Nuacht an Iarthair:60 post i mbaol b'fhéidir i gConamara

Nuacht an Iarthair:60 post i mbaol b'fhéidir i gConamara

60 post i mbaol b'fhéidir i gConamara

D'fhéadfadh 60 post a bheith i mbaol i gConamara Theas.

Sin má dhéanann an tAire Talmhaíochta cinneadh an cuóta breise ronnach atá ag Éirinn a thabhairt do ghrúpa amháin sa tír seachas é a roinnt ar na ceantair cois cósta ar fad a dúradh.

Tá Cathal Gronnell ón mhonarcha 'Iasc Mara' i Ros a' Mhíl ag impí ar an Aire Talmhaíochta breathnú go grinn ar na ceantair cois cósta agus ar na bealaí a bhféadfaí pobail a choinneáil iontu nuair a chaithfidh sé cinneadh a dhéanamh faoi chuóta na ronnach.

Tuairiscíodh le gairid go bhfuil cinneadh tógtha ag an Aire an cuóta breise a thabhairt do na báid atá ceangailte leis na Cealla Beaga, i gCo.Dhún na nGall.

Tá na báid, a bhíodh ag plé le ronnacha i Ros  a Mhíl ceangailte anois leis na monarchana sna Cealla Beaga. Ceaptar go gcruthóidh sé seo deacrachtaí muna ndéanfaidh an tAire Talmhaíochta cinneadh stuama faoin gcuóta breise. 

Forbairt ar Ché Inis Oírr le plé an tseachtain seo chugainn

Beidh cruinniú ag oifigigh shinsearacha de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe leis an toscaireacht as oileán Inis Oírr ag tús na seachtaine seo chugainn.

Cathaoirleach na comhairle Eileen Mannion a shocraigh an cruinniú.

Socraíodh seo chun soiléiriú a fháil ó thaobh na Comhairle Contae faoin bhforbairt atá le déanamh ar an gCéibh in Inis Oírr.

Tá €2m tugtha don Roinn le haghaidh oibreacha éagsúla a dhéanamh ar an togra seo i mbliana.

Níl sé soiléir an gcuirfear an sciar nach mbeidh caite i mbliana ar fáil arís i 2018.

Is iad an Chomhairle Contae atá i gceannas ar an togra seo.

Comhairle Contae na Gaillimhe atá i gceannas ar thogra Ché Inis Oírr

Tá pleananna le réiteach agus conraitheoirí le fostú le tabhairt faoi fhorbairt na céibhe fós.

Tugadh le fios nach féidir an comhlacht comhairleoireachta, a bhí le ceapadh le haghaidh an réamh-obair a dhéanamh, a fhostú.

Ciallaíonn sé seo go gcaithfear tosú ar phróiseas nua tairisceana, rud a chuirfidh tuilleadh moille ar an bhforbairt.

Dúirt an Comhairleoir Contae Seán Ó Tuairisg, gurb é an soiléiriú is déanaí atá tugtha ag Stiúrthóir na Comhairle Contae, Michael Timmins dó, a bhfuil an cúram air innealtóir a fhostú le breathnú amach d'fhorbairt na céibhe in Inis Oírr, ná go dtógfaidh sé 3 mhí an post sin a líonadh anois.

Deimhníodh don Chomhairleoir Ó Tuairisg freisin go bhfuil feidhmeannach de chuid na Comhairle ag obair ar an 2 thogra seo faoi láthair in Inis Oírr agus in Inis Meáin agus nár cheart go gcoinneofaí siar na tograí.

Tá maoiniú curtha i leataobh ag Roinn na Gaeltachta le hinnealtóir a fhostú ar feadh  bliana le breathnú amach do na cáipéisí tairisceana d'fhorbairt na céibhe in Inis Oírr agus le breathnú amach do chéim a 3 d'fhorbairt chéibh Inis Meáin.  

Seasann an conradh sin ar feadh tréimhse bliana.

Beidh an deis ann fad a chur leis an gconradh sin má theastaíonn a dúradh.

Beo

Nuacht a Sé

Nuacht a Sé

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Fógraí an Lae

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Michael Shéamuis Ó Ceannabháin.

Michael Shéamuis Ó Ceannabháin.

 
Lauren McDonagh, Miss Ireland agus Tommy Pheadairín Mac Donnacha, as Ros a'Mhíl ó dhúchas, ach atá ina cónaí i mBun Cranncha.

Lauren McDonagh, Miss Ireland agus Tommy Pheadairín Mac Donnacha, as Ros a'Mhíl ó dhúchas, ach atá ina cónaí i mBun Cranncha.

 
Tuairisc Spórt.

Tuairisc Spórt.

 
Marcus Ó Buachalla, Bainisteoir cumarsáide Chumann Rugbaí Chúige Laighean.

Marcus Ó Buachalla, Bainisteoir cumarsáide Chumann Rugbaí Chúige Laighean.

 
Helen McGinn as New Jersey.

Helen McGinn as New Jersey.

 
Cathal Ó Cuaig as Barcelona.

Cathal Ó Cuaig as Barcelona.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

 
Seán Ó Cadhain as Newcastle upon Tyne.

Seán Ó Cadhain as Newcastle upon Tyne.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Pól Ó Síocháin, Leas phríomhoide i gColáiste Dáibhéid i gCorcaigh.

Pól Ó Síocháin, Leas phríomhoide i gColáiste Dáibhéid i gCorcaigh.

 
Denise Uí Bheaglaoich agus John G. Ó Duibhir.

Denise Uí Bheaglaoich agus John G. Ó Duibhir.

 
Muiris Breathnach.

Muiris Breathnach.

 
Ráiseanna Bhéal Bán.

Ráiseanna Bhéal Bán.

 
Mícheál Ó Muircheartaigh

Mícheál Ó Muircheartaigh

 
Ómós do Thomás Ághas.

Ómós do Thomás Ághas.

 
An Saol Ó Dheas: Dé Luain 25 Meán Fómhair 2017.

An Saol Ó Dheas: Dé Luain 25 Meán Fómhair 2017.

 
Imeachtaí spóirt.

Imeachtaí spóirt.

 
Denis Mac Géidigh.

Denis Mac Géidigh.

 
Pacáiste  ó Ionad Phádraig Dobhar.

Pacáiste ó Ionad Phádraig Dobhar.

 
Treasa Ní Ghallachóir.

Treasa Ní Ghallachóir.

 
Séamus Ó Domhnaill, Comhairleoir Condae.

Séamus Ó Domhnaill, Comhairleoir Condae.

 
Marjorie Uí Chearbháil.

Marjorie Uí Chearbháil.

 
An tAire Stáit Joe Mc Hugh.

An tAire Stáit Joe Mc Hugh.

 
Micheál Ó hÉanaí, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Micheál Ó hÉanaí, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

 
Barrscéalta: Dé Luain  25 Meán Fómhar 2017.

Barrscéalta: Dé Luain 25 Meán Fómhar 2017.

 
Tríona Nic Giolla Rí, ón gcomhlacht Aró sna Forbacha.

Tríona Nic Giolla Rí, ón gcomhlacht Aró sna Forbacha.

 
Pádraig Ó Lochlainn agus Pádraig Mac Donncha, Coiste Bhóthar Dhoire Fheárta

Pádraig Ó Lochlainn agus Pádraig Mac Donncha, Coiste Bhóthar Dhoire Fheárta

 
Máirtín Ó Cáthain, iriseoir.

Máirtín Ó Cáthain, iriseoir.

 
Pádraig Ó Conghaile, Bainisteoir Oifig Réigiúnach Chonnacht/Laighean d’Údarás na Gaeltachta agus Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

Pádraig Ó Conghaile, Bainisteoir Oifig Réigiúnach Chonnacht/Laighean d’Údarás na Gaeltachta agus Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

 
Seán Bán Breathnach, tráchtaire spóirt.

Seán Bán Breathnach, tráchtaire spóirt.

 
Éamon Ó Cuív Teachta Dála, Fianna Fáil.

Éamon Ó Cuív Teachta Dála, Fianna Fáil.

 
Billy Mag Fhloinn, Ceiliúraí searmanais daonnachta.

Billy Mag Fhloinn, Ceiliúraí searmanais daonnachta.

 
Seán Breathnach, iar-phíolóta.

Seán Breathnach, iar-phíolóta.

 
Póilín Ní Chiaráin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Póilín Ní Chiaráin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
John O' Brien, Iascairí Mhachaire Rabhartaigh

John O' Brien, Iascairí Mhachaire Rabhartaigh

 
Harry McGee, Comhfhreagróir Polaitíochta, The Irish Times.

Harry McGee, Comhfhreagróir Polaitíochta, The Irish Times.

 
Pádraig Ó Dochartaigh, Berlin, An Ghearmáin.

Pádraig Ó Dochartaigh, Berlin, An Ghearmáin.

 
Spórt.

Spórt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt

Nuacht an Deiscirt

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Siúlach Scéalach - Máire Ní Dhonncha ón Cheathrú Rua

Siúlach Scéalach - Máire Ní Dhonncha ón Cheathrú Rua

 
Siúlach Scéalach - Unseann Mac Ruairc agus Na Déise

Siúlach Scéalach - Unseann Mac Ruairc agus Na Déise

 
'The Magic Flute'

'The Magic Flute'

 
The Dust We Raised le Atticprojects

The Dust We Raised le Atticprojects

 
Pósadh Strongbow agus Aoife

Pósadh Strongbow agus Aoife

 
Féile Amharclanna Bhleá Cliath

Féile Amharclanna Bhleá Cliath

 
Ibrahim Halawa agus ceist féiniúlachta na n-Éireannach

Ibrahim Halawa agus ceist féiniúlachta na n-Éireannach

 
Réalta Óg na Bliana- Aindriú agus Siún.

Réalta Óg na Bliana- Aindriú agus Siún.

 
An tuairisc spóirt.

An tuairisc spóirt.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Scéal Aniar

Scéal Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Údar Cainte

Údar Cainte

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís