Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Otharlann Leitir Ceanainn

Ábhar mór imní é go bhfuil ardú suntasach ar liostaí feithimh in Otharlann Leitir Ceanainn áit a bhfuil ar othair fanacht tréimhsí fada le leaba a fháil le haghaidh coir leighis faoi leith, a deir an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.  Léiríonn figiúirí atá eisithe ag an chiste náisiúnta um cheannach cóireála go raibh 2,752 duine ar liostaí feithimh san otharlann áit a mbeadh orthu fanacht san otharlann i ndiaidh daofa an cóir leighis a fháil, sin ardú 12% ar mhí Eanáir.  Léirigh figiúirí le gairid go bhfuil ardú fosta in Otharlann Leitir Ceanainn ar na liostaí feithimh do dhaoine atá ag fanacht le coinní lae le haghaidh cóir leighis faoi leith san otharlann.  Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh gur léir ó na figiúirí seo nach bhfuil Otharlann Leitir Ceanainn in ann déileáil leis an éileamh atá ar sheirbhísí san otharlann.

Guy Verhofstadt

Cuirfear béim ar an tionchar a bheas ag imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach ar Dhún na nGall ag cruinniú a bheas ar siúl inniu le Cathaoirleach an ghrúpa parlaiminteach san Eoraip atá ag díriú ar an cheist seo.  Casfaidh Guy Verhofstadt, comhordaitheoir Aontas na hEorpa ar imeacht na Breataine le grúpaí éagsúla ar an teorann i nDún na nGall inniu le plé a dhéanamh ar na himní atá orthu.  Casfaidh sé le feirmeoir a bhfuil feirm aige ar an teorann le linn a chuairte inniu fosta.  Dúirt Vincent Roddy ó Chumann feirmeoirí Natura agus Cnoic na hÉireann go bhfuil sé tábhachtach ceist Dhún na nGall a chur os comhair Guy Verhofstadt inniu agus a chur ina luí air na míbhuntáistí a bhainfeadh le teorann cruaidh.

Creimeadh cósta

Beidh cruinniú poiblí i Machaire Rabhartaigh gan mhoill le plé a dhéanamh ar chreimeadh cósta sa cheantar ó Mhachaire Rabhartaigh go dtí'n Fál Carrach.  Dúirt an Comhairleoir Contae Séamus Ó Domhnaill go bhfuil scrúdú a dhéanamh ag an Chomhairle Contae ar na tuairiscí agus ar na staidéir ar fad a rinneadh, ar chreimeadh cósta sa cheantar sin.  Caithfear a chinntiú go mbeidh ionchur ag pobal na háite agus daoine a bhaineann úsáid as céidh Mhachaire Rabhartaigh in cibé plean oibre a bheas ann le déileáil le creimeadh cósta agus an t-éileamh go mbeadh tonnchosc ag céidh Mhachaire Rabhartaigh, a dúirt an Comhairleoir Ó Domhnaill.  Tá achainí déanta aige ar Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh maoiniú a chur ar fáil le tabhairt faoin fhadhb le creimeadh cósta agus an gá atá le tonnchosc ag céidh Mhachaire Rabhartaigh.

Leathanbhanda

Beidh suas le 1,400 teach i nGaoth Dobhair a cheangal le leathanbhanda sna seachtainí amach romhainn, áit a mbeidh an snáithín ag dul díreach go dtí an teach.  Dúirt urlabhraí ó Eir le Nuacht an Tuaiscirt inné go mbeidh luas os cionn 100 megaghiotán ar fáil ag custaiméirí nuair a dhéanfar an nasc le malartán An Bhun Bhig.  Sheán an t-urlabhraí go mbeidh moill an tseirbhís a chur ar fáil in ainneoin go bhfuil comhlachtaí cumarsáide ar nós Vodafone, Sky agus BT ag diúltú úsáid a bhaint as an infrastruchtúr atá a sholáthar ag an chomhlacht Eir.  Dúradh go mbeidh pacáistí iomaíocha a thairiscint acu dá gcustaiméirí sna seachtainí amach romhainn.  Deir Eir go bhfuil súil acu go mbeidh fáil ag 75,000 custaiméir i nDún na nGall ar leathanbhanda ard luais nuair a bheas obair uasghrádaithe críochnaithe acu ag deireadh na bliana seo chugainn.

Timpiste bus

Tugadh moladh mór ag cruinniú de Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall an tseachtain seo d'fhoirne ó scoileanna Deele agus Royal and Prior i Rath Bhotha faoin dóigh ar láimhseáladh an  taisme bóthar a tharla maidin Déardaoin is a chuaigh thart.  Tharla taisme idir Bus Scoile, ina raibh 20 dalta, agus veain agus b'éigean deichniúr a thabhairt chun na hOtharlainne. Dúirt Stiúrthóir Scoileanna an Bhoird, An Dochtúir Martin Gormley, gur cuireadh plean éigeandála i bhfeidhm sna scoileanna,  gur cuireadh  tacaíocht agus treoir ar fáil do dhaltaí agus do thuismitheoirí agus gur lean na scoileanna an próiseas ceart atá leagtha síos nuair a tharlaíonn cás dá mhacasamhail.
 

Beo

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nuacht a hAon

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Dr Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan

Dr Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan

 
Pacáiste - Gaillimh 2020

Pacáiste - Gaillimh 2020

 
Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlín, An Ghearmáin

Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlín, An Ghearmáin

 
Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ RnaG

Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ RnaG

 
Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin

Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin

 
Albert Doherty, Comhairleoir Condae

Albert Doherty, Comhairleoir Condae

 
Mícheal Ó Leidhin – Eagraí Polaitíochta, RTÉ RnaG

Mícheal Ó Leidhin – Eagraí Polaitíochta, RTÉ RnaG

 
Tuairisc Spóirt

Tuairisc Spóirt

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt

Príomhscéalta an Tuaiscirt

 
Príomhscéalta an Deiscirt

Príomhscéalta an Deiscirt

 
Príomhscéalta an Iarthair

Príomhscéalta an Iarthair

 
Na Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

Na Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Diarmuid Ó Beaglaioch - Pip na Máirte.

Diarmuid Ó Beaglaioch - Pip na Máirte.

 
Phil agus Páid Ó Gairbhí.

Phil agus Páid Ó Gairbhí.

 
Marie Uí Ghrífín.

Marie Uí Ghrífín.

 
Micheál de Liostún, 50 bliain ina shagart.

Micheál de Liostún, 50 bliain ina shagart.

 
Déaglán Ó Murchú.

Déaglán Ó Murchú.

 
An Saol ó Dheas: Dé Máirt 19 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 19 Meitheamh 2018.

 
Bríd Hynes ar bhás Shiobhán, a hiníon

Bríd Hynes ar bhás Shiobhán, a hiníon

 
Pacáiste Ráth Cairn - Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Pacáiste Ráth Cairn - Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

 
Shaunie Ó Baoill - Ball den Choiste Náisiúnta - Cumann Feiliméirí Cnoc agus Natura na hÉireann, Tír Chonaill.

Shaunie Ó Baoill - Ball den Choiste Náisiúnta - Cumann Feiliméirí Cnoc agus Natura na hÉireann, Tír Chonaill.

 
Catherine Conolly, T.D. - Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

Catherine Conolly, T.D. - Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

 
Micheál Ó Leidhin - Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin - Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Eoghan Corry - Eagarthóir na hirise 'Travel Extra'

Eoghan Corry - Eagarthóir na hirise 'Travel Extra'

 
Toiréasa Ní Fhearaíosa, Comhairleoir Condae.

Toiréasa Ní Fhearaíosa, Comhairleoir Condae.

 
Micheál Mac Donncha - Árdmhéara Bhaile Átha Cliath.

Micheál Mac Donncha - Árdmhéara Bhaile Átha Cliath.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Na Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Na Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Andy Ó Scanaill, Honda 50 i gCorca Dhuibhne.

Andy Ó Scanaill, Honda 50 i gCorca Dhuibhne.

 
Bríd Úna Ní Mhaoileoin,Séamus de Londra;Gaelscoil Charraig Uí Leighin

Bríd Úna Ní Mhaoileoin,Séamus de Londra;Gaelscoil Charraig Uí Leighin

 
Derry Ó Murchú, Taispeántas Talmhaíochta Chiarraí Thiar.

Derry Ó Murchú, Taispeántas Talmhaíochta Chiarraí Thiar.

 
Micheál Ó Muircheartaigh, Cluichí CLG.

Micheál Ó Muircheartaigh, Cluichí CLG.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 18 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 18 Meitheamh 2018.

 
John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairleoir Condae.

John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairleoir Condae.

 
Breandán Mac Gearailt.

Breandán Mac Gearailt.

 
Tomás Mac Pháidín - Stiúrthóir Scoileanna - Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe/Ros Comáin.

Tomás Mac Pháidín - Stiúrthóir Scoileanna - Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe/Ros Comáin.

 
Árdfheis Shinn Féin - Tuairisc le Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Árdfheis Shinn Féin - Tuairisc le Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Comhdháil Chonradh na Gaeilge i nGaillimh.

Comhdháil Chonradh na Gaeilge i nGaillimh.

 
John Downing - Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent.

John Downing - Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Rónán Beo

Rónán Beo

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

PléScéal

PléScéal

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Barrscéalta

Barrscéalta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís