Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Otharlann Leitir Ceanainn

Pléadh Aonad Gearrthéarmach Otharlann Leitir Ceanainn inniu arís sa Dáil nuair a thóg an Teachta Dála Charlie Mc Conalogue an cheist faoin ghéarchéim atá san otharlann faoi láthair mar gheall ar phlódú. D'impigh sé ar an rialtas na leapacha nach bhfuil in úsáid san aonad gearrthéarmach in Otharlann Leitir Ceanainn ar chur ar fáil láithreach le hiarracht a dhéanamh na deacrachtaí móra atá san otharlann a réiteach. Thug an Teachta Mc Conalogue le fios don Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil inniu go gcaithfear an t-iarratas ar mhaoiniú €1.8m atá de dhíth leis an bharda a reáchtáil agus le foireann a earcú a cheadú láithreach má táthar le ghabháil i ngleic leis an ghéarchéim atá san otharlann. Dúirt sé go bhfuil sé de shíor ag tógáil na ceiste seo ach nach bhfuil an rialtas ag gníomhú leis na deacrachtaí a réiteach.

Cúram Ailse

Tá earcaíocht ar bun maidir le togra úr i dtaca le taighde ar chúrsaí ailse ag Otharlann Leitir Ceanainn.  Tá 120 duine i nDún na nGall a raibh an galar ailse orthu le páirt a ghlacadh sa chlár.  Tá an fhoireann taighde ag lorg daoine atá thar a ocht mbliana déag d'aois, atá ró-throm, atá ag iarraidh feabhas a chur ar a saoil agus a raibh ailse orthu le páirt a ghlacadh sa chlár.  Cuirfear tacaíocht faoi leith agus comhairle ar fáil do thrí scór duine as an 120 a roghnófar, agus cuirfear seirbhísí eile ar fáil don 60 eile a roghnófar.

Daoine gan dídean
        
Léiríonn figiúirí úra atá eisithe go raibh seachtar is fiche de phobal Dhún na Gall gan dídean i mí Dheireadh Fómhair.  Faoi láthair tá 5,298 duine fásta gan dídean sa tír seo, 1,762 acu sin taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.  Agus léiríonn figiúirí inniu ón suíomh idirlíon Daft.ie go bhfuil ardú leanúnach ar rátaí cíosa agus titim ar líon na dtithe atá ar fáil do thionóntaithe ar fud na tíre.

Bealach Siúil Glas

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall chun iarratas a ullmhú ar mhaoiniú do Bhealach Siúil Glas idir Leitir Ceanainn agu Ailt an Chorráin, sin togra ina ndéanfar forbairt ar chosáin an tseanbhóthair iarainn.  Dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ni Ghallchóir go bhfuil an togra seo fíor thábhachtach don Chontae agus go bhfuil 10 ciliméadar don líne déanta ar an Chraoslach, ar an Fhál Charrach, i Loch an Iúir agus in Ailt a Chorráin.  Dúirt sí nach bhfuair an scéim aon mhaoiniú substaintiúil go dtí seo agus go bhfuil sé tábhachtach iarratas a ullmhú i gceart i gcomhair maoinithe.  Dúirt an Stiúrthóir Liam Mac a Bhaird go bhfuil sé dóchasach nuair a dhéanfar an straitéis náisiúnta a fhoilsiú go mbeidh maoiniú ar fáil.  Dúirt sé go mbeidh na hacmhainní ar fáil leis an iarratas a ullmhú i gceart.

Dumpáil mhídhleathach

Tá tús curtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall leis an phróiseas le suíomh dumpála mídhleathach cóngarach do Leitir Ceanainn a ghlanadh.  Bhí an suíomh mídhleathach in úsáid ag Jim Ferry a raibh an comhlacht bruscar Ferry's refuse aige agus a bhfuil ordú gabhála tugtha dó ag an Ard-Chúirt.  Rinne conraitheoir thar ceann na Comhairle Contae tús a chur leis an obair inné ag suíomh i Ross Bracken atá i gceantar speisialta caomhnaithe ar bhruach Loch Súilí.  Meastar go bhfuil suas le 2,000 tonna bruscar os cionn an talamh ar an suíomh.  Meastar go bhfuil 36,000 tonna bruscar faoin talamh i Ross Bracken agus tá cigire le comhairle a chur ar an chonraitheoir agus ar Chomhairle Contae Dhún na nGall maidir leis an dóigh le déileáil leis seo.  Thug an Ard-Chúirt ordú i mí Lúnasa go ndéanfaí Jim Ferry a ghabháil agus a chur na phríosún mar go raibh sé ag diúltú ordú cúirte a chomhlíonadh maidir leis an suíomh dumpála mídhleathach a ghlanadh.

Aisíocaíochtaí cánach
 
B'éigean do chúigear as Dún na nGall aisíocaíochtaí cánacha a dhéanamh leis na coimisinéirí ioncaim de réir eolais atá tugtha ag na coimisinéirí inniu.  Tháinig an cúigear ar shocrú de bheagnach €500,000 leis na coimisinéirí.  Rinne Sean Mc Donagh a bhfuil bialann agus teach tábhairne an Railway aige i bhFathain beagnach €306,000 a ais íoc.  D'íoc an grianghrafadóir Pamela Bloe as Loch an Iúir €47,000 leis na coimisinéirí ioncam.  Rinne Nicola Ní Fhearraigh, Comhairleoir Bainistiú Meáchan as Machaire Gáthlán, Na Doirí Beaga €43,000 a aisíoc leis na coimisinéirí ioncam.  B'éigean do Patrick Sweeney, feirmeoir agus adhlacóir atá lonnaithe i mBaile na nGallóglach €42,000 a íoc arais agus bhí ar an leictreoir Charles O' Donnell as an Chlochán Liath €37,000 a íoc arais leis na coimisinéirí ioncam.

Maria Ní Bhaoill

Tá Maria Ní Bhaoill atá ag obair ar fhoireann rúnaíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga ag éirí as a cuid dualgaisí inniu.  Is í an ball foirne is faide seirbhíse i Raidió na Gaeltachta.  Fuair sí post samhraidh sa cheannáras i gCasla, i gContae na Gaillimhe i 1972, an bhliain a bunaíodh an tseirbhís.  Thosaigh sí ag obair go lánaimseartha i ndiaidh di a cuid oideachais a chríochnú.  I ndiaidh suas le ceithre bliana a chaitheamh i gCasla thosaigh sí ag obair leis an stáisiún i Srath na Corcra i nGaoth Dobhair.  Tá Maria Ní Bhaoill i mbun obair rúnaíochta an raidió anseo sna Doirí Beaga ó shin.  D'oibir sí faoi aon cheannaire déag le ceithre bliana agus dhá scór.  D'oibir sí ar achan chineál clár agus craoltaí móra náisiúnta macasamhail an tOireachtas agus Fleadh Cheoil na hÉireann.  Is í a bhí i gceannas ar Chartlann Dhoirí Beaga agus is saineolaí í ar ábhair na cartlainne.

Beo

Sinéad ar Maidin

Sinéad ar Maidin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Barrscéalta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Caitlín Breathnach; Oifig Poist don Dromaid.

Caitlín Breathnach; Oifig Poist don Dromaid.

Donnchadh Ó Laoghaire TD; Córas Iompair Chathair Chorcaí.

Donnchadh Ó Laoghaire TD; Córas Iompair Chathair Chorcaí.

An Dr. Caitríona Breathnach;Taighde ar iompar teanga i nGaeltacht na nDéise

An Dr. Caitríona Breathnach;Taighde ar iompar teanga i nGaeltacht na nDéise

Caoimhín Ó Sé agus Micheál Ó Máirtín: Daoine atá ag fulaingt ón ngalar céiliach/coeliac.

Caoimhín Ó Sé agus Micheál Ó Máirtín: Daoine atá ag fulaingt ón ngalar céiliach/coeliac.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 20 Samhain 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 20 Samhain 2018.

Neansaí Ní Choisdealbha, Eagraí Ceoil, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Neansaí Ní Choisdealbha, Eagraí Ceoil, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Emer Uí Mhurchú, Coiste Stiúrtha le Oifig Posta Máistir Gaoithe a choinneáil oscailte.

Emer Uí Mhurchú, Coiste Stiúrtha le Oifig Posta Máistir Gaoithe a choinneáil oscailte.

Piaras Ó Dochartaigh TD, Sinn Féin.

Piaras Ó Dochartaigh TD, Sinn Féin.

Kevin Ó hEadhra, Ardrúnaí, An Foras Patrúnachta.

Kevin Ó hEadhra, Ardrúnaí, An Foras Patrúnachta.

Criostóír Mac Cafraidh, bunaitheoir 'Ár dTodhchaí, Ár Rogha'

Criostóír Mac Cafraidh, bunaitheoir 'Ár dTodhchaí, Ár Rogha'

Cathal Ó Coinnín, tráchtaire.

Cathal Ó Coinnín, tráchtaire.

Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Máirtín Seoighe, as Corr na Móna.

Máirtín Seoighe, as Corr na Móna.

Pacáiste as Féile na MÍ.

Pacáiste as Féile na MÍ.

Bríd agus Stephen Mc Graith, as an Tuairín.

Bríd agus Stephen Mc Graith, as an Tuairín.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 19 Samhain 2018.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 19 Samhain 2018.

Camachuaird Chorca Dhuibhne ar tharraiceoirí.

Camachuaird Chorca Dhuibhne ar tharraiceoirí.

Máirtín Ó Méaloid, Cléire.

Máirtín Ó Méaloid, Cléire.

An Daingean buacach i gcluiche ceannais peile Chiarraí Thiar inné.

An Daingean buacach i gcluiche ceannais peile Chiarraí Thiar inné.

Micheál Ó Muircheartaigh; ómós do Weeshie Fogarty.

Micheál Ó Muircheartaigh; ómós do Weeshie Fogarty.

Orlaith Ruiséal, Comhdháil ar mhórtas dúiche in Amsterdam. Martin Lynch;Grúpa caomhnaithe an Mhachaire.

Orlaith Ruiséal, Comhdháil ar mhórtas dúiche in Amsterdam. Martin Lynch;Grúpa caomhnaithe an Mhachaire.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 19 Samhain 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 19 Samhain 2018.

Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Marie Ní Chonchubhair, saineolaí cúrsaí sláinte.

Marie Ní Chonchubhair, saineolaí cúrsaí sláinte.

Albert Doherty, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Albert Doherty, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Tommy Ó Conchubhair, Leabharlannaí condae Chiarraí.

Tommy Ó Conchubhair, Leabharlannaí condae Chiarraí.

Niall Ó Muilleoir, tráchtaire, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Niall Ó Muilleoir, tráchtaire, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Siúlach Scéalach - Taibhdhearc na Gaillimhe

The Big Picture ar dhomhan na mban

The Big Picture ar dhomhan na mban

An Saol ó Dheas 16ú Samhain 2018

An Saol ó Dheas 16ú Samhain 2018

Mícheal Ó Gliasáin, comhairleoir condae, Ciarraí.

Mícheal Ó Gliasáin, comhairleoir condae, Ciarraí.

Tomás Póil, comhlacht milseán 'Man of Aran' .

Tomás Póil, comhlacht milseán 'Man of Aran' .

Fíona Uí Uiginn, Uachtarán ainmnithe na heagraíochta Gaeloideachas.

Fíona Uí Uiginn, Uachtarán ainmnithe na heagraíochta Gaeloideachas.

Maire Ní Chochláin, iarthánaiste.

Maire Ní Chochláin, iarthánaiste.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta  RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Barrscéalta

Barrscéalta

PléScéal

PléScéal

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Iris Aniar

Iris Aniar

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís