Nuacht an Tuaiscirt:Tuillte sna Cealla Beaga

Nuacht an Tuaiscirt:Tuillte sna Cealla Beaga

Tuillte sna Cealla Beaga

'Ba cheart do Oifig na nOibreacha Poiblí tosaíocht a thabhairt don tuarascáil reatha le maoiniú a fháil le dul i ngleic le tuillte sna Cealla Beaga', a dúirt an Teachta Dála, Pat 'the Cope' Ó Gallchóir.

Dheimhnigh an Chomhairle Contae don Teachta Ó Gallchóir go bhfuil suirbhé déanta cheana féin ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar an cheantar inár tharla tuillte an tseachtain seo, ach nár ceadaíodh maoiniú le tabhairt faoin obair atá le déanamh.

Tá deimhniú tugtha ag an Aire Kevin 'Boxer' Moran don Teachta Ó Gallchóir go ndéanfar athbhreithniú ar an tuairisc is deireanaí.

Dhearbhaigh an tAire Moran don Teachta Ó Gallchóir freisin go scrúdófar gach rogha maidir le réiteach a fháil ar fhadhb thuillte sna Cealla Beaga.

Tá eolas ar thacaíocht dóibh siúd a ndearna tuillte damáiste dá dtithe agus dá ngnóthaí sna Cealla Beaga oíche Chéadaoin, curtha ar fáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall.

Tá líne chabhrach ar fáil do dhaoine a bhfuil gá acu le tithíocht nó lóistín éigeandála, is féidir glaoch ar 074 91 53900 nó dul chuig oifigí na Comhairle i mBaile Dhún na nGall.

Íocfaidh an Chomhairle Contae as costas díthaisirí agus scipeanna do dhaoine agus do ghnóthaí a ndearna tuillte damáiste dá maoin.

'Cuirfear tacaíocht daonna ar fáil tríd an Roinn Coimirce Sóisialaigh i mBealach Féich dóibh siúd ar chuir na tuillte isteach orthu chomh maith', a dúradh.

Briogáid dóiteáin úr á chur ar fáil do Stáisiún Dóiteáin Bhaile na nGallóglach

Beidh briogáid dóiteáin úr á chur ar fáil do Stáisiún Dóiteáin Bhaile na nGallóglach, an chéad bhriogáid dóiteáin úr a bheas á cheannacht ag Comhairle Co. Dhún na nGall ón bhliain 2013, de réir an eolais atá curtha ar fáil don Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir.

Ba bhriogáidí dóiteáin dara láimh a bhí á gceannacht ag Comhairle Contae Dhún na nGall le roinnt blianta.

'Caithfear a chinntiú go mbeidh tuilleadh infheistíochta á dhéanamh sna seirbhísí dóiteáin sa chontae', a dúirt an Teachta Ó Gallchóir.

Institiúid Leitir Ceanainn sa dara háit

Tá Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ar an dara Institiúid Teicneolaíochta is fearr sa tír, de réir nuachtán an 'Sunday Times'.

Dúradh gur Institiúid Teicneolaíochta Áth Luain an institiúid teicneolaíocha is fearr sa tír.

Tugadh moladh do LYIT mar go dtáinig méadú de 81% le 3 bliana ar líon na ndaltaí san institiúid óna Sé Contae.

Easpa áiseanna ag stáisiúin dóiteáin áirithe sa chontae.

Léiríodh imní ag cruinniú Chomhairle Co. Dhún na nGall an tseachtain seo faoina háiseanna atá ag stáisiúin dóiteáin áirithe sa chontae.

Stáisiúin i nGleann Cholm Cille, Bun Dobhráin agus Béal Átha Seanaidh atá i gceist.

Dúradh go sáraíonn na stáisiúin seo na coinníollacha sábháilteachta ata leagtha síos ag an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Tugadh le fios go bhfuil athbhreithniú iomlán á dhéanamh ar stáisiún Bhéal Átha Seanaidh agus Bhun Dobhráin.  

Tá Comhairleoirí Contae i gceantar Bardais Dhún na nGall ag iarraidh go dtógfaí 2 stáisiún nua, ach dúirt Gary Martin, Stiúrthóir Airgeadais na Comhairle Contae go mbeidh sé sin ag brath ar thoradh an athbhreithnithe.

Tá maoiniú á lorg ag Comhairle Co. Dhún na nGall le Stáisiún Dóiteáin nua a thógáil i nGleann Cholm Cille.

'Mol atá beartaithe d'Oileán Árainn Mhór ina bhuntáiste don oileán'- Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh

'Beidh an Mol Digiteach atá beartaithe d'Oileán Árainn Mhór ina bhuntáiste don oileán', a deir bainisteoir Chomharchumann an oileáin Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh.

D'fhógair an tAire Tuaithe agus Forbairt Pobail, Michael Ring €100,000 le Mol Digiteach a fhorbairt ar Oileán Árainn Mhór an tseachtain seo.

Dúirt Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh gur fada iad ag lorg a leithéid agus go mbeidh se tábhachtach do chúrsaí fostaíochta ar an oileán.

Tá sí dóchasach go dtiocfaidh bunadh an oileáin atá i mbun gnó thar lear, ar ais chun an oileáin,  agus go mbunóidh siad a ngnó in Árainn Mhór má bhíonn córas maith leathanbhanda ar an oileán.

Dúirt sí go gcuideodh seo le daonra an oileáin a bhuanú, mar go bhfuil an daonra ag titim bliain i ndiaidh bliana.

Comhdháil ar mheabhairshláinte i nGaoth Dobhair

Tá comhdháil dírithe ar mheabhairshláinte, 'Connecting for Life', ar siúl i nGaoth Dobhair inniu.

Is í an aidhm atá leis an chomhdháil nó eolas a thabhairt faoin tacaíocht atá ar fáil do dhaoine atá in ísle brí, agus an dóigh is fearr le hiarracht a dhéanamh cosc a chur ar fhéinmharú.

Tá an chomhdháil seo dírithe ar dhaoine, a bhfuil suim acu i gcosc a chur ar féinmharú, nó atá ag obair san earnáil phoiblí, sláinte, nó oideachais agus iad sin atá ag obair le grúpaí deonacha.

Cuireadh tús leis an chomhdháil ar 9.30 ar maidin in Ionad Naomh Pádraig.

Beidh taispeántas 'Lost Lives' i ndiaidh am lóin sa ghailearaí in Áislann Ghaoth Dobhair.

Codladh amach i Leitir Ceanainn

Beidh aird á díriú ar chás daoine gan dídean agus iarracht airgead a thógáil fána gcoinne ag an charthanacht Pobal Shíomóin i gCo.Dhún na nGall anocht.

Beidh daoine ag codladh ar an tsráid ag Cearnóg an Mhargaidh i Leitir Ceanainn ón 9.00 anocht.

Beidh siad ag bailiú airgid ón phobal.

Déanann an charthanacht seo freastal ar dhaoine atá gan dídean i nDún na nGall, Sligeach agus Liatroim.

Beo

Ceol Binn ó na Beanna

Ceol Binn ó na Beanna

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Bóthar go Nashville

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Debra Ni Shúilleabháin, Ball ainmithe ar Údarás na Gaeltachta.

Debra Ni Shúilleabháin, Ball ainmithe ar Údarás na Gaeltachta.

 
Muireann Nic Amhlaoibh.

Muireann Nic Amhlaoibh.

 
Edel Ní Luibhéad.

Edel Ní Luibhéad.

 
Micheál Ó Muircheartaigh, cluichí an deireadh seachtaine, agus Pól Ó Géiní - laoch na h-imeartha.

Micheál Ó Muircheartaigh, cluichí an deireadh seachtaine, agus Pól Ó Géiní - laoch na h-imeartha.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 25 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 25 Meitheamh 2018.

 
Conall Ó Cíobháin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Conall Ó Cíobháin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Eoin Ó Catháin, tráchtaire, An Bhruiséil.

Eoin Ó Catháin, tráchtaire, An Bhruiséil.

 
Conall Ó Cíobháin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Conall Ó Cíobháin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Frank Reidy, ceannfort airm, tráchtaire ar chúrsaí míleata.

Frank Reidy, ceannfort airm, tráchtaire ar chúrsaí míleata.

 
Kate Fennell,  iriseoir.

Kate Fennell, iriseoir.

 
Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

 
Harry McGee, Irish Times.

Harry McGee, Irish Times.

 
An Tuairisc  Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthiar.

Nuacht an Iarthiar.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 22ú Meitheamh 2018

An Saol ó Dheas 22ú Meitheamh 2018

 
Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Curran

Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Curran

 
An t-Aire stáit Gaeltachta Joe McHugh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

An t-Aire stáit Gaeltachta Joe McHugh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

 
Betty Mc Laughlin, Institiúid na Múinteoirí Comhairleacha.

Betty Mc Laughlin, Institiúid na Múinteoirí Comhairleacha.

 
Tom Ó Muirí, Pobal na Teorann in Éadan an Bhreatimeachta.

Tom Ó Muirí, Pobal na Teorann in Éadan an Bhreatimeachta.

 
Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Áine Moynihan agus Simon Ó Faoláin.

Áine Moynihan agus Simon Ó Faoláin.

 
Tomás Ó Curraoin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Tomás Ó Curraoin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Aidan Fitzmaurice, Herald.ie.

Aidan Fitzmaurice, Herald.ie.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtáin.

Príomhscéalta na Nuachtáin.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 21 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 21 Meitheamh 2018.

 
Caitríona Hastings

Caitríona Hastings

 
Conall Ó Mórain, saineolaí airgeadais.

Conall Ó Mórain, saineolaí airgeadais.

 
Cathal Ó Conchúir, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Cathal Ó Conchúir, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 
Carmel Nic Airt, Island to Island.

Carmel Nic Airt, Island to Island.

 
Dáithí Mac Roibeard, Craobh an Earagail, Cumann Bunmhúinteoirí Éireann.

Dáithí Mac Roibeard, Craobh an Earagail, Cumann Bunmhúinteoirí Éireann.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Rónán Beo

Rónán Beo

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

PléScéal

PléScéal

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís