Nuacht an Tuaiscirt: 32 le ligean ar scor ó SLM Éire

Nuacht an Tuaiscirt: 32 le ligean ar scor ó SLM Éire

32 ligthe ar scor ó SLM Éire

Tá sé deimhnithe go bhfuil fógra scoir tugtha ag comhlacht SLM Éire ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, do iomlán a noibrithe san ghlao-ionad, ionad a fosclaíodh anuraidh.

Tá 32 fostaí, páirt agus lán aimseartha in SLM Éire faoi láthair. Tugadh le fios do na hoibrithe inniu dhul na bhaile gan choinne, ag a 2 a chlog, scéal a tháinig aniar aduaidh orthu.

Fuair SLM, a bhí lonnaithe i Manchain Shasana, tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta le lonnú ar an Pháirc Ghnó agus bhí sé beartaithe acu 125 post a chruthú.

Tá teagmháil déanta ag roinnt oibrithe leis an Chomhairleoir Condae Micheál Cholm Mac Giolla Easpuig faoina gcearta agus socruithe eile.

45 cás tiomána faoi thionchar óil curtha siar go Feabhra 2018

Chuir an Breitheamh Paul Kelly siar 45 cás ag Cuirt Dúiche Leitir Ceanainn ina bhfuil sé curtha i leith tiománaithe go raibh said ag tiomáint faoi thionchar an óil  go dtí'n 5ú lá de mhí Feabhra .

Chuir sé siar na cásanna seo agus d'iarr ar na daoine a bhí cúisithe inse cén dóigh a mbeadh said ag pléadáil agus fosta sa dóigh is go mbeadh achan duine ar an eolas go mbeidh dáta le socrú do na cásanna ar an 5ú Feabhra.

Dhiúltaigh an Breitheamh Paul Kelly na cásanna seo a chaitheamh amach i mí Dheireadh Fómhair mar go raibh sé ag fanacht le toradh ó dhúshlán sa Chúirt Uachtarach faoi chás eile a bhain le bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil agus caipéisí a bheith curtha ar fáil dó i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá cuid de na casanna seo a théann siar go 2013 agus cuireadh siar cuid acu os cionn 14 iarraidh.


Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair

Tá éileamh mór ar thicéid d'imeachtaí Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, a dúirt an stiúrthóir Conor Byrne, in agallamh ar Bharrscéalta inniu.

Dúirt sé go bhfuil éileamh mór ar lóistín sa cheantar don scoil gheirmhidh cheana féin.

Is é an píobaire cáiliúil Robbie Hannon a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil ar an Chéadaoin an 27ú Nollaig.

Dúirt Conor Byrne gur buntáiste mór Amharclann Ghaoth Dobhair a bheith ar fáil d'imeachtaí na scoile i mbliana.

Díomá ar McConalogue nach mbeidh breis leapacha in ospidéal Leitir Ceanainn

Tá dioma léirithe ag an Teachta Dála Charlie McConalogue gur theip ar Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte maoiniú a chuir i leataobh le breis leapacha a chuir ar fáil in Otharlann Leitir Ceanainn don bhliain seo chugainn.

D'fhoilsigh an Fheidhmeannacht a bplean seirbhíse do 2018 inné ach tá Otharlann Leitir Ceanainn fágtha as an áireamh arís, a deir an Teachta McConalogue.

Bhí 502 othair ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn i mí na Samhna, ceann de na leibhéil is airde sa tír ach go dtí seo níl maoiniú faighte le barda gearrthéarma a oscailt a dúirt an TD Charlie McConalogue.
 

Cruinniú ar Oileán Thoraigh

Beidh cruinniú poiblí ar oileán Thoraigh ar an mhí seo chugainn le tuilleadh plé a dhéanamh ar an chonradh úr atá bronnta ar chomhlacht Réalt na Maidne le seirbhís fharantóireachta a chur ar fáil go Toraigh ón chéad lá de Aibreán ar aghaidh.

Bhí cruinniú ag Aire Stáit na Gaeltachta, An Teachta Joe McHugh agus feidhmeannaigh ón Roinn agus baill de Chomharchumann Oileán Thoraigh inné, maidir leis an tseirbhís úr farantóireachta go Toraigh.

Deir an tAire McHugh go mbeidh úinéir The Queen Of Aran, Séamus Ó Baoill, a bheas i mbun na seirbhíse, i láthair ag an chruinniú i mí Eanáir, le cibé imní atá ar bhunadh Thoraigh faoin tseirbhís, a phlé.

Dúirt an tAire McHugh arís ar an chlár Adhmhaidin gur an spriocdháta do bhád úr agus an obair a bheith déanta ag ceidh Mhachaire Rabhartaigh ná 2020.

€53.5k bronnta ar Chumann Leadóige Leitir Ceanainn

Tá deontas de €53,500 ceadaithe ag an Rialtas do Chlub Leadóige Leitir Ceanainn , faoi scéim na ndeontas caipitil spóirt.

Ag fáiltiú roimh an Deontas dúirt an tAire Joe McHugh go bhfuil sé ar intinn ag an chlub leadóige an láthair atá acu a mhéadú agus lár ionad sármhaitheasa leadóige a fhorbairt don chondae ar fad.

Teach Cúirte Leitir Ceanainn

Druidfear sean-teach na Cúirte i Leitir Ceanainn luath inniu agus amárach le deis a thabhairt don fhoireann ábhar agus earraí a bhogadh go dtí an Teach Cúirte úr.

Beidh an sean-teach cúirte druidte inniu agus amárach ar 1 a chlog. Beidh an Teach úr cúirte atá lonnaithe ar an Bhóthar Ard i Leitir Ceanainn á oscailt ar an 2ú lá d'Eanáir 2018.

Reachtálfar gach suí cúirte ón Teach Cúirte úr ón dáta sin. Tá imní léirithe ag baill de phobal faoin laghad spáis páirceála atá ag an Teach Cúirte úr.  

40+ cás tiomána faoi thionchar óil inniu

Tá os cionn 40 cás ar liostaí na cúirte dúiche i Leitir Ceanainn maidin inniu,ina bhfuil tiomáint faoi thionchar an óil curtha i leith tiománaithe.

Cuireadh siar na cásanna le níos mó ná bliain anuas mar go raibh an  Breitheamh Paul Kelly ag fanacht ar thoradh dhúshlán a tugadh sa Chúirt Uachtarach faoi fhear as an Rómáin, a cuireadh tiomáint faoi thionchar an óil ina leith.

D'éiligh seisean gur cheart sonraí on ghléas análaithe bheith ar fáil dó i nGaeilge agus i mBéarla agus cuireadh siar cásanna eile dá mhacasamhail mar gheall ar seo.

Beidh suí de Chúirt Dúiche Leitir Ceanainn ann ag 10.30 

Lá bí slán, bí le feiceáil

Beidh Grúpa Sábháilteacht Bóthair Dhún na nGall i gcomhair le Seirbhísí Óige Dhún na nGall ag dáileamh veisteanna sofheicthe ar an phobal inniu i Leitir Ceanainn, an lá is gaire den bhliain, mar pháirt de "Lá Náisiúnta Bí Sábháilte agus Bí Le Feiceáil".

Sé'n aidhm atá lena bhfeachtas ná aird a dhíriú ar daoine a  bheith le feiceáil agus iad ag siúl agus ag rothaíocht, le cois iarraidh ar thiománaithe soilse a bheith lasta acu sa lá.

Maraíodh 153 duine ar bhóithre na tíre go dtí seo i mbliana agus ba rothaithe, siúlóirí agus gluaisrothaithe iad 40% acu sin.

Dúirt Brian Ó Dónaill, Oifigeach Sábháilteacht Bóthair Chomhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil i bhfad níos mó de phobal na contae ag siúl agus ag rothaíocht anois agus ba cheart daofa a chinntiú go mbíonn siad le feiceáil mar is ceart, a dúirt sé.

Aonach Gairme

Beidh aonach gairme bliantúil Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ar siúl in Ostán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn ar an 24ú lá de Eanáir.

Beidh eolas ar chúrsaí oideachas aosaigh agus ar chúrsaí eile an bhoird, idir cúrsaí lán aimseartha agus páirt aimseartha. Tabharfar eolas ar na cúrsaí printísigh atá a dtairiscint ag an Bhord.

Dúirt Stiúrthóir Oideachas Aosaigh an Bhoird, Cróna Ní Ghallachóir gur cheart do dhaoine an deis a thapú eolas a fháil ar na deiseanna traenála atá ar fáil daofa sa chontae.

Sa bhliain 2016, chríochnaigh 12,000 foghlaimeoir cúrsaí de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall in 120 ionad ar fud na contae.

Beo

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Ceol ón gCroisín

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Pip na Máirte le Bríd Criomhthain

Pip na Máirte le Bríd Criomhthain

 
Pádraig Mac Fhearghusa;Tionól na Mumhan i gCíll Áirne.

Pádraig Mac Fhearghusa;Tionól na Mumhan i gCíll Áirne.

 
Garda Colm Ó Cuiv;Ag obair sa Daingean agus sa Chaisleán.

Garda Colm Ó Cuiv;Ag obair sa Daingean agus sa Chaisleán.

 
Muiríde Uí Chruadhlaoich;Féile Star Wars.

Muiríde Uí Chruadhlaoich;Féile Star Wars.

 
An Saol ó Dheas 24ú Aibreán 2018

An Saol ó Dheas 24ú Aibreán 2018

 
Póilín Ní Chiaráin, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, Béal Feirste.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta. 	BEO		ISDN

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta. BEO ISDN

 
John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairle Condae Dhún na nGall.

John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Siobhán Seoighe, comhalta Údarás na Gaeltachta.

Siobhán Seoighe, comhalta Údarás na Gaeltachta.

 
Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Alan Milton, Oifigeach Cumarsáide Cumann Lúthchleas Gael.

Alan Milton, Oifigeach Cumarsáide Cumann Lúthchleas Gael.

 
Deirdre Ní Luasaigh, Inis Arcáin.

Deirdre Ní Luasaigh, Inis Arcáin.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Tuaiscirt

Nuacht An Tuaiscirt

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Deaglán Quill;Díleachtlann sa Tansáin.

Deaglán Quill;Díleachtlann sa Tansáin.

 
Siobhán Uí Mhathúna;Rothaíocht ar Rian Glas na nDéise

Siobhán Uí Mhathúna;Rothaíocht ar Rian Glas na nDéise

 
Róisín Sheehy;Gradam Stuart Parker.

Róisín Sheehy;Gradam Stuart Parker.

 
Aindrias Ó MuineacháinTD

Aindrias Ó MuineacháinTD

 
An Saol o Dheas 23ú Aibreán 2018

An Saol o Dheas 23ú Aibreán 2018

 
Barrscealta Dé Luain  23-04-2018.

Barrscealta Dé Luain 23-04-2018.

 
Sinéad Mercier, taighdeoir, An Comhaontas Glas.

Sinéad Mercier, taighdeoir, An Comhaontas Glas.

 
Caoimhín Ó Flannúra, Comhaontú Turasóireachta Chorca Dhuibhne.

Caoimhín Ó Flannúra, Comhaontú Turasóireachta Chorca Dhuibhne.

 
Éamon Ó Cuív. T.D. Gaillimh Thiar.

Éamon Ó Cuív. T.D. Gaillimh Thiar.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach, Fine Gael.

Seán Kelly, Feisire Eorpach, Fine Gael.

 
Liam Mac a' Bhaird, Stiúrthóir Seirbhísí Pobail, Fiontair agus Pleanála, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Liam Mac a' Bhaird, Stiúrthóir Seirbhísí Pobail, Fiontair agus Pleanála, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Frank Reidy, Ceannfort Airm.

Frank Reidy, Ceannfort Airm.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Cúnla ag caint ar a bheith neamhdenártha

Cúnla ag caint ar a bheith neamhdenártha

 
Béaltriail

Béaltriail

 
Niall Mac Eamharcaigh, aisteoir as Rann na Feirste.

Niall Mac Eamharcaigh, aisteoir as Rann na Feirste.

 
Connall Ó Corra, Mac Léinn I nGaillimh.

Connall Ó Corra, Mac Léinn I nGaillimh.

 
Dáithí Mac Conraoi, Gaelscoil Cholmcille, Baile Átha Cliath.

Dáithí Mac Conraoi, Gaelscoil Cholmcille, Baile Átha Cliath.

 
An ceoltóir Padraig Jack as Inis Meáin

An ceoltóir Padraig Jack as Inis Meáin

 
Grainne Ní Aodha, ón The Journal.ie.

Grainne Ní Aodha, ón The Journal.ie.

 
Niall Hackett, as Baile Átha Cliath agus Cnoc an Stollaire Gaoth Dobhair.

Niall Hackett, as Baile Átha Cliath agus Cnoc an Stollaire Gaoth Dobhair.

 
Áine Ní Ghallchóir as Nuacht TG4.

Áine Ní Ghallchóir as Nuacht TG4.

 
Rónán Beo, Clár iomlán, 20/04/2018.

Rónán Beo, Clár iomlán, 20/04/2018.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Rónán Beo

Rónán Beo

Barrscéalta

Barrscéalta

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Iris Aniar

Iris Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís