Nuacht an Tuaiscirt:Gá le mionscrúdú ar shonraí POBAL

Nuacht an Tuaiscirt:Gá le mionscrúdú ar shonraí POBAL

Gá le mionscrúdú ar shonraí POBAL

'Tá gá le saineolaí a theacht go ceantar Iarthuaisceart Dhún na nGall agus mionscrúdú a dhéanamh ar na sonraí a tháinig chun solais sa tuairisc a d'fhoilsigh an grúpa POBAL an tseachtain is a chuaigh thart', a deir Príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair.

Dúirt Séamus Ó Briain go gcaithfear staidéar sóisialta a chur i gcionn a chéile agus eolas a bhailiú a chuideodh plean a chur le chéile le fostaíocht cheart a chruthú daofa siúd a bhfuil cáilíochtaí tríú leibhéal bainte amach acu agus daoine óga a mhealladh ina bhaile.

Léiríodh sa tuairisc go bhfuil ceantair Ghaeltachta i gCo.Dhún na nGall, Gaoth Dobhair ina measc, atá go mór faoi mhíbhuntáiste.

'Dá mbeadh fostaíocht ar fáil sa cheantar agus an ghlúin óg ag fanacht, bheadh tionchar dearfach aige sin ar sheirbhísí, ar scoileann, ar chúrsaí fostaíochta agus eacnamaíochta', a dúirt sé.

'Ceantar saoire Samhraidh a bheas i dtuaisceart Dhún na nGall muna ndéanfar rud inteacht láithreach le fostaíocht a chruthú' a dúirt Séamus Ó Briain.

Toscaireacht ag dul go Boston

Bhéarfaidh   toscaireacht as Co.Dhún na nGall a n-aghaidh inniu  ar Bhoston mar pháirt de chomhoibriú atá idir Dún na nGall, Doire agus an Srath Bán.

Beidh ionadaithe o Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Bháin ar an toscaireacht chomh maith le hionadaithe ó chomhlachtaí as an réigiún.  

I measc na gcomhlachtaí Gaeltachta ata ar an turas, tá Randox ar an Chlochán Liath, Meastóirí Domhanda ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus Algaran Teo i nGleann Cholm Cille, bhéarfar  deis do na  comhlachtaí castáil le gnóthaí eile le margaidh agus nascanna a chothú.

Caithfidh siad seachtain thall. 

Sraith cláracha 'Bus Ghlaschú' seolta in Amharclann Ghaoth Dobhair

Thug Ard Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont  le fios gur cheart do TG4 béim a chur ar chláracha pobal bhunaithe  atá déanta sa Ghaeltacht. 

Bhí sé ag tagairt don tsraith cláracha "Bus Ghlaschú" Le Helena Ní Ghallachóir as Oileán Árainn Mhór, a seoladh in Amharclann Ghaoth Dobhair inné.

Dúirt sé go raibh tús curtha acu le 'Comhlacht ANIAR' a bhfuil oifigí acu i nGaoth Dobhair agus i gConamara agus go bhfuil súil acu béim a chur ar scéalta a bhaineann leis an phobal.

Thug sé le fios go bhfuil Údarás Craolacháin na hÉireann,  an BAI ,thar a bheith tábhachtach ó thaobh maoiniú a chur ar fáil de.

Dúirt Alan Esslemont go bhfuil sé i gceist ag TG4 méadú a dhéanamh ar an nuacht agus ar chúrsaí reatha agus  go mbeidh comhoibriú á dhéanamh acu le RTÉ chun an tseirbhís nuachta agus cúrsaí  reatha a fhorbairt sa todhchaí.  

Cosc ar lánúin óga maidir le tógáil faoin tuath

Beidh cosc ar lánúin óga tithe cónaithe a thógáil faoin tuath de bharr athraithe atá beartaithe ag an Rialtas mar cuid de phlean forbartha 'Éire 2040- Ár bPlean'  a deir an Seanadóir Brian Ó Domhnaill. 

'Cé go bhfuil bailte agus cathracha úra beartaithe sa phlean ní bheidh ceann ar bith tógtha  níos faide ó thuaidh ón líne idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh' a dúirt sé .

Deir an Seanadóir Ó Domhnaill go raibh moladh sa chéad dréachtphlean go mbeadh cathair le tógáil  sna blianta amach anseo le freastal ar réigiún  iarthuaisceart na tíre  ach  tá an moladh seo fágtha ar lár anois, rud a chiallaíonn go bhfágfar an réigiún scartha amach ón chuid eile den tír agus faoi  mhíbhuntáiste sóisialta.

Deir an Seanadóir O Domhnaill nach bhfuil   tagairt ar bith sa dréachtphlean do  cheantair  thíreolaíochta chontae Dhún na nGall, áit a bhfuil easpa infheistíochta agus forbartha ann le fada an lá.  

Deir sé  nach féidir neamhaird a dhéanamh ar an tionchar a bheas ag imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach ar réigiúin na teorann  agus go gcaithfear an réigiún seo  a aithint  mar cheantar ina gcaithfear infheistíocht mar is ceart a dhéanamh ann .  

Deir Brian O Domhnaill in aighneacht atá curtha aige chuig an Rialtas  go gcaithfear  béim i bhfad níos mó a bheith ar na réigiúin  Ghaeltachta le haitheantas a thabhairt do thábhacht theangeolaíoch, shóisialta, agus chultúrtha na réigiúin seo 

Beidh agallamh leis an Seanadóir Ó Domhnaill ar 'Bharrscéalta'.

Beo

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Gleann an Cheoil

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Edel Fox; Féile John Dwyer.

Edel Fox; Féile John Dwyer.

 
Micheál Ó Drisleáin; Cúrsa gaolainne.

Micheál Ó Drisleáin; Cúrsa gaolainne.

 
Seán Ó Catháin; Rothaíocht.

Seán Ó Catháin; Rothaíocht.

 
Máire Ní Choileáin; duais liteartha.

Máire Ní Choileáin; duais liteartha.

 
Frances Uí Chinnéide; Bád farrantóireachta Santander.

Frances Uí Chinnéide; Bád farrantóireachta Santander.

 
Máire Ní Chéadagáin; Smólach neamhghnáthach i gCléire.

Máire Ní Chéadagáin; Smólach neamhghnáthach i gCléire.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 18 Deireadh Fómhair 2018.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 18 Deireadh Fómhair 2018.

 
Paddy Duffy tar éis bháis.

Paddy Duffy tar éis bháis.

 
Bríd De Róiste, Ceatharlach.

Bríd De Róiste, Ceatharlach.

 
Éanna Ó Cróinín, Comharchumann Ráth Cairn.

Éanna Ó Cróinín, Comharchumann Ráth Cairn.

 
Caitlín Ní Bhroinn, Forbairt Eachla Teoranta.

Caitlín Ní Bhroinn, Forbairt Eachla Teoranta.

 
Cathal Mac Coille, iriseoir.

Cathal Mac Coille, iriseoir.

 
Micheál Ó Leidhin, Meitheal Pleanála Teanga Uíbh Ráthaigh.

Micheál Ó Leidhin, Meitheal Pleanála Teanga Uíbh Ráthaigh.

 
Cormac Ó Murchú, saineolaí teilechumarsáide.

Cormac Ó Murchú, saineolaí teilechumarsáide.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, An Bhruiséil.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, An Bhruiséil.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 17 Deireadh Fómhair 2018.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 17 Deireadh Fómhair 2018.

 
Paddy Ó Fiannachta;Frídíní comhachtach.

Paddy Ó Fiannachta;Frídíní comhachtach.

 
Tomás Mac an tSaoire: Rothaíocht tríd an Afraic

Tomás Mac an tSaoire: Rothaíocht tríd an Afraic

 
Dónal Ó h-Ainiféin;Oideachas trí mheán na gaeilge-na buntáistí

Dónal Ó h-Ainiféin;Oideachas trí mheán na gaeilge-na buntáistí

 
Tommy Ó Muircheartaigh agus Labhrás Ó Cinnéide; Telecom Eireann.

Tommy Ó Muircheartaigh agus Labhrás Ó Cinnéide; Telecom Eireann.

 
An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 17 Deireadh Fómhair 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 17 Deireadh Fómhair 2018.

 
Phil Ní Shéaghadha, Ard Rúnaí, INMO.

Phil Ní Shéaghadha, Ard Rúnaí, INMO.

 
Liadh Ní Riada, Fesire Eorpach, iarrthóir i dtoghchán na hUachtaránachta.

Liadh Ní Riada, Fesire Eorpach, iarrthóir i dtoghchán na hUachtaránachta.

 
Risteard Mac Liam, Cumann Tráchtála an Daingin.

Risteard Mac Liam, Cumann Tráchtála an Daingin.

 
Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Contae, Gaillimh.

Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Contae, Gaillimh.

 
Micheál Ó hÉanaigh, Príomh Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Micheál Ó hÉanaigh, Príomh Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

 
Harry McGee, An Irish Times.

Harry McGee, An Irish Times.

 
An Tuairisc  Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Pádraic Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha, Matt Nolan agus Tadhg Ó Cróinín.

Pádraic Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha, Matt Nolan agus Tadhg Ó Cróinín.

 
Caitlín Ní Chonghaile, iníon le Pateen Phádraic Tom Ó Conghaile as an Spidéal.

Caitlín Ní Chonghaile, iníon le Pateen Phádraic Tom Ó Conghaile as an Spidéal.

 
Ardtráthnóna:  Dé Máirt 16 Deireadh Fómhair 2018.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 16 Deireadh Fómhair 2018.

 
Dara Ó Beaglaíoch; Cumann Sacair Leeds.

Dara Ó Beaglaíoch; Cumann Sacair Leeds.

 
Róisín agus Seán Ó Beaglaioch; Camino le Cumann Alzheimers na h-Éireann.

Róisín agus Seán Ó Beaglaioch; Camino le Cumann Alzheimers na h-Éireann.

 
Dr. Úna Breathnach; Mapa le Ainm.ie.

Dr. Úna Breathnach; Mapa le Ainm.ie.

 
Toireasa Ferris; Ranganna gaeilge do Chomhairleoirí Contae.

Toireasa Ferris; Ranganna gaeilge do Chomhairleoirí Contae.

 
Diarmaid Ó Drisceoil, Droichid Chorcaí.

Diarmaid Ó Drisceoil, Droichid Chorcaí.

 
An Saol ó Dheas: Dé Máirt 16 Deireadh Fómhair 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 16 Deireadh Fómhair 2018.

 
Máire Ní Chionna, innealtóir sinsireach, Comhairle Condae na Gaillimhe.

Máire Ní Chionna, innealtóir sinsireach, Comhairle Condae na Gaillimhe.

 
Roibéard Ó hArtáin, oifigeach gaeilge Chomhairle Condae Chiarraí.

Roibéard Ó hArtáin, oifigeach gaeilge Chomhairle Condae Chiarraí.

 
Cathal Mac Coille, iriseoir.

Cathal Mac Coille, iriseoir.

 
Suzanne Nic Géidigh, Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Suzanne Nic Géidigh, Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

 
Load More...
Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Barrscéalta

Barrscéalta

PléScéal

PléScéal

Rónán Beo

Rónán Beo

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís