Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn
Otharlann Leitir Ceanainn
Tá Otharlann Leitir Ceanainn agus Otharlann Mhuileann gCearr ar an dá otharlann is measa sa tír inniu ó thaobh líon na n-othar ar thralaithe. Tá 38 othar ar thralaithe i Leitir Ceanainn agus Aonad Éigeandála na hOtharlainne thar a bheith gnóthach inniu agus an córas uasmhéid othar i bhfeidhm san Otharlann.
Comhairle na nDochtúirí Leighis
Tá éisteacht ar siúl inniu ag Comhairle na nDochtúirí Leighis faoi phéidiatrai in Otharlann Leitir Ceanainn a bhfuil droch iompar proifisiúnta curtha ina leith. Bhí an Dochtúir Matthew Thomas as Woodlands, Leitir Ceanainn ag tabhairt cúram leighis do leanbh sé mhí dhéag d'aois a dtáinig seipsis uirthi i mí an Mheithimh 2013 ag an Otharlann. Tugadh Mia Carlin chun na hotharlainne agus dealgnach uirthi ar an 24ú Meitheamh 2013 ach tháinig seipsis uirthi agus d'éirigh sí go dona tinn agus b'éigean í a thabhairt go hOtharlann na bpáistí i gCroimghlinn trí lá ina dhiaidh. Líomhnaítear gur theip ar an Doctúir Thomas a chinntiú go raibh práinn le na tástálacha fola a rinneadh ar an leanbh agus nár mhol sé cógaisí áirithe di gasta go leor. Glacann an Dr Thomas leis go raibh moill ann samplaí fola a fhail ón leanbh ach ní ghlacann sé leis gur droch iompar nó faillí a bhí i gceist leis sin. Mairfidh an éisteacht cúpla lá.
Míol mór
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag fiosrú bealaí le réitigh a fháil de mhíol mór marbh atá tagtha i dtír ar Oileán Árainn Mhór. Tháinig an míol mór eiteach fireann, i dtír ag an deireadh seachtaine ar an taobh ó dheas den oileán. Breis agus 6 mhéadar ar fad atá an míol mór seo agus tuigtear go bhfuil sé marbh le cúpla seachtain. Thug Gareth Doherty as Gaoth Dobhair, ball de Ghrúpa Míolta Mora agus Deilfeanna na hÉireann le fios nach ró mhinic a fheictear míol mór eiteach amach ó chósta Dhún na nGall agus go bhfuilthear ag súil gur féidir samplaí a ghlacadh uaidh le cúis a bháis a fháil. Tá freagracht ar an Chomhairle Condae réitigh a fháil den chreatlach ach caithfear cinneadh a dhéanamh é a chur, a dhódh nó a tharraingt amach chun na farraige móire. Ba foireann Bhád Tarrthála Árainn Mhór a tháinig ar an mhíol mór.
Iarratas diúltaithe
Tá diúltaithe do cheadúnas úrthrá d'fheirm oisirí ar dhá láthair ar Thrá na Cruite agus i mBáighe Cheann Caslach sna Rosann. Diúltaíodh d'iarratas Benedetta Cazzamalli ó chomhlacht le seoladh i gCondae Chorcaigh do dhá láthair le málaí agus triostail oisiri a lonnú ann, láithreacha de os cionn 9 heicteár i méid. Dúradh nach raibh sé ar mhaithe le leas an phobail an tiarratas a cheadú . Diúltaíodh an ceadúnas ar an bhonn nach raibh na láithreacha fóirsteanach d'fheirm oisirí, mar go bhfuil siad ro ard i gcomparáid le leibhéal an lánmhara de, rud a chiallódh nach bhfásfadh mórán oisirí. Dúradh fosta go mbeadh baol ann go mbeadh na hoisirí amuigh faoin aer rófhada, rud a chruthódh baol tinnis i ndaoine a díosfadh iad.
Fáilte roimh chinneadh
D''fháiltigh na Teachtaí Dala Pat the Cope Ó Gallchoir agus Piaras Ó Dochartaigh roimh chinneadh na Roinne faoin fheirm oisirí, ag rá gur léiriú a bhí sa chinneadh ar na haighneachtaí ar fad a seoladh in éadan na forbartha ón phobal áitiúil sna Rosann agus Gaoth Dobhair. Brathann an ceantar seo go mor ar thurasóireacht a dúirt siad , agus bheadh áilleacht na háite millte dá gceadófaí an fheirm seo. Dúirt an Teachta Ó Gallchóir gur cheart don Roinn anois treorlíntte úra a chuir i bhfeidhm maidir leis an dóigh a mbíonn ceadúnais urthrá a bpróiseáil acu, le cinntiú go bhfuil sé níos fusa ag an phobal aighneachtaí a dhéanamh. Thréaslaigh na Teachtaí leis an Choiste áitiúil a chur i gcoinne na forbartha on tús
Fiontar Áitiúil
Dhéanfaidh Cathaoirleach Chomhairle Condae Dhún na nGall an Comhairleoir Gerry Mc Monagle, Plean Forbartha Oifig Fiontar Áitiúil Dhún na nGall a sheoladh inniu. Tá an plean 4 bliana dírithe ar 2017 go dti 2020. Dúirt Ceannasaí Fiontar Dhún na nGall Micheal O Tonnai go bhfuil aidhmeanna agus spriocanna dúshlánach sa phlean ach deir se go bhfuil se dóchasach go n-éireoidh leo iad a bhaint amach. Maidir leis an Bhreatain a bheith ag fágáil Aontas na hEorpa, dúirt se go bhfuil tacaíocht agus comhairle ar fail i gcónaí do Chomhlachtaí ata a lorg . Ta se ag iarraidh ar Chomhlachtaí nach ndearna teagmháil leo go dti seo teagmháil a dhéanamh leis an oifig. Beidh an seoladh inniu ar 12.30 in Oifigí Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn.
Liam Mac a' Bhaird, Stiúrthóir Seirbhísí Pobail, Fiontair agus Pleanála, Comhairle Condae Dhún na nGall.