Nuacht an Iarthair: Fear gortaithe in ionsaí i nGaillimh

Nuacht an Iarthair: Fear gortaithe in ionsaí i nGaillimh

Tá na Gardaí i nGaillimh i mbun fiosruithe faoi eachtra inar gortaíodh fear go dona sa gcathair moch maidin Dé Sathairn.

Frítheadh an fear atá 25 agus é gan aithne gan urlabhra i gCearnóg Bhríde i gCnoc na Radharc. Tugadh chuig Ospidéal na hOllscoile Gaillimhe é.  

Tá scrúdú déanta ag na Gardaí ar an láthair agus tá siad ag achainí ar dhuine ar bith a bhí sa gceantar deireanach san oíche Dé hAoine teagmháil  a dhéanamh leo.

Tá siad ag impí ar thiománaithe tacsaí a bhí sa gceantar agus a mbeadh ceamara ar an bhfuinneog acu a dhul i dteagmháil leo. 

Maoiniú á éileamh d’Árainn

Tá breis tacaíochta agus maoinithe dhá éileamh ag Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, do thrí Oileán Árann.

Sa tuarascáil atá foilsithe acu inniu molann an coiste go gcasfadh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys le hionadaithe óna hoileáin le saincheisteanna atá ag déanamh tinnis do mhuintir na n-oileán a phlé.

Tugtar le fios sa ráiteas atá eisithe ag an gcomhchoiste, go bhfuil daonra na n-oileán ag titim go leanúnach agus gur gá féachaint le dhul i ngleic leis an bhfadhb sin láithreach.

Is ceart a deir an Comhchoiste go n-aithneodh an Rialtas gur géire i bhfad a theastaíonn deiseanna fostaíochta a chruthú ar thrí oileán Árann ná in áiteacha eile ar fud na tíre agus gur chóir an líon jabannaí a mhéadú agus a chosaint, thrí phleanáil phraiticiúil agus díriú ar dhaoine óga ach go háirithe a dúradh.

Deirtear freisin i dtuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ar chúrsaí, Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, go bhfaighfeadh Comharchumann Forbartha Árann, Comhlachas na gComharchumann agus na cuideachtaí pobalbhunaithe eile dóthain maointhe lena gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach.

Déantar tagairt sa tuarascáil, do sheirbhís iompair bhuan, shábháilte, isteach agus amach as na hoileáin ar féidir leis an bpobal brath uirthi. Tá géarghá leis an mbonneagar in Árainn a thabhairt suas chun dáta, agus déantar cur síos ar sheirbhísí leathanbhanda agus an gá atá le earnálacha a chosaint ar na hoileáin.

Caithfear aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann leis an gcóras oideachais ar na hoileáin freisin.

Tá moltaí go leor eile déanta ag an gComhchoiste Oireachtais ar chúrsaí, Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán sa tuarascáil atá foilsithe inniu, bunaithe ar chuairt a thug toscaireacht ón gComhchoiste ar Árainn sa mBealtaine.

Deir Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly, go rachaidh na moltaí atá luaite sa tuarascáil go mór chun tairbhe d'Oileáin Árann agus don Ghaeltacht, más ann agus go gcurtar i bhfeidhm iad.

Stailc á mholadh ag Máistir Poist

Deir Cóilín Ó Flatharta ó Oifig Poist Bhéal an Mhuirthead gurb é an t-aon réiteach atá ar na hathruithe atá beartaithe ag An Post ná a dhul amach ar stailc le míshástacht na bhfoirne sna hoifigí poist agus an phobal áitiúla a chur in iúl.

Fearacht ceantracha eile ar fud na tíre, tá sé i gceist ag An Post, ról sórtála na dtithe poist a aistriú anois go dtí ionaid lárnacha. 

Deir an Flathartach nach bhfuil aon chiall leis sin de bharr nach bhfuil an t-eolas céanna ag fearais leictreacha sna hionaid lárnacha agus a bheadh sna hoifigí poist áitiúla.

Ní chreideann sé go mbeadh sábháilt airgid ann de bharr na n -athruithe - mar go mbeadh airgead breise, ó thaobh costaisí taistil agus liúntais le n-íoc leo siúd a bheadh ag tabhairt an phosta ón ionad lárnach ar ais ag na hoifigí áitiúla le seachadadh.

Bóithre Chonamara

Dúirt Johnny Shéamuis Ó Conghaile ó Choiste Cearta Chonamara go gcaithfear breathnú ar an mbealach a bhfuil airgead á chaitheamh ar bhóithre i gConamara.

Feictear dó nach bhfuil an obair dheasúcháin atá á déanamh ar chaighdeán sách maith, mar go dtagann poill sna bóithre a gcuirtear caoi orthu go gairid théis iad a dheasú.

Níor cheart airgead a bheith á chaitheamh ar an mbealach atá, le caoi a chur ar bhóithre a dúirt sé in agallamh ar an gclár Adhmhaidin inniu.

Tá sé ráite ag lucht díolta páirteanna do charranna go bhfuil sé tugtha faoi deara acu go dteastaíonn i bhfad níos mó páirteanna ó charranna i gConamara mar gheall ar chaighdeán na mbóithre.

Dúirt an Comhairleoir Contae Seosamh Ó Cualáin go bhfuil luach an ábhair a theastaíonn le caoi a chur ar bhóithre ag éirí níos daoire, agus go bhfuil an buiséad atá ag an gComhairle le caoi a chur ar bhóithre ag laghdú.

 Tá brú seasta á chur ag an gComhairle Contae ar an rialtas le hairgead ceart a chur ar fáil don obair seo, a deir sé.

Deir an Comhairleoir Ó Cualáin go bhfuil gearáin faighte aige faoi chaighdeán na hoibre agus gur tharraing sé aird ar an gceist seo anuraidh.

Tá sé thar a bheith tábhachtach a deir sé, go gcuirfí an Chomhairle Contae ar an eolas faoi  staid na mbóithre le go mbeadh eolas cruinn ag na hoifigigh faoi chomh dona agus atá siad.

Dá mbeadh níos mó glaochanna á gcur ar rannóg na mbóithre sa Comhairle Contae, bheadh na comhairleoirí in ann cás i bhfad níos láidre a dhéanamh le airgead a fháil do bhóithre Chonamara, a deir an Comhairleoir Ó Cualáin ar an gclár Adhmhaidin inniu.

An Bóthar chuig an Teach Dóite

Dúirt an tAire Heather Humphreys go dtuigtear di go bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe ag déanamh a gcuid machnaimh ar na tairiscintí atá faighte acu le staidéar a dhéanamh ar dhromchla na talún ar an mbóthar idir an Teach Dóite agus Bun an Choill.

Deir an tAire Humphreys go bhfuil súil ag an gComhairle Contae go mbeidh na conraitheoirí i mbun oibre ar an bpíosa sin bóthair, an mhí seo.

Dheimhnigh sí chomh maith go bhfuair a Roinn dréacht den ráiteas oibre a bhaineann le tástálacha seandálaíochta a déanadh ar an mbóthar idir an Teach Dóite agus Bun a Choill an mhí seo caite.

Thug Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a mbeannacht don ráiteas sin taobh istigh do lá, a dúirt an tAire Humphreys, i bhfreagra a thug sí ar cheist Dála.

Beo

Scoth na Céadaoine

Scoth na Céadaoine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Aoife Ní Chonchúir;Scannán beochanna Gráinne Mhaol.

Aoife Ní Chonchúir;Scannán beochanna Gráinne Mhaol.

 
Joe Ó Murchú;Liostuathail

Joe Ó Murchú;Liostuathail

 
Beirní Feirtéár;Cór nua an Daingin

Beirní Feirtéár;Cór nua an Daingin

 
Rosaí Nic Chárthaigh;Pleanála teanga Mhúscraí

Rosaí Nic Chárthaigh;Pleanála teanga Mhúscraí

 
Pádraig Feirtéár;Marglann an Daingin

Pádraig Feirtéár;Marglann an Daingin

 
An Saol ó Dheas 12ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 12ú Nollaig 2018

 
Elaine Scahill.

Elaine Scahill.

 
Geamaireacht' Balor na Súile Nimhneach'

Geamaireacht' Balor na Súile Nimhneach'

 
Caitríona Ní Bhaoill.

Caitríona Ní Bhaoill.

 
Rosa Glackin SVP.

Rosa Glackin SVP.

 
Séamus Mac Giolla Bhuí.

Séamus Mac Giolla Bhuí.

 
Frances Nic Géidigh .

Frances Nic Géidigh .

 
Barrscéalta Dé Céadaoin 12-12-18

Barrscéalta Dé Céadaoin 12-12-18

 
An Saol ó Dheas 11ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 11ú Nollaig 2018

 
Sibéal Ní Chasaide, amhránaí as Rath Chairn, Co. na Mí.

Sibéal Ní Chasaide, amhránaí as Rath Chairn, Co. na Mí.

 
Josie Hickey agus Delia Ní Ghríofa.

Josie Hickey agus Delia Ní Ghríofa.

 
Peadar Phat Mhyla MacDonnacha, Dorset, Shasana.

Peadar Phat Mhyla MacDonnacha, Dorset, Shasana.

 
Ardtráthnóna: Dé Luain 10 Nollag 2018.

Ardtráthnóna: Dé Luain 10 Nollag 2018.

 
Peadar de Blúit; Gradaim Uí Chuanacháin.

Peadar de Blúit; Gradaim Uí Chuanacháin.

 
Breandán Ó Riain;Pobal Shíomóin i gCorcaigh.

Breandán Ó Riain;Pobal Shíomóin i gCorcaigh.

 
Siopadóireacht sa Ghailearaí Beag sa Daingean le Edeln Ní Loibhéad.

Siopadóireacht sa Ghailearaí Beag sa Daingean le Edeln Ní Loibhéad.

 
Cabrini de Barra; Glór na nGael.

Cabrini de Barra; Glór na nGael.

 
Rachel Holstead; Ealaín na Gaeltachta.

Rachel Holstead; Ealaín na Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 10 Nollaig 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 10 Nollaig 2018.

 
Éamon  Ó Cuív, Teachta Dála.

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

 
Mícheál Ó Cinnéide, Bainisteoir, Comhar Creidmheasa Chorca Duibhne.

Mícheál Ó Cinnéide, Bainisteoir, Comhar Creidmheasa Chorca Duibhne.

 
Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta.

 
Mícheál S. Mac Donncha, Oifigeach Oideachais le COGG agus múinteoir.

Mícheál S. Mac Donncha, Oifigeach Oideachais le COGG agus múinteoir.

 
Albert Doherty, comhairleoir condae, Dún na nGall.

Albert Doherty, comhairleoir condae, Dún na nGall.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair

Príomhscéalta an Iarthair

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Siúlach Scéalach - An clár Fadhbanna Gaeilge

Siúlach Scéalach - An clár Fadhbanna Gaeilge

 
Siúlach Scéalach - Radio Scoile

Siúlach Scéalach - Radio Scoile

 
Siúlach Scéalach - Séamus Ennis ag caint

Siúlach Scéalach - Séamus Ennis ag caint

 
Richeal Nic Gearailt; Gaelscoil de h-Ide

Richeal Nic Gearailt; Gaelscoil de h-Ide

 
Gerry Motherway;Donal Farmer a fuair bás inné

Gerry Motherway;Donal Farmer a fuair bás inné

 
Cumann na mBan in Iarthar Mhúscraí

Cumann na mBan in Iarthar Mhúscraí

 
Aoife Ni Ghrainbhéil;Ómós do Mike Grinter a maraiodh i dtimpiste bóthair san Astráil

Aoife Ni Ghrainbhéil;Ómós do Mike Grinter a maraiodh i dtimpiste bóthair san Astráil

 
Liadain Ní Shlatara;Slí Chorca Dhuibhne

Liadain Ní Shlatara;Slí Chorca Dhuibhne

 
An Saol ó Dheas 7ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 7ú Nollaig 2018

 
Buaiteoirí Chraobh Uladh. 2018

Buaiteoirí Chraobh Uladh. 2018

 
Meave Leonardi.

Meave Leonardi.

 
Conor Ó Gallachóir.

Conor Ó Gallachóir.

 
An Cllr Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh

Aodh Máirtín Ó Fearraigh

 
Barrscealta Dé hAoine 07-12-18

Barrscealta Dé hAoine 07-12-18

 
Áine Ní Thuathail, ón gComhlacht Top Oil sa gClochán.

Áine Ní Thuathail, ón gComhlacht Top Oil sa gClochán.

 
Load More...
Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

PléScéal

PléScéal

Malairt Poirt le Muireann

Malairt Poirt le Muireann

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís