Nuacht an Tuaiscirt: Comhairle dlí á lorg ag FF

Nuacht an Tuaiscirt: Comhairle dlí á lorg ag FF

Comhairle dlí á lorg ag FF 

Tuigtear go bhfuil comhairle dlí á lorg ag páirtí Fhianna Fáil faoi thoghadh bhaill ó Chomhairle Contae Dhún na nGall ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Tá an páirtí den bharúil nach mbeidh an dara rogha ag an gComhairle Contae ach vóta eile a reachtáil chun an folúntas a líonadh. Ag cruinniú den Chomhairle Contae i Leifear Dé Luain, fógraíodh gur toghadh an Comhairleoir John Shéamuis, Sinn Féin,  le 12 vóta,  vóta amháin chun tosaigh ar Shéamus Ó Domhnaill, Fianna Fáil. Tuigtear go ndearna bainistíocht Chomhairle Contae Dhún na nGall moladh do bhaill Fhianna Fáil, go ndéanfaidh dhá thréimhse 2.5 bliain an duine, idir an Comhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh agus Séamus Ó Domhnaill, mar chomhaltaí ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Tuigtear go bhfuil páirtí Fhianna Fáil sásta an cás a thabhairt chun na cúirte, más gá. Tá eolas á lorg ag RTÉ Raidió na Gaeltachta le dhá lá ó Chomhairle Contae Dhún na nGall faoi cibé comhairle dlí a fuair an Chomhairle, agus an mbeidh an t-eolas sin a dháileadh ar Chomhairleoirí Contae roimh an chéad chruinniú eile Dé Luain seo chugainn. Níl freagra tugtha ag an Chomhairle ar na ceisteanna seo fós. Íoctar tuarastal de €59,850 thar thréimhse cúig bliana le Comhaltaí Bhord Údarás na Gaeltachta agus íoctar costais taistil agus cothabhála sa mhullach ar sin. Íoctar costais taistil de idir 0.44 cent agus 0.83 cent an ciliméadar agus liúntas €133 do lóistín oíche le comhaltaí an Údaráis. Is ar an 19ú Samhain a chríochnóidh téarma an Bhoird reatha.

Ardú beag ar líon na n-eachtraí féinmharaithe i nDún na nGall

Tá ardú beag ar líon na n-eachtraí féinmharaithe i nDún na nGall, go háirithe i measc na bhfear, de réir figiúirí atá eisithe an tseachtain seo. In ainneoin go léiríonn tuairisc ón Oifig Náisiúnta um chosc ar Fhéinmharú go bhfuil titim sna figiúirí féinmharaithe go náisiúnta ní hamhlaidh an scéal i nDún na nGall.  Léiríonn na figiúirí seo an tábhacht atá leis na seirbhísí atá Teach Pieta i Leitir Ceanainn ag cur ar fáil. Tá ionad dá gcuid á oscailt go hoifigiúil inniu.  Rinneadh Teach Pieta a oscailt ar an 15ú de Bhealtaine i mbliana agus go dtí seo tugadh tacaíocht do 117 cliaint ar fud an Iar -huaiscirt.  Dúirt Dominick Gallagher, Bainisteoir an Ionaid, go bhfuil tacaíocht mhór a fháil acu ón phobal agus léirítear ón méid daoine a dtug siad tacaíocht daofa go dtí seo go bhfuil géar ghá leis an tseirbhís i nDún na nGall. Thug sé le fios go bhfuil sé beartaithe cur le huaireanta oscailte an Ionaid agus go mbeidh siad oscailte go dtí'n 9 a chlog gach Luan agus Céadaoin feasta. Dúirt sé go bhfuil an tseirbhís saor in aisce agus go hiomlán faoi run.

17 gan dídean i nDún na nGall

Seachtar déag a bhí cláraithe mar dhaoine gan dídean i nDún na nGall ag deireadh Mhí Lúnasa, laghdú do dhuine amháin ar an mhí roimhe sin. 5,222 duine a bhí cláraithe mar dhaoine gan dídean go náisiúnta ag deireadh Mhí Lúnasa, 3,527 acu sin i mBaile Átha Cliath. 42 duine a bhí cláraithe mar dhaoine gan dídean i réigiún an iarthuaiscirt, sin 6% don fhigiúir náisiúnta, agus seachtar déag acu sin i nDún na nGall....

Foláireamh maidir le heachtraí gadaíochta

Tá Gardaí Dhún na nGall ag iarraidh ar lucht gnó na contae a bheith ar a n-airdeall mar gheall ar na heachtraí gadaíochta a tharla sa chontae le roinnt seachtainí.  I ráiteas atá eisithe ag na Gardaí, deir siad go bhfuil coirpigh iontach eolach ar leagan amach na n-ionad gnó a bhfuil siad ag díriú orthu agus go bhfuil siad eolach fosta ar an chóras slándála atá i bhfeidhm.  Deir na Gardaí go bhfuil go leor do na gnóanna suite faoin dtuath. Briseadh isteach i gcúig ionad gnó sa chontae ón 11ú den mhí. Deir an Sáirsint Paul Wallace, an tOifigeach um Chosc ar Choireanna i nDún na nGall, gur cheart do lucht gnó athbhreithniú a dhéanamh ar a gcóras slándála agus labhairt leis na Gardaí áitiúla le plé a dhéanamh ar an chóras slándála atá i bhfeidhm acu. 

Tús oifigiúil crutha le hobair Ionad Pobail nua Naomh Fionnáin

Rinne an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh tús oifigiúil a chur a inniu leis an obair ar Ionad Pobail úr Naomh Fionnáin ar an Fhál Carrach. Cheadaigh an tAire Stáit €466,000 don Ionad agus beidh ar Choiste Forbartha an Fhál Carraigh an chuid eile den airgead a bhailiú. Tá sé ráite ag Coiste Forbartha an Fhál Carraigh go mbeidh €777,000 le caitheamh acu ar an Ionad úr a bheidh lonnaithe san áit ina raibh an sean halla. Sé an comhlacht John Russell Construction as Leitir Ceanainn a bheidh i mbun na hoibre. Tá €211,000 ag an choiste go dtí seo agus beidh suas le céad míle eile le bailiú acu.  Déanfaidh an Coiste feachtas bailiúcháin airgid a sheoladh inniu.

Seirbhís aistriúcháin le cur ar fáil

Deir an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, go gcuirfear seirbhís aistriúcháin ar fáil ag ceardlanna Chomhairle Contae Dhún na nGall i gceantar bardais na nGleanntach feasta. Dúirt sé nach bhfuil dóthain á dhéanamh ag an gComhairle Contae le freastal ar lucht labhartha na Gaeilge agus gur cheart do Chomhairleoirí Contae agus don phobal éileamh a dhéanamh ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge.
 

Beo

Scoth na Céadaoine

Scoth na Céadaoine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Léirmheas ar Asking for it

Léirmheas ar Asking for it

 
Dr. Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan.

Dr. Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan.

 
Pacáiste - Gaillimh 2020.

Pacáiste - Gaillimh 2020.

 
Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlin, An Ghearmáin.

Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlin, An Ghearmáin.

 
Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

 
Albert Doherty, Comhairleoir Condae.

Albert Doherty, Comhairleoir Condae.

 
Mícheal Ó Leidhin – Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheal Ó Leidhin – Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Na Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Na Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Diarmuid Ó Beaglaioch - Pip na Máirte.

Diarmuid Ó Beaglaioch - Pip na Máirte.

 
Phil agus Páid Ó Gairbhí.

Phil agus Páid Ó Gairbhí.

 
Marie Uí Ghrífín.

Marie Uí Ghrífín.

 
Micheál de Liostún, 50 bliain ina shagart.

Micheál de Liostún, 50 bliain ina shagart.

 
Déaglán Ó Murchú.

Déaglán Ó Murchú.

 
An Saol ó Dheas: Dé Máirt 19 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 19 Meitheamh 2018.

 
Bríd Hynes ar bhás Shiobhán, a hiníon

Bríd Hynes ar bhás Shiobhán, a hiníon

 
Pacáiste Ráth Cairn - Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Pacáiste Ráth Cairn - Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

 
Shaunie Ó Baoill - Ball den Choiste Náisiúnta - Cumann Feiliméirí Cnoc agus Natura na hÉireann, Tír Chonaill.

Shaunie Ó Baoill - Ball den Choiste Náisiúnta - Cumann Feiliméirí Cnoc agus Natura na hÉireann, Tír Chonaill.

 
Catherine Conolly, T.D. - Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

Catherine Conolly, T.D. - Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

 
Micheál Ó Leidhin - Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin - Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Eoghan Corry - Eagarthóir na hirise 'Travel Extra'

Eoghan Corry - Eagarthóir na hirise 'Travel Extra'

 
Toiréasa Ní Fhearaíosa, Comhairleoir Condae.

Toiréasa Ní Fhearaíosa, Comhairleoir Condae.

 
Micheál Mac Donncha - Árdmhéara Bhaile Átha Cliath.

Micheál Mac Donncha - Árdmhéara Bhaile Átha Cliath.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Na Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Na Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Andy Ó Scanaill, Honda 50 i gCorca Dhuibhne.

Andy Ó Scanaill, Honda 50 i gCorca Dhuibhne.

 
Bríd Úna Ní Mhaoileoin,Séamus de Londra;Gaelscoil Charraig Uí Leighin

Bríd Úna Ní Mhaoileoin,Séamus de Londra;Gaelscoil Charraig Uí Leighin

 
Derry Ó Murchú, Taispeántas Talmhaíochta Chiarraí Thiar.

Derry Ó Murchú, Taispeántas Talmhaíochta Chiarraí Thiar.

 
Micheál Ó Muircheartaigh, Cluichí CLG.

Micheál Ó Muircheartaigh, Cluichí CLG.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 18 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 18 Meitheamh 2018.

 
John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairleoir Condae.

John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairleoir Condae.

 
Breandán Mac Gearailt.

Breandán Mac Gearailt.

 
Tomás Mac Pháidín - Stiúrthóir Scoileanna - Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe/Ros Comáin.

Tomás Mac Pháidín - Stiúrthóir Scoileanna - Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe/Ros Comáin.

 
Árdfheis Shinn Féin - Tuairisc le Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Árdfheis Shinn Féin - Tuairisc le Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Comhdháil Chonradh na Gaeilge i nGaillimh.

Comhdháil Chonradh na Gaeilge i nGaillimh.

 
John Downing - Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent.

John Downing - Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent.

 
Load More...
Iris Aniar

Iris Aniar

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Rónán Beo

Rónán Beo

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

PléScéal

PléScéal

Barrscéalta

Barrscéalta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís