Nuacht an Tuaiscirt: Moil dhigiteacha

Nuacht an Tuaiscirt: Moil dhigiteacha

Moil dhigiteacha

Beidh trí scór toscaire ó shé thír de chuid na hEorpa i nDún na nGall agus i nDoire ar an tseachtain seo chugainn d'imeacht dhá lá le scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí ceangal a dhéanamh le moil dhigiteacha agus ionaid nuálaíochta ar fud na hEorpa. Beidh imeachtaí Dé Máirt seo chugainn i nDoire agus Dé Ceadaoine seo chugainn in Áislann Ghaoth Dobhair. Tiocfaidh toscairí ón Fhionlainn,  ón Fhrainc, ón Ungáir, ón Iodáil, an tSlóivéin agus ón tSualainn go Doire agus Gaoth Dobhair.

Tionóisc bhóthair

Gortaíodh bean i timpiste bóthair ina raibh carr amháin, in aice le Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha thart fa 8.30 ar maidin inniu.Tugadh í go hotharlann Leitir Ceanainn le haghaidh comhar leighis.Tá foláireamh tugtha ag na seirbhísí dóiteáin go bhfuil an bealach iontach sleamhain ansin faoi láthair, de bharr cuid mhór ola a bheith ar an bhealach. Bhí timpiste idir bus agus dhá charr ar thaobh Leitir Ceanainn de Shrath an Urláir ar maidin inniu fosta thart fan 10.00. Bhí an bealach druidte ar feadh tamaill, ach níor gortaíodh duine ar bith sa timpiste.

Carranna úra

Is é Dún na nGall an tríú contae is mó sa tír go dtí seo i mbliana, a bhfuil laghdú chomh mór i líon na gcarranna úra a cláraíodh. Tháinig laghdú de 16% i líon na gcarranna úra a cláraíodh sa chontae go dtí seo i mbliana. Dúirt Kerrill Ó Domhnaill ó gharáiste S & R i mBaile Dhún na nGall go bhfuil na sluaite ag dul trasna na teorann anois ag ceannacht carranna dara láimhe, de bharr luach an sterling. Dúirt sé go bhfuil géar ghá le rialacha a chur i bhfeidhm maidir le carranna a thabhairt trasna na teorann, lena chinntiú go bhfuil siad in ord mhaith agus sábháilte. Go dtí seo i mbliana tá méadú 37% ar líon na gcarranna dara láimhe a ceannaíodh sna Sé Contae agus sa Bhreatain.

Droichead úr

Tá togra Bealach Ceangail Bhun an Ghaoith i Leitir Ceanainn bogtha ar aghaidh go dtí'n staid deartha anois, do réir an eolais a thug an tAire Iompair, Shane Ross, don Aire Stáit Joe McHugh. Tá an togra seo agus droichead úr trasna abhainn na Súilí iontach tábhachtach le forbairt a dhéanamh ní hamháin ar Leitir Ceanainn, ach ar an chontae ar fad, a dúirt an tAire Stáit McHugh. Tá sé ráite ag an Chomhairleoir Contae Jimmy Kavanagh go bhfuil sé chun cúrsaí tráchta i mbaile Leitir Ceanainn a phlé leis an Aire Iompair. Dúirt sé gur deá scéala faoi dheireadh go bhfuil dul chun cinn áirithe ar thogra bóthar ceangail Bhun an Ghaoith, agus caithfear bogadh ar aghaidh leis an togra anois, a dúirt an Comhairleoir Kavanagh.

Carrchlós úr

Tá suíomh aimsithe ag Grúpa Ceantair Dhún Fionnchaidh le carrchlós úr a fhorbairt don bhaile. Thug toscaireacht ón ghrúpa le fios do chruinniú de Cheantar Bardais na nGleanntach den Chomhairle Contae inné, go bhfuil siad ag iarraidh ar an Chomhairle an suíomh a cheannacht ar chostas de €80,000. Bheadh spás páirceála do 50 carr ar an láthair atá ar an choirnéal idir Bealach an Fhál Charraigh agus Bealach Chorrán Binne. Dúirt an toscaireacht a chas leis an Chomhairle Contae inné go bhfuil an easpa spás páirceála i nDún Fionnchaidh ag cur isteach go mór ar chúrsaí gnó sa cheantar.

Feirmeoirí déiríochta

Tá 50% níos mó a fháil ag feirmeoirí déiríochta i nDún na nGall ar bhainne anois, na mar a bhí a fháil acu i Meitheamh 2016. Ba .22 cent an litre a bhí a íoc le feirmeoirí déiríochta i Meitheamh 2016 i gcomparáid le 36.5cent i mí Lúnasa i mbliana. Dúirt Lawrence McNamee, Ionadaí Déiríochta Chraobh Dhún na nGall ar Chumann na bhfeirmeoirí gur éileamh mór do im is cúis leis an mhéadú seo. Tháinig méadú faoi dhó, ó €3,000 go €6,000 ar thonna ime, a dúirt sé, ó mí Eanáir 2015.

Feirmeoirí cnoic

Beidh cruinniú ag Cumann Feirmeoirí Cnoic agus Natura na hÉireann anocht i mBaile Dhún na nGall agus é mar rún acu craobh den chumann a chur ar bun sa réigiún. Tá craobhacha den chumann bunaithe in Inis Eoghain agus in iar dheisceart na contae, agus táthar le cumann eile a bhunú san iar thuaisceart go luath. Dhéanfar plé ar an scéim GLAS ag an chruinniú anocht, chomh maith le scéim na gcaorach agus an ghéarchéim fodair atá sa chontae mar gheall ar an droch aimsir. Tosóidh an chruinniú ag 8:30 anocht in Óstán na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall.

Spréadh sciodair

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag moladh d'fheirmeoirí a bhfuil imní orthu maidir leis na  coinníollacha a bhaineann le spréadh sciodair, teagmháil a dhéanamh le Rannóg Níotráití na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara roimh Dé Sathairn. Deirtear go dtabharfar comhairle agus tacaíocht d'fheirmeoirí agus eolas ar na contúirtí a bhaineann le gáis tocsaineach a thagann as an sciodar. Táthar ag moladh d'fheirmeoirí an sciodar a spréadh luath, go háirithe feirmeoirí in iar thuaisceart na contae.  Deirtear go bhfuil Dun na nGall ar an chontae is measa maidir leis an tionchar atá ag an aimsir fhliuch. Tá sé ráite ag eagraíochtaí talmhaíochta go bhfuil 10,000 acra de chruithneacht agus d'eorna le baint go fóill i lár tíre, oirthear Chonnachta  agus i nDún na nGall. Tugadh le fios go bhfuil 30% d'arbhar le baint go fóill i gContae Dhún na nGall agus go bhfuil achan chosúlacht air go mbeidh na mílte tonna de chochán millte.
 

Beo

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Cóisir Cheoil

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Scoil Cheoil an Earraigh 2018

Scoil Cheoil an Earraigh 2018

 
Robbie Ó Grífín; Peil an mban i gCiarrai

Robbie Ó Grífín; Peil an mban i gCiarrai

 
Micheál O Muircheartaigh; CLG

Micheál O Muircheartaigh; CLG

 
An Saol ó Dheas 19ú Feabhra 2018

An Saol ó Dheas 19ú Feabhra 2018

 
Seán Ó Gallachóir.

Seán Ó Gallachóir.

 
An Seanadóir Brian Ó Domhnaill.

An Seanadóir Brian Ó Domhnaill.

 
Aifric Ní Fhearraigh.

Aifric Ní Fhearraigh.

 
Tom Mac Giolla Easpaig, Seán Ó Gallachóir, Damian Ó Domhnaill, Niall Ó Frighil, Hiúdaí Ó Fearraigh, Seán Ó Duibhir agus Éamonn Colm.

Tom Mac Giolla Easpaig, Seán Ó Gallachóir, Damian Ó Domhnaill, Niall Ó Frighil, Hiúdaí Ó Fearraigh, Seán Ó Duibhir agus Éamonn Colm.

 
Barrscéalta: Dé Luain 19 Feabhra 2018.

Barrscéalta: Dé Luain 19 Feabhra 2018.

 
An tUachtarán Micheál D. O hUiginn.

An tUachtarán Micheál D. O hUiginn.

 
Máire-Bríd Ní Chualáin, iriseoir RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Máire-Bríd Ní Chualáin, iriseoir RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Gearóid Ó Tuathaigh, Ollamh Emeritus le Stair.

Gearóid Ó Tuathaigh, Ollamh Emeritus le Stair.

 
Éamonn Mallie, Iriseoir.

Éamonn Mallie, Iriseoir.

 
Bernie Ní Dhuibhir, ball Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Bernie Ní Dhuibhir, ball Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

 
Áine Ní Chiaráin, tráchtaire.

Áine Ní Chiaráin, tráchtaire.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Cheárta 18 Feabhra

An Cheárta 18 Feabhra

 
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
An Dr. Ian Malcolm.

An Dr. Ian Malcolm.

 
Jim Foran.

Jim Foran.

 
Micheál Ó Leidhin agus An tAire Stát Gaeltachta Joe Mc Hugh.

Micheál Ó Leidhin agus An tAire Stát Gaeltachta Joe Mc Hugh.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
An Saol ó Dheas 16ú Feabhra 2018

An Saol ó Dheas 16ú Feabhra 2018

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 16/02/2018, An Clochán Liath.

Barrscéalta, Clár iomlán, 16/02/2018, An Clochán Liath.

 
An tAthair Clement Mac Mánuis.

An tAthair Clement Mac Mánuis.

 
Nóra Coyne as Leitir Caladh.

Nóra Coyne as Leitir Caladh.

 
Saera Ní Fhinneadha as an gCloch Mhór.

Saera Ní Fhinneadha as an gCloch Mhór.

 
Pádraig Griallais ó Ghrúdlann Mhicil.

Pádraig Griallais ó Ghrúdlann Mhicil.

 
Dara Ó Maoildhia, Cathaoirleach Chomharchumann Fuinnimh Oileáin Árann.

Dara Ó Maoildhia, Cathaoirleach Chomharchumann Fuinnimh Oileáin Árann.

 
John O’ Brien, Iascaire, Machaire Rabhartaigh.

John O’ Brien, Iascaire, Machaire Rabhartaigh.

 
Barra Ó Ceallaigh, Cumann Iascach Intíre na hÉireann.

Barra Ó Ceallaigh, Cumann Iascach Intíre na hÉireann.

 
Séin Ó Muineacháin, Tráchtaire Polaitíochta.

Séin Ó Muineacháin, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh Na Gaeilge/An Dream Dearg.

Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh Na Gaeilge/An Dream Dearg.

 
An Seanadóir Niall Ó Donnghaile, Sinn Féin.

An Seanadóir Niall Ó Donnghaile, Sinn Féin.

 
Michael Ó Gliasáin, Comhairleoir Contae, Ciarraí .

Michael Ó Gliasáin, Comhairleoir Contae, Ciarraí .

 
Seán Ó Riain, Ollscoil Mhaigh Nuad.

Seán Ó Riain, Ollscoil Mhaigh Nuad.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Spóirt.

Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Dara Ó Cinnéide;Oíche CLG na Gaeltachta.

Dara Ó Cinnéide;Oíche CLG na Gaeltachta.

 
Aodh Ó Coileáin;Cathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce

Aodh Ó Coileáin;Cathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce

 
Micheál Ó Móráin;Cruinniú cínn bhliana C. Uan Chiarrai.

Micheál Ó Móráin;Cruinniú cínn bhliana C. Uan Chiarrai.

 
Micheál Ó Céadagáin; Solas Charraig Aonair.

Micheál Ó Céadagáin; Solas Charraig Aonair.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Iris Aniar

Iris Aniar

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

An Cheárta

An Cheárta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís