Nuacht an Tuaiscirt: Iarrthóirí Shinn Féin

Nuacht an Tuaiscirt: Iarrthóirí Shinn Féin

Iarrthóirí Shinn Féin


Roghnaíodh an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh agus an Seanadóir Pádraig Mac Lochlainn mar iarrthóirí pháirtí Shinn Féin i ndáilcheantar Dhún na nGall don chéad olltoghchán eile.  Reáchtáil Sinn Féin a gcoinbhinsiún i Leitir Ceanainn aréir.  Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh gur an straitéis a bhéas ag an pháirtí nó an suíochán a chaill siad san olltoghchán deireanach a fháil ar ais.  Dúirt sé go bhfuil 20,000 vóta ag Sinn Féin sa chontae faoi láthair ach go bhfuil 24,000 vóta a dhíth le cinntiú go bhfaighidh Sinn Féin dhá shuíochán.  Is é cúrsaí sláinte an t-ábhar is mo imní sa chontae chomh maith leis an Bhreatain a bheith ag fágáil Aontas na hEorpa, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh agus beifear ag díriú ar na ceisteanna seo go lá an toghcháin, a dúirt sé.

Michelle O'Neill    

Dúirt Ceannaire Pháirtí Shinn Féin sna sé chontae, Michelle O' Neill ag Conbhinsean an pháirtí i Leitir Ceanainn aréir, go bhfuil sé tábhachtach go bhfaighidh na sé chontae stádas speisialta nuair a fhágas an Bhreatain Aontas na hEorpa.  Dúirt sí fosta go bhfuil soiléireacht a dhíth ar lucht gnó i nDún na nGall ar dhóigheanna a gcuirfidh imeacht na Breataine ó Aontas na hEorpa isteach orthu.  Caithfear éisteacht leis na himní atá ar dhaoine nDún na nGall, go háirithe lucht gnó, a dúirt Michelle O'Neill.

Otharlann Leitir Ceanainn

Bhí Otharlann Leitir Ceanainn ar cheann dona hotharlanna a ba ghnóthaí sa tír le linn mí na Samhna maidir le hothair a bheith ar thralaithe agus iad ag fanacht ar leapacha.  De réir figiúirí atá eisithe ag Cumann Altraí agus Banchabhrach na hÉireann chaith 502 othair tréimhsí ar thralaithe san otharlann ar an mhí is a chuaigh thart.  Beidh cruinniú ag tascfhórsa na n-aonad éigeandála Déardaoin agus beidh an INMO ag iarraidh arís go gcuirfí leapacha atá druidte ar fáil arís sna hotharlanna, go gceadófaí breis acmhainní le ghabháil i ngleic leis na fadhbanna atá sna haonaid éigeandála mar gheall ar phlódú agus go gcuirfí na leapacha nach bhfuil in úsáid sna hotharlanna pobail ar fáil arís.

Cruinniú buiséid

Dúirt mórchuid na gComhairleoirí Contae a bhí i láthair ag cruinniú Buiséid Chomhairle Contae Dhún na nGall De hAoine nach raibh aon duine ag iarraidh ardú a chur ar na rátaí gnó ach nach raibh rogha ar bith acu.  Dúirt Comhairleoirí Shinn Féin go raibh sé tábhachtach a theacht ar shocrú agus moltaí eile a chur os comhair an chruinnithe.  Glacadh le moladh ó Pháirtí Shinn Fein ardú 5% a chur ar rátaí gnó agus ardú a chur ar dheontais do ghnóanna beaga, rud a chiallaíonn a dúirt siad, nach mbeidh rátaí breise le híoc ag 90% de ghnóanna sa chontae agus nach mbeidh athrú ar bith ar sheirbhísí.  Dúirt Comhairleoirí Fhianna Fáil a vótáil in éadan an mholadh go raibh díomá mór orthu.  Dúirt an Comhairleoir Ciaran Brogan gur mór an trua nár dearnadh níos mo iarrachta an ráta de 5% a laghdú.  Dúirt sé go ndearna Fianna Fáil a ndícheall ach nár tugadh go leor tacaíochta daofa.

Coiste Gníomhaíochta

Tá an cruinniú poiblí a bhí le bheith ar siúl ag Coiste Gníomhaíochta Otharlann Naomh Josef ar an 8ú lá de mhí na Nollag i mBealach Féich curtha siar.  Shocair an Coiste an cruinniú a chur siar mar nach bhfuair an Grúpa aon scéala ar ais ón Aire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh an mbeadh se i láthair ag an chruinniú agus ní bhfuair siad aon scéala ó roinnt  ionadaithe poiblí  eile sa chontae.  Dúirt an Coiste go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh gach ionadaí poiblí sa chontae i láthair, go háirithe, an tAire Stáit Mc Hugh, mar go bhfuil todhchaí na hOtharlainne fíorthábhachtach agus go leor ábhar le plé.  Dúirt an Coiste go bhfuil cuid mhór éiginnteachta maidir leis an Otharlann agus cuid mhór imní a léiriú ag an phobal.  Dúirt siad go raibh sé tábhachtach staid na hOtharlainne a phlé le gach grúpa a bhfuil baint acu leis an Otharlann.  Tá sé beartaithe an cruinniú a reáchtáil anois ar an 19ú d' Eanáir.

Beo

Rí-Rá ar RnaG

Rí-Rá ar RnaG

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Taobh Tuathail

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Hannah Ní Bhaoill.

Hannah Ní Bhaoill.

 
An Dlíodóir Antoin Delap.

An Dlíodóir Antoin Delap.

 
Barbara Uí Chathail

Barbara Uí Chathail

 
Dónal Mac Daibhéad. 2.

Dónal Mac Daibhéad. 2.

 
Dónal Mac Daibhéad  1.

Dónal Mac Daibhéad 1.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Áine Ní Bhreasláin.

Áine Ní Bhreasláin.

 
Barrscealta Dé Céadaoin  23-05-2018.

Barrscealta Dé Céadaoin 23-05-2018.

 
Alicja Mankowska-Léachtóir Gaeilge sa Pholainn

Alicja Mankowska-Léachtóir Gaeilge sa Pholainn

 
Dessie Mone   agus  Mark Harte.

Dessie Mone agus Mark Harte.

 
Hughie Rua Ó Gallachóir.

Hughie Rua Ó Gallachóir.

 
Dinny Mc Cullough.

Dinny Mc Cullough.

 
Séamus Ó hOireachtaigh.

Séamus Ó hOireachtaigh.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Barrscealta Dé Luain 21-05-2018.

Barrscealta Dé Luain 21-05-2018.

 
Dr. Ríona Ní Fhríghil, urlabhraí, Cearta Oideachais.

Dr. Ríona Ní Fhríghil, urlabhraí, Cearta Oideachais.

 
Tuairisc ó Chóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta

Tuairisc ó Chóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta

 
Aoife Ní Shúilleabháin, Gaeil ar Son Rogha & Niamh Uí Bhriain, Feachtas in aghaidh an hAisghairme.

Aoife Ní Shúilleabháin, Gaeil ar Son Rogha & Niamh Uí Bhriain, Feachtas in aghaidh an hAisghairme.

 
Máire Áine Gardiner, Fáilte Éireann.

Máire Áine Gardiner, Fáilte Éireann.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde, Cathaoirleach Chumann Tionscail agus Tráchtála Ghaoth Dobhair

Hughie Mac Giolla Bhríde, Cathaoirleach Chumann Tionscail agus Tráchtála Ghaoth Dobhair

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Sláine Ní Chathalláin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Sláine Ní Chathalláin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair

Nuacht an Iarthair

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Diarmuid Ó Donnabháin

Diarmuid Ó Donnabháin

 
Breandán Ó Cróinín

Breandán Ó Cróinín

 
Nell Ní Chróinín

Nell Ní Chróinín

 
Tadhg Ó Riordáin

Tadhg Ó Riordáin

 
An Saol Ó Dheas, Dé hAoine 18 Bealtaine '18

An Saol Ó Dheas, Dé hAoine 18 Bealtaine '18

 
Síle Uí Ghallachóir.

Síle Uí Ghallachóir.

 
Edel Ní Chuireáin.

Edel Ní Chuireáin.

 
Deirdre Nic Suibhne.

Deirdre Nic Suibhne.

 
Máire Uí Chomhaill.

Máire Uí Chomhaill.

 
Madge Uí Ghradaigh.

Madge Uí Ghradaigh.

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Treasa Ní Ghallachóir.

Treasa Ní Ghallachóir.

 
Áine Ní Bhreasláin.

Áine Ní Bhreasláin.

 
Barrscealta Dé hAoine.18-05-2018.

Barrscealta Dé hAoine.18-05-2018.

 
Díospóireacht ar an 8ú leasú

Díospóireacht ar an 8ú leasú

 
Breanndán Ó Beaglaoich, Heidi Talbot, Paul Meehan

Breanndán Ó Beaglaoich, Heidi Talbot, Paul Meehan

 
Togra Geofisiciúil ar Theampall Mhóire

Togra Geofisiciúil ar Theampall Mhóire

 
Dónal Ó Súilleabháin ó Ghaelcholáiste Daibhéid i gCorcaigh

Dónal Ó Súilleabháin ó Ghaelcholáiste Daibhéid i gCorcaigh

 
Cailíní an Chamino

Cailíní an Chamino

 
An Saol Ó Dheas, Déardaoin 17 Bealtaine '18

An Saol Ó Dheas, Déardaoin 17 Bealtaine '18

 
Noel Ó Dubhgáin.

Noel Ó Dubhgáin.

 
Sinéad Gibson & Colm Breathnach.

Sinéad Gibson & Colm Breathnach.

 
Karen Campbell.

Karen Campbell.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde.

Hughie Mac Giolla Bhríde.

 
Load More...
Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Rónán Beo

Rónán Beo

Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís