Nuacht an Tuaiscirt:Pearse Doherty TD ag casadh le Pobal Thoraí

Nuacht an Tuaiscirt:Pearse Doherty TD ag casadh le Pobal Thoraí

Pearse Doherty TD ag casadh le Pobal Thoraí

Beidh cruinniú ag an Teachta Dála Pearse Doherty le pobal oileán Thoraí inniu. 

Pléifear an Bille atá sé chun cur os comhair na Dála go luath maidir le cúrsaí iascaireachta.

Oileán Thoraí

Tá an Teachta  ag iarraidh go dtabharfaí ceadúnais oidhreachta iascaireachta d'iascairí ar na hoileáin chun gur féidir leo leanacht leis na traidisiúin iascaireachta atá ar oileáin na tíre seo le blianta fada.

Tá Comharchumann Oileán Thoraí ag iarraidh ar phobal an oileáin freastal ar an chruinniú inniu leis an Teachta Pearse Doherty.

Creimeadh Cósta

Tá sé thar am ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus ag an Aire Boxer Moran dhul i ngleic le creimeadh cósta i nGaoth Dobhair agus sna Rosa a dúirt An Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpuig. Rinne stoirmeacha le seachtain damáiste de cheantar cósta i Machaire Gathlán agus i bPort Uí Chuireáin, agus  ar an Mhachaire  sna Rosa a dúirt sé, agus tá go leor creimeadh tarlaithe. Dar leis go bhfuil tithe agus bóithre i mbaol má thagann tuilleadh stoirmeacha, agus go mbeidh an costas leis an damáiste sin  a chóiriú i bhfad níos mó ná an costas a bhainfeadh le ballaí cosanta nó obair dhaingnithe a dhéanamh anois. Caithfear éisteacht le mianta an phobail agus ba chóir don Rialtas dhul i gcomhairle leo a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpuig.

Forbairt ar Ostán an Waterfront, An Clochán Liath

Tá forbairtí móra beartaithe ag Ostán an Waterfront ar an Chlochán Liath. Tá iarratas pleanála déanta ag an chomhlacht le cuid den sólann atá ansin a leagaint, agus síniú trí stór ar airde a thógáil ar an láthair.  Síniú breise de 3,074 méadar cearnach atá beartaithe a chur leis an ostán. Beidh sólann úr, seomra gaile, seomra allais, linn hidriteiripe agus seomraí feistis mar pháirt dena forbairtí.  Lena chois sin tá sé i gceist seomra áilleachta agus gruaigeadóireachta a bheith mar pháirt dena forbairtí atá bearaithe.  Beidh cinneadh a dhéanamh ag Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall faoin iarratas pleanála seo roimh dheireadh mí Feabhra.

Eolaí Óg na Bliana 2018 - 17 Meánscoil as Dún na nGall páirteach

Beidh seacht gcinn déag de thograí ó mheánscoileanna i nDún na nGall san áireamh i gcomórtas Eolaí Óg na Bliana 2018.  Glacadh le hiarratais ó Coláiste Deele, Rath Bhotha, Coláiste Mhagh Éne, Bun Dobhráin, Scoil Chuimsitheach na nGleanntach, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Gaelcholáiste Chineál Eoghain i mBun Crannacha agus  Pobalscoil na Rosann.  I measc na dtograí tá togra ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair dár dteideal "An bhfuil dátheangachas ag cuidiú le fadhbanna a réiteach níos gaiste" agus togra eile faoin tionchar éiceolaíochta atá ag daoine ar an Earagail.  Tá togra ag Gaelcholáiste Chineál Eoghain faoi caide chomh sábháilte agus atá an idirlíon. Tá tionchar ólacháin ar chúrsaí tiomána i measc na dtionscnaimh atá ag Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn agus tá tionscnamh ar chreimeadh cósta in iarthar Dhún na nGall ag Scoil Chuimsitheach na nGleanntach.  Is ón 10ú go dtí'n 13ú lá de Eanáir a bheas taispeántas Eolaí Óg na Bliana ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath.

Beo

Aifreann an Domhnaigh

Aifreann an Domhnaigh

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Togha agus Rogha

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Saol ó Dheas 20 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 20 Iúil 2018

 
Eoin Corry, Travel Extra.

Eoin Corry, Travel Extra.

 
Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

 
Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg.

Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg.

 
Declan Kearney, cathaoirleach Shinn Féin.

Declan Kearney, cathaoirleach Shinn Féin.

 
Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Darach Ó Scolaí agus Liam Mac Amhlaigh faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge

Darach Ó Scolaí agus Liam Mac Amhlaigh faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge

 
Seán Ó Coinn ar na dúshláin roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge

Seán Ó Coinn ar na dúshláin roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge

 
Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

 
Conn Ó Muineacháin, Black Knight Solutions.

Conn Ó Muineacháin, Black Knight Solutions.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna.

Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna.

 
Caitríona Ní Chuinneagáin, Cóstaí Glana na nÉireann.

Caitríona Ní Chuinneagáin, Cóstaí Glana na nÉireann.

 
Daithí de Mórdha, Baile na nGall.

Daithí de Mórdha, Baile na nGall.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Joe McHugh TD, Príomhaoire an Rialtais.

Joe McHugh TD, Príomhaoire an Rialtais.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

 
Pól Mac Donncha, Coiste Pobail Chéibh an tSrutháin.

Pól Mac Donncha, Coiste Pobail Chéibh an tSrutháin.

 
An Seanadóir Rónán Mullen.

An Seanadóir Rónán Mullen.

 
Frances Nic Geadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Geadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Mícheál  Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Toiréasa Ferris, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Toiréasa Ferris, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Seán Kelly, M.E.P.

Seán Kelly, M.E.P.

 
Áine Máire Nic Diarmada, iriseoir, Londain.

Áine Máire Nic Diarmada, iriseoir, Londain.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Load More...
PléScéal

PléScéal

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís