Nuacht an Tuaiscirt: Coiste cróinéara

Nuacht an Tuaiscirt: Coiste cróinéara

Coiste cróinéara

Éistfear an coiste cróinéara faoin tubaiste a tharla ag céidh Bhun Cranncha anuraidh, nuair a báitheadh 5 as an teaghlach amháin in Inis Eoghain ar an 22ú de Shamhain agus mairfidh sé dhá lá. Bhí réamhéisteacht ar siúl inniu in Óstán an Inishowen Gateway , faoi stiúr an Chroinéara an Dr Denis McCauley , le eolas a thabhairt faoin leagan amach a bheas ar an choiste cróinéara sin. Báthadh Sean McGrotty as Doire , a bheirt mhac Evan agus Mark, máthair mhór na bpáistí, Ruth Daniels agus iníon léithi, Jodie Lee, nuair a shleamhnaigh a gcarr ó chéidh Bhun Cranncha isteach i Loch Súilí i Márta anuraidh. Duirt an Dr Mcauley gur tubaiste uafásach a bhí san rud a tharla don teaghlach agus go raibh sé ag moladh go mbeadh giúiré i láthair don choiste cróinéara i mí na Samhna. Tugadh le fios go mbeidh dosaen ráiteas mar chuid den choiste cróinéara, go mbeidh fianaise ó bhaill de na Gardaí ar eachtraí na hoíche, chomh maith le eolas ó fhinnéithe as Údarás Sábháilteacht Uisce na hÉireann agus Údarás Sabháilteacht Bóithre na hÉireann. Beidh duine i láthair ó Chomhairle Condae Dhún na nGall le eolas a thabhairt faoi shábháilteacht chéidheanna agus sleamhnáin na condae agus dúradh go mbainfidh an chéad pháirt den choiste le Seán mcGrotty, a bhí ag tiomáint an chairr Audi oíche na tubaiste. Bhi daoine muinteartha McGrotty i láthair ag éisteacht an lae inniu.

Eitilt sa bhreis

Beidh eitilt sa bhreis in aghaidh na seachtaine a chur leis an tseirbhís ó Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall go Glaschú ón Déardaoin seo chugainn, rud a chiallaíonn go mbeidh seirbhís  ann cúig la sa seachtain. Leanfaidh na h-eitiltí breise go deireadh an tsamhraidh.  Bhí 6 seirbhís in aghaidh na seachtaine go Glaschú  i rith an tsamhraidh  anuraidh ach tháinig laghdú ar líon na bpaisinéirí ag an am de bharr an titim ar luach an punt sterling agus ar an imní a bhí ar dhaoine faoi imeact na Breataine ón Aontas Eorpach. Rinne Eilis Barrett  bainiseoir feidhmiúcháin Aerfort Dhún na nGall cur síos ar Barrscéalta  ar an ardú ar líon na bpainsinéirí atá ag baint úsáid as na seirbhísí  ón aerfort go Baile Átha Cliath agus go Glaschú ó thus na bliana   

Scéim phíolótach

D'fhéadfadh scéim phíolótach atá ar bun ar an Chlochán Liath ag díriú ar phlandaí nach plandaí dúchasacha iad, a chur ar bun i bpáirteanna eile den chontae, a dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallachóir. Tá an scéim a reáchtáil  ag  Comhairle Contae  Dhún na nGall le dul i ngleic le plandaí ar nós an ghlúineach bhiorach, an gunnaire agus an rós labhras atá ag fás go leitheadach sa cheantar. Tá  sé beartaithe ag an Comhairle Contae oiliúint a chur ar fáil  do ghrúpaí pobail i gceantar an Chlocháin Léith leis na plandaí   a aithint agus eolas a thabhairt  ar na dóigheanna le réitigh a fháil daofa.
Deir an Comhairleoir Marie Therese Ní Ghallchóir go gcaithfear monatóireacht a dhéanamh ar an scéim agus  má tá ag éirí leis gur cheart an múnla céanna a chur ar fáil i bpáirteanna eile den chontae.
 

Uisce Éireann

Tá conraitheoir fostaithe ag  Uisce Éireann atá  i mbun oibre ar Bóthar na Céibhe ar an Chlochán Liath le níos mó ná 10 seachtainí. Tá sé tugtha le fios ag Uisce Éireann don Chomhairleoir Contae  Marie Therese Ní Ghallchóir   nach mbeidh an obair críochnaithe anois go ceann 3 seachtain eile ar a laghad.
Deir  an Comhairleoir Contae Éanna Ó Cnáimhsí go bhfuil na hionadaithe poiblí  a gcur ó dhoras ag Uisce Éireann agus eolas a lorg acu ar an togra seo.

Bun Cranncha

Beidh réamhéisteacht chróinéara faoin tubaiste a tharla ag céidh Bhun Cranncha anuraidh, nuair a báitheadh 5 as an teaghlach amháin, ar siúl inniu in Inis Eoghain. Sé an Croinéar an Dr Denis McCauley a bhéas ag stiúradh na hócáide, a thoiseos ag an mheánlae in Óstán an Inishowen Gateway i mBun Cranncha. Báthadh Sean McGrotty, a bheirt mhac Evan agus Mark, máthair mhór na bpáistí, Ruth Daniels agus iníon léithi, Jodie Lee, nuair a shleamhnaigh a gcarr ó chéidh Bhun Cranncha isteach i Loch Súilí i Márta anuraidh. Tuigtear go mbeidh eolas tugtha inniu faoin leagan amach a bhéas ar an choiste cróinéara amach anseo agus na grúpaí agus daoine éagsúla a bhéas ag tabhairt fianaise ann.

Ralaí Dhún na nGall

Tá Grúpa Oibre um Shábháilteacht ar Bhóithre Dhún na nGall ag impí ar lucht leanta Ralaí Idirnáisúnta Dhún na nGall a bheith freagrach agus cloí  le na rialacha sábháilteacht bóthar  le linn na deireadh seachtaine seo. Deir Brian O'Donnell, Oifigeach um Shábháilteacht ar Bhóithre  go mbeidh na carranna sa Ralaí ag tiomáint ar ard-luas ach go mbeidh siad a dhéanamh seo ar bóithre a bhéas druidte , i carrana den ard -chaighdeán le treallamh sábháilteachta agus iad feistithe  mar is ceart. Ach deir sé go bíonn go leor daoine óga  ag   tiomáint  go contúirteach  i ngluaisteáin  atá athchóirithe go mí-dhleathach agus gan spéis dá laghad acu sa rallaí .Ní bhíonn de rún acu ach deacrachtaí a chruthu  do na Gardaí agus don phobal. 

Beo

Barrscéalta

Barrscéalta

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Ferdia Mc Crann, Oifigeach Meitreolaíochta

Ferdia Mc Crann, Oifigeach Meitreolaíochta

 
Liam Ó Cuinneagáin, iar-chathaoirleach Údarás na Gaeltachta

Liam Ó Cuinneagáin, iar-chathaoirleach Údarás na Gaeltachta

 
Christine Ní Mhóráin, Áisitheoir Mhol Teic an Daingin

Christine Ní Mhóráin, Áisitheoir Mhol Teic an Daingin

 
Tríona Mac Giolla Rí, Stiúrthóir an Chomhlachta Aró

Tríona Mac Giolla Rí, Stiúrthóir an Chomhlachta Aró

 
Donncha Mac Con Iomaire, iriseoir

Donncha Mac Con Iomaire, iriseoir

 
Tómas Mac Siomóin, tráchtaire ar ghnóthaí na Catalóine

Tómas Mac Siomóin, tráchtaire ar ghnóthaí na Catalóine

 
Micheál Ó Conchúir

Micheál Ó Conchúir

 
Pat the Cope Ó Gallchóir TD, Fianna Fáil

Pat the Cope Ó Gallchóir TD, Fianna Fáil

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidió na Gaeltachta

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidió na Gaeltachta

 
Scéalta Spóirt

Scéalta Spóirt

 
Príomhscéalta na Nuachtán

Príomhscéalta na Nuachtán

 
Nuacht an Tuaiscirt

Nuacht an Tuaiscirt

 
Nuacht an Deiscirt

Nuacht an Deiscirt

 
Nuacht an Iarthair

Nuacht an Iarthair

 
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta

 
Caitlín Ní Chonghaile, iníon Pheait Phádraig Tom Ó Conghaile.

Caitlín Ní Chonghaile, iníon Pheait Phádraig Tom Ó Conghaile.

 
Seán Ó Mainnín, dornálaí as Ros Muc agus Boston.

Seán Ó Mainnín, dornálaí as Ros Muc agus Boston.

 
Bairbre Ní Fhatharta, ó choiste tuismitheoirí Scoil Cholmcille, Ros a' Mhíl.

Bairbre Ní Fhatharta, ó choiste tuismitheoirí Scoil Cholmcille, Ros a' Mhíl.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

 
Malachi Ó Ruairc, tráchtaire sa mBruiséil.

Malachi Ó Ruairc, tráchtaire sa mBruiséil.

 
Cathal Ó Cuaig, tráchtaire i mBarcelona na Spáinne.

Cathal Ó Cuaig, tráchtaire i mBarcelona na Spáinne.

 
Póilín Ní Chiaráin, Comhfhreagraí Raidió na Gaeltachta i mBéal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, Comhfhreagraí Raidió na Gaeltachta i mBéal Feirste.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisaiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisaiúnta agus Gaeltachta.

 
Muiris O Fearghaíosa;Tithe tábhairne

Muiris O Fearghaíosa;Tithe tábhairne

 
Tomás Mac Gearailt;tinnte CA

Tomás Mac Gearailt;tinnte CA

 
Cumann Rugbaí Chorca Dhuibhne.

Cumann Rugbaí Chorca Dhuibhne.

 
Tomás Mac Ginneá;Deireadh seachtaine amhránaíocht Gary Mac Mathúna

Tomás Mac Ginneá;Deireadh seachtaine amhránaíocht Gary Mac Mathúna

 
An Saol ó Dheas 19ú Deireadh Fómhair 2017

An Saol ó Dheas 19ú Deireadh Fómhair 2017

 
Ailbhe Ó Monacháin TG4.

Ailbhe Ó Monacháin TG4.

 
Antoin De Blárach.

Antoin De Blárach.

 
Micheál  Tunney.

Micheál Tunney.

 
Alan Ó Baoid.

Alan Ó Baoid.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Clíona De Brí.

Clíona De Brí.

 
Barrscéalta Déardaoin 19-10-2017

Barrscéalta Déardaoin 19-10-2017

 
Sinéad Ní Dhomhnaill, an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide, Comreg.

Sinéad Ní Dhomhnaill, an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide, Comreg.

 
Páidí Ó Sé, Bainisteoir Comharchumann Chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé, Bainisteoir Comharchumann Chorca Dhuibhne.

 
Seán Ó Tuairisg, Fianna Fáil, Comhairle Condae na Gaillimhe.

Seán Ó Tuairisg, Fianna Fáil, Comhairle Condae na Gaillimhe.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Micheál Ó Conchúir, Coiste na Réigiún, Pairlimint na hEorpa.

Micheál Ó Conchúir, Coiste na Réigiún, Pairlimint na hEorpa.

 
Seán Byrne, léachtóir le eacnamaíocht, Instititiúid Teicneolaiochta Átha Cliath.

Seán Byrne, léachtóir le eacnamaíocht, Instititiúid Teicneolaiochta Átha Cliath.

 
Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Comharchumann Árainn Mhóir.

Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Comharchumann Árainn Mhóir.

 
Dr. Gillian Ní Cheallaigh, iriseoir Londain.

Dr. Gillian Ní Cheallaigh, iriseoir Londain.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

An Cheárta

An Cheárta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Iris Aniar

Iris Aniar

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís