Nuacht an Deiscirt:Dochtúirí teaghlaigh a mhealladh don tuath
Dochtúirí teaghlaigh a mhealladh don tuath
'Ní hairgead amháin an deacracht le dochtúirí teaghlaigh a mhealladh chun na tuaithe, agus braitheann ana-chuid dochtúirí óga go bhfuil easpa measa orthu', adeir An Dr. Teaghlaigh Conchúir Ó Brosnacháin in agallamh raidió inniu.
In agallamh don chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta bhí an Brosnachánach ag tagairt don scéala go mbeadh os cionn an ceathrú cuid de dhochtúirí teaghlaigh Cho. Chiarraí ag dul ar scor óna gcuid oibre laistigh de 7 mbliana.
Mór-ócáid rothaíochta i gCo.Chiarraí
Tá sé fógartha ag Fáilte Éireann go mbeidh mór-ócáid rothaíochta á rith aige fá Slí an Atlantaigh Fhiáin, tríd cheantair Ghaeltachta Uíbh Ráthaigh agus Chorca Dhuibhne ina measc, níos déanaí i mbliana.
Táthar ag súil leis na céadta rothaí ag an ócáid 'Cycle Sportif', a bheidh ar siúl idir an 13ú-29ú Meán Fómhair agus atá á eagrú ag Fáilte Éireann chun breis rothaithe a mhealladh go dtí Slí an Atlantaigh Fhiáin.
Beidh na rothaithe in Uíbh Ráthach ar an 16ú lá agus i gCorca Dhuibhne idir an 17ú-18ú lá, agus caithfidh siad oíche ar an mBuailtín.
Conradh le luach €5m de chláracha a chur ar fáil do TG4 as seo go 2021
D'fhógair TG4 aréir go bhfuil dul chun cinn maith déanta ina gcainteanna le 'Aniar', comhlacht nua Gaeltachta ar a bhfuil Niamh Ní Bhaoill, ó Bhaile an Fheirtéaraigh Thiar, ar dhuine de na stiúrthóirí, do chonradh luach €5m de chláracha a chur ar fáil don chainéal sna 4 bliana atá romhainn.
Deir TG4 ina ráiteas chomh maith go mbeidh ionaid léiriúcháin ag an bhfiontar nuálach seo i gceantair Gaeltachta Chiarraí, i measc cheantair Gaeltachta eile.
Earráidí dar le 'Prime Time' faoi charraig Sceilg Mhichíl
Tugadh le fios ar an gclár Prime Time ar theilifís RTÉ aréir go raibh sonraí ana-mhíchruinn fé charraig cháiliúil Sceilg Mhichíl, ar chósta Uíbh Ráthaigh, ar chóras rabhaidh na n-ingearán tarrthála náisiúnta.
Tháinig an scéala seo chun solais mar thoradh ar iniúchadh a deineadh ar thubaiste an ingearáin tarrthála Rescue 116, a bhuail An Tor ar chósta Mhaigh Eo ar an 14ú Márta, tragóid inar maraíodh an ceathrar críú a bhí ar bord.
Ní raibh An Tor ar chóras rabhaidh an ingearáin in aon chor, agus tugadh le fios ar chlár na hoíche aréir gur airde 174 troigh a bhí luaite le Sceilg Mhichíl ar an gcóras céanna, seachas an 712 troigh atá inti le ceart.
Tá an botún seo, a bheadh ana-dhainséarach do phíolótaí na n-ingearán agus iad d'iarraidh eitilt tríd ceo, curtha ina cheart anois, a tugadh le fios ar Prime Time na hoíche aréir.
Cruinniú an Údaráis i Nemeton
Tionólfar cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i gceantar Gaeltachta na nDéise inniu.
Is in oifigí cliantchomhlacht an Údaráis, Nemeton Teo. a bheidh an cruinniú boird ar siúl ag 10.30rn.
Céard atá i ndán do Choláiste Gobnatan?
Ní fios fós an foirgneamh nua scoile, nó síneadh leis an bhfoirgneamh atá ann cheana, atá i ndán do Choláiste Gobnatan i mBaile Bhúirne, i bhfianaise borradh a meastar a bheidh ar líon na ndaltaí ann sna blianta amach romhainn.
Tá sé curtha in iúl ag Príomh-oide an Choláiste, Breandán Ó Lionáird, gur thug Oifigigh ón Roinn agus ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí cuairt ar an scoil le déanaí agus iad ag féachaint ar na riachtanais atá sa bhfoirgneamh atá ann fé láthair agus ar an bhféidearthacht chun scoil nua ar fad a thógaint ar an suíomh.