Nuacht an Iarthair: Soiléiriú ar chearta feamainne go luath

Nuacht an Iarthair: Soiléiriú ar chearta feamainne go luath

Soiléiriú ar chearta feamainne go luath

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu gur thug Ardoifigeach Sinsearach sa Roinn Comhshaoil le fios dó ag cruinniú a bhí acu inné, go bhfuil súil ag an Roinn go mbeidh cúrsaí a bhaineann leis na cearta atá ag lucht bainte feamainne, níos soiléire, sa gcéad chúpla mí den bhliain nua.

Tugadh le fios don Seanadóir Ó Clochartaigh go bhfuil thart ar 6,500 duine a bhfuil cearta de chineál éigin acu cláraithe lena n-uimhir folio talún, ach deir an Clochartach go bhféadfadh sé nach bhfuil ach cúpla céad acu sin a bhíonn ag baint fheamainne.

Dúradh leis go bhfuiltear ag iarraidh a chinntiú go mbeidh cothrom na Féinne ag comhlachtaí móra agus beaga ó thaobh ceadúnais a bheadh á dtabhairt amach.

Tugadh le fios dhó freisin, nach bhfuil an Roinn ag iarraidh go mbeadh go leor páipéarachais agus ceadúnais ag teastáil ó chuile dhuine beo a bheadh ag baint fheamainne, go háirithe an dream, nach mbeadh ag baint ach cúpla cliabh feamainne le cur ar iomairí fataí.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh freisin nár mhór súil a choinneáil ar a bhfuil i ndán do roinnt comhlachtaí beaga, a mbíodh Arramara ag soláthar feamainne dhóibh dhá gcuid tionscal fhéin, sular díoladh an comhlacht.

Cé gur déanadh socrú a mhairfeas 5 bhliana leis na comhlachtaí sin, nuair a bhí an margadh á dhéanamh Arramara a dhíol leis an gcomhlacht Acadian Seaplants as Ceanada i 2015,  dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go bhfuil an tréimhse seo ag dul thart.

Tá imní ar an Seanadóir Ó Clochartaigh faoina bhfuil i ndán do lucht na gcomhlachtaí beaga amach anseo, sa gcás agus nach mbeadh Arramara i mbun oibre ar bhonn tráchtála, agus go socraíonn siad nach gcuifear feamainne ar fáil do na comhlachtaí beaga mar a bhítí a dhéanamh san aimsir a caitheadh.

Cóir leighis don ghalar Parkinsons

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag obair faoi láthair ar ghoiris leictreonacha ar féidir a chaitheamh, a thabharfas cúnamh do dhaoine a bhfuil an galar Parkinson's orthu.

Cuidíonn na goiris seo leis an gcoisíocht nuair a airíonn an t-othar go bhfuil a dhá chois i bhfostú nó greamaithe den urlár, ceann de chomharthaí sóirt an ghalair.

Bhí 16 ó ghrúpa tacaíochta as Co. an Chláir do dhaoine a bhfuil an galar Parkinson's orthu, páirteach i gceardlann san ollscoil le gairid agus iad ag obair leis an bhfoireann taighde leis na goiris a thástáil.

Tá na goiris seo á bhforbairt faoin gclár Eorpach REMPARK ar fiú €4.7milliún euro é agus a  bhfuil aon cheann déag de thíortha san Eoraip páirteach ann. 


Deimhniú a lorg faoi chuarbhóthar

Tá an Roinn Iompair ag iarraidh deimhniú a fháil ó Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra nach gcuirfidh siad in aghaidh an phlean do chuarbhóthar na Gaillimhe nuair a fhoilseofar é sa mbliain nua, a deir an tAire Stáit Seán Kyne le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Táthar ag súil go bhfoilseofar plean an chuarbhóthair roimh mhí Aibreán na bliana seo chugainn le gur féidir é a chur ar aghaidh chuig an mBord Pleanála a deir sé.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil an-obair déanta ag an gcomhlacht comhairleoireachta ARUP leis an togra a thabhairt chomh fada seo.

Tá naonúr ag obair ar an bplean faoi láthair len é a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.

Tá an tAire Stáit den tuairim go bhfuil an Roinn Caiteachais Poiblí & Athchóirithe agus An Roinn Iompair ar son go dtógfaí an cuarbhóthar. 


Níl aon gheallúint faoi bhóthar nua R336 ó Bhearna go Scríob - Kyne TD

Thug an tAire Stáit Seán Kyne le fios do Nuacht an Iarthair nach bhféadfadh sé a ghealladh go mbeadh bóthar nua as Bearna go Scríb sa bplean caipitil 2040.

Dúirt sé go bhfuil iarratas á réiteach ag an gComhairle Contae le maoiniú a fháil ón Roinn Iompair leis na pleananna don bhóthar a chríochnú & ceann nó péire de na bealaí a roghnú.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbainfí na bealaí nach mbeifear a úsáid, den liosta a deir an tAire Stáit Kyne.

Tá siad ag cothú deacrachtaí do dhaoine atá ag iarraidh cead pleanála sna háiteacha sin, a deir sé.

Cé go bhfuil bóthar an R336 tábhachtach, síleann sé nach bhfuil sé chomh tábhachtach le cuarbhóthar na Gaillimhe. 

Breis leapacha ospidéil fógartha

Cuirfear leapracha breise ar fáil d'othair in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh agus in Ospidéal na hOllscoile Ros Comáin, faoin bplean nua seirbhíse atá foilsithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

€14.5 míle milliún euro atá i mbuiséad na Feidhmeannachta don bhliain seo chugainn - sin ardú 4.4% ar bhuiséad na bliana seo.

Tá a míshástacht curtha in iúl ag ceardchumainn na n-altraí agus na ndochtúirí teaghlaigh faoin bplean seirbhíse mar gheall ar nach bhfuil sé i gceist, faoin bplean, tuilleadh foirne a earcú. 

Gan tuilleadh foirne, ní féidir feabhas a chur ar sheirbhísí, a deir urlabhraí na gceardchumann seo.  

Beo

Scoth an Luain

Scoth an Luain

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Deaglán Quill;Díleachtlann sa Tansáin.

Deaglán Quill;Díleachtlann sa Tansáin.

 
Siobhán Uí Mhathúna;Rothaíocht ar Rian Glas na nDéise

Siobhán Uí Mhathúna;Rothaíocht ar Rian Glas na nDéise

 
Róisín Sheehy;Gradam Stuart Parker.

Róisín Sheehy;Gradam Stuart Parker.

 
Aindrias Ó MuineacháinTD

Aindrias Ó MuineacháinTD

 
An Saol o Dheas 23ú Aibreán 2018

An Saol o Dheas 23ú Aibreán 2018

 
Barrscealta Dé Luain  23-04-2018.

Barrscealta Dé Luain 23-04-2018.

 
Sinéad Mercier, taighdeoir, An Comhaontas Glas.

Sinéad Mercier, taighdeoir, An Comhaontas Glas.

 
Caoimhín Ó Flannúra, Comhaontú Turasóireachta Chorca Dhuibhne.

Caoimhín Ó Flannúra, Comhaontú Turasóireachta Chorca Dhuibhne.

 
Éamon Ó Cuív. T.D. Gaillimh Thiar.

Éamon Ó Cuív. T.D. Gaillimh Thiar.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach, Fine Gael.

Seán Kelly, Feisire Eorpach, Fine Gael.

 
Liam Mac a' Bhaird, Stiúrthóir Seirbhísí Pobail, Fiontair agus Pleanála, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Liam Mac a' Bhaird, Stiúrthóir Seirbhísí Pobail, Fiontair agus Pleanála, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Frank Reidy, Ceannfort Airm.

Frank Reidy, Ceannfort Airm.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Cúnla ag caint ar a bheith neamhdenártha

Cúnla ag caint ar a bheith neamhdenártha

 
Béaltriail

Béaltriail

 
Niall Mac Eamharcaigh, aisteoir as Rann na Feirste.

Niall Mac Eamharcaigh, aisteoir as Rann na Feirste.

 
Connall Ó Corra, Mac Léinn I nGaillimh.

Connall Ó Corra, Mac Léinn I nGaillimh.

 
Dáithí Mac Conraoi, Gaelscoil Cholmcille, Baile Átha Cliath.

Dáithí Mac Conraoi, Gaelscoil Cholmcille, Baile Átha Cliath.

 
An ceoltóir Padraig Jack as Inis Meáin

An ceoltóir Padraig Jack as Inis Meáin

 
Grainne Ní Aodha, ón The Journal.ie.

Grainne Ní Aodha, ón The Journal.ie.

 
Niall Hackett, as Baile Átha Cliath agus Cnoc an Stollaire Gaoth Dobhair.

Niall Hackett, as Baile Átha Cliath agus Cnoc an Stollaire Gaoth Dobhair.

 
Áine Ní Ghallchóir as Nuacht TG4.

Áine Ní Ghallchóir as Nuacht TG4.

 
Rónán Beo, Clár iomlán, 20/04/2018.

Rónán Beo, Clár iomlán, 20/04/2018.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 20ú Aibreán 2018

An Saol ó Dheas 20ú Aibreán 2018

 
Anna Heussaff, Cairde na Cruinne.

Anna Heussaff, Cairde na Cruinne.

 
Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4.

Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4.

 
Paddy Duffy, Comhairleoir Caidrimh Poiblí.

Paddy Duffy, Comhairleoir Caidrimh Poiblí.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Pádraig Ó Drisceoil agus Máirtín Ó Méalóid, Oileán Chléire.

Pádraig Ó Drisceoil agus Máirtín Ó Méalóid, Oileán Chléire.

 
Anne Mc Hugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachas agus Oiliúna Dhún na nGall.

Anne Mc Hugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachas agus Oiliúna Dhún na nGall.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Dr. Seosamh agus Seosamh Óg Ó Ceallaigh

An Dr. Seosamh agus Seosamh Óg Ó Ceallaigh

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Rónán Beo

Rónán Beo

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís