Nuacht an Tuaiscirt: Méadú 4% fostaithe Fiontar Éireann

Nuacht an Tuaiscirt: Méadú 4% fostaithe Fiontar Éireann

Méadú 4% fostaithe Fiontar Éireann i nDún na nGall

Tháinig méadú de 4% anuraidh i líon na ndaoine as Dún na nGall a bhí fostaithe i gcliaint chomhlachtaí de chuid Fiontar Éireann.

Bhí 3,552 duine sa chontae fostaithe i gcliant chomhlachtaí de chuid Fiontar Éireann anuraidh. Chruthaigh an eagraíocht fostaíochta 19,000 post úr sa tír anuraidh  agus ba taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath a bhí 64% dena postanna úra sin.

Tá brú mór ar leapacha in otharlanna an iar thuaiscirt inniu. Tá 26 othar ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn agus in Otharlann Shligigh inniu. Inné, bhí 35 othar ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn.

Stoirm Eleanor

Bhí go leor páirteanna de leathinis Inis Eoghain faoi uisce aréir de bharr Stoirm Elanor, go háirithe na ceantair cois cósta.

Bhí aonaid den bhriogáid dóiteáin ar dualgas mall aréir i bpáirteanna áirithe de Inis Eoghain, áit a raibh bóithre faoi uisce agus áit a raibh tithe i mbaol i mBun na hAbhann.

Tuairiscíodh go raibh go leor bóithre faoi uisce i mBun Crannacha, Gleann Fhaolidh, Baile Úr Uí Chuinneagáin, Ceann an Droichid, An Mhagh, Bun an Phobail, Cluain Máine agus Rinn Uí Choigligh.

Bhí tuile aréir in eastát tithíochta Glenwood i Leitir Ceanainn, agus bhí roinnt tithe i mbaol ansin dá bharr.

Bhí 1,300 teach gan cumhacht aibhléise ar feadh tamaill i mBun Crannacha aréir. Ar maidin inniu tá 46 teach ansin gan leictreachas agus tá 36 teach gan leictreachas ar maidin i gCill Chartha.

Loch Bhun an inbhir thar bruach

Tá gearáin déanta ag baill den phobal maidir le uisce ó Loch Bhun an Inbhir i nGaoth Dobhair ag dul trasna an bhealaigh go rialta, agus ag cur bac ar dhaoine ag siúl an bhealaigh.

Deir an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig gur iarr sé ar ionadaithe ó Rannóg Bóthair na Comhairle Contae cuairt a thabhairt ar an láthair go luath, agus iarracht a dhéanamh an fhadhb a réiteach.

Dúirt sé go bhfuil fadhb le fada le uisce ón loch ag dul trasna an  bhealaigh, agus tá contúirt ag baint leis, a dúirt sé.

Cé gur féidir le carranna taisteal ar an bhealach, ní féidir le daoine an bealach a shiúl nuair atá an t-uisce ag dul trasna an bhealaigh, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.

Laghdú 16% ar charanna nua 2017

Tháinig laghdú 16% ar líon na gcarranna úra a cláraíodh anuraidh  i nDún na nGall i gcomparáid le 2016. De réir an SIMI, Comhnaidhm Thionscal Ghluaisteáin na hÉireann,  cláraíodh  2,900 carr  i nDún na nGall i  2017  i gcomparáid  le 3,523 i 2016 , laghdú de 16.4%.

Bhí laghdú 10% go náisiúnta ar líon na gcarranna a cláraíodh i 2017, agus measann Stiúrthóir Ginearálta SIMI Alan Nolan gur éiginnteacht faoi imeacht na Breataine  ón Aontas Eorpach a ba chúis le seo. 

Folúntas Dochtúra Comhairleach

Tá folúntas Dochtúir Comhairleach Síciatrach do pháistí agus do dhaoine óga fógraithe ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte do Chontae Dhún na nGall.  

Post úr nua atá anseo, ar bhonn lánaimseartha, 39 uair a chloig sa tseachtain.  Deir an HSE go bhféadfaí athstruchtúradh a dhéanamh ar an phost seo sa todhchaí, le freastal ar cibé athrú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar na seirbhísí meabhair shláinte i measc an phobail.  

San áireamh sa phost seo beidh ceithre huaire a chloig teagaisc do bhaill na Rannóige agus beidh sé de dhualgas ar an té seo a bheith ar fáil le déileáil le cásanna taobh amuigh de ghnáth uaireanta oibre.  

Beidh an té seo lonnaithe in oir thuaisceart Dhún na nGall agus glacfar le hiarratais don phost go dtí'n dara lá de mhí Mheitheamh.
 

Tógra siúil

Caithfear tosaíocht a thabhairt do thogra siúil ón Fhál Carrach go dtí'n Bun Beag, a deir an Comhairleoir Contae Séamus Ó Domhnaill.

Dúirt sé go bhfuil réamhobair ar bun do thograí siúil i gceantar bardais na nGleanntach le roinnt blianta, agus go gcaithfear tosaíocht a thabhairt dona tograí seo, agus é ag tagairt de thograí eile atá beartaithe ag an Chomhairle Contae.

Beidh plé le húinéirí talún ón Fhál Carrach go dtí'n Bun Beag go luath, maidir le cosán siúil cois cósta, a dúirt an Comhairleoir Ó Domhnaill.

Measann sé go mbeadh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra báúil go leor leis an togra seo, agus measann sé fosta go bhféadfaí maoiniú a lorg mar chuid den togra, le dhul i ngleic le creimeadh cósta sa cheantar.

Céibheanna Dhún na nGall

Beidh liosta tosaíochta a chur le chéile ag Comhairle Contae Dhún na nGall ag eascairt ón suirbhé cuimsitheach a rinneadh ar chéidheanna na contae le bliain.  

Beidh tús áite a thabhairt do thionscnaimh sábháilteachta ar nós dréimirí ag céidheanna, ráillí sábháilteachta agus comharthaíocht.

Beidh sé ar chumas na Comhairle Contae cuid den obair a dhéanamh ón airgead atá i mbuiséad cothabhála na Comhairle, ach beidh iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ó Roinn na Mara leis an obair seo a dhéanamh fosta.  

Tá breis agus céad céidh sa chontae atá faoi chúram Chomhairle Contae Dhún na nGall.
 

Beo

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nuacht a hAon

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Deirdre Ni Luasa;an saol in Inis Earcáin

Deirdre Ni Luasa;an saol in Inis Earcáin

 
Máire Ui Laoire,Aodán Mac Gearailt,Máirín Uí Lionáird;Cáin siúicre

Máire Ui Laoire,Aodán Mac Gearailt,Máirín Uí Lionáird;Cáin siúicre

 
Maggie Breen agus Deirdre de Bhailís;Gréasán do mhná.

Maggie Breen agus Deirdre de Bhailís;Gréasán do mhná.

 
Gearóid Mac an tSaoir;Cluiche sacair Learpholl agus Roma.

Gearóid Mac an tSaoir;Cluiche sacair Learpholl agus Roma.

 
An Saol o Dheas 25ú Aibreán 2018

An Saol o Dheas 25ú Aibreán 2018

 
Peileadóirí faoi 16 Dhún na nGall.

Peileadóirí faoi 16 Dhún na nGall.

 
Seosamh Ó Gallachóir &  Carol Ní Chormaic.

Seosamh Ó Gallachóir & Carol Ní Chormaic.

 
An tAthair Brian Ó Fearraigh .

An tAthair Brian Ó Fearraigh .

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Barrscéalta Dé Ceadaoin 25-04-2018.

Barrscéalta Dé Ceadaoin 25-04-2018.

 
Arailt Mac Giolla Chainnigh, Toronto.

Arailt Mac Giolla Chainnigh, Toronto.

 
Ruby Ní Dhubhshláine, Youth Work Ireland.

Ruby Ní Dhubhshláine, Youth Work Ireland.

 
Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir Condae.

Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir Condae.

 
Pádraig Ó Ceoinín, iascaire, Leitreach Ard.

Pádraig Ó Ceoinín, iascaire, Leitreach Ard.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Peadar Tóíbín, Sinn Féin agus Fergus O’ Dowd, Fine Gael.

Peadar Tóíbín, Sinn Féin agus Fergus O’ Dowd, Fine Gael.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Pip na Máirte le Bríd Criomhthain

Pip na Máirte le Bríd Criomhthain

 
Pádraig Mac Fhearghusa;Tionól na Mumhan i gCíll Áirne.

Pádraig Mac Fhearghusa;Tionól na Mumhan i gCíll Áirne.

 
Garda Colm Ó Cuiv;Ag obair sa Daingean agus sa Chaisleán.

Garda Colm Ó Cuiv;Ag obair sa Daingean agus sa Chaisleán.

 
Muiríde Uí Chruadhlaoich;Féile Star Wars.

Muiríde Uí Chruadhlaoich;Féile Star Wars.

 
An Saol ó Dheas 24ú Aibreán 2018

An Saol ó Dheas 24ú Aibreán 2018

 
Rothaíocht.

Rothaíocht.

 
An Dr. Tony Delap.

An Dr. Tony Delap.

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Pacáiste ó Phearsa Thir Chonaill na Bliana 2017.

Pacáiste ó Phearsa Thir Chonaill na Bliana 2017.

 
An Teachta Dála Piarás Ó Dochartaigh.

An Teachta Dála Piarás Ó Dochartaigh.

 
Áine Ní Bhreisleáin.

Áine Ní Bhreisleáin.

 
Barrscealta Dé Máirt 24-04-2018.

Barrscealta Dé Máirt 24-04-2018.

 
Póilín Ní Chiaráin, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, Béal Feirste.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairle Condae Dhún na nGall.

John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Siobhán Seoighe, comhalta Údarás na Gaeltachta.

Siobhán Seoighe, comhalta Údarás na Gaeltachta.

 
Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Alan Milton, Oifigeach Cumarsáide Cumann Lúthchleas Gael.

Alan Milton, Oifigeach Cumarsáide Cumann Lúthchleas Gael.

 
Deirdre Ní Luasaigh, Inis Arcáin.

Deirdre Ní Luasaigh, Inis Arcáin.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Load More...
Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Rónán Beo

Rónán Beo

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís