Nuacht an Tuaiscirt: An tÚdarás & An Chomhairle

Nuacht an Tuaiscirt: An tÚdarás & An Chomhairle

Ionadaíocht Co Co Dhún na nGall ar Údarás na Gaeltachta

Pléadh inniu ag cruinniú Chomhairle Chontae Dhún na nGall an chomhairle dlí a fuair an Chomhairle maidir le toghadh ionadaí Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar Bhord Údarás na Gaeltachta.

Tá sé ráite sa gcomhairle dlí a fuair an Chomhairle Contae gur roghnaíodh an Comhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh de réir na mbuan-orduithe seasta agus nár sáraíodh rialacha ar bith agus an Comhairleoir Ó Fearraigh á thoghadh ina Chomhalta ar Bhord Údarás na Gaeltachta.

Gadaíocht Tré Dhíon

Briseadh isteach i siopa seodraí McCullaghs in ionad siopadóireachta Leitir Ceanainn aréir.

Chuaigh na gadaithe isteach thríd an díon, an 6ú eachtra gadaíochta i nDún na nGall le roinnt seachtainí a ndeachaigh gadaithe isteach thré dhíon.

Tuigtear go bhfuaireas roinnt seodraí a goideadh in aice leis an ionad siopadóireachta ar maidin.

Bord an Údaráis cáinte

Níl daonlathas ar bith ag baint le Bord Údarás na Gaeltachta a deir an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig. Dúirt sé nach bhfuil sé ceart ná cóir nach bhfuil deis ag pobal na Gaeltachta ionadaí a thoghadh ar Bhord an Údaráis. Cháin sé fosta an cosc a dúirt sé atá ar bhaill den Bhord labhairt faoi ábhair cruinnithe an Bhoird, agus fosta nach bhfuil cead ag na meáin freastal ar chruinnithe. Bhí i bhfad níos mó trédhearcachta agus daonlathais ag baint leis an Bhord go dtí go ndearna Rialtas Fhine Gael athruithe air, a deir an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.

Ganntan Gardaí

Ba cheart do na Gardaí oifig phoiblí a chur ar bun i nGleann Cholmcille, ag eascairt ó mholadh Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána gur stáisiún Gardaí Ghleann Cholmcille agus Mhín an Lábáin an t-aon 2 stáisiún a ba cheart a oscailt arís, a dúirt Liam Ó Cuinneagáin, Stiúrthóir Oideas Gael.

Dúirt sé é sin, i ndiaidh do thuairisc eatramhach an Gharda Síochána maidir le ath oscailt stáisiúin Gardaí a bheith foilsithe ag deireadh na seachtaine.

Tarrtháil ar Bhád Iascaigh

B'éigean do Bhád Tarrthála Loch Súilí tarrtháil ar bhád iascaireachta de chuid An Chaisleán Nua, de bharr gur theip ar inneall an bháid, 10 míle ó thuaidh ó Mhálainn aréir.

Cuireadh fios ar na seirbhísí tarrthála gan mhoill i ndiaidh 10.30 aréir agus thug Bád Tarrthála Loch Súilí an bád iascaireachta 15 méadar ar fhad, ar téad go céibh Rath Maoláin.

Earcú in Ospidéal Leitir Ceanainn

Chaith Otharlann Leitir Ceanainn €25.4m ag earcú oibrithe sláinte ó ghníomhaireachtaí idir 2014 agus 2016. Bhain €24m de sin le foireann leighis san otharlann a earcú. Caitheadh breis is €9m ar fhoireann leighis ó ghníomhaireachtaí leighis san otharlann in 2015. Cuireadh formhór na mball foirne sin ar dualgas sa rannóg máinliachta, raideolaíochta, sa Rannóg Timpiste agus Éigeandála, agus sa Rannóg Péidriatraice. Bhí 12 rannóg ar fad san otharlann inár earcaíodh foireann ó 2014 agus 2016. Tugadh  an t-eolas do bhall de Fhóram Sláinte an Iarthair, an Comhairleoir Contae Ciarán Brogan, ag cruinniú den fhóram le gairid.

Páirceáil ag an Pháirc Náisiúnta

Caithfear cruinniú a eagrú idir Comhairle Chontae Dhún na nGall agus bainistíocht Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha le réiteach a fháil ar an easpa páirceála atá ag an pháirc náisiúnta, a dúirt an Comhairleoir Contae Séamus Ó Domhnaill. Dúirt an Comhairleoir gur tharla sé go minic an samhradh seo go raibh breis is 150 carr ar thaobh an bhealaigh nuair a bhí an carrchlós ag an pháirc náisiúnta lán, agus go bhfuil contúirt ann do thrácht ag dul an bealach. D'iarr sé ar an Chomhairle Contae spásanna páirceála sealadacha a chur ar fáil in aice an bhealaigh, go dtí go mbeidh réiteach buan ar an fhadhb páirceála.

Deartha ar ionad altranais 110 leaba

Tá doiciméid tairisceana á chur le chéile faoi láthair don dearadh atá le déanamh ar Ionad Altranais úr i Leitir Ceanainn. Tá foireann deartha le ceapadh don ionad úr 110 leaba taobh istigh de 3 mhí. Sin de réir an eolais a  tugadh don Chomhairleoir Contae Michael McBride ag cruinniú de Fhóram Sláinte an Iathair le gairid. Beidh an t-ionad altranais á thógáil faoi scéim Pháirtnéireacht Poiblí Príobháideach agus tá sé i gceist go mbeadh an t-ionad úr reidh le hoscailt sa bhliain 2021.

Aonad Cúram Croí

Beidh  aonad athshlánaithe cúram croí otharlann Leitir Ceanainn ag ath oscailt inniu. Ní raibh an tseirbhís sin ar fáil san otharlann ó mí na Bealtaine, de bharr go raibh trealamh san aonad briste. Cuireadh trealamh úr ar fáil e gairid. D'iarr an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir ar an Aire Sláinte foireann breise a earcú san aonad cúram croí san otharlann, agus forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí pobail cúram croí.

Beo

Binneas Béil

Binneas Béil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Colm O Muircheartaigh;Pip na Máirte

Colm O Muircheartaigh;Pip na Máirte

 
Angela Bourke;The Burning of Bridget Cleary.

Angela Bourke;The Burning of Bridget Cleary.

 
Micheál Ó Cinnéide;Rothaíocht abhaile

Micheál Ó Cinnéide;Rothaíocht abhaile

 
An t-Athair Eoin Ó Cadhla;Coirmcheoil an Pharóiste.

An t-Athair Eoin Ó Cadhla;Coirmcheoil an Pharóiste.

 
Edel Ní Loibhéad;Trácht ar Bhóthar Chínn Sléibhe.

Edel Ní Loibhéad;Trácht ar Bhóthar Chínn Sléibhe.

 
An Saol ó Dheas 14ú Lúnasa 2018

An Saol ó Dheas 14ú Lúnasa 2018

 
Colm Ó Maolmhuire, Institiúd Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir.

Colm Ó Maolmhuire, Institiúd Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir.

 
Áine Ní Bhreisleáin.

Áine Ní Bhreisleáin.

 
An Comh. Séamus Cosaí MacGearailt, Fine GAel.,

An Comh. Séamus Cosaí MacGearailt, Fine GAel.,

 
Dr. Seán Ó Riain, Ollscoil Mhá Nuad.

Dr. Seán Ó Riain, Ollscoil Mhá Nuad.

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Eoghan Ó Néill, iriseoir le Raidió Fáilte.

Eoghan Ó Néill, iriseoir le Raidió Fáilte.

 
Séamus Breathnach, Bord Iascaigh Mara.

Séamus Breathnach, Bord Iascaigh Mara.

 
Áine Ní Chiaráin, tráchtaire polaitíochta.

Áine Ní Chiaráin, tráchtaire polaitíochta.

 
Pádraig Ó Gríofa.

Pádraig Ó Gríofa.

 
Máirin Ní Ghadhra.

Máirin Ní Ghadhra.

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Edel Ní Loibhéad ag raiseanna an Daingin

Edel Ní Loibhéad ag raiseanna an Daingin

 
Séamus Ó Laoithe;Ráiseanna Bhéal Bán

Séamus Ó Laoithe;Ráiseanna Bhéal Bán

 
Micheál Ó Drisleáin;Daonscoil na Mumhan

Micheál Ó Drisleáin;Daonscoil na Mumhan

 
Micheál Ó Muircheartaigh;cluichí leathcheannais peile na h-Eireann

Micheál Ó Muircheartaigh;cluichí leathcheannais peile na h-Eireann

 
An Saol ó Dheas 13ú Lúnasa 2018

An Saol ó Dheas 13ú Lúnasa 2018

 
Mícheál Seán Ó Mathúna.

Mícheál Seán Ó Mathúna.

 
Ailish Bhreathnach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Ailish Bhreathnach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe

 
Comh. Norma Moriarty, Fianna Fáil.

Comh. Norma Moriarty, Fianna Fáil.

 
Paul MacSweeney, FÓRSA.

Paul MacSweeney, FÓRSA.

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Comhairleoir Mairéad Farrell, Sinn Féin.

Comhairleoir Mairéad Farrell, Sinn Féin.

 
Máire Uí Cheallaigh, Forbairt Eachla.

Máire Uí Cheallaigh, Forbairt Eachla.

 
Virginia O'Mahoney.

Virginia O'Mahoney.

 
MacDara MacDonncha.

MacDara MacDonncha.

 
Máirín Ní Ghadhra.

Máirín Ní Ghadhra.

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Tommy Peoples

Tommy Peoples

 
Murach gur Tharla - Clár 10

Murach gur Tharla - Clár 10

 
An Saol ó Dheas 10ú Lúnasa 2018

An Saol ó Dheas 10ú Lúnasa 2018

 
Dara Ó Cinnéide, Raidió na Gaeltachta.

Dara Ó Cinnéide, Raidió na Gaeltachta.

 
Maidhc Ó Finneadha, Raidió na Gaeltachta.

Maidhc Ó Finneadha, Raidió na Gaeltachta.

 
Liam Stone.

Liam Stone.

 
Eoghan Corry, Travel Extra.

Eoghan Corry, Travel Extra.

 
Séan Ó Cinnéide, Comharchumann Dhún Chaoin.

Séan Ó Cinnéide, Comharchumann Dhún Chaoin.

 
Oilibhéar Mac Dáibhéid, Fine Gael.

Oilibhéar Mac Dáibhéid, Fine Gael.

 
Áine Ní Chiaráin, iriseoir polaitíochta.

Áine Ní Chiaráin, iriseoir polaitíochta.

 
Pádraig Ó Gríofa.

Pádraig Ó Gríofa.

 
Máirín Ní Ghadhra

Máirín Ní Ghadhra

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

 
Caitríona agus Máiréad Ni Luasa;An Screathan

Caitríona agus Máiréad Ni Luasa;An Screathan

 
Declan Mangan;Aonach an Phoic

Declan Mangan;Aonach an Phoic

 
Micheál Ó Sé;Feachtas bailithe airgid ar mhaithe le Croí Uibh Ráthaigh

Micheál Ó Sé;Feachtas bailithe airgid ar mhaithe le Croí Uibh Ráthaigh

 
Micheál Ó Conchúir;Coiste na Réigiún sa Chomhphobal

Micheál Ó Conchúir;Coiste na Réigiún sa Chomhphobal

 
An Saol o Dheas 9ú Lúnasa 2018

An Saol o Dheas 9ú Lúnasa 2018

 
Load More...
Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

PléScéal

PléScéal

Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Cuireadh Chun Ceoil

Cuireadh Chun Ceoil

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís