Nuacht an Tuaiscirt: Acht Gaeilge

Nuacht an Tuaiscirt: Acht Gaeilge

Acht Gaeilge

Tá sé ráite ag Easpag úr Rath Bhotha, Alan Mac Eochagáin, gur cheart do pholaiteoirí Stormont a theacht ar réiteach faoi Acht Gaeilge go luath, agus prionsabail Chomhaontú Aoine an Chéasta a choinneáil. In agallamh leis an Belfast Telegraph inniu dúirt an tEaspag Mac Eochagáin a oirneadh ar an Domhnach, i bhfianaise an tacaíocht láidir a bheir Rialtais na Breataine Bige agus Albain dá dteangach dúchais, gur cheart tacaíocht mar sin a léiriú don Ghaeilge i Rialtas Stormont. Tá saibhreas as cuimse ag baint leis an Ghaeilge agus ba cheart do na polaiteoirí anois bheith ag comhoibhriú ar mhaithe le hAcht Gaeilge a chinntiú. Duirt an tEaspag gur dheas leis dá mbeadh polaiteoirí an DUP  agus daoine eile ábalta fiúntas na Gaeilge a fheiceáil agus a thuigbheáil agus gan eagla nó imní a bheith orthu faoi ghluaiseacht na Gaeilge. Caithfear cloí le ComhAontú Aoine an Chéasta a dúirt sé mar go dtugann sé cothrom na féinne do gach traidisiún agus gach dearcadh polaitíochta agus níor choir a ligean do sin dul i léig a dúirt sé.

Luach tithe

Léiríonn eolas nua atá foilsithe ag an bPríomh Oifig Staidrimh go bhfuil luach tithe i nDún na nGall ag dul in airde  le bliain anuas ach go bhfuil siad fós   thart ar €100,000 ( céad míle euro) níos saoire ná an mheán chostas náisiúnta. Díoladh 63 theach úr  sa chontae ó Eanáir go Meitheamh i mbliana ar mheán luach de €166,342 .Is é €260,000 an meán chostas náisiúnta do thithe nua.  Díoladh 670   teach  eile,  a bhí tógtha cheana féin  ar mheán luach de €90,000 an teach.Díoladh  60 teach úr i Contae Dhún na nGall   ó Eanáir go Meitheamh anuraidh ar mheán luach de €144 954  agus 700 teach a bhí tógtha cheana féin ar mheán luach de €84,500 an teach. Ba fir iad formhór na ndaoine a bhí gan dídean san iarthuaisceart ar lá an daonáireamh mar a raibh 31 fear agus naonúr ban gan dídean. 

Áras Ghaoth Dobhair

Tá an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig agus an Teachta Dála Thomas Pringle ag iarraidh go nglacfaidh Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte seilbh ar Áras Ghaoth Dobhair mar nach féidir leis an choiste deonach áitiúil nó pobal an pharóiste na costais reáchtála  a bhaineann  leis an áras a chlúdach.
Deir an Comhairleoir Contae Mac Giolla Easpaig nach bhfuil  cothrom na féinne a fháil ag altraí agus fostaithe ghinearálta in Áras Ghaoth Dobhair atá ar thuarastal atá  i bhfad níos ísle ná mar atá ag daoine atá fostaithe   in ionaid sláinte eile  ar fud na tíre. Déanann Údarás na Gaeltachta, an HSE agus an pobal áitiúil maoiniú ar Áras Ghaoth Dobhair,  ionad altranais do sheandaoine áit a bhfuil  spás ann do 41 cónaitheoir . Tá aonad 20 leapa san Áras do dhaoine a bhfuil  néaltrú seanaoise orthu. Cuireann an t-áras cúram ar fáil do dhaoine ón Chlochán Liath agus Árainn Mhór in iarthar an chontae chomh fada soir leis An Craoslach.  


Seirbhísí Ailse

Tá pobal Dhoire agus réigiún an iarthuaiscirt á ligean síos go mór ag na seirbhísí ailse ata ar fáil sna 6 contae más fíor an mhéid atá i dtuarascáil úr atá foilsithe do fheidhmeannas Stormont, a deir Mark H Durkan ón SDLP ball Comhalta den Tionól Reachtach.  Deirtear sa tuarascáil go bhfuil  an straitéis cúram ailse sna 6 contae go mór as dáta, go bhfuil na liostaí feithimh ag méadú ,go bhfuil  moill le diagnóis a fháil  agus go bhfuil  na seirbhísí cúram ailse  i bhfad chun cúl ar na seirbhís sa Bhreatain  sa Phoblacht  agus san Eorpach  Cé go bhfáiltítear  sa tuarascáil roimh an Aonad Radtheiripe úr in Otharlann Ailt na nGealbhan deirtear ann go   bhfuil  liostaí feithimh  le cóir leighis a fháil ann ró-fhada agus  go bhfuil aistir an-fhada ag daoine  le freastal ar an Aonad . Deirtear sa tuarascáil go bhfuil na straitéis cúram ailse sa Phoblacht & sa Bhreatain a fhorbairt go leanúnach  ach nach bhfuil  aon dul chun cinn sa Tuaisceart ón am a foilsíodh an straitéis dheireanach 9 bliana ó shin. Theip go h-iomlán ar na spriocanna ama le cóir leighis a fháil  mar a bhí leagtha síos sa straitéis.Deir na taighdeoirí sa tuairisc go bhfuil easpa raideolaithe  ag cur go mór leis an moill  le diagnóis a fháil.  Deir siad go bhfuil an ráta ailse atá sna pobail atá  ar bheagán deiseanna sóisialta  i bhfad níos airde ná an ghnáth ráta sa tuaisceart. 

Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Mír na Cartlainne.

Mír na Cartlainne.

 
Máirín Sarikaya, ó Chomharchumann Rath Cairn.

Máirín Sarikaya, ó Chomharchumann Rath Cairn.

 
Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 13 Nollag 2017.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 13 Nollag 2017.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Helen McGinn, Tráchtaire i New Jersey, Mheiriceá.

Helen McGinn, Tráchtaire i New Jersey, Mheiriceá.

 
Muireann Ní Loingsigh, Oifigeach Taighde leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta.

Muireann Ní Loingsigh, Oifigeach Taighde leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta.

 
Frank Reidy, Ceannfort Airm.

Frank Reidy, Ceannfort Airm.

 
An Seanadóir, Rónán Mullen.

An Seanadóir, Rónán Mullen.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Ciara Ní Riagáin.

Ciara Ní Riagáin.

 
Séamus Mac Giolla Bhuí.

Séamus Mac Giolla Bhuí.

 
Máire Bríd Nic Gairbhé.

Máire Bríd Nic Gairbhé.

 
Colm Ó Dúlacháin.

Colm Ó Dúlacháin.

 
Barrscéalta  Dé Céadaoin 13-12-2017.

Barrscéalta Dé Céadaoin 13-12-2017.

 
Barry Ó Coisdealbha, Bainisteoir Óige na Gaeltachta/Mhuintearais.

Barry Ó Coisdealbha, Bainisteoir Óige na Gaeltachta/Mhuintearais.

 
Maitiú Ó Domhnaill, amhránaí ceol tíre as Foirnis.

Maitiú Ó Domhnaill, amhránaí ceol tíre as Foirnis.

 
Gene de Cléir, ó Chumann Iar Oibrithe an Spidéil & Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Gene de Cléir, ó Chumann Iar Oibrithe an Spidéil & Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

 
An tEaspag Breandán Ó Ceallaigh, Easpag na Gaillimhe.

An tEaspag Breandán Ó Ceallaigh, Easpag na Gaillimhe.

 
Catherine Connolly, TD Neamhspleách Gaillimh Thiar/Maigh Eo Theas.

Catherine Connolly, TD Neamhspleách Gaillimh Thiar/Maigh Eo Theas.

 
Diarmuid Lyng, Iar-Chaiptín Iománaíochta-Loch Garman & urlabhraí Gaelic Voices 4 Change.

Diarmuid Lyng, Iar-Chaiptín Iománaíochta-Loch Garman & urlabhraí Gaelic Voices 4 Change.

 
Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

 
Darach Ó Murchú, Transition Chorca Dhuibhne.

Darach Ó Murchú, Transition Chorca Dhuibhne.

 
Eoghan Corry, Eagarthóir Travel Extra.

Eoghan Corry, Eagarthóir Travel Extra.

 
Hugo Boyle, Príomhfheidhmeanach Chumann Iascairí an Deiscirt/Oirthir.

Hugo Boyle, Príomhfheidhmeanach Chumann Iascairí an Deiscirt/Oirthir.

 
Joe Mc Hugh, Príomhaoire agus Aire Stáit na Gaeltachta.

Joe Mc Hugh, Príomhaoire agus Aire Stáit na Gaeltachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Conn Ó Muineacháin.

Conn Ó Muineacháin.

 
Ruaraí McGinley Comhairleoir Condae.

Ruaraí McGinley Comhairleoir Condae.

 
Daithí Mac Cárthaigh.

Daithí Mac Cárthaigh.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
An Saol o Dheas: Dé Máirt 12 Nollaig 2017.

An Saol o Dheas: Dé Máirt 12 Nollaig 2017.

 
Tony Mac Ruairí, as Rann na Feirste.

Tony Mac Ruairí, as Rann na Feirste.

 
Frances Nic Géidigh, ó sheomra na Nuachta.

Frances Nic Géidigh, ó sheomra na Nuachta.

 
Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir Condae.

Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir Condae.

 
Pacáiste ó Fhóchumann CLG Ghaoth Dobhair.

Pacáiste ó Fhóchumann CLG Ghaoth Dobhair.

 
Pat the Cope Ó Gallachóir, Teachta Dála.

Pat the Cope Ó Gallachóir, Teachta Dála.

 
Barrscéalta: Dé Máirt 12 Nollag 2017.

Barrscéalta: Dé Máirt 12 Nollag 2017.

 
Clár omóis do Sheán Ó hÉalaí, a d'imigh uainn ar shlí na fírinne inné.

Clár omóis do Sheán Ó hÉalaí, a d'imigh uainn ar shlí na fírinne inné.

 
Pádraig de Bhaldraithe, saineolaí ar chúrsaí coshaoil mara agus cósta.

Pádraig de Bhaldraithe, saineolaí ar chúrsaí coshaoil mara agus cósta.

 
Cathal Ó Conchúir, Comhairleoir Sinn Féin, Cathair na Gaillimhe.

Cathal Ó Conchúir, Comhairleoir Sinn Féin, Cathair na Gaillimhe.

 
Séamus Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Fhine Gael, Ciarraí.

Séamus Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Fhine Gael, Ciarraí.

 
Ferdia McCrann, Oifigeach meitreolaíochta, Met Éireann.

Ferdia McCrann, Oifigeach meitreolaíochta, Met Éireann.

 
Oliver Mac Dáibhéid, Cathaoirleach pháirtí Fhine Gael i nDún na nGall.

Oliver Mac Dáibhéid, Cathaoirleach pháirtí Fhine Gael i nDún na nGall.

 
Load More...
Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Iris Aniar

Iris Aniar

An Cheárta

An Cheárta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís