Nuacht an Tuaiscirt: Amharclann Ghaoth Dobhair

Nuacht an Tuaiscirt: Amharclann Ghaoth Dobhair

Amharclann Ghaoth Dobhair

Tá  Amharclann Ghaoth Dobhair le Pictiúrlann nó club scannáin a thoiseacht san Amharclann, taobh istigh do chúpla mí. Beidh scannáin a thaispeáint i nGaeilge, i mBéarla, agus i dteangacha eile san Amharclann, agus beidh TG4 ag cuir scanainn Ghaeilge ar fáil daofa.  Tá bord stiúrtha, ar a mbeidh ionadaithe ó ghrúpaí agus eagraisí éagsúla, a cheapadh faoi láthair agus tá súil ag coiste na h-Amharclainne go mbeidh siad ábalta Bainisteoir a fhostú leis an áit a reáchtáil, nuair a bhéas an bord úr ceaptha. D'oscail an t-aisteoir Siobhán Ni Chionnaith an t Amharclann, go hoifigiúil i 1961,  agus bhí polasaí láidir Gaeilge amháin, ag Amharclann Ghaoth Dobhair, go dtí gur oscail siad a gcuid doirse arís, i ndiaidh obair mhór ath chóiriúcháin,  i mí Márta i mbliana.  Ag labhairt dó ar Bharrscéalta ar maidin inniu, chosain Pól Mac Cumhaill, cathaoirleach coiste na h-Amharclainne, an polasaí atá acu maidir  le drámaí agus ceolchoirmeacha i mBéarla  a reáchtáil san Amharclann.  Dúirt sé go gcaithfidh siad a bheith réalaíoch, agus amharc air mar ghnó, le go mairfidh Amharclann Ghaoth Dobhair.

Garda Cósta

Cuireadh moill 20 bomaite ar Garda Chósta an Bhun Bhig a ghabhail na farraige tráthnóna Dé Satharn seo chuaigh thart  cionnas go raibh  carranna  páirceáilte go mí-dhleathach ag Céidh an Bhun Bhig .
Dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig, go dtiocfadh le moill den chineál  seo,  beatha daoine a chur i gcontúirt, agus tá sé ag iarraidh ar thiománaithe a bheith cúramach,  cá h-áit a pháirceálann siad  ag an chéidh. 

Carranna nua

Díoladh 20% níos lú carranna úra i nDún na nGall go dtí seo i mbliana, ná mar a díoladh sa tréimhse céanna anuraidh. Cláraíodh 2,528 carr úr i nDún na nGall sa tréimhse go dtí mí Iúil, i mbliana,  i gcomparáid le  3021   carr úr a cláraíodh sa chontae san tréimhse céanna anuraidh. Díoladh 446 carr úr sa chontae ar an mhí seo chuaigh thart,  i gcomparáid le 473 carr úr i mí Iúil na bliana seo anuraidh.  Carranna den déanamh Kia is mó a díoladh sa chontae ó thús na bliana , 245 acu,  agus cláraíodh 242  carr den déanamh Hyundai sa chontae sa tréimhse chéanna. 

Cé Thoraí

Beidh damáiste déanta do thithe atá cóngarach den ché ar Oileán Thoraí, múna gcuirtear síneadh leis an bhalla chosanta ar an ché ansin, dar leis an Chomhairleoir Contae, Séamus Ó Domhnaill. Tá an lán-mara ag teacht thar an bhalla chosanta ag an ché agus ag déanamh scrios ar thalamh ansin agus ag cuir na tithe i gcontúirt, adúirt sé. Tógadh an ché úr 20 bliain ó shin ach dar leis an Chomhairleoir Ó Domhnaill go gcaithfear síneadh a chur leis an balla sna seachtainí amach romhainn  sula gcuireann aimsir an gheimhridh isteach ar an obair thógála. Tá  cáineadh  déanta ag an Comhairleoir O Domhnaill, fosta,  ar an  Stáit agus an Chomhairle Contae siocair nach bhfuil seirbhís dóiteáin mar is ceart  ar an oileán.  

Loinneog Lúnasa

Beidh Féile Loinneog Lúnasa ag toiseacht i nGaoth Dobhair anocht. Sé Cathal Goan, Iar Cheannasaí TG4 & RTÉ a dhéanfas an fhéile a oscailt go h-oifigiúil ag ócáid a bhéas ar siúl san Amharclann i nGaoth Dobhair, ag leath i ndiaidh a seacht.  Beidh Noel Ó Gallchóir ag tabhairt  léacht ar stair Amharclann Ghaoth Dobhair  san amharclann fosta, agus beidh ceolchoirm ann le Cór Óg na Crannóige faoi stiúir Bhrídín Ní Bhraonáin. 

Scannánaíocht

Tá dhá comhlacht teilifíse as Stáit Aontaithe Mheiriceá i mbun scannánaíochta sa chontae faoi láthair agus meastar go bhfeicfidh na milliúin Meiriceánach, íomhánna don chontae sna seachtainí amach romhainn. Tá criú ó PBS , an stáisiún craoltóireachta poiblí i Meiriceá ag taifeadadh  sa chontae don chlár taistil, Love Of Travel.  Bhí an láithreoir Samantha Browne i Sliabh Liag ag tús na seachtaine agus tuairiscítear go mbeidh sí i nGaoth Dobhair gan mhoill áit a gcasfaidh sí le Máire Ní Bhraonáin as Clannad agus go bhfoghlaimíodh sí cúpla focal Gaeilge. Meastar go mbíonn suas le 2 milliún duine de lucht féachana ag an chlár agus go mbeidh an mhír seo a chraoladh níos moille sa bhlian. Beidh mír ar  galfchúrsa Bhaile Lifín  a chraoladh ar  Morning Golf ar an stáisiún  NBC Golf Channel  roimh deireadh na míosa. Beidh  comórtas  gailf oscailte na hÉireann  i mBaile Lifín ar an bhliain seo chugainn.  Bhí lucht féachana de 71 milliúin duine  ag an Golf Channel anuraidh. 
 

Beo

Scoth na Máirte

Scoth na Máirte

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Pip na Máirte le Gearóid Ó Beaglaioch

Pip na Máirte le Gearóid Ó Beaglaioch

 
Edel Ní Luibhéad.

Edel Ní Luibhéad.

 
Máirín Uí Bhraonáin.

Máirín Uí Bhraonáin.

 
An tAthair Pádraig Ó Murchú.

An tAthair Pádraig Ó Murchú.

 
An Saol ó Dheas: Dé Máirt 17 Iúil 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 17 Iúil 2018.

 
Margaret O’ Riada, Gluaiseacht an Lucht Siúil i nGaillimh.

Margaret O’ Riada, Gluaiseacht an Lucht Siúil i nGaillimh.

 
Séamus Ó Domhnaill, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Séamus Ó Domhnaill, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Séin Ó Muineacháin, léachtóir Coláiste na Tríonóide.

Séin Ó Muineacháin, léachtóir Coláiste na Tríonóide.

 
Dáithí de Mórdha agus Norma Foley, Comhairleoir Cathrach, Ciarraí.

Dáithí de Mórdha agus Norma Foley, Comhairleoir Cathrach, Ciarraí.

 
Caoilfhionn Nic Pháidín, Cois Life.

Caoilfhionn Nic Pháidín, Cois Life.

 
Niall Ó Muilleoir, tráchtaire, Na Stáit Aontaithe.

Niall Ó Muilleoir, tráchtaire, Na Stáit Aontaithe.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Caitlín Nic Dhonnchadha: Meangadh Fíbín

Caitlín Nic Dhonnchadha: Meangadh Fíbín

 
Taispeántas talamhaíochta Chiarrai Thiar

Taispeántas talamhaíochta Chiarrai Thiar

 
Taispeántas talmhaíochta Bhaile Bhúirne agus Chúil Aodha.

Taispeántas talmhaíochta Bhaile Bhúirne agus Chúil Aodha.

 
Micheál Ó Ceallacháin.

Micheál Ó Ceallacháin.

 
Micheál Ó Muircheartaigh.

Micheál Ó Muircheartaigh.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 16 Iúil 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 16 Iúil 2018.

 
Séamus Martin, iar eagarthóir polaitíochta an Irish Times.

Séamus Martin, iar eagarthóir polaitíochta an Irish Times.

 
Éanna Ó Cnáimhsí, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Éanna Ó Cnáimhsí, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Éamon Ó Cuív, T.D. Gaillimh Thiar.

Éamon Ó Cuív, T.D. Gaillimh Thiar.

 
An t-aire stáit Seán Kyne, T.D. agus Mark de Faoite, Údarás na Gaeltachta.

An t-aire stáit Seán Kyne, T.D. agus Mark de Faoite, Údarás na Gaeltachta.

 
Mícheál Ó Gliasáin, Comhairleoir Condae, Chiarraí.

Mícheál Ó Gliasáin, Comhairleoir Condae, Chiarraí.

 
Sinéad Mercier, An Comhaontas Glas.

Sinéad Mercier, An Comhaontas Glas.

 
John Maguire, France 24, Páras.

John Maguire, France 24, Páras.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Aoife Ní Bheacháin;Foireann camógaíochta Chiarrai

Aoife Ní Bheacháin;Foireann camógaíochta Chiarrai

 
Áine Ui Bheoláin: Comhchoiste Gaeltacht Uibh Ráthaigh

Áine Ui Bheoláin: Comhchoiste Gaeltacht Uibh Ráthaigh

 
Seán Ó Scanaill;Taispeántas Talmhaíochta Bhaile Bhúirne

Seán Ó Scanaill;Taispeántas Talmhaíochta Bhaile Bhúirne

 
Damien Finn;1/2 Maratón Bhréanainn

Damien Finn;1/2 Maratón Bhréanainn

 
Seán Ó Lionáird; Bille Oidhreachta

Seán Ó Lionáird; Bille Oidhreachta

 
Tomás Ó Sé;Comórtas an tsár ochtair.

Tomás Ó Sé;Comórtas an tsár ochtair.

 
An Saol o Dheas 13ú Iúil 2018

An Saol o Dheas 13ú Iúil 2018

 
Load More...
Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Barrscéalta

Barrscéalta

PléScéal

PléScéal

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís