Nuacht an Iarthair: Tobar Gáis na Coiribe

Nuacht an Iarthair: Tobar Gáis na Coiribe

Tobar Gáis na Coiribe

Tá Shell ag díol a sciar féin dá gcuid scaireanna i dtogra Gáis na Coiribe.  Tuairiscítear gur tarraingíodh cruinniú ar maidin i scaglann Gháis na Coiribe i mBéal an Átha Buí, áit ar fógraíodh go bhfuil Shell ag díol a sciar féin den togra, ar fiú os cionn míle milliún dollar é nó 1.8 míle milliún euro é. Tá an margadh déanta ag Shell le Bord Infheistíochta CPP na hEorpa as Ceanada. Is iad CPPIB a bheidh ina gcomhpháirtí nua i dtogra Mhaigh Eo agus is iad Vermilion a bheidh i gceannas.  Dúirt Cathaoirleach Shell Ronan Deasy go bhfuil Shell thar a bheith bródúil go raibh siad mar cheannródaithe ar an togra seo i Maigh Eo. Bliain go leith ó shin a thosaigh an tobar gáis ag feidhmiú go hiomlán i gceantar Iorrais.  Togra a bhí anseo a scoilt an pobal agus ar déanadh an líon is mó fiosrúcháin poiblí faoi riamh. 

Cuarbhóthar na Gaillimhe

Tá sé deimhnithe ag an Aire Stáit Seán Kyne go bhfuil a mbeannacht tugtha ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt don phlean gnó agus don anailís costais is tairbhe a bhaineann le cuarbhóthar na Gaillimhe. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an togra anois os comhair na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe le scrúdú. Is ag an rialtas a bheidh an focal deireadh mar a bhíonn le chuile thogra infreastruchtúir a mbíonn €100 milliún euro nó os a chionn le caitheamh air. Is céim chun cinn thábhachtach í seo, dar leis an Aire Stáit Seán Kyne ach tá píosa fada le dul fós sula n-osclóidh an bóthar.

Scéim FLAG

Seolfaidh an tAire Stáit Seán Kyne an chéad bhabhta tograí in iarthar na tíre a bhfuil maoiniú faighte acu faoin scéim FLAG atá faoi stiúir Bord Iascaigh Mhara in Inis Oírr Dé hAoine seo chugainn. Seo í an scéim atá dá reáchtáil ag BIM le cúnamh a thabhairt d'iascairí agus do na pobail cois cósta. Tá roinnt mhaith tograí i gceantar na Gaillimhe agus i gContae an Chláir a bhfuil maoiniú faighte acu faoin gclár a bheidh i bhfeidhm go dtí 2020. In Áras Éanna in Inis Oírr a bheidh an ócáid ar bun ag 12.30 Dé hAoine seo teacht.

Céibh Inis Oírr

Tá tuilleadh moille curtha ar fhorbairt na Céibhe in Inis Oírr. Tá sé curtha in iúl don Chomharchumann ansin, go gcaithfidh Comhairle Contae na Gaillimhe tús a chur le próiseas anois agus tá cáipéisí tairisceana dá réiteach le Comhlacht Comhairleoireachta a cheapadh as an nua a thabharfas faoi leagan amach na h-oibre. Dúradh roimhe seo go mbeadh an comhlacht ceaptha ón bpróiseas a bhí ann cheana ach tá sé tagtha chun solais anois go gcaithfear tosaigh ar an bpróiseas as an nua, rud a fhágann go mbeidh sé an chéad bhliain eile ar a laghad sula mbeidh an comhlacht in ann tabhairt faoin obair seo. Duirt Bainisteoir Chomhar Chaomháin Paddy Crowe go bhfuil siad ag iarradh cruinniú práinneach le Comhairleoirí Contae Chonamara le soiléiriú a fháil uathu faoi fhorbairt na Céibhe in Inis Oírr. Tá sé soiléir don Chomharchumann anois a dúradh gur ar an gComhairle Contae atá an locht faoin gcorr is déanaí seo. Bhí súil go mbeadh na cáipéisí tairisceana réitithe roimh dheireadh na bliana seo agus go mbeadh an sciar airigid atá curtha ar fáil lena aghaidh caite .

Cruinniú le hAirí Stáit


Níl aon duine fostaithe fós ag Comhairle Contae na Gaillimhe le breathnú amach don obair atá le déanamh ar Chéibh Inis Meáin agus Inis Oírr. Dúradh leis an toscaireacht as Inis Oírr a chas le Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus leis an Aire Stáit Seán Kyne ar an deireadh seachtaine nach bhfuil aon iarratas déanta fós ag an gComhairle Contae ar mhaithe le duine a fhostú le tabhairt faoin obair seo. Tá maoiniú curtha i leath taobh ag  Roinn na Gaeltachta le duine a fhostú don obair, ach níl an t-airgead seo caite fós.

Seirbhís Chomhairleoireachta

Caithfidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maoiniú a chur ar fáil do Sheirbhís Chomhairleoireachta do dhaoine óga i gConamara a deir an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly. Cé gur deimhníodh di go mbeadh maoiniú curtha ar fáil don tseirbhís seo in Oirthear agus i gCathair na Gaillimhe - níl seirbhís chomhairleoireachta ar fáil do dhaoine idir dhá bhliain déag agus chúig bhliana déag in iarthar an Chontae.  Tá sé deimhnithe go bhfuil gá leis an tseirbhís i gCarna agus ar an gClochán I gConamara. Ba chóir a chinntiú go gcuirfí an tseirbhís ar fáil  sna ceantair sin a deir an Teachta Connolly. Beagán le cois 62,000 euro a chosnaíonn sé an tseirbhís a chur ar fáil, airgead beag  as an mbuiséad atá ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte i gcóir cúrsaí meabhair shláinte a deir an Teachta. 
 

Beo

Nead na Fuiseoige

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Adhmhaidin

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Mícheál Ó hUanacháin, Tráchtaire.

Mícheál Ó hUanacháin, Tráchtaire.

 
Éilís Ryan, Comhairleoir Cathrach i mBÁC ó Pháirtí na nOibrithe.

Éilís Ryan, Comhairleoir Cathrach i mBÁC ó Pháirtí na nOibrithe.

 
Áine Máire Nic Dhiarmada, Iriseoir i Londain, Shasana.

Áine Máire Nic Dhiarmada, Iriseoir i Londain, Shasana.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Gaeltachta.

 
Gráinne Ní Chiobháin, Seoirse Ó Luasa agus Donald Ó Gruagáin

Gráinne Ní Chiobháin, Seoirse Ó Luasa agus Donald Ó Gruagáin

 
Áine Ní Shúilleabháin

Áine Ní Shúilleabháin

 
Dolores Ní Mháirtín

Dolores Ní Mháirtín

 
Joan Nic Uidhir

Joan Nic Uidhir

 
Gearóid Mac Gearailt, Oifigeach de chuid na Comhairle Contae sa Daingean

Gearóid Mac Gearailt, Oifigeach de chuid na Comhairle Contae sa Daingean

 
An Saol Ó Dheas, Dé Céadaoin 22 Samhain '17

An Saol Ó Dheas, Dé Céadaoin 22 Samhain '17

 
Séamus Ó Lúing, máistir poist.

Séamus Ó Lúing, máistir poist.

 
Dr. Tony Canavan.

Dr. Tony Canavan.

 
Seán Ó Gallchóir.

Seán Ó Gallchóir.

 
Catherine Connolly, Teachta Dála.

Catherine Connolly, Teachta Dála.

 
Dr. Ciarán Ó Gealbháin, UCC.

Dr. Ciarán Ó Gealbháin, UCC.

 
Marie Ní Chonchubhair, Údar agus tráchtaire.

Marie Ní Chonchubhair, Údar agus tráchtaire.

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta.

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta.

 
Tuairisg spórt.

Tuairisg spórt.

 
Príomhscéalta na nuachtáin.

Príomhscéalta na nuachtáin.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus áitiúil.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus áitiúil.

 
Brídín Pheige Sheáinín a' Táilliúra Uí Chuinn, as Leitir Móir, nach maireann.

Brídín Pheige Sheáinín a' Táilliúra Uí Chuinn, as Leitir Móir, nach maireann.

 
Ardtáthnóna: De Máirt 21 Samhain 2017.

Ardtáthnóna: De Máirt 21 Samhain 2017.

 
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Eoin Ó Catháin.

Eoin Ó Catháin.

 
Donnchadh Ó Laoighre TD.

Donnchadh Ó Laoighre TD.

 
Póilín Ní Chiaráin.

Póilín Ní Chiaráin.

 
Micheál Ó Leidhin agus Jim O’ Callaghan TD.

Micheál Ó Leidhin agus Jim O’ Callaghan TD.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Mícheál Ó Máirtín

Mícheál Ó Máirtín

 
Máire Ní Chéileachair

Máire Ní Chéileachair

 
Marcas Mac Domhnaill

Marcas Mac Domhnaill

 
Seán Ó Catháin, Iar phríomhoide bunscoile agus Cathaoirleach Chumann Caide na Gaeltachta

Seán Ó Catháin, Iar phríomhoide bunscoile agus Cathaoirleach Chumann Caide na Gaeltachta

 
An Saol Ó Dheas, Dé Máirt 21ú Samhain '17

An Saol Ó Dheas, Dé Máirt 21ú Samhain '17

 
Éilís  Barrett.

Éilís Barrett.

 
Pádraig Ó Tiarnaigh.

Pádraig Ó Tiarnaigh.

 
Daithi Alcorn.

Daithi Alcorn.

 
Colm Richardson.

Colm Richardson.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Barrscéalta Dé Máirt 21-11-2017.

Barrscéalta Dé Máirt 21-11-2017.

 
Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Micheál Ó Gliasáin, Comhairleoir Condae Chiarraí.

Micheál Ó Gliasáin, Comhairleoir Condae Chiarraí.

 
Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Condae Chonamara.

Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Condae Chonamara.

 
Frank Reidy, tráchtaire, Berlin.

Frank Reidy, tráchtaire, Berlin.

 
Gearóid Ó Muilleoir.

Gearóid Ó Muilleoir.

 
Máire Ní Neachtain, Cathaoirleach, Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige.

Máire Ní Neachtain, Cathaoirleach, Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

An Cheárta

An Cheárta

Iris Aniar

Iris Aniar

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís