Nuacht an Tuaiscirt:1,200 iarratas faoi scéim LIS

Nuacht an Tuaiscirt:1,200 iarratas faoi scéim LIS

1,200 iarratas faoi scéim LIS

Dheimhnigh Comhairle Contae Dhún na nGall inniu gur 1,200 iarratas a rinneadh i nDún na nGall faoi scéim feabhsúcháin bóithre LIS.

Chuir an Chomhairle Contae iarratais ar aghaidh chuig an Roinn Tuaithe agus Forbairt Pobail.

Deir an Chomhairle go meastar go mbeidh fógra á dhéanamh ag an Roinn faoi cheann roinnt seachtainí maidir le maoiniú do scéim LIS.

Cuireadh liosta sealadach de 925 iarratas chuig an Roinn.

Beidh roinnt iarratas eile á gcur ar aghaidh faoi cheann roinnt seachainí.

Más rud é go mbeidh maoiniú ar fáil faoin scéim, beidh liosta tosaíochta de thograí á chur le chéile ag an Chomhairle Contae.

Dheimhnigh an Chomhairle Contae go mbeidh comhfhreagras á chur chuig achan duine a rinne iarratas faoi cheann roinnt seachtainí, lena gcur ar an eolas faoi sheasamh an iarratais.

Fiosrúchán an Bhinse um Nochtaithe bainteach le Co.Dhún na nGall

Tá fianaise á tabhairt ag an Bhinse um Nochtaithe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu, agus é ag fiosrú faoin teagmháil a bhí idir na gardaí agus an eagraíocht TUSLA i gcás an Gharda Keith Harrison as Dún na nGall.

Dúradh ag an Bhinse inniu, gur amharc an Garda Keith Harrison, atá lonnaithe anois i Stáisiún Gardaí Bhaile Dhún na nGall,  ar shonraí a pháirtí, ar an chóras Pulse, thart fá 30 iarraidh, mar gur shíl sé go raibh na Gardaí ag coinneáil súil orthu beirt.

Cuireadh smachtbhannaí air in 2012 mar nach raibh réasún bailí aige le bheith ag coinneáil súil ar shonraí a pháirtí, idir 2007 agus 2012.

Iarratais phleanála i nDún na nGall

Ceadaíodh 263 iarratas pleanála i nDún na nGall sa dara ráithe den bhliain seo, de réir an eolais atá eisithe inniu ag an Lár Oifig Staidrimh.

Ceadaíodh 189 iarratas an tréimhse chéanna anuraidh, rud a fhágann méadú de 29% ar na hiarratais a rinneadh sa chontae le bliain.

Ceadaíodh 90 iarratas pleanála do thithe cónaithe úra sa chontae idir Aibreán agus Meitheamh i mbliana.

Fear as Bealach Féich i mbun stailc ocrais taobh amuigh den Dáil

Tá Tim Jackson as Bealach Féich, a bhí mar iarrthóir neamhspleách san Olltoghchán deireanach, i mbun stailc ocrais taobh amuigh den Dáil.

Tá sé ag iarraidh ar an Taoiseach agus ar Choiste Oireachtais ar Ginmhilleadh físeán a choimeád ar chúrsaí ginmhillte ag a gcruinniú sula ndéanfaidh siad tuilleadh plé ar ghinmhilledh.

Maoiniú do 4 thogra sa chontae

Chuir an tAire Stáit Joe McHugh fáilte roimh mhaoiniú de €468,000 faoi chiste Leader a cheadaigh an tAire Michael Ring inniu do 4 thogra i nDún na nGall.

Ceadaíodh €150,000 do choiste Halla Mhóin Riach sna Carraigíní, €118,00 do Chomhlacht Oidhreachta, Tráchtála agus Turasóireachta Leifear, €100,000 do Mardal Hill Teoranta i mBaile an tSratha agus €100,000 do Fhorbairt Pobail Bhun Dobhráin Teoranta.

Gadaíocht i Leitir Ceanainn

Tharla eachra gadaíochta ag siopa agus ionad breosla ar imeall Leitir Ceanainn luath ar maidin inniu.

Briseadh isteach i siopa Kernans ag an Mhuileann Nua ar imeall bhaile Leitir Ceanainn go luath ar maidin.

Tuigtear gur dearnadh iarracht an taisceadán agus an inneall ATM san fhoirgneamh, a thógáil ar shiúl.

Tairiscintí do thogra bhealach an N56 ag Tamhnach an tSalainn

Chuir an Leas-Cheann Comhairle, An Teachta Dála Pat 'the Cope' Ó Gallchóir fáilte roimh fhógra Bhonneagair Iompair Éireann go bhfuil tairiscintí á lorg anois do thogra €15m bhealach an N56 ag Tamhnach an tSalainn.

Sa chonradh seo beidh pleananna le dearadh a dhéanamh ar phíosa úr bealaigh 2.75km.

Deir an Teachta Ó Gallchóir go mbeidh conraitheoir á cheapadh le tús a chur leis an obair gan mhoill i ndiaidh na dtairiscintí a bheith faighte ar ais.

Dúirt sé go gcuirfidh an togra bóthair seo go mór le cúrsaí iompair i ndeisceart na contae, agus do phort na gCealla Beaga go háirithe.

Seirbhís farantóireachta ar fáil idir oileán Thoraigh agus Machaire Rabhartaigh

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh go mbeidh bád farantóireachta athchóirithe de chuid an chomhlachta Réalt na Maidne Tta ag cur seirbhís farantóireachta ar fáil idir oileán Thoraigh agus Machaire Rabhartaigh ó mhí Aibreán na bliana seo chugainn ar aghaidh.

'Tá obair athchóirithe á déanamh ar an bhád faoi láthair le seirbhís feabhsaithe a chur ar fáil ó thaobh luais agus acmhainní lastais de', a deir an tAire Stáit Mc Hugh.

Thug sé le fios fosta go mbeidh an tseirbhís úr farantóireachta ag cur 4 sheoladh faoi leith ar fáil ar bhonn bliantúil le bruscar a thógáil ón oileán.

Polasaí an Chomhairle Contae i dtaca le cuairteanna suímh cáinte ag comhairleoir contae

'Ní thig seirbhís éifeachtach pleanála a sholáthar gan cuairteanna suímh a bheith ar fáil don phobal', a dúirt an Comhairleoir Contae Éanna Ó Cnáimhsí.

Cháin sé an polasaí reatha atá ag Comhairle Contae Dhún na nGall gan cuairteanna suíomh a chur ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh tithe aonaracha a thógáil.

'Rinneadh dul chun cinn mór maidir leis an tseirbhís atá á chur ar fáil ag an Rannóg Pleanála i gceantar bardais  na nGleanntach', a dúirt an Comhairleoir Ó Cnáimhsí, ach níl sé sásta nach bhfuil fáil ag an phobal ar chuairteanna suímh.

Gradam Diaspora na hÉireann Tip O Neill 2017

Fógrófar Gradam Diaspora na hÉireann Tip O Neill 2017 tráthnóna inniu.

Bronnfar an gradam ar dhuine a bhfuil cuid mhór oibre déanta aige nó aici do Diaspora na hÉireann.

Bronnadh an gradam ar an chraoltóir Chris Matthews anuraidh.

Dhéanfar an gradam a fhógairt i gceannáras na Comhairle Contae i Leifear ar a 5.00 a chlog tráthnóna inniu.

Togra turasóireachta Theach Solais Árainn Mhór

Cuirfidh Comhlacht McMullen as Baile Dhún na nGall tús go luath le staidéar féidireachta ar thogra turasóireachta Theach Solais Árainn Mhór.

Tá an staidéar á dhéanamh faoi Chlár 'Flag' do Bhord Iascaigh Mhara.

Dhéanfar staidéar ar líon na ndaoine a thugann cuairt ar an oileán agus ar na buntáistí eacnamaíochta a bheadh i gceist dá ndéanfaí an Teach Solais a oscailt don phobal.

Dúirt bainisteoir  Chomharchumann  Oileán Árainn Mhór, Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh gur mhaith léi go mbeadh an teach solais  faoi  Choimisinéirí na dTithe  Solais,  mar go ndéanann siad margaíocht agus brandáil ar thithe solais ar fud na tíre.

Táthar ag súil go mbeidh an staidéar féidireachta réidh ag deireadh na míosa seo chugainn.

An Ghlúineach Bhiorach

Beidh foireann oibre á cur ar fáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall le ceimicí a chur ar an phlanda neamh dhúchasch an Ghlúineach Bhiorach, ar thaobhanna na mbóithre i gceantar bardais na nGleantach go ceann roinnt seachtainí.

Dúirt an t-innealtóir bóithre, Breandán Mac Pháidín go bhfuil suíomhanna aitheanta ag an Chomhairle le nimh a chur ar an phlanda seo.

Dúirt an Comhairleoir Contae, Marie Therese Ní Ghallchóir, gur dearnadh obair mhaith i gceantar an Chlocháin Léith le tamall, ag cur nimh ar an ghlúineach bhiorach sa cheantar sin.

Thréaslaigh sí le Coiste Bhailte Slachtmhara an Chlocháin Léith a bhí ag obair i gcomhair leis an Chomhairle Contae ar an togra sin ar an Chlochán Liath.

Beo

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nuacht a hAon

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol o Dheas: Dé hAoine 15 Meitheamh 2018.

An Saol o Dheas: Dé hAoine 15 Meitheamh 2018.

 
Ciarán Hoare, Cartlannaí Leabharlann James Hardiman.

Ciarán Hoare, Cartlannaí Leabharlann James Hardiman.

 
Mícheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Dr. Attracta O’ Halpin, Cláraitheoir, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Dr. Attracta O’ Halpin, Cláraitheoir, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

 
Máire Uí Mhaoláin, Bainisteoir Comhar Chaomháin, Inis Oírr.

Máire Uí Mhaoláin, Bainisteoir Comhar Chaomháin, Inis Oírr.

 
Mícheál S. Mac Donncha, Cathaoirleach nua Bord RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál S. Mac Donncha, Cathaoirleach nua Bord RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Mícheal Ó Gliasáin, Comhairleoir Condae, Cill Áirne.

Mícheal Ó Gliasáin, Comhairleoir Condae, Cill Áirne.

 
Aoife Ní Mhurchú, altra le Médicins Sans Frontieres.

Aoife Ní Mhurchú, altra le Médicins Sans Frontieres.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Muireann Nic Giolla Ruaidh.

Muireann Nic Giolla Ruaidh.

 
Caitlín Ní Mhuircheartaigh,Ben Ó Loingse, Cathy Uí Chorduibh, Beitsí Ní Shuibhne, Micheál Ó Ceallacháin, Mícheál Ó Sé agus Áine Uí Bheoláin.

Caitlín Ní Mhuircheartaigh,Ben Ó Loingse, Cathy Uí Chorduibh, Beitsí Ní Shuibhne, Micheál Ó Ceallacháin, Mícheál Ó Sé agus Áine Uí Bheoláin.

 
Diarmaid Ó Ceallaigh, Anála Inis Faithleann.

Diarmaid Ó Ceallaigh, Anála Inis Faithleann.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 14 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 14 Meitheamh 2018.

 
Peadar Tóibín, T.D. Sinn Féin.

Peadar Tóibín, T.D. Sinn Féin.

 
Conall Ó Cíobháin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Conall Ó Cíobháin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Lochlainn Ó Tuairisg, An Crann Taca/ITT Indreabhán.

Lochlainn Ó Tuairisg, An Crann Taca/ITT Indreabhán.

 
Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle-upon-Tyne.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle-upon-Tyne.

 
Ger Canning, tráchtaire spóirt, RTÉ.

Ger Canning, tráchtaire spóirt, RTÉ.

 
Cathal Mac Suibhne, Innealtóir Mara, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Cathal Mac Suibhne, Innealtóir Mara, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Cian Molloy, tráchtaire, cúrsaí eaglasta.

Cian Molloy, tráchtaire, cúrsaí eaglasta.

 
An Tuairisc  Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Áine Moynihan.

Áine Moynihan.

 
Tomás Rua Ó Cadhla.

Tomás Rua Ó Cadhla.

 
Máire Ní Chinnéide.

Máire Ní Chinnéide.

 
Seáinín Mac Eoin, Féile an Phráta.

Seáinín Mac Eoin, Féile an Phráta.

 
Peigí Uí Mhathúna.

Peigí Uí Mhathúna.

 
An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 13 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 13 Meitheamh 2018.

 
Joe Mag Raollaigh, RTÉ.

Joe Mag Raollaigh, RTÉ.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Barrscéalta

Barrscéalta

Rónán Beo

Rónán Beo

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

PléScéal

PléScéal

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís