Nuacht an Tuaiscirt: Comhlacht feamainne

Nuacht an Tuaiscirt: Comhlacht feamainne

Comhlacht feamainne

D'fhógair an tAire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh tacaíocht do chomhlacht úr próiseála feamainne, Beo Bio Teoranta sna Dúnaibh.  Cruthófar 18 post sna 3 bliana amach romhainn sa chomhlacht úr Beidh an comhlacht ag táirgeadh táirgí feamainne don earnáil bia agus cógaisíochta. Tá infheistíocht de €200,000 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta   agus tá infheistíocht iomlán de €750,000 i gceist i mbunadh an ghnó seo. Inniu fosta d'fhógair an tAire Mc Hugh go bhfuil maoiniú de €2.5m a chur ar fáil le tonnchosc a thógáil ag céidh Mhachaire Rabhartaigh agus d'fhógair sé fosta go mbeidh maoiniú a chur ar fáil le bád farantóireachta úr nua a chur ar fáil do sheirbhís farantóireachta oileán Thoraí.

Gradam saoil

Bronnadh gradam saoil IMRO Hall of Fame ar Shéamus Mac Géidigh, iar bhainisteoir RTÉ Raidió Na Gaeltachta Thír Chonaill, i mBaile Átha Cliath inniu. Dúirt ceannaire gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha, go bhfuil an tseirbhís iontach mórtasach agus bródúil gur bronnadh an gradam seo ar Shéamus Mac Géidigh, a fuair bás to tobann i mí Iúil anuraidh.

Comharchumann Thoraí


Casfaidh Comharchumann Thoraí leis an Aire Stáit Gaeilge, Gaeltachta agus Oileáin, Joe Mc Hugh inniu le seirbhís farantóireachta an oileáin a phlé. Ghlac pobal Thoraí cinneadh ag cruinniú poiblí le gairid go gcuirfeadh siad in éadan an chonartha a bhronn Roinn na Gaeltachta ar chomhlacht Réalta na Maidne leis an tseirbhís farantóireachta a chur ar fáil. Dúradh ag an chruinniú go bhfuil imní faoi chaighdeán an bháid atá leis an tseirbhís a chur ar fáil ó Aibreán seo chugainn. Thug an tAire Stáit Mc Hugh le fios ag tús na seachtaine go bhfuil obair athchóirithe a dhéanamh ar an bhád faoi láthair le seirbhís feabhsaithe a chur ar fáil ó thaobh luais agus acmhainní lastais de go Oileán Thoraí. Dhéanfar plé ar an tseirbhís agus ar an chonradh úr cúig bliana atá bronnta ar Réalta na Maidne ag an chruinniú leis an Chomharchumann inniu.  

Údarás na Gaeltachta

Beidh cruinniú ag Bord Údarás na Gaeltachta ar Árainn Mhór inniu. Is é seo an chéad chruinniú boird ag an phríomh fheidhmeannach nua cheaptha, Micheál Ó hÉanaigh. Dhéanfaidh Comharchumann Árainn Mhór fáilte a chur roimh an bhord agus beidh cur síos a dhéanamh acu ar an obair atá ar bun acu ar an oileán. Beidh an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh i láthair ag cuid den chruinniú inniu.

Pleananna teanga

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh cheadú na chéad trí phlean teanga do limistéar pleanála teanga Chois Fharraige, Gaoth Dobhair agus íochtar na Rosann agus Chloich Cheann Fhaola. Seoladh na pleananna seo ag ócáid in Amharclann Ghaoth Dobhair aréir. Beidh €100,000 ar fáil don chéad bhliain le pleananna a chur i bhfeidhm. Deir an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh go bhfuil sé sásta gur leor an maoiniú €100,000 atá ar fáil dona trí ceann eagraíochtaí, agus gur féidir cur le sin amach anseo.

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá sé i gceist ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte síneadh breise eile a chur leis an ionad sealadach a tógadh ag Otharlann Leitir Ceanainn i ndiaidh na dtuilte in 2013. Tá cead a lorg seomra úr íomhá diagnóiseach a chur leis an struchtúr sealadach atá in úsáid ag an  rannóg x-ghathaithe. Tá cead a lorg fosta cur leis an chóras séarachais agus silteán, sa chuid sin den otharlann. Beidh gá cuid den charrchlós a dhruid fhad agus a bheas an obair thógála a dhéanamh má thugtar cead a dhul ar aghaidh leis an fhorbairt seo, ag Otharlann Leitir Ceanainn. 

Bealach na Mucaise

Tá achainí déanta ag an Chomhairleoir Contae Séamus Ó Domhnaill ar Chomhairle Contae Dhún na nGall níos mó leath taobhanna a chur ar fáil ar bhealach na Mucaise roimh dheireadh na bliana. Deir sé gur cuireadh tús le cuid den obair seo ar bhealach na Mucaise anuraidh, ach go bhfuil géar ghá le níos spásanna a beith ar thaobh an bhealaigh, le go mbeidh trácht ábalta gluaiseacht mar is ceart ar an bhealach. Faoi láthair, tá sé deacair ag busanna an bealach a úsáid mar nach bhfuil go leor áit daofa le tarraingt isteach agus trácht ag dul an treo eile, a dúirt an Comhairleoir Ó Domhnaill.

Cúntóirí Teanga


Beidh €24,300 níos lú a caitheamh ar Scéim na gCúntóirí Teanga i nDún na nGall i mbliana ná mar a d'fhógair an tAire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh ar an tseachtain s'chuaigh thart. D'fhógair an tAire McHugh gur allúntas €288,000 a bheadh ar fáil do Dhún na nGall faoin scéim. Tá soiléiriú déanta ag  oifig na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta  gur €263,700 a bhéas ar fáil do Muintearas Teoranta  do Dhún na nGall faoin scéim,  agus ní €288,000  mar a fógraíodh. 34 scoil i nGaeltacht Dhún na nGall a bheas ag fáil tacaíochta ón Roinn faoin scéim. Seo an allúntas céanna airgid a cuireadh ar fáil do Mhuintearas Teoranta anuraidh leis an scéim a reáchtáil.

Seirbhís Iompair

Seolfar Seirbhís Iompair Laethúil Poiblí i nGaoth Dobhair inniu. Beidh an tseirbhís bus seo dírithe ar an cheantar ón Fhál Carrach fhad leis an Chlochán Liath fríd Bhun a Leaca. Beidh an tseirbhís a cur ar fáil ag Local Link Thír Chonaill i gcomhair leis an Údarás Náisiúnta Iompair.  Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh gur acmhainn thábhachtach an tseirbhís seo le pobail a cheangal i  nDún na nGall. Tá seirbhísí dá mhacasamhail le fáil  cheanna féin  idir  An Clochán agus Leitir Ceanainn, Ailt a Chorráin agus Leitir Ceanainn chomh maith le  Gleann Cholmcille agus Baile Dhún na nGall, a dúirt sé. Thug sé le fios go ndéanfar ceithre sheirbhís úr eile a sheoladh níos moille i mbliana. 

Beo

Reacaireacht an Tráthnóna

Reacaireacht an Tráthnóna

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Ghealach Ghorm

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Saol ó Dheas 20 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 20 Iúil 2018

 
Eoin Corry, Travel Extra.

Eoin Corry, Travel Extra.

 
Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

 
Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg.

Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg.

 
Declan Kearney, cathaoirleach Shinn Féin.

Declan Kearney, cathaoirleach Shinn Féin.

 
Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Darach Ó Scolaí agus Liam Mac Amhlaigh faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge

Darach Ó Scolaí agus Liam Mac Amhlaigh faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge

 
Seán Ó Coinn ar na dúshláin roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge

Seán Ó Coinn ar na dúshláin roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge

 
Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

 
Conn Ó Muineacháin, Black Knight Solutions.

Conn Ó Muineacháin, Black Knight Solutions.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna.

Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna.

 
Caitríona Ní Chuinneagáin, Cóstaí Glana na nÉireann.

Caitríona Ní Chuinneagáin, Cóstaí Glana na nÉireann.

 
Daithí de Mórdha, Baile na nGall.

Daithí de Mórdha, Baile na nGall.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Joe McHugh TD, Príomhaoire an Rialtais.

Joe McHugh TD, Príomhaoire an Rialtais.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

An Saol ó Dheas 19 Iúil 2018

 
Pól Mac Donncha, Coiste Pobail Chéibh an tSrutháin.

Pól Mac Donncha, Coiste Pobail Chéibh an tSrutháin.

 
An Seanadóir Rónán Mullen.

An Seanadóir Rónán Mullen.

 
Frances Nic Geadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Geadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Mícheál  Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Toiréasa Ferris, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Toiréasa Ferris, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Seán Kelly, M.E.P.

Seán Kelly, M.E.P.

 
Áine Máire Nic Diarmada, iriseoir, Londain.

Áine Máire Nic Diarmada, iriseoir, Londain.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Load More...
PléScéal

PléScéal

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Barrscéalta

Barrscéalta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís