Nuacht an Iarthair: Bille Ollscoileanna Teicneolaíochta

Nuacht an Iarthair: Bille Ollscoileanna Teicneolaíochta

Beannacht Rialtais ag Bille Ollscoileanna Teicneolaíochta 

D'fhógair an tAire Oideachais Richard Bruton inniu go bhfuil beannacht an rialtais ag Bille na nOllscoileanna Teicneolaíochta.

Ciallaíonn sé seo go mbogfaidh an Bille ar aghaidh anois ó chéim an choiste. 

Faoin reachtaíocht nua atá beartaithe, bheadh sé de chumhacht ag an Aire Oideachais iniúchóir a cheapadh le scrúdú a dhéanamh ar institiúidí tríú leibhéal a fhaigheann maoiniú ón stát, leithéide Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tháinig sé chun solais le gairid go bhfuil luach €57m de shochmhainní ag Fondúireacht Ollscoil na hÉireann Gaillimh. 

Níl aon dualgas ar choláistí tríú leibhéal airgead atá i dtaisce i bhfondúireachtaí príobháideacha a fhógairt. 

Moltar sa reachtaíocht nua go ndéanfaí comhnascadh idir na trí Institiúidí Teicneolaíochta - Sligeach,  Leitir Ceanainn agus Gaillimh - Maigh Eo. 

Duine le fostú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Tá maoiniú ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta do Thuismitheoirí na Gaeltachta, le duine a fhostú. 
 
Seo í an chéad uair ar cuireadh maoiniú ar fáil le oifigeach forbartha a fhostú san eagraíocht.  
 
Beifear in ann duine a fhostú go lánaimseartha anois, ar feadh tréimhse cheithre mhí. 

Tá ardú 24% tagtha ar an maoiniú atá an Roinn ag cur ar fáil do Thuismitheoirí na Gaeltachta.   

521 teaghlach atá cláraithe leis an eagraíocht.

Beidh ar an duine a cheapfar clár imeachtaí agus ócáidí a reáchtáil i gcomhar leis an gcoiste.   

Is ar an gCeathrú Rua a bheas an post lonnaithe.

Méadú 12.5% ar phraghas maoine i gContae na Gaillimhe

Cosnaíonn teach i gContae na Gaillimhe ós cionn €195,000 ar an meán, de réir figiúirí atá foilsithe inniu san Irish Independent.

Léiríonn an Clár Praghasanna Réadmhaoine, a bhfuil anailís déanta air sa nuachtán, gur tháinig ardú 12.5% ar phraghas tithe i gContae na Gaillimhe idir mí Eanáir agus mí Meitheamh i mbliana.

I gContae Mhaigh Eo, tháinig árdú beagnach 5% ar phraghasanna sa gcéad leath den bhliain, agus cosnóidh sé ós cionn €116,000 ar an té a bhfuil suim acu teach a cheannacht ansin.

Tá ós cionn €230,000 ar theach nua i gContae na Mí, sin ardú ós cionn 6% sa gcéad leath den bhliain i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.

Cuardach R116

Dúirt Éamon Ó Duibhir ó Choiste Bád Tarrthála an Bhaile Ghlais ar an gclár seo, go bhfuil an t-eolas atá ag daoine áitiúla an-tábhachtach agus cuardach ar bun mar atá faoi láthair ag Carraig an Toir, i gContae Mhaigh Eo.

Tá Paul Ormsby agus Ciarán Smith, beirt de chriú heileacaptar tarrthála 116 an Gharda Cósta a thuairt 4 mhí ó shin, fós ar iarraidh.
 
Níor cuireadh iascairí áitiúla ná foireann an bháid tarrthála ar an eolas faoin gcuardach nua seo, a deir Ó Duibhir, cé go raibh siad an-lárnach sa gcéad chuardach.

Le linn na dea-aimsire mí Bealtaine a bhí acu an cuardach seo a dhéanamh dar leis,  agus is deacair a thuiscint céard atá tumadóirí ag súil a aimsiú anois, mura bhfuil eolas ar leith acu, nach bhfuil siad ag roinnt, a deir sé.

Tá súil ag tumadóirí de chuid na nGardaí eangach speisialta a úsáid le eolas a fháil faoi ghrinneall na farraige agus iad i mbun an chuardaithe inniu.

Bhí siad le dhul amach ag an deireadh seachtaine ach chinn orthu, mar gheall ar an drochaimsir.

Céibh Inis Oírr

Dúirt an tAire Stáit Sean Kyne go raibh sé thar a bheith díomách leis an moill atá á chur ar an obair atá le déanamh ar chéibh Inis Oírr. 

Tá sé tugtha faoi deara anois ag Roinn na Gaeltachta nár cuireadh an próiseas soláthar poiblí i gcrích mar is ceart sna blianta 2005 go 2006, nuair a ceapadh an comhlacht RPS le tabhairt faoin obair seo.

Fágann sé seo go gcaithfear tús a chur in athuair leis an bpróiseas tairisceana don obair.

Tá sé ráite ag an gComhairle Contae go raibh Roinn na Gaeltachta ar an eolas ag an am, faoin bpróiseas.

Ní raibh súil ar bith leis an gcor is deireanaí seo sa scéal, a deir an tAire Stáit, agus níl aon ghlacadh aige leis go dtógfaidh an próiseas chomh fada agus atá á feidhmeannaigh na comhairle contae a rá.

Dheimhnigh sé go mbeadh maoiniú ar fáil le tabhairt faoin obair, mar go bhfuil sé i bplean caipitil an Rialtais.

Dochtúir Teaghlaigh na Ceathrún Rua

Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do Nuacht an Iarthair gur éirigh leis an iarrthóir sa bpróiseas earcaíochta a bhí acu le Dochtúir Teaghlaigh a cheapadh ar an gCeathrú Rua.

Iarrthóir amháin a bhí ar an bpost a fógraíodh mí Bealtaine seo.

Tá an tairiscint déanta agus má ghlacann an té seo leis an bpost, beifear in ann a shocrú cén uair a rachaidh an dochtúir nua i mbun oibre.

Tuigtear go bhfuil roinnt Gaeilge ag an té atá i gceist.

Seo é an dara huair le bliain gur fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte folúntas do Dhochtúir Teaghlaigh ar an gCeathrú Rua.

Ceapfar an dochtúir nua in áit an Dr. Mary Feerick atá ag eirí as a cuid cúraimí an mhí seo chugainn.

*********************
 

Beo

Spórt an Lae

Spórt an Lae

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nuacht a Sé

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Caitlín, Ciarán & Cathal.

Caitlín, Ciarán & Cathal.

 
Aodh Mac Laifeartaigh agus Seán Ó Domhnaill.

Aodh Mac Laifeartaigh agus Seán Ó Domhnaill.

 
Caitlín Nic Gabhann, Ciarán Ó Maonaigh & Cathal Ó Curráin.

Caitlín Nic Gabhann, Ciarán Ó Maonaigh & Cathal Ó Curráin.

 
Síle Uí Ghallchóir, Dónal Mac Ruairí agus Daithí Alcorn.

Síle Uí Ghallchóir, Dónal Mac Ruairí agus Daithí Alcorn.

 
Caitlín Nic Gabhann, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Ó Curráin.

Caitlín Nic Gabhann, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Ó Curráin.

 
Frances Nic Géidigh. RTÉ RnaG.

Frances Nic Géidigh. RTÉ RnaG.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 21/07/17.

Barrscéalta, Clár iomlán, 21/07/17.

 
An Seanadóir, Brian Ó Domhnaill.

An Seanadóir, Brian Ó Domhnaill.

 
John Joe Mac Gearailt, Feirmeoir i mBaile an Lochaigh.

John Joe Mac Gearailt, Feirmeoir i mBaile an Lochaigh.

 
Micheál Martin, Ceannaire Fhianna Fáil.

Micheál Martin, Ceannaire Fhianna Fáil.

 
Donncha Ó hÉallaithe, Saineolaí Teanga.

Donncha Ó hÉallaithe, Saineolaí Teanga.

 
Dara Calleary, Teachta Dála, Fianna Fáil.

Dara Calleary, Teachta Dála, Fianna Fáil.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Arthur Beesley, Comhfhreagraí leis an Financial Times.

Arthur Beesley, Comhfhreagraí leis an Financial Times.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin

Adhmhaidin

 
Nuacht an Iarthiar.

Nuacht an Iarthiar.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Rónán Mac Aodha Bhuí, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Rónán Mac Aodha Bhuí, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Seosamh Ó Braonáin, ó Ghrúpa Gníomhach Muilte Gaoith na nGleannta.

Seosamh Ó Braonáin, ó Ghrúpa Gníomhach Muilte Gaoith na nGleannta.

 
Máirtín Ó Gallchóir, as Gort an Choirce.

Máirtín Ó Gallchóir, as Gort an Choirce.

 
Eoghan Nellie Mac Giolla Bhríde, as Gaoth Dobhair.

Eoghan Nellie Mac Giolla Bhríde, as Gaoth Dobhair.

 
Liam Ó Cuinneagáin ó Oideas Gael agus Seamus Ó Domhnaill, Comhairleoir Condae.

Liam Ó Cuinneagáin ó Oideas Gael agus Seamus Ó Domhnaill, Comhairleoir Condae.

 
Barrscéalta: Déardaoin 20 Iúil 2017.

Barrscéalta: Déardaoin 20 Iúil 2017.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Muiris Bruic, Nua Eabhrac.

Muiris Bruic, Nua Eabhrac.

 
Niall Ó Luasa, Úinéir Óstán Ghúgán Barra agus Bríd Ní Mhóráin,  Úinéir na páirce saoire, Wavecrest, i gCathair Dónall.

Niall Ó Luasa, Úinéir Óstán Ghúgán Barra agus Bríd Ní Mhóráin, Úinéir na páirce saoire, Wavecrest, i gCathair Dónall.

 
Shane Finn agus a mháthair Josie.

Shane Finn agus a mháthair Josie.

 
An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 19 Iúil 2017.

An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 19 Iúil 2017.

 
Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomhar Chumann Árainn Mhór.

Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomhar Chumann Árainn Mhór.

 
Máirtín Mac Con Iomaire, iar bhleachtaire Garda.

Máirtín Mac Con Iomaire, iar bhleachtaire Garda.

 
Gonna Dhónaill Ó Domhnaill.

Gonna Dhónaill Ó Domhnaill.

 
Catherine Connolly, Teachta Dála, Neamhspleách as Gaillimh.

Catherine Connolly, Teachta Dála, Neamhspleách as Gaillimh.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 19 Iúil 2017.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 19 Iúil 2017.

 
Rónán Mac Con Iomaire.

Rónán Mac Con Iomaire.

 
Séamas Ó Domhnaill, Comhairleoir Condae.

Séamas Ó Domhnaill, Comhairleoir Condae.

 
Catherine O'Neill.

Catherine O'Neill.

 
Catherine Connolly, Teachta Dála.

Catherine Connolly, Teachta Dála.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Údar Cainte

Údar Cainte

Gaol Gairid

Gaol Gairid

Scéal Aniar

Scéal Aniar

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís