagáin, Cóstaí Glana na nÉireann.

 
Daithí de Mórdha, Baile na nGall.

Daithí de Mórdha, Baile na nGall.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Joe McHugh TD, Príomhaoire an Rialtais.

Joe McHugh TD, Príomhaoire an Rialtais.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

 
Pól Mac Donncha, Coiste Pobail Chéibh an tSrutháin.

Pól Mac Donncha, Coiste Pobail Chéibh an tSrutháin.

 
An Seanadóir Rónán Mullen.

An Seanadóir Rónán Mullen.

 
Frances Nic Geadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Geadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Mícheál  Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Toiréasa Ferris, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Toiréasa Ferris, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Seán Kelly, M.E.P.

Seán Kelly, M.E.P.

 
Áine Máire Nic Diarmada, iriseoir, Londain.

Áine Máire Nic Diarmada, iriseoir, Londain.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Load More...
PléScéal

PléScéal

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís