Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Otharlann Leitir Ceanainn

Is é Otharlann Leitir Ceanainn an Otharlann is gnóthaí sa tír inniu áit a bhfuil 43 duine ar thralaithe agus iad ag fanacht ar leapacha san otharlann, sin laghdú de dhuine amháin ar fhigiúir an lae inné áit a raibh 44 ar thralaithe san otharlann.  Tá duine is fiche ar thralaithe san aonad timpiste agus éigeandála inniu agus tá beirt is fiche ar thralaithe sna bardaí.  551 duine atá ar thralaithe in otharlanna na tíre inniu.

Údarás na Gaeltachta

Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Cultúr Oidhreachta agus Gaeltachta tráthnóna go bhfuil an próiseas maidir le bord úr a cheapadh d'Údarás na Gaeltachta ag leanstan ar aghaidh faoi láthair agus go mbeifear ag fógairt an bord úr go luath.  Tá cáineadh láidir déanta ag an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh inniu ar an Aire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh maidir leis an mhoill Bord úr a cheapadh.  Dúirt sé go bhfuil drochmheas a léiriú don Údarás nuair nach bhfuil Bord úr ceaptha go dtí seo.

Córas Uisce

Tá Comhairleoirí Contae ag iarraidh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall tástálacha a dhéanamh ar chóras uisce Leitir Ceanainn mar gheall ar líon na ngearán atá faighte ón phobal faoi chaighdeán an uisce ar an bhaile.  Dúirt an Comhairleoir Contae Dessie Shiels nach bhfuil infheistíocht ar bith déanta sna píopaí i Leitir Ceanainn le blianta fada agus leis an fhorbairt agus fás atá tagtha ar an bhaile go bhfuil brú ar na píopaí agus cuid acu ag lódh.  Dúirt sé gur cheart do shaotharlann na comhairle tástálacha a dhéanamh ar an uisce agus tuairisc a chur le chéile d'Uisce Éireann.  Caithfear díriú ar an fhadhb seo agus freagraí a thabhairt do phobal Leitir Ceanainn, a dúirt an Comhairleoir Shiels.

Sábháilteacht bóthair

Tá feachtas sábháilteacht bóthair i measc an aois óig a chur chun cinn ag Club Sacar Chláirsigh na Finne, i gcomhair le Comhairle Contae Dhún na nGall.  Beidh an club ag cur fógraí ó Ghrúpa Sábháilteacht Bóthair na Contae in airde ag Páirc na Finne le linn a gcluichí i mbliana, saor in aisce.  Is ag díriú ar shábháilteacht bóthair i measc páistí bunscoile a bhéas an Club Sacair agus  beidh ionadaithe   ón chlub ag dul chuig scoltacha le heolas a scaipeadh faoi chúrsaí sábháilteachta agus le comórtas ealaíne a sheoladh do bhunscoltacha na contae.  Ainmneofar na buaiteoirí ag cluiche de chuid Chláirsigh na Finne a bhéas ar siúl ar an 2ú Márta.

Cóireáil uisce

Tá an Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta ag lorg tairiscintí ó chonraitheoirí le dhá ionad cóiréala uisce a thógáil ag Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, le caighdeán uisce reatha sa pháirc a fheabhsú.  Beidh na hionaid ag cur uisce ar fáil d'Ionad na gCuairteoirí, Caisleáin Ghleann Bheatha agus na seomraí tae ansin, an foirgneamh riaracháin, Ionad Traenála Theach an Droichid agus dhá theach cónaithe sa pháirc.  Táthar leis na hionaid seo, a bheas á n-úsáid ar feadh 7 mbliana,  a lonnú ag Caisleáin Ghleann Bheatha agus ag Ionad na gCuairteoirí agus beidh umar uisce ag an chaisleáin fosta.  Glacfar le hiarratais go dtí'n 18ú Eanáir.

Fiosrú faoi bhás mná

Deir Gardaí Leitir Ceanainn go mbeidh treo a bhfiosrúchán maidir le corp mná a fuarthas i dteach i Leitir Ceanainn tráthnóna inné ag brath ar thorthaí an scrúduithe iarbháis. Tháinig Gardaí ar chorp na mná, a bhí sna caogaidí, i dteach ag New Brook Court i Leitir Ceanainn.  Bhí scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp na mná tráthnóna inné.

Údarás na Gaeltachta
 

Tá cáineadh déanta ag an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh ar an easpa dul chun cinn maidir le bord úr a cheapadh d'Údarás na Gaeltachta.  Dúirt sé go bhfuil sé scannalach agus náireach nach bhfuil Bord úr ceaptha ag an Aire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh go fóill, go háirithe leis an drochscéala ar an mhí is a chuaigh thart go raibh 32 oibrí le ligint chun bealaigh ón chomhlacht SLM ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.  Tá ról tábhachtach ag Bord Údaras na Gaeltachta, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh, agus tá sé dochreidte nach bhfuil bord úr ainmnithe go fóill ag an Aire Stáit Mc Hugh.  Ceadaíonn na comhaltaí infheistíochtaí agus tacaíochtaí ar mhaithe le forbairt fiontair agus cruthú fostaíochta de agus tá dualgas orthu an Ghaeilge a chur chun cinn, dualgais nach dtig leis an bhord a chomhlíonadh nuair nach bhfuil a leithid ann, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.

Otharlann Leitir Ceanainn

Ábhar dóchais, a deir Raideolaí in Otharlann Leitir Ceanainn an Dr. Conall Mac a Bhaird, gur admhaigh polaiteoirí sinsearacha, an tAire Sláinte Simon Harris ina measc, go bhfuil leapacha breise a dhíth in otharlanna na tíre.  Dúirt se go bhfuil Dochtúirí agus Ceardchumainn ag rá seo le blianta  agus go bhfuil géarghá barda gearr thréimhse atá in Otharlann Leitir Ceanainn a oscailt, barda ina bhfuil 6 leaba déag.  Dúirt An Dochtúir Mac a Bhaird gur cheart airgead a chaitheamh ar an bharda seo agus é a oscailt agus foireann bhreise a earcú ansin.  Ó thaobh staire de, deir sé go mbeidh an brú is mó ar Otharlann Leitir Ceanainn ag deireadh na míosa seo agus tús na míosa seo chugainn.  44 a bhí ag fanacht ar leapacha in Otharlann Leitir Ceanainn inné, an dara líon is mó othar ar thralaithe in Otharlanna na tíre.

Poist nua

Tá trí cinn de phoist le líonadh ag Údarás na Gaeltachta i nDún na nGall faoi láthair.  Baineann ceann de na poist le hearnáil an bhia mara sa Ghaeltacht a fhorbairt agus a chur chun cinn, agus táthar ag lorg Oifigeach Tionscail don togra Eorpach ar a dtugtar SAFER.  Conradh trí bliana atá ag gabháil leis an phost agus beidh an té atá ceaptha lonnaithe in Áislann Ghaoth Dobhair.  Tá an tÚdarás fosta ag lorg Bainisteoir Ginearálta agus Príomh-Ghairneoir do na Tithe Gloine atá á reáchtáil acu i gCill Ulta chomh maith.  Conraithe trí bliana atá i gceist leis an dá phost seo.
 

Dáimh

Cuirfear tús inniu i mBun Dobhráin le comhdháil tras-atlantach dar teideal 'Dáimh', a eagrú ag Ollscoil Drew as Meiriceá.  Seo an cúigiú bliain an ócáid ar siúl ar an bhaile agus beidh os cionn céad cainteoir i láthair ag an chomhdháil.  Mairfidh an chomhdháil go dtí'n Domhnach an 14ú agus i measc na n-ábhar a bhéas pléite ann beidh painéal ag conradh na Gaeilge Dé Sathairn faoi chúrsaí teangan agus Gaeltachta, an Ghaeilge, plé ar na Sé Chontae, síocháin agus athmhuintearas, na meáin agus cúrsaí litríochta.  Tá na cainteanna agus na leachtaí ar fad saor in aisce don phobal.

Ionad sláinte

Caithfear obair chothabhála a dhéanamh ar ionad sláinte Rinn Uí Choigligh chomh luath agus is féidir, a dúirt an Teachta Dála Charlie McConalogue, ionad ar dearnadh damáiste de i dtuillte Lúnasa na bliana anuraidh.  Mar gheall ar an damáiste sin, cuireadh ar ceall seirbhís dochtúra san ionad, agus tá seo ag cur as go mór do sheandaoine sa cheantar, a dúirt an Teachta McConalogue.  Dúirt sé  fosta go bhfuil brú breise ar íoclann dochtúra Bhun an Phobail dá bharr.  Thug Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte le fios don Teachta Mc Conalogue nach mbeidh an t-ionad ar ais mar a bhí go dtí mí Aibreán na bliana seo, moill nach féidir glacadh leis, a dúirt sé.  Rinne sé achainí ar an Fheidhmeannacht an obair seo a bhrú ar aghaidh taobh istigh de chúpla seachtain.

Séamus Coleman

Tá an peileadóir as na Cealla Beaga Séamus Coleman i mbun traenála arís leis an chlub sacar Everton.  Tá sé deich mí ó bhris Coleman a chos in dhá áit agus é ag imirt d'Éirinn in éadan na Breataine Bige i gcluiche cáilíochta de Chorn an Domhain.  Thug Bainisteoir Chlub Everton Sam Allardyce le fios go bhfuil Séamus Coleman arais ag traenáil agus go mbeidh sé le feiceáil ag imirt don fhoireann arís go luath.
 

Beo

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Ardtráthnóna

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Paddy Duffy tar éis bháis.

Paddy Duffy tar éis bháis.

 
Bríd De Róiste, Ceatharlach.

Bríd De Róiste, Ceatharlach.

 
Éanna Ó Cróinín, Comharchumann Ráth Cairn.

Éanna Ó Cróinín, Comharchumann Ráth Cairn.

 
Caitlín Ní Bhroinn, Forbairt Eachla Teoranta.

Caitlín Ní Bhroinn, Forbairt Eachla Teoranta.

 
Cathal Mac Coille, iriseoir.

Cathal Mac Coille, iriseoir.

 
Micheál Ó Leidhin, Meitheal Pleanála Teanga Uíbh Ráthaigh.

Micheál Ó Leidhin, Meitheal Pleanála Teanga Uíbh Ráthaigh.

 
Cormac Ó Murchú, saineolaí teilechumarsáide.

Cormac Ó Murchú, saineolaí teilechumarsáide.

 
Micheál Ó Leidhin, agraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta, An Bhruiséil.

Micheál Ó Leidhin, agraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta, An Bhruiséil.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt

Príomhscéalta an Tuaiscirt

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair

Príomhscéalta an Iarthair

 
Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 17 Deireadh Fómhair 2018.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 17 Deireadh Fómhair 2018.

 
Paddy Ó Fiannachta;Frídíní comhachtach

Paddy Ó Fiannachta;Frídíní comhachtach

 
Tomás Mac an tSaoire;Rothaíocht tríd an Afraic

Tomás Mac an tSaoire;Rothaíocht tríd an Afraic

 
Dónal Ó h-Ainiféin;Oideachas trí mheán na gaeilge-na buntáistí

Dónal Ó h-Ainiféin;Oideachas trí mheán na gaeilge-na buntáistí

 
Tommy Ó Muircheartaigh agus Labhrás Ó Cinnéide;Telecom Eireann.

Tommy Ó Muircheartaigh agus Labhrás Ó Cinnéide;Telecom Eireann.

 
An Saol ó Dheas 17ú Deireadh Fómhair 2018

An Saol ó Dheas 17ú Deireadh Fómhair 2018

 
Phil Ní Shéaghadha, Ard Rúnaí, INMO.

Phil Ní Shéaghadha, Ard Rúnaí, INMO.

 
Liadh Ní Riada, Fesire Eorpach, iarrthóir i dtoghchán na hUachtaránachta.

Liadh Ní Riada, Fesire Eorpach, iarrthóir i dtoghchán na hUachtaránachta.

 
Risteard Mac Liam, Cumann Tráchtála an Daingin.

Risteard Mac Liam, Cumann Tráchtála an Daingin.

 
Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Contae, Gaillimh.

Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Contae, Gaillimh.

 
Micheál Ó hÉanaigh, Príomh Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Micheál Ó hÉanaigh, Príomh Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

 
Harry McGee, An Irish Times.

Harry McGee, An Irish Times.

 
An Tuairisc  Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Ardtráthnóna:  Dé Máirt 16 Deireadh Fómhair 2018.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 16 Deireadh Fómhair 2018.

 
Dara Ó Beaglaíoch; Cumann Sacair Leeds.

Dara Ó Beaglaíoch; Cumann Sacair Leeds.

 
Róisín agus Seán Ó Beaglaioch; Camino le Cumann Alzheimers na h-Éireann.

Róisín agus Seán Ó Beaglaioch; Camino le Cumann Alzheimers na h-Éireann.

 
Dr. Úna Breathnach; Mapa le Ainm.ie.

Dr. Úna Breathnach; Mapa le Ainm.ie.

 
Toireasa Ferris; Ranganna gaeilge do Chomhairleoirí Contae.

Toireasa Ferris; Ranganna gaeilge do Chomhairleoirí Contae.

 
Diarmaid Ó Drisceoil, Droichid Chorcaí.

Diarmaid Ó Drisceoil, Droichid Chorcaí.

 
An Saol ó Dheas: Dé Máirt 16 Deireadh Fómhair 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 16 Deireadh Fómhair 2018.

 
Máire Ní Chionna, innealtóir sinsireach, Comhairle Condae na Gaillimhe.

Máire Ní Chionna, innealtóir sinsireach, Comhairle Condae na Gaillimhe.

 
Roibéard Ó hArtáin, oifigeach gaeilge Chomhairle Condae Chiarraí.

Roibéard Ó hArtáin, oifigeach gaeilge Chomhairle Condae Chiarraí.

 
Cathal Mac Coille, iriseoir.

Cathal Mac Coille, iriseoir.

 
Suzanne Nic Géidigh, Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Suzanne Nic Géidigh, Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Gerry Motherway, ealaíontóir, Corcaigh.

Gerry Motherway, ealaíontóir, Corcaigh.

 
Cathal Ó Conchúir, An Comhairleoir Cathrach,  Sinn Féin.

Cathal Ó Conchúir, An Comhairleoir Cathrach, Sinn Féin.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta,

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta,

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Load More...
Iris Aniar

Iris Aniar

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

PléScéal

PléScéal

Barrscéalta

Barrscéalta

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Rónán Beo

Rónán Beo

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís