Nuacht an Iarthair: Uisce Éireann

Nuacht an Iarthair: Uisce Éireann

Uisce Éireann

Tá plean oibre aontaithe ag an gcomhlacht, Uisce Éireann agus ag Comhairle Contae na Gaillimhe le lucht graithe i gceantar Chloch na Rón leis an uisce a spáráil, le go mbeidh soláthar ag an gcuid is mó dá gcuid custaiméirí, nuair is graithí a bhíonn daoine sa gceantar. Casfar as an soláthar san ionad a bhí ag cur tuilleadh brú faoin uisce ó mheánlae go dtí an 6 a chlog tráthnóna, chuile lá, ar mhaithe lena spáráil. Fágfaidh sin go mbeidh brú níos fearr ar an uisce i sráidbhaile Chloch na Rón féin, cé go bhféadfadh sin deacrachtaí a chothú do dhaoine amuigh faoin tír. Coinneoidh Uisce Éireann agus Comhairle Contae na Gaillimhe súil ar mar atá atá ag éirí leis an gcóras as seo go ceann cúpla seachtain. Tá a leithscéal gafa ag Uisce Éireann agus ag Comhairle Contae na Gaillimhe le custaiméirí sa gceantar a fágadh gan uisce le gairid, nó a raibh brú íseal air.

Othair ar thralaithe

Don dara lá as a chéile, is in ospidéal na hOllscoile, Gaillimh is mó atá daoine sínte ar thralaithe ag fanacht go gcuirfear cóir leighis orthu. Tá sé tugtha le fios ag Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann go raibh cúigear déag is fiche othar ag fanacht ar maidin inniu go gcuirfí cóir leighis orthu. Fuair foireann an aonaid éigeandála in ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, a ndóthain le déanamh inné agus cóir leighis a chur ar an líon mór othar a tháinig chomh fada leis an aonad ansin. Tá an bhainistíocht ag achainí ar an bpobal, gan drannadh leis an aonad éigeandála ansin, mura bhfuil géarghá leis.

FEICIM Inis Oírr

Eagróidh FEICIM Inis Oírr deireadh seachtaine do dhaoine singile a bhfuil suim acu sa nGaeilge ar an 15ú lá de mhí Mheán Fómhair. Deis atá inti seo a deir stiúrthóir FEICIM Bríd Ní Chualáin do Ghaeil a theacht le chéile agus b'fhéidir titim i ngrá. Tá deireadh seachtaine lán le spraoi eagraithe ag an bhfoireann le caint, comhrá, ceardlann scileanna, siorcais, seó tine agus go leor eile. Beidh siorcas an ghrá ar bun in Inis Oírr, an t-oileán is lú d'Oileáin Árann agus costas €150 atá ar thicéad deireadh seachtaine.
 

Ros an Mhíl

Tá tionscal na ronnach agus na scadán i mbaol i Ros an Mhíl amach anseo a deir Cathal Groonell, bainisteoir Iasc Mara Teoranta. Níl aon seans ag monarchan ar nós Iasc Mara maireachtáil ná coinneáil ag imeacht leis an gcaoi a bhfuil an cuóta roinnte anois a deir sé.  Is léir nár thug an tAire Talmhaíochta ná a chuid feidhmeannaigh aon aird ar an aighneacht a rinneadh - ag moladh go mbreathnófaí go grinn ar cheantair cois cósta agus ar na bealaí a bhféadfaí pobail a choinneáil beo iontu nuair a bhí an cinneadh á dhéanamh faoi chuóta na ronnach, a dúirt Cathal Groonell.

Banc na hÉireann

Is cúis díomá é a deir an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív go bhfuil ciorruithe déanta ar roinnt de chraobhacha Bhanc na hÉireann agus go mbeidh ar dhaoine taisteal níos faide le seirbhís baincéireachta a fháil anois. Tá na craobhacha i mBóthar na Trá, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus in Órán Mór.  Tá an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ag iarradh ar an Aire a bhfuil cúramaí tuaithe air - sin é Michael Ring -  labhairt le Banc na hÉireann, mar cé go dtuigeann sé gur comhlacht príobháideach iad Banc na hÉireann - go mbeidh tionchar ag na ciorraithe seo ar cheantair tuaithe.

Breandán Ó Conghnámha

Éireoidh an Garda Breandán Ó Conghnámha, as Dubhros i gCorr na Móna ó dhúchas, ag éirí as a chuid cúramaí mar Gharda inniu. Is Ros Muc anseo i gConamara a bhí Breandán ina Gharda le chúig bhliana agus fiche.  Chaith sé na chéad bhlianta sa tseirbhís, i mBleá Cliath agus chuaigh sé as sin go hÁrainn. Táthar ag eagrú ócáid omóis don Gharda Conghnámha Tigh Pheacock ar an Teach Dóite anocht ag a 20:00.  

Beo

An Bóthar go Nashville

An Bóthar go Nashville

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Taobh Tuathail

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Seán Ó Drisceoil, Stiúrthóir Chomharchumann na Páirce ar Oileán Leodhais.

Seán Ó Drisceoil, Stiúrthóir Chomharchumann na Páirce ar Oileán Leodhais.

 
Máire Áine Gardiner, Urlabhraí Fáilte Éireann.

Máire Áine Gardiner, Urlabhraí Fáilte Éireann.

 
Tomás Mac Síomóin, Tráchtaire agus Údar a bhfuil conaí air sa gCatalóin.

Tomás Mac Síomóin, Tráchtaire agus Údar a bhfuil conaí air sa gCatalóin.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaelachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaelachta.

 
Máirín Uí Lionáird, Folláin.

Máirín Uí Lionáird, Folláin.

 
Taispeántas Fionntraíochta i bPobalscoil Chorca Dhuibhne.

Taispeántas Fionntraíochta i bPobalscoil Chorca Dhuibhne.

 
Marc Ó Conchúir, Peileadóir le Geelong Cats.

Marc Ó Conchúir, Peileadóir le Geelong Cats.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 23 Deireadh Fómhair 2017.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 23 Deireadh Fómhair 2017.

 
Áine Ní Bhreisleáin.

Áine Ní Bhreisleáin.

 
Carol Nic Conmara, Comhordaitheoir Choiste Pleanála Teanga Chathair Dhoire.

Carol Nic Conmara, Comhordaitheoir Choiste Pleanála Teanga Chathair Dhoire.

 
Máire Mhic Comhaill, Bainisteoir Ionad Pádraig.

Máire Mhic Comhaill, Bainisteoir Ionad Pádraig.

 
Piaras Ó Dochartaigh, Teachta Dála.

Piaras Ó Dochartaigh, Teachta Dála.

 
Hughie Rua Ó Gallachóir.

Hughie Rua Ó Gallachóir.

 
Catherine Lyster.

Catherine Lyster.

 
Barrscéalta: Dé Luain 23 Deireadh Fómhair 2017.

Barrscéalta: Dé Luain 23 Deireadh Fómhair 2017.

 
Dara Molloy, Sagart Ceilteach, Árainn.

Dara Molloy, Sagart Ceilteach, Árainn.

 
Donncha Ó Baoill, feidhmeannach forbartha Údarás na Gaeltachta.

Donncha Ó Baoill, feidhmeannach forbartha Údarás na Gaeltachta.

 
Eoin Ó Cadhla, Coiste Cúram Leanaí na Rinne.

Eoin Ó Cadhla, Coiste Cúram Leanaí na Rinne.

 
Eoin Ó Murchú, tráchtaire.

Eoin Ó Murchú, tráchtaire.

 
Piaras Ó Dochartaigh, urlabhraí airgeadais Shinn Féin.

Piaras Ó Dochartaigh, urlabhraí airgeadais Shinn Féin.

 
Máire Bríd Ní Chualáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Máire Bríd Ní Chualáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Cathal Ó Cuaig, iriseoir, Barcelona.

Cathal Ó Cuaig, iriseoir, Barcelona.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An tIriseoir mar scéalaí: Deaglán de Bréadún

An tIriseoir mar scéalaí: Deaglán de Bréadún

 
Ulysses in Amharclann na Mainistreach

Ulysses in Amharclann na Mainistreach

 
'We Come from Far, Far Away'

'We Come from Far, Far Away'

 
Súil siar ar Fhéile Amharclanna BÁC 2017 ag 60

Súil siar ar Fhéile Amharclanna BÁC 2017 ag 60

 
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Dónal Ó Buachalla.

Dónal Ó Buachalla.

 
Dónal Ó Céilleachair.

Dónal Ó Céilleachair.

 
Áine Ní Chiaráin.

Áine Ní Chiaráin.

 
Mícheal Ó hUanacháin.

Mícheal Ó hUanacháin.

 
Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
Liam Mac a Mhaoir agus Dara O Cinnéide:Caid

Liam Mac a Mhaoir agus Dara O Cinnéide:Caid

 
Diarmaid O Cadhla;Cheart d'Eire an AE a fhágaint.

Diarmaid O Cadhla;Cheart d'Eire an AE a fhágaint.

 
Beitsí Ni Shuibhne;Dámhscoil Mhuscraí Ui Fhloinn.

Beitsí Ni Shuibhne;Dámhscoil Mhuscraí Ui Fhloinn.

 
Caithnia O Muircheartaigh;Uachtarán Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas Phríomhoidí.

Caithnia O Muircheartaigh;Uachtarán Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas Phríomhoidí.

 
Máire Uí Laoire;Gan chomhacht i Ré na nDoirí

Máire Uí Laoire;Gan chomhacht i Ré na nDoirí

 
An Saol ó Dheas 20ú Deireadh Fómhair 2017

An Saol ó Dheas 20ú Deireadh Fómhair 2017

 
Cormac Ó Murchú, saineolaí ar chúrsaí teicneolaíochta.

Cormac Ó Murchú, saineolaí ar chúrsaí teicneolaíochta.

 
Aingeal Ní Chonghaile, ó choiste Fhéile Mara Chonamara.

Aingeal Ní Chonghaile, ó choiste Fhéile Mara Chonamara.

 
Caitríona Hastings, Údar.

Caitríona Hastings, Údar.

 
Trevor Ó Clochartaigh, seanadóir.

Trevor Ó Clochartaigh, seanadóir.

 
Peigí Uí Chéide, Bainisteoir Thearmann Éanna.

Peigí Uí Chéide, Bainisteoir Thearmann Éanna.

 
Load More...
Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

An Cheárta

An Cheárta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís