Nuacht an Tuaiscirt: Loiceann Ospidéal Leitir Ceanainn ar phobal

Nuacht an Tuaiscirt: Loiceann Ospidéal Leitir Ceanainn ar phobal

Ospideal Leitir Ceanainn lochtach i leith coinníollacha sláinte

Níor comhlíonadh na coinníollacha uilig maidir le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta de in Aonad Síciatrach Otharlann Naomh Conaill i Leitir Ceanainn, de réir tuairisce atá foilsithe.  

Tá 20 réimse éagsúil luaite sa tuairisc áit nach rabhthar ag cloí leis na coinníollacha atá leagtha bhí réimse amháin ag an leibhéil criticiúil agus ocht réimse eile ag ard leibhéil.

 Rinneadh an scrúdú, gan choinne, ar an aonad ag deireadh mí an Mheithimh.  Bhí ceisteanna móra sa tuairisc maidir le cur i bhfeidhm Pleananna Cúram Aonaracha d'othair.  

Dúradh sa tuairisc fosta nach raibh an traenáil cheart déanta ag an fhoireann i réimsí éagsúla, ina measc, sábháilteacht tine agus buntacaíocht beatha.  

Tá tréimhse ama leagtha síos anois le deis a thabhairt don aonad na hathruithe atá molta a chur i bhfeidhm.

Scéim na gCúntóirí Teanga níos tábhachtaí anois ná riamh - Aire McHugh

Deir an tAire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh go bhfuil scéim na gcúntóirí teanga níos tábhachtaí anois ná riamh mar gheall ar an pholasaí oideachais úr atá a chur i bhfeidhm sna Gaeltachtaí chomh maith leis an phróiseas pleanála teanga atá a chur i bhfeidhm.  

D'fhógair an tAire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh allúntas €288,000 do Dhún na nGall faoi scéim na gcúntóirí teanga tráthnóna inné.  

34 scoil i nGaeltacht Dhún na nGall a bheas ag fáil tacaíocht ón Roinn faoin scéim.  

Seo an t-allúntas céanna airgid a cuireadh ar fáil do Mhuintearas Teoranta anuraidh leis an scéim a reáchtáil thar ceann na Roinne agus beidh siad ag riarú na scéime arís i mbliana.

Buntáistí Shlí an Atlantaigh Fhiáin

Dúirt úinéir gnó as Dun Fionnachaidh, Nóirín Devine, go raibh séasúr thar a bheith maith ag lucht gnó an bhaile i mbliana agus go bhfuil Slí an Atlantaigh Fhiáin ag cuidiú go mór le cúrsaí turasóireachta ar an bhaile.

Dúirt sí nach bhfuil luach íseal an sterling ag cur isteach orthu go fóill ach go bhfuil imní i gcónaí nuair a fhágfas an Bhreatain Aontas na hEorpa.  

Dúirt sí go bhfuil Coiste Turasóireachta láidir ar an bhaile agus go bhfuil se tábhachtach imeachtaí a reáchtáil i rith na bliana agus gan a bheith ag brath ar shéasúr an tSamhraidh amháin.  

Beidh Féile mór Snag Cheoil agus Gormacha ar siúl an deireadh seachtaine seo agus táthar ag dréim leis na mílte freastal ar an ócáid.  

Dúirt Nóirín Devine ar Bharrscéalta inniu go bhfuil easpa loistín agus easpa páirceála ina fhadhb mhór ar na bhaile i gcónaí.

Dearadh ar chosán an Eargail le cur ar tairiscint an mhí seo chugainn

Beidh tairiscintí á lorg ar an mhí seo chugainn le dearadh a dhéanamh ar chosán siúil ag bun an Earagail.

Dúirt Cathal Mac Suibhne ó Rannóg Fiontair agus Pobail na Comhairle Contae, go mbeidh an Chomhairle ag obair leis na páirtithe ábhartha ar fad agus an plean seo a chur le chéile.  

Thug sé le fios go bhfuil scrúdú déanta ar mar a cuireadh cosáin siúil ar shléibhte eile, i Maigh Eo agus in áiteanna eile.  

Maidir leis na seirbhísí tánaisteacha a bheadh a gcur san áireamh faoin togra seo, mhol an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallachóir go gcuirfidh na seirbhísí seo ar fáil i nDún Lúiche seachas ag carrchlós bhun an Earagail. 

Comhoibriú á lorg ag Mac Giolla Easpaig

Caithfidh an pobal agus Comhairleoirí Contae comhoibriú lena chéile le feabhas a chur ar an bpríomh bhealach go Rann na Feirste, a deir an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.  

Tá daoine áirithe agus ionadaithe poiblí áirithe i mbun cleasaíochta faoi cheist an bhealaigh seo le tamall, a deir sé, agus is é toil an phobail go háitiúil, ná go gcuirfear bail ar an bhealach gan mórán moille.  

Deir an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil sé dóchasach go mbeidh airgead ar fáil am éigin le leath taobhanna a chur ar an bhealach go Rann na Feirste.

Oibreacha an N56

Beidh conradh á bhronnadh ar chonraitheoir le tabhairt faoin chéad chéim eile ar thogra bóthair an N56 ón Chlochán Liath go dtí na Gleanntaí roimh dheireadh na míosa seo.  

Táthar ag dréim go mbeidh tús a chur leis an chéad chéim eile den obair, idir Cill Chainnigh agus Leitir Uiligh, roimh dheireadh na bliana seo.  

Lena chois sin, beidh tairiscintí a lorg níos moille an mhí seo le dearadh a dhéanamh ar an phíosa bealaigh ó Leitir Uiligh fhad le Cill Riain sna Gleanntaí, agus meastar go mbronnfar an conradh leis an dearadh a dhéanamh ag Samhain.  

Dúirt an Comhairleoir Contae Éanna Ó Cnáimhsí gur seo an togra bóthair is mó le blianta fada sa chontae, agus go bhfuil obair mhaith déanta ar an togra go dtí seo.

Glantachán tránna

Tá mórfheachtas glantacháin ar thránna ar siúl ar chósta Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo.  

Le linn an fheachtais seo anuraidh, tógadh bruscar ó scór tráigh sa chontae.  Ócáid idirnáisiúnta atá san ócáid seo, agus anuraidh ghlac leath mhilliún duine páirt i bhfeachtais glantacháin in 112 tír ar fud an domhain.

D'iarr Oifigeach Cósta Chomhairle Contae Dhún na nGall, David Friel ar an phobal i nDún na nGall a bheith páirteach  san fheachtas ag an deireadh seachtaine.  

Dúirt sé go bhfuil go leor bruscair agus smionagair ar thráigheanna Inis Eoghain faoi láthair, de bharr an damáiste a rinne tuilte sa cheantar sin ar a mhí s'chuaigh thart.
 

Beo

Scoth na hAoine

Scoth na hAoine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthiar.

Nuacht an Iarthiar.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 22ú Meitheamh 2018

An Saol ó Dheas 22ú Meitheamh 2018

 
Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Curran

Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Curran

 
An t-Aire stáit Gaeltachta Joe McHugh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

An t-Aire stáit Gaeltachta Joe McHugh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

 
Betty Mc Laughlin, Institiúid na Múinteoirí Comhairleacha.

Betty Mc Laughlin, Institiúid na Múinteoirí Comhairleacha.

 
Tom Ó Muirí, Pobal na Teorann in Éadan an Bhreatimeachta.

Tom Ó Muirí, Pobal na Teorann in Éadan an Bhreatimeachta.

 
Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Áine Moynihan agus Simon Ó Faoláin.

Áine Moynihan agus Simon Ó Faoláin.

 
Tomás Ó Curraoin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Tomás Ó Curraoin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Aidan Fitzmaurice, Herald.ie.

Aidan Fitzmaurice, Herald.ie.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtáin.

Príomhscéalta na Nuachtáin.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 21 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 21 Meitheamh 2018.

 
Caitríona Hastings

Caitríona Hastings

 
Conall Ó Mórain, saineolaí airgeadais.

Conall Ó Mórain, saineolaí airgeadais.

 
Cathal Ó Conchúir, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Cathal Ó Conchúir, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 
Carmel Nic Airt, Island to Island.

Carmel Nic Airt, Island to Island.

 
Dáithí Mac Roibeard, Craobh an Earagail, Cumann Bunmhúinteoirí Éireann.

Dáithí Mac Roibeard, Craobh an Earagail, Cumann Bunmhúinteoirí Éireann.

 
Séamus Ó Drisceoil, bainisteoir, bád farantóireachta Oileán Chléire.

Séamus Ó Drisceoil, bainisteoir, bád farantóireachta Oileán Chléire.

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc  Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtáin.

Príomhscéalta na Nuachtáin.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Plean Teanga Liospóil

Plean Teanga Liospóil

 
Karen Trench;Fleadh Cheoil Chiarrai.

Karen Trench;Fleadh Cheoil Chiarrai.

 
Siúlóid cuimhneacháin Tom Crean;Marian Ní Chinnéide

Siúlóid cuimhneacháin Tom Crean;Marian Ní Chinnéide

 
Oscailt Oifigiúil Halla i nDún Chíomháin

Oscailt Oifigiúil Halla i nDún Chíomháin

 
An Saol ó Dheas 20ú Meitheamh 2018

An Saol ó Dheas 20ú Meitheamh 2018

 
Léirmheas ar Asking for it le Gerry Motherway

Léirmheas ar Asking for it le Gerry Motherway

 
Dr. Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan.

Dr. Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan.

 
Pacáiste - Gaillimh 2020.

Pacáiste - Gaillimh 2020.

 
Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlin, An Ghearmáin.

Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlin, An Ghearmáin.

 
Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Barrscéalta

Barrscéalta

PléScéal

PléScéal

Iris Aniar

Iris Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Rónán Beo

Rónán Beo

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís