Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá an dara líon is mó othar ar thralaithe in otharlanna na tíre in Otharlann Leitir Ceanainn inniu, áit a bhfuil 44 othar ar thralaithe ansin. Sin méadú de cheathrar ó inné. Tá 11 othar ar thralaithe san Aonad Timpiste agus Éigeandála san otharlann agus 33 atá ar thralaithe i bhardaí san otharlann inniu. Ochtar déag othar atá ar thralaithe in Otharlann Shligigh inniu.

Scéim feabhsúcháin bóithre

Tá sé tugtha le fios don Chomhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig ag Stiúrthóir Bóithre na Comhairle, John McLaughlin, go ndéanfar liosta a fhoilsiú de na daoine ar fad ar ceadaíodh a n-iarratais faoi scéim feabhsúcháin bóithre áitiúla  LIS, le gairid. Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig ar Bharrscealta inniu  go bhfuil ceisteanna a gcur ag an phobal faoi iarratais áirithe a ceadaíodh agus oibreacha a rinneadh ar bhóithre áirithe. Is airgead cáin íocóirí atá a chaitheamh ar na scéimeanna bóithre seo, agus tá sé tábhachtach go mbeidh trédhearcacht ag baint leis an scéim seo, a dúirt sé.

Fear saortha

Scaoileadh saor, gan aon chúis curtha ina choinne, an dara fear a bhí a cheistiú faoi dhúnmharú Denis Donaldson. Gabhadh beirt fhear Dé Domhnaigh agus ceistíodh iad i Stáisiún Gardaí Leitir Ceanainn, faoi dhúnmharú an bhrathadóra sna Gleanntaí i mí Aibreán 2006. Scaoileadh saor tráthnóna inné an fear eile, gan aon chúis curtha ina choinne. Ceistíodh an bheirt fhear faoin Mhír a 30 den Acht um Chiontaithe in Aghaidh an Stát.

Toraigh

D'fhreastail os cionn scór duine ar chruinniú leis an Teachta Piaras Ó Dochartaigh  ar oileán Thoraí inné, faoi reachtaíocht atá le cur os comhair na Dála go luath faoi cheadúnais iascaireachta d'oileánaigh. Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh go mbeidh an reachtaíocht seo  dírithe ar dhaoine  a bhfuil cónaí go buan orthu  ar oileáin. Teastaíonn uaidh go mbeadh cead speisialta ag bunadh oileáin na tíre bheith ag iascaireacht, le bádaí faoi bhun dhá mhéadar déag ar fad, le na traidisiúin sean bhunaithe iascaireachta a choinneáil beo.

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá géarghá na folúntais in Aonad Raideolaíochta Otharlann Leitir Ceanainn a líonadh, a dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh. Tá dhá phost lán aimseartha do dhochtúirí comhairleacha san Aonad  Raideolaíochta le líonadh i láthair na huaire agus níl sé ceart nach bhfuil foireann iomlán ar fáil ansin faoi láthair, a dúirt sé. Tá moill le roinnt seachtainí ar othair scan a fháil nó coinní áirithe a fháil san aonad mar gheall ar easpa foirne, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh agus ní leor foireann a fháil ar bhonn páirtaimseartha leis an obair a dhéanamh, a dúirt sé. Thug An Teachta Ó Dochartaigh le fios go bhfuil dhá phost mar raideolaithe ginearálta le fógairt go fóill agus go bhfuiltear ag lorg duine le chor a bheith bliain le post mar raideolaí brollaigh a líonadh in Otharlann Leitir Ceanainn.

Seirbhísí pleanála

Caithfear achan iarracht a dhéanamh forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí pleanála atá ar fáil i gceantar bardais na nGleanntach, a deir an Comhairleoir Contae Éanna Ó Cnáimhsí.  Dúirt sé gur dearnadh dul chun cinn le tamall maidir leis an fhreastal atá a dhéanamh ar phobal an cheantair, ach go gcaithfear foireann pleanála a lonnú sa cheantar go buan.  Is ábhar díomá nach mbíonn fáil ar fhoireann pleanála na Comhairle Contae le cuairteanna a thabhairt ar láithreacha a bhfuil daoine chun iarratas pleanála a dhéanamh, a dúirt sé.  D'iarr sé ar bhainistíocht na Comhairle Contae go mbeadh cuairteanna suíomh ar fáil don phobal arís, mar go mbeadh an tseirbhís sin ina bhuntáiste ollmhór ag daoine atá ag iarraidh tithe a thógáil, dar leis.

Gradaim Spóirt

Seolfaidh an tráchtaire Martin Carney Gradaim Spóirt Dhún na nGall in Ostán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn anocht. Bhain Martin Carney, gur as Beál Áth Seanaigh dó ó dhúchas, an gradam Cumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1977. Is ar an 26ú lá den mhí seo a bheas na gradaim a mbronnadh. Seo an 42ú bliain na gradaim seo a bheith a mbronnadh.

Leabharlann

D'iarr an Comhairleoir Contae Ian Mac Gairbheith ar Chomhairle Contae Dhún na nGall leabharlann a chur ar fáil i mbaile Rath Mealtáin. Tá éileamh mór do leabharlann ar an bhaile, an dara baile is mó i gceantar bardais Leitir Ceanainn, a dúirt sé.  Dúirt sé gur cuireadh rún os comhair na Comhairle Contae roinnt blianta ó shin, go ndéanfaí leabharlann a oscailt arís i Rath Mealtáin, ach níor tharla seo. Tá go leor foirgnimh atá folamh i Rath Mealtáin go bhféadfaí a úsáid le leabharlann a chur ar bun ann, a dúirt an Comhairleoir Mac Gairbheith.  Dúirt Stiúrthóir Seirbhísí Leabharlainne na Comhairle, Eileen Burgess, go bhfuil easnaimh sna seirbhísí leabharlainne sa chontae mar atá faoi láthair, gan trácht ar sheirbhísí breise.  Dúirt sí nach mbeadh sé ar chumas na seirbhíse leabharlann eile a oscailt, mar nach bhfuil na hacmhainní ag an Chomhairle faoi láthair.

Ssoilse poiblí

Tá 16,800 solas poiblí atá faoi chúram na Comhairle Contae i nDún na nGall faoi láthair. Tá go leor dena soilse seo sean agus iad ag úsáid go leor fuinnimh.  Tá suirbhé déanta ag comhlacht Airtricity don Chomhairle le gairid ar na soilse atá faoina gcúram,  agus léarscáil curtha le chéile cá bhfuil na soilse ar fad.  Cuireadh córas úr ar fáil i mbliana sa chontae, córas bainistíochta ar líne atá a sholáthar ag comhlacht DeadSure, agus tá deis ag an phobal úsáid a bhaint as an idirlíon le heolas a chur ar fáil faoi shoilse atá briste.  Tá buiséad de €2.1m ar fáil le soilse poiblí na contae a reáchtáil i 2018.

Beo

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nuacht a hAon

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Conall Ó Móráin, Craoltóir agus Saineolaí Airgeadais.

Conall Ó Móráin, Craoltóir agus Saineolaí Airgeadais.

 
Niall Ring, Comhairleoir Cathrach Neamhspleách Lár Bhaile Átha Cliath.

Niall Ring, Comhairleoir Cathrach Neamhspleách Lár Bhaile Átha Cliath.

 
Seán Ó Murchú, Ceannasaí Nuachta NJ.com

Seán Ó Murchú, Ceannasaí Nuachta NJ.com

 
John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta, An Irish Independent.

John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta, An Irish Independent.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
Seosaimh Ó hÚrdail ag tabhairt ómóis dá chara Dan Harrington

Seosaimh Ó hÚrdail ag tabhairt ómóis dá chara Dan Harrington

 
Micléinn Choláiste Mhuire Gan Smál.

Micléinn Choláiste Mhuire Gan Smál.

 
Cathal Ó Conaill, Príomhfheidhmeanach an Chomhlachta 'Paddywagon'.

Cathal Ó Conaill, Príomhfheidhmeanach an Chomhlachta 'Paddywagon'.

 
Dara Ó Cinnéide, Cumann Luthchleas Gael.

Dara Ó Cinnéide, Cumann Luthchleas Gael.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 22 Eanáir 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 22 Eanáir 2018.

 
Paula Melvin, riarthóir gradaim le Coimisiún Fulbright.

Paula Melvin, riarthóir gradaim le Coimisiún Fulbright.

 
Eimear Ní Mhurchú, feoirmeoir in Uíbh Ráthach.

Eimear Ní Mhurchú, feoirmeoir in Uíbh Ráthach.

 
Maedhb Ní Ghaora agus Austin Breathnach, Iorras Aithneach.

Maedhb Ní Ghaora agus Austin Breathnach, Iorras Aithneach.

 
Séamus Mac Congamhna, Ollamh le seandálaíocht.

Séamus Mac Congamhna, Ollamh le seandálaíocht.

 
Laoighseach Ní Choisdealbha.

Laoighseach Ní Choisdealbha.

 
Marjorie Uí Chearbhaill, bainisteoir Chomharchumann Thoraigh.

Marjorie Uí Chearbhaill, bainisteoir Chomharchumann Thoraigh.

 
Eoin Ó Murchú,

Eoin Ó Murchú,

 
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Siúlach Scéalach - Dinny Boyle ó Ghort a' Choice ag ceol.

Siúlach Scéalach - Dinny Boyle ó Ghort a' Choice ag ceol.

 
Siúlach Scéalach - Pádraic Ó Raghallaigh

Siúlach Scéalach - Pádraic Ó Raghallaigh

 
Siúlach Scéalach - Pádraig Mac Seáin, Teileann

Siúlach Scéalach - Pádraig Mac Seáin, Teileann

 
An Cheárta 21 Eanáir

An Cheárta 21 Eanáir

 
Cur amú bia

Cur amú bia

 
Leabhra Feabhra

Leabhra Feabhra

 
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Bernie Boyle.

Bernie Boyle.

 
Pádraig Ó Dochartaigh.

Pádraig Ó Dochartaigh.

 
Brian Ó Broin.

Brian Ó Broin.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Liam Ó Rocháin, Tommy Jim Mac Gearailt, Fergal Ó Sé.

Liam Ó Rocháin, Tommy Jim Mac Gearailt, Fergal Ó Sé.

 
Caomhín Ó Flannúra, Bitheolaí Mara agus Stiúrthóir Mara Beo sa Daingean.

Caomhín Ó Flannúra, Bitheolaí Mara agus Stiúrthóir Mara Beo sa Daingean.

 
Lorcan Ó Cinnéide agus Con Ó Conaill.

Lorcan Ó Cinnéide agus Con Ó Conaill.

 
Jamie Ó Tuama, Bainisteoir Choláiste Samhraidh Ghael Linn i mBaile Bhúirne.

Jamie Ó Tuama, Bainisteoir Choláiste Samhraidh Ghael Linn i mBaile Bhúirne.

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine  19 Eanáir 2018.

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 19 Eanáir 2018.

 
Colm Mac Fhionnlaoich, Oifigeach Caidrimh Poiblí Gaeltacht Bheo Fhanada.

Colm Mac Fhionnlaoich, Oifigeach Caidrimh Poiblí Gaeltacht Bheo Fhanada.

 
Róisín Ní Choistealbha agus Ciara Ní Dhuibhir, Pobalscoil na Rosann, Seosamh Ó Ceallaigh agus Helena Mhic Laifeartaigh.

Róisín Ní Choistealbha agus Ciara Ní Dhuibhir, Pobalscoil na Rosann, Seosamh Ó Ceallaigh agus Helena Mhic Laifeartaigh.

 
Tom Beag Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Foireann F21 CLG Ghaoth Dobhair.

Tom Beag Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Foireann F21 CLG Ghaoth Dobhair.

 
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

 
Barrscéalta: Dé hAoine 19 Eanáir 2018.

Barrscéalta: Dé hAoine 19 Eanáir 2018.

 
Séamus Mac Coitir, iar gharda, atá ina chónaí i mBearna.

Séamus Mac Coitir, iar gharda, atá ina chónaí i mBearna.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Caoimhe Nic Cába, Oifigeach Eolais le Pavee Point.

Caoimhe Nic Cába, Oifigeach Eolais le Pavee Point.

 
Máirín Ní Ghadhra agus An tOllamh Donncha Ó Conaill.

Máirín Ní Ghadhra agus An tOllamh Donncha Ó Conaill.

 
Brian Ó Ceallaigh, Ollamh i Scoil Gnó Ollscoil Chathair B.Á.C.

Brian Ó Ceallaigh, Ollamh i Scoil Gnó Ollscoil Chathair B.Á.C.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Barrscéalta

Barrscéalta

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

An Cheárta

An Cheárta

Iris Aniar

Iris Aniar

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís