Nuacht an Iarthair: An Pháirc Mhór

Nuacht an Iarthair: An Pháirc Mhór

An Pháirc Mhór

Teastaíonn an dara bealach isteach ag an eastát tionsclaíochta sa bPáirc Mhór i nGaillimh a deir Cormac Ó Conaire atá ag obair  ag comhlacht atá ansin le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá cúrsaí tráchta go dona ansin le dhá bhliain a deir sé, agus níos measa atá sé faighte ó d'oscail an mótarbhealach nua idir Gort Inse Guaire agus Tuaim an tseachtain seo caite agus an trácht uilig ag teacht i mullach a chéile anois  idir Clinic na Gaillimhe agus an Pháirc Mhóir a deir sé le Nuacht an Iarthair. Tá os cionn 4,000 duine ag obair in eastát tionsclaíochta na Páirce Móíre agus níl ach bealach amháin isteach agus amach go dtí é a deir Cormac. Deir sé go dtógann sé os cionn uair a chloig ar dhaoine an eastáit a fhágáil ina gcuid caranna théis na h-oibre, mar gheall ar chomh deacair agus a bhíonn sé a dhul amach ar an mbóthar ag trácht. Tabharfaidh an lána breise atá beartaithe a thógáil le casadh ar chlé beagán faoiseamh dóibh siúd atá ag taisteal ar an N17, ach deir Cormac go mbíonn an chuid is mó den trácht ag dul an taobh eile. Tá 6% de na hoibrithe ar eastát na Páirce Móire  ag siúl nó ag rothaíocht ag a gcuid oibre faoi láthair ach theastódh  tuilleadh áiseanna a chur ar fáil do dhaoine a bhíonn ag rothaíocht ag  an obair a deir Cormac Ó Conaire.

Aonach Fostaíochta

Beidh os cionn 90 comhlacht ó chuile chineál  earnáil ag tabhairt eolais do chéimithe faoi na deiseanna fostaíochta atá ann  dóibh ag Aonach Fostaíochta do  Chéimithe in Ollscoil na hÉireann,Gaillimh inniu. Ag meánlae a chuirfear tús leis an Aonach i Halla An Bhailey Allen agus beidh sé ar bun go dtí an 4 tráthnóna. Tabharfar cead isteach do dhaoine atá faoi mhí-chumas amháin ag a 12 le deis níos fearr a thabhairt dóibh castáil leis na fostóirí ar dtús. Tugann an t-aonach seo deis do dhaoine a bhfuil  céim bainte amach acu eolas a fháil ar na deiseanna fostaíochta atá ann dóibh , i gceirdeanna ar nós, cúntasaíocht, teicneolaíocht, dlí, eolaíocht, agus díolachán, i gcomhlachtaí príomháideacha agus in eagraíochtaí poiblí. I measc na gcomhlachtaí a bheidh i láthair, beidh leithéid Medtronic, SAP, Enterprise Ireland agus Smyths agus beidh deis ag na micléinn a bhain céim  amach labhairt le ionadaithe na gcomhlachtaí atá ag earcú. Beidh cuid mhaith de 4,500 post ar tairiscint ag na comhlachtaí éagsúla.

Conradh na Gaeilge


Tá sé socraithe ag Conradh na Gaeilge an t-ábhar cartlainne ar fad a bhaineann le tréimhse os cionn céad bliain an chonartha   a bhronnadh ar  Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag ócáid a bheidh san ollscoil inniu. Tá Conradh na Gaeilge ag cur caoi agus cóir ar an ábhar staire ar fad atá cruinnithe ag an eagraíocht le fada an lá, agus i measc  na nábhar speisiúla atá sa gcartlann seo tá  litreachaí ó 1922 faoina mbeadh i ndán don chonradh, agus nóta ó Dhubhghlas de hÍde ag moladh go ndeanfaí páirtí polaitíochta den Chonradh.Tá tacaíocht curtha ar fail ag an Roinn Culúir Oidhreachta agus Gaeltachta le cúnamh a thabhairt leis an gcartlann. Dúirt Uachtarán Chonradh an Gaeilge an Dr. Niall Comer go bhfuil lucht staire ag cur suime san ábhar seo le blianta, ach níor tuigeadh go dtí le gairid féin chomh luachmhar agus atá an tábhar atá san gcartlann. Dúirt sé go bhfuil sé ar intinn ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh an t-ábhar a bheith ar fáil go forleathan, ach a mbeidh digitiú déanta air. Dúirt Uachtarán Ollscoil na hÉireann Gaillimh an Dochtúr Jim Browne gur onóir é d'Ollscoil na hÉireann Gaillimh an cúram a bheith orthu aire a thabharit don chartlann fíor thábhachtach seo.

Beo

Scoth na Seachtaine

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Saol ó Dheas 20 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 20 Iúil 2018

 
Eoin Corry, Travel Extra.

Eoin Corry, Travel Extra.

 
Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

 
Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg.

Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg.

 
Declan Kearney, cathaoirleach Shinn Féin.

Declan Kearney, cathaoirleach Shinn Féin.

 
Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Darach Ó Scolaí agus Liam Mac Amhlaigh faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge

Darach Ó Scolaí agus Liam Mac Amhlaigh faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge

 
Seán Ó Coinn ar na dúshláin roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge

Seán Ó Coinn ar na dúshláin roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge

 
Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

 
Conn Ó Muineacháin, Black Knight Solutions.

Conn Ó Muineacháin, Black Knight Solutions.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna.

Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna.

 
Caitríona Ní Chuinneagáin, Cóstaí Glana na nÉireann.

Caitríona Ní Chuinneagáin, Cóstaí Glana na nÉireann.

 
Daithí de Mórdha, Baile na nGall.

Daithí de Mórdha, Baile na nGall.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Joe McHugh TD, Príomhaoire an Rialtais.

Joe McHugh TD, Príomhaoire an Rialtais.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

 
Pól Mac Donncha, Coiste Pobail Chéibh an tSrutháin.

Pól Mac Donncha, Coiste Pobail Chéibh an tSrutháin.

 
An Seanadóir Rónán Mullen.

An Seanadóir Rónán Mullen.

 
Frances Nic Geadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Geadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Mícheál  Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Toiréasa Ferris, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Toiréasa Ferris, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Seán Kelly, M.E.P.

Seán Kelly, M.E.P.

 
Áine Máire Nic Diarmada, iriseoir, Londain.

Áine Máire Nic Diarmada, iriseoir, Londain.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Load More...
PléScéal

PléScéal

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Iris Aniar

Iris Aniar

Murach Gur Tharla

Murach Gur Tharla

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís