Nuacht an Tuaiscirt: Díomá ar ÚnaG faoi chinneadh SLM Teo

Nuacht an Tuaiscirt: Díomá ar ÚnaG faoi chinneadh SLM Teo

Díomá ar ÚnaG nár pléadh fadhbanna SLM leo

Tá díomá ar Údarás na Gaeltachta nár dearnadh plé ar bith leo go raibh fadhbanna ag comhlacht SLM i nGaoth Dobhair, agus nár tugadh le fios daofa roimh ré go mbeadh an comhlacht ag druid.  

32 oibrí atá ag cailleadh a bpostanna.  Tugadh le fios dona hoibrithe nach bhfuil praifid a dhéanamh ag an chomhlacht i nGaoth Dobhair agus go raibh costais arda an gnó a reáchtáil i nGaoth Dobhair.  

Tá leachtaitheoir, Friel Stafford as Baile Átha Cliath ceaptha ar iarratas ó SLM.  Dúirt ionadaí an leachtaitheora go bhfuil tuarastal na n-oibrithe le híoc faoin 7ú lá d'Eanáir chomh maith le cibé íocaíochtaí saoire agus liúntas seachtaine scoir le híoc fosta.

Is ábhar díomá nach raibh plé ag SLM le hÚdarás na Gaeltachta sular fógraíodh cinneadh an chomhlachta tráthnóna inné, a deir an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir.  

Tá seans go mbeadh réiteach ag an Údarás ar cibé fadhbanna a bhí ag an chomhlacht, a dúirt sé.  

Níl sé maith go leor nach ndearna comhlacht a fuair an oiread tacaíochta ó Údarás na Gaeltachta teagmháil leis an Údarás faoi na fadhbanna a bhí acu, a dúirt sé.  

Dúirt an Teachta Ó Gallachóir go bhfuil teagmháil déanta aige leis an Aire Stáit Gaeltachta, an Teachta Dála Joe McHugh, ag iarraidh air castáil leis na hoibrithe a chaill a bpostanna, chomh luath agus is féidir.

Dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh agus an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh gur drochscéala é do phobal Ghaoth Dobhair go bhfuil an comhlacht SLM ag druid.  

Dúirt siad go gcaithfidh Údarás na Gaeltachta gníomhú láithreach anois le cinntiú go bhfaighfear aon tacaíocht airgid a tugadh don chomhlacht arais.

 Ach sé'n rud is tábhachtaí anois ná tacú leis na daoine atá ag cailleadh a bpostanna, a dúirt ionadaithe poiblí Shinn Féin sa cheantar.  

Deir siad fosta go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfadh an tAire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh Bord úr Údaras na Gaeltachta a ainmniú á luaithe agus is féidir.

Dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig go gcaithfear athrú a dhéanamh ar na cineál comhlachtaí atá ag teacht isteach go Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair.  

Dúirt sé go bhfuil sé ag tarlú ró-mhinic go bhfaigheann comhlachtaí tacaíochta móra airgid ó Údarás na Gaeltachta le gnó a bhunú i nGaoth Dobhair agus ansin nach maireann siad i bhfad.  

Ní bhfaighidh an tÚdarás an t-airgead uilig a thug siad i bhfoirm deontais don chomhlacht SLM arais, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig agus níl seo maith go leor, a dúirt sé.

Breis maoinithe á thairiscint do limistéir pleanála teanga ag ÚnaG

Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil €50,000 sa bhreis a cheadú acu do Limistéar Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt lena bplean teanga a chur i bhfeidhm.  

D'fhógair an Roinn go mbeadh airgead breise a bhronnadh acu ar chúig Limistéar Pleanála Teanga, Limistéar Pleanála an Iarthuaiscirt ina measc.  

Clúdaíonn Limistéar Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Loch an Iúir agus Anagaire.  

Dúirt ball de Limistéar Pleanála an Iarthuaiscirt, Cathal Ó Gallachóir, níos luaithe an tseachtain seo, go raibh siad ag iarraidh cead beirt nó thriúr a fhostú leis an phlean a chur i bhfeidhm mar nach raibh glacadh acu le duine amháin.

 Bhí tairiscint €100,000 déanta ag an Údarás don phlean ach ní raibh an grúpa sásta leis an méid sin agus dúirt siad go raibh gá tuilleadh airgid a cheadú leis an phlean a chur i bhfeidhm.

Comórtas Gailf an Irish Open in Inis Eoghain

Dúirt John Mc Laughlin, Stiúrthóir Bóthair na Comhairle Conrae go bhfuil ullmhúcháin ar siúl faoi láthair maidir le Comórtas Idirnáisiúnta Gailf an Irish Open a bheas ar siúl in Inis Eoghain ar an bhliain seo chugainn.  

Dúirt sé go raibh cruinnithe le Garraíodóirí i mBaile Bhun Crannacha  faoi dhóigheanna leis na Timpealláin i Mainéar Uí Chuinneagáin, i gCeann a Droichid agus i mBun Crannacha a fhorbairt agus a mhaisiú.  

Beidh comhráití ar siúl fosta le Garraíodóirí Bhaile Leitir Ceanainn faoi dhóigheanna le Togra Comhpháirteach idir Leitir Ceanainn agus Inis Eoghain a chur ar bun.  

Measann John Mc Laughlin go mbeidh buiséad de €175,000 a dhíth leis na pleananna atá acu a chur i gcrích. Dúirt sé go ndéanfar plé ar chúrsaí tráchta agus sláinte amach anseo.

Lá oscailte d'eolaithe

Beidh Lá oscailte ag Comhlacht Randox ar an Chlochán Liath inniu.  Tá bainistíocht an Chomhlachta ag iarraidh ar Chéimithe, ar mhic léinn chomh maith le daoine proifisiúnta eile atá ag lorg poist mar eolaithe, nó innealtóirí teagmháil a dhéanamh leo.  

Dúirt Ciaran Richardson, Ceannasaí  Taighde agus Forbartha Randox,  go bhfuil  eolaithe  ag obair acu ar thograí  dírithe ar chúrsaí leighis agus sláinte agus go bhfuil deiseanna móra fostaíochta sa Chomhlacht.

Beidh an Lá eolais ar siúl inniu ón 10 go dtí'n 2 i Monarcha Randox, ar an Chlochán Liath.

Beo

Nuacht a Sé

Nuacht a Sé

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Fógraí an Lae

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Pól Mac Cumhaill.

Pól Mac Cumhaill.

 
Frank Glackin.

Frank Glackin.

 
Aodhán Ó Baoill.

Aodhán Ó Baoill.

 
Caitlín Uí Shearcaigh .

Caitlín Uí Shearcaigh .

 
Michelle Nic Grianna.

Michelle Nic Grianna.

 
Barrscéalta  Dé Luain.

Barrscéalta Dé Luain.

 
Daithí Ó hÉalaí, An Comhaontas Glas.

Daithí Ó hÉalaí, An Comhaontas Glas.

 
Deirdre de Bhailís, bainisteoir MolTeic, An Daingean.

Deirdre de Bhailís, bainisteoir MolTeic, An Daingean.

 
Aire Stáit Gaeltachta Seán Kyne, T.D.

Aire Stáit Gaeltachta Seán Kyne, T.D.

 
An t-aire oideachais Joe McHugh, T.D.

An t-aire oideachais Joe McHugh, T.D.

 
Marty Ward, urlabhraí Michael Fitzmaurice. T.D.

Marty Ward, urlabhraí Michael Fitzmaurice. T.D.

 
Alan Dukes, tráchtaire agus iar-aire.

Alan Dukes, tráchtaire agus iar-aire.

 
Niall Ó Muilleoir, tráchtaire & comhairleoir caidrimh poiblí, Meiriceá.

Niall Ó Muilleoir, tráchtaire & comhairleoir caidrimh poiblí, Meiriceá.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2018

 
Mícheál Ó Tonaigh, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.

Mícheál Ó Tonaigh, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.

 
Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Robert Brosnan, iarrthóir Shinn Féin, An Daingean.

Robert Brosnan, iarrthóir Shinn Féin, An Daingean.

 
Dara Calleary, leascheannaire Fhianna Fáil.

Dara Calleary, leascheannaire Fhianna Fáil.

 
Gearóid Mac Donncha, ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Gearóid Mac Donncha, ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Tom Ó Ceallaigh, saineolaí airgeadais, Londain.

Tom Ó Ceallaigh, saineolaí airgeadais, Londain.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagrai Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagrai Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Aoife Ní Chonchúir;Scannán beochanna Gráinne Mhaol.

Aoife Ní Chonchúir;Scannán beochanna Gráinne Mhaol.

 
Joe Ó Murchú;Liostuathail

Joe Ó Murchú;Liostuathail

 
Beirní Feirtéár;Cór nua an Daingin

Beirní Feirtéár;Cór nua an Daingin

 
Rosaí Nic Chárthaigh;Pleanála teanga Mhúscraí

Rosaí Nic Chárthaigh;Pleanála teanga Mhúscraí

 
Pádraig Feirtéár;Marglann an Daingin

Pádraig Feirtéár;Marglann an Daingin

 
An Saol ó Dheas 12ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 12ú Nollaig 2018

 
Elaine Scahill.

Elaine Scahill.

 
Geamaireacht' Balor na Súile Nimhneach'

Geamaireacht' Balor na Súile Nimhneach'

 
Caitríona Ní Bhaoill.

Caitríona Ní Bhaoill.

 
Rosa Glackin SVP.

Rosa Glackin SVP.

 
Séamus Mac Giolla Bhuí.

Séamus Mac Giolla Bhuí.

 
Frances Nic Géidigh .

Frances Nic Géidigh .

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 12 Nollag 2018.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 12 Nollag 2018.

 
Síle Ní Dhubhghaill, Pairtí Daonlathaigh Sóisialta & Conor McGuinness, Sinn Féin.

Síle Ní Dhubhghaill, Pairtí Daonlathaigh Sóisialta & Conor McGuinness, Sinn Féin.

 
Anne Mc Hugh, príomhfheidhmeannach Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall.

Anne Mc Hugh, príomhfheidhmeannach Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall.

 
Tomás Mac Pháidín, stiúrthóir scoileanna GRETB.

Tomás Mac Pháidín, stiúrthóir scoileanna GRETB.

 
Susan Folan, ateangaire, pairlimint na hEorpa agus an Feisire Eorpach Seán Kelly. .

Susan Folan, ateangaire, pairlimint na hEorpa agus an Feisire Eorpach Seán Kelly. .

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Malairt Poirt le Muireann

Malairt Poirt le Muireann

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís