Nuacht an Tuaiscirt: Tumoideachas

Nuacht an Tuaiscirt: Tumoideachas

Tumoideachas

Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, go bhfuil tréimhse pleanála i gceist maidir le polasaí tum oideachais a chur i bhfeidhm i scoltacha.  Dúirt sí nach bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ag súil le scoltacha, an polasaí tumoideachais iomlán a cur ar bun anois, muna raibh leithéidí déanta sa scoile cheana féin.  Polasaí 5 bliana ata i gceist agus beidh tacaíocht a chur ar fáil daofa, a dúirt sí.  Léirigh múinteoirí i nDún na nGall imní faoin laghad tacaíochta atá a chur ar fáil maidir leis an phlean, agus thug siad le fios go raibh siad den tuairim go mbeadh an tacaíocht ar fáil daofa ag tús na scoil bhliana.  Dúirt Brídín Mhic Uiginn, Príomhoide Scoil Dhoibhleann Riach i gCarraig Airt go bhfuil sé deacair an polasaí a chur i bhfeidhm nuair ata cúpla rang sa tseomra amháin.  Ach chinntigh Muireann Ní Mhóráin ar Adhmhaidin inniu go mbeadh an tacaíocht ar fáil ó seo go ceann 5 bliana.

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá brú ar aonad timpiste agus éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn inniu áit a bhfuil othar is fiche ar thralaithe agus iad ag fanacht ar leapacha.  Iarrtar ar dhaoine gan cuairt a thabhairt ar an aonad timpiste agus éigeandála muna bhfuil géarghá leis. 

Sinn Féin

Beidh Sinn Féin ag cur tús le camchuairt ar Ghaeltachtaí na tíre le turas go Gaoth Dobhair amárach.  Beidh na Teachtaí Piaras Ó Dochartaigh, agus Peadar Tóibín agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ar an chamchuairt agus iad ag iarraidh cluinstin cad é atá de dhíth ar phobal na Gaeltachta don Ghaeilge, do chúrsaí fostaíochta agus infrastructúr.  Beidh an páirtí ag cástáil le gníomhaithe pobail agus teanga le polasaithe Shinn Féin i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a leasú agus a athnuachan.

Bia Natasha

Beidh táirgí ó Chomhlacht Bia Natasha atá lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair le fáil i Siopaí  Lidl ón lá inniu.  Tá 154 siopa ag Lidl ar fud na tíre.  Tá seisear ag obair sa chomhlacht Bia Natasha faoi láthair agus tairgíonn an Comhlacht sneaiceanna sláintiúla le comhábhair déanta as torthaí, glasraí, cnóanna, síolta agus grán.
 

Díol tithe


Tháinig laghdú ar líon na dtithe a díoladh i nDún na nGall sa chéad sé mhí den bhliain seo, de réir figiúirí atá eisithe ag MyHome.ie.  568 teach a díoladh sa chontae sa chéad sé mhí den bhliain, sin titim 14.5%.  Bhí ardú ar an méid airgid a caitheamh ar thithe ar fud na tíre ach amháin i nDún na nGall agus i gContae an Chabháin.  Bhí laghdú 19% ar an méid airgid a caitheamh ar thithe sa chontae seo, de réir na bhfigiúirí atá eisithe....

Teorainn chrua

Dúirt Martin Boyle a bhfuil Comhlacht Iompair aige i nGaoth Dobhair go gcuirfeadh teorainn chrua isteach go mór ar a ghnó.  Dúirt sé go dtéann 20 leoraí trasna na teorann achan lá agus go mbeadh siad buailte go holc dá gcaithfeadh siad a ghabhail fríd custaim agus iad ag gabhail isteach agus amach as na 6 Chontae.  Dúirt Martin Boyle gur cuimhin leis nuair a bhí teorainn cuaidh ar an teorann agus go mbíodh leoraithe sainithe ag custaim i nDún Dealgáin ar feadh roinnt laetha agus nár mhaith leis go dtarlódh seo arís.  Bíonn cruinnithe ag Cumann Tarlú Bóthair na hÉireann leis an Rialtas go rialta ach go dtí seo níl cinnteacht ar bith faoi caidé a tharlochas nuair a fhágfas an Bhreatain Aontas na hEorpa, a dúirt sé.  Cibé a tharlochas, dúirt Martin Boyle go gcaithfear a chinntiú nach mbeidh teorainn cruaidh i bhfeidhm....

Údarás na Gaeltachta

Tá sé socraithe ag Údarás na Gaeltachta cruinniú a reáchtáil i nDún na nGall ar an mhí seo chugainn le ceist na Breataine ag fágáil Aontas na hEorpa a phlé.  Is cruinniú do réigiún an tuaiscirt a bheas ann agus meastar go mbeidh sé ar siúl i nGaoth Dobhair.  Beidh cainteoirí éagsúla i láthair chun léargas a thabhairt do na comhlachtaí ar na tacaíochtaí atá ar fáil ó Údarás na Gaeltachta.  Táthar ag súil go mbeidh saineolaithe i láthair a bhearfas eolas ar    chúrsaí easpórtála chomh maith le comhairle maidir le cúrsaí airgeadais agus fáil a bheith ar airgead do ghnónna ag amanna corraitheacha.  Dúirt Údarás na Gaeltachta go spreagfar comhlachtaí le measúnú a dhéanamh ar cé chomh hullmhaithe agus atá an comhlacht nuair a fhágfas an Bhreatain Aontas na hEorpa maidir le réimsí Straitéis Ghnó, Oibríochtaí, Nuálaíocht, Díolachán & Margaíocht, Airgeadas agus Bainistiú Daoine.

Ionad Éigeandála um Éigniú

Tugadh le fios ag Cruinniú Cinn Bhliana Ionad Éigeandála um Éigniú i nDún na nGall gur tugadh tacaíocht do 212 duine anuraidh, 80 acu sin a bhí ina gcliaint úra agus 132 ar tugadh tacaíocht daofa roimhe.  Dúradh ag an chruinniú gur bhain 1,317 duine úsáid as an líne cabhrach anuraidh.  Tá 5 Ionad ag an Chumann sa Chontae, i Leitir Ceanainn áit a bhfuil an príomh oifig chomh maith le ionad ar an Bhun Bheag, i mBaile Dhún na nGall, i Leifear agus i mBun Cránacha.  Tá foireann de sheisear ag obair go páirt aimseartha ag an Chumann agus dúshláin mhóra rompu agus deir an cumann go bhfuil éileamh mór ar uaireanta breise agus gá airgead a bhailiú le huaireanta breise a cheadú do Chomhairleoirí.  Cuireadh stop leis an chlár scoile a bhí a reáchtáil acu mar gheall ar chiorraithe.

Oideachas ar oileáin

Tá gá le tacaíocht Rialtais ar leith do bhunscoltacha ar oileáin, agus bunscoileanna tuaithe agus Gaeltachta, a dúirt Uachtarán Chumann Múinteoirí Éireann, Seán Ó Baoill as Mullach Dubh.  Rinne sé a chuid cainte ag deireadh seachtaine comórtha Pheadar O'Donnell ar Árainn Mhór.  Dúirt Seán Ó Baoill go bhfuil dosaen bunscoileanna ar 10 gcinn d'oileáin amach ó chósta na tíre, le huasmhéid de dhá mhúinteoir i ngach scoil agus go gcaithfear traenáil ar leith a thabhairt do Bhoird Bainistíochta scoileanna ar oileáin, mar go mbíonn dúshláin ar leith acu.  Tá ocht gcinn de na scoileanna oileáin suite sa Ghaeltacht, trí cinn acu sin in Árainn Mhór agus ar Oileán Thoraigh agus ceapann Cumann Múinteoirí Éireann gur cheart figiúirí ceapacháin níos lú a bheith ag scoileanna Gaeltachta.  Tá cúram ar an Roinn Oideachais a chinntiú go bhfeidhmíonn an córas oideachais ar mhaithe leis an Ghaeilge agus le pobal na Gaeltachta seachas a mhalairt, dar le Cumann Múinteoirí

Beo

Cóisir Cheoil

Cóisir Cheoil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Cormac ag a Cúig

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Helen Maginn.

Helen Maginn.

 
Póilín Ní Chiaráin.

Póilín Ní Chiaráin.

 
Áine Máire Nic Diarmada.

Áine Máire Nic Diarmada.

 
Eoin Ó Riain.

Eoin Ó Riain.

 
Micheál Ó Leidhin.

Micheál Ó Leidhin.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
An Saol ó Dheas 20ú Feabhra 2018

An Saol ó Dheas 20ú Feabhra 2018

 
Máirtín Ó Faoláin.

Máirtín Ó Faoláin.

 
Declan Naughton.

Declan Naughton.

 
Maria Uí Róis.

Maria Uí Róis.

 
Shaunie Ó Baoill.

Shaunie Ó Baoill.

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Pádraig Ó Dugáin.

Pádraig Ó Dugáin.

 
Barrscealta Dé Máirt 20-02-2018.

Barrscealta Dé Máirt 20-02-2018.

 
Máirín Uí Chonghaile, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2018.

Máirín Uí Chonghaile, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2018.

 
An tAthair Pat Ahern, bunaitheoir Siamsa Tíre.

An tAthair Pat Ahern, bunaitheoir Siamsa Tíre.

 
Pádraig Ghráinne Ó Dugáin, Oileán Thoraigh.

Pádraig Ghráinne Ó Dugáin, Oileán Thoraigh.

 
Clíona Kimber, Abhcóide Sinsireach

Clíona Kimber, Abhcóide Sinsireach

 
Fergus O’ Dowd, T.D.

Fergus O’ Dowd, T.D.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta

 
Póilín Ní Chiaráin, Iriseoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, Iriseoir, Béal Feirste.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Antoine Ó Conghaile

Antoine Ó Conghaile

 
Máire Bríd Ní Chualáin, Tuairisceoir RnaG & John Beag Ó Flatharta, Tuismitheoir ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua.

Máire Bríd Ní Chualáin, Tuairisceoir RnaG & John Beag Ó Flatharta, Tuismitheoir ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua.

 
Pádraig de Bhaldraithe, Oifigeach Gaeilge le lucht faire na míolta móra.

Pádraig de Bhaldraithe, Oifigeach Gaeilge le lucht faire na míolta móra.

 
John Mac Gabhann, Ard Rúnaí Aontas Múinteoirí Éireann.

John Mac Gabhann, Ard Rúnaí Aontas Múinteoirí Éireann.

 
Piaras Ó Dochartaigh, Urlabhraí Airgeadais Shinn Féin.

Piaras Ó Dochartaigh, Urlabhraí Airgeadais Shinn Féin.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RnaG.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RnaG.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Gaeltachta.

 
Scoil Cheoil an Earraigh 2018

Scoil Cheoil an Earraigh 2018

 
Robbie Ó Grífín; Peil an mban i gCiarrai

Robbie Ó Grífín; Peil an mban i gCiarrai

 
Micheál O Muircheartaigh; CLG

Micheál O Muircheartaigh; CLG

 
An Saol ó Dheas 19ú Feabhra 2018

An Saol ó Dheas 19ú Feabhra 2018

 
Seán Ó Gallachóir.

Seán Ó Gallachóir.

 
An Seanadóir Brian Ó Domhnaill.

An Seanadóir Brian Ó Domhnaill.

 
Aifric Ní Fhearraigh.

Aifric Ní Fhearraigh.

 
Tom Mac Giolla Easpaig, Seán Ó Gallachóir, Damian Ó Domhnaill, Niall Ó Frighil, Hiúdaí Ó Fearraigh, Seán Ó Duibhir agus Éamonn Colm.

Tom Mac Giolla Easpaig, Seán Ó Gallachóir, Damian Ó Domhnaill, Niall Ó Frighil, Hiúdaí Ó Fearraigh, Seán Ó Duibhir agus Éamonn Colm.

 
Barrscéalta: Dé Luain 19 Feabhra 2018.

Barrscéalta: Dé Luain 19 Feabhra 2018.

 
An tAire Stáit Seán Kyne; Éamon Ó Cuív, T.D; An Comhairleoir Contae Séamus Breathnach & An Comhairleoir Cathrach Cathal Ó Conchubhair.

An tAire Stáit Seán Kyne; Éamon Ó Cuív, T.D; An Comhairleoir Contae Séamus Breathnach & An Comhairleoir Cathrach Cathal Ó Conchubhair.

 
An tUachtarán Micheál D. O hUiginn.

An tUachtarán Micheál D. O hUiginn.

 
Máire-Bríd Ní Chualáin, iriseoir RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Máire-Bríd Ní Chualáin, iriseoir RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Gearóid Ó Tuathaigh, Ollamh Emeritus le Stair.

Gearóid Ó Tuathaigh, Ollamh Emeritus le Stair.

 
Éamonn Mallie, Iriseoir.

Éamonn Mallie, Iriseoir.

 
Bernie Ní Dhuibhir, ball Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Bernie Ní Dhuibhir, ball Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

 
Áine Ní Chiaráin, tráchtaire.

Áine Ní Chiaráin, tráchtaire.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

An Cheárta

An Cheárta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís