Nuacht an Iarthair: COGG

Nuacht an Iarthair: COGG

COGG

Tá beirt mhúinteoirí bunscoile as an taobh seo tíre, gaibhte i mbun cúramaí nua leis an gComhairle Um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, ó thús na míosa seo.  Deir Príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Muireann Ní Mhóráin ar an gclár Adhmhaidin ar  RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, go bhfuil Micheál S. Mac Donnacha - múinteoir ranga i Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua, agus Mait Ó Brádaigh - príomhoide Ghaelscoil de hÍde in Órán Mór,  ceapaithe anois mar oifigigh nua oideachais leis an eagraíocht. Thug an Príomhfheidhmeannach le fios gur in oifig sna Forbacha anseo i gConamara, a bheas an bheirt lonnaithe.  Beidh tacaíocht do mhúinteoirí bunscoile, ó thaobh  pleannanaí a chur le chéile don pholasaí oideachais Gaeltachta, i measc na ndualgas a bheas ar an mbeirt oifigeach nua oideachais. 

Lá Pleanála Teanga

Beidh scoileanna dara leibhéal Oileáin Árann páirteach i Lá Pleanála Teanga i Leitir Móir amárach. Déanfar plé i rith an lae ar thorthaí na gceistneoirí teanga a bhí curtha amach ar na hoileáin.  Beidh Peadar Ó Goill as Árainn, a chuaigh chuig Coláiste Naomh Éinne, ina measc siúd a bheas ag déanamh cur síos ar na buntáistí agus an bród ba cheart a bheith ar dhaoine go bhfuil an teanga acu. Creideann Príomhoide Choláiste Naomh Éinne in Inis Mór, Micheál Ó Cualáin, gur deacair a bheith ag brú pleananna teanga ar dhaoine óga, mura bhfuil baint mhór acu féin leo. Dúirt sé ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, gur deis a bheadh i lá pleanála an lae amárach len é sin a dhéanamh.

Innealtóir nua

Dheimhnigh Comhairle Contae na Gaillimhe go bhfuil innealtóir nua ceantair ceaptha acu i ndeisceart Chonamara. Tá Éamonn Ó Loideáin tosaí ar a chuid cúraimí nua mar innealtóir ceantair.  Chaith Éamonn tamall sa gClochán roinnt blianta ó shin. Tá an t-innealtóir a bhíodh ag obair ansin John Coyle athruithe go dtí ceantar eile in oirthear an chontae. Tá folúntas i gcónaí d'innealtóir ceantair sa gClochán.

Aistriú tí

Tá daoine ag aistriú amach as cathair na Gaillimhe anois agus iad ag iarraidh tithe a thógáil ar cíos ar phraghas réasúnach i gceantar Chonamara a dúirt an ceantálaí Frank Conroy. Dúirt sé ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, go bhfuil dochtúirí, altraí agus mic léinn aibí sásta taisteal os cionn uair a' chloig le tithe a thógáil ar cíos rud nach mbíodh ag tarlú go dtí le naoi mí. Thug Frank Conroy le fios go bhfuil liosta feithimh aige anois do dhaoine atá sásta athrú amach as Gaillimh, ach dúirt sé nach bhfuil a chomhlacht in ann a theacht ar áit dhóibh.

Inis Meáin

Tá cruinniú iarrtha ag Coiste Chéibh an Chaladh Mhóir in Inis Meáin ar Chomhairleoirí Contae na Gaillimhe féachaint an bhféadfaí a dhul ar aghaidh le céim 3 den obair ar an gcéibh. Tá an Coiste ag iarraidh go gcuirfí isteach ar chead pleanála don obair i mbliana le súil agus go gcuirfí an t-airgead ar fáil don obair an bhliain seo chugainn. Meabhraíonn siad sa litir a sheol siad ag na Comhairleoirí Contae go bhfuil sé seacht mbliana ó d'íoc Roinn na Gaeltachta €100,000 leis an gComhairle Contae don chead pleanála le haghaidh céim 3 den obair ar chéibh an Chaladh Mhóir.  Ach, mar gheall ar fhiacha a bhí ar Roinn na Gaeltachta, a bhain le céim 1 agus 2, nach bhféadfaí a dhul ar aghaidh ag céim 3 nó go mbeadh na fiacha glanta.

Cúirt Dúiche Inis Mór

Dúirt an Breitheamh Mary Fahy go bhfuil sí ag moladh athrú a dhéanamh ar na huaireanta a mbíonn an chúirt dúiche ina suí in Inis Mór. Caithfear an chúirt a bhíonn ar bun i mí na Nollag a athrú go dtí am éigin eile i rith na bliana a dúirt an Breitheamh Fahy. Dúirt sí go gcuireann cúrsaí aimsire isteach ar an gcúirt sin agus gur minic a chaitear an chúirt a chur ar ceal mar gheall air sin. Is uair in aghaidh an ráithe a bhíonn an chúirt ina suí ar an oileán.

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Nuala Ní Chonghaile.

Nuala Ní Chonghaile.

 
Seán Ó Maolchalainn.

Seán Ó Maolchalainn.

 
An Dr. Conchúr Ó Giollagáin.

An Dr. Conchúr Ó Giollagáin.

 
Emmet Ó Fátharta.

Emmet Ó Fátharta.

 
An Feisire Eorpach Seán Kelly.

An Feisire Eorpach Seán Kelly.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus áitiúil.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus áitiúil.

 
Seán Ó Ceallaigh.

Seán Ó Ceallaigh.

 
Dáithí de Mórdha.

Dáithí de Mórdha.

 
Philip King.

Philip King.

 
Conall Ó Cíobháin.

Conall Ó Cíobháin.

 
Mait Ó Brádaigh.

Mait Ó Brádaigh.

 
Áine Moynihan.

Áine Moynihan.

 
Brian de Staic.

Brian de Staic.

 
An Saol Ó Dheas: Déardaoin 23 Samhain 2017.

An Saol Ó Dheas: Déardaoin 23 Samhain 2017.

 
Ailbhe Ó Monacháin ó Nuacht RTÉ.

Ailbhe Ó Monacháin ó Nuacht RTÉ.

 
Áine Ní Bhreisleáin.

Áine Ní Bhreisleáin.

 
Séamus Ó Baoill, Cisteoir Chumann Tacaíochta Mhickey Joe Mc Monagle.

Séamus Ó Baoill, Cisteoir Chumann Tacaíochta Mhickey Joe Mc Monagle.

 
Andy Caomhánach, Fear na Riomhairí.

Andy Caomhánach, Fear na Riomhairí.

 
Andy Caomhanach agus Rosa Glackin, ó Chumann Naomh Uinseann de Pól.

Andy Caomhanach agus Rosa Glackin, ó Chumann Naomh Uinseann de Pól.

 
Andy Caomhánach .

Andy Caomhánach .

 
Catherine Lyster, Oifigeach Gairmeacha in Institiúid Teicneolaíocht.

Catherine Lyster, Oifigeach Gairmeacha in Institiúid Teicneolaíocht.

 
Barrscéalta: Déardaoin 23 Samhain 2017.

Barrscéalta: Déardaoin 23 Samhain 2017.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Mícheál Ó hUanacháin, Tráchtaire.

Mícheál Ó hUanacháin, Tráchtaire.

 
Éilís Ryan, Comhairleoir Cathrach i mBÁC ó Pháirtí na nOibrithe.

Éilís Ryan, Comhairleoir Cathrach i mBÁC ó Pháirtí na nOibrithe.

 
Áine Máire Nic Dhiarmada, Iriseoir i Londain, Shasana.

Áine Máire Nic Dhiarmada, Iriseoir i Londain, Shasana.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
Gráinne Ní Chiobháin, Seoirse Ó Luasa agus Donald Ó Gruagáin

Gráinne Ní Chiobháin, Seoirse Ó Luasa agus Donald Ó Gruagáin

 
Áine Ní Shúilleabháin

Áine Ní Shúilleabháin

 
Dolores Ní Mháirtín

Dolores Ní Mháirtín

 
Joan Nic Uidhir

Joan Nic Uidhir

 
Gearóid Mac Gearailt, Oifigeach de chuid na Comhairle Contae sa Daingean

Gearóid Mac Gearailt, Oifigeach de chuid na Comhairle Contae sa Daingean

 
An Saol Ó Dheas, Dé Céadaoin 22 Samhain '17

An Saol Ó Dheas, Dé Céadaoin 22 Samhain '17

 
Ailbhe Ó Monacháin, ó Nuacht RTÉ.

Ailbhe Ó Monacháin, ó Nuacht RTÉ.

 
Máire Mhic Comhaill.

Máire Mhic Comhaill.

 
Pádraigín Ní Uallacháin.

Pádraigín Ní Uallacháin.

 
Máire Uí Cheallaigh.

Máire Uí Cheallaigh.

 
Tony Ó Ceallacháin, as na Cealla Beaga.

Tony Ó Ceallacháin, as na Cealla Beaga.

 
Oisín Mac Eo, ón ngrúpa Misneach Thír Chonaill.

Oisín Mac Eo, ón ngrúpa Misneach Thír Chonaill.

 
Brian Ó Cuinneagáin.

Brian Ó Cuinneagáin.

 
An tAire Stáit Joe Mc Hugh agus Pat Ó Baoill.

An tAire Stáit Joe Mc Hugh agus Pat Ó Baoill.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 22 Samhain 2017.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 22 Samhain 2017.

 
Séamus Ó Lúing, máistir poist.

Séamus Ó Lúing, máistir poist.

 
Dr. Tony Canavan.

Dr. Tony Canavan.

 
Seán Ó Gallchóir.

Seán Ó Gallchóir.

 
Catherine Connolly, Teachta Dála.

Catherine Connolly, Teachta Dála.

 
Dr. Ciarán Ó Gealbháin, UCC.

Dr. Ciarán Ó Gealbháin, UCC.

 
Marie Ní Chonchubhair, Údar agus tráchtaire.

Marie Ní Chonchubhair, Údar agus tráchtaire.

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta.

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Barrscéalta

Barrscéalta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

An Cheárta

An Cheárta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís