Nuacht an Tuaiscirt:Dífhostaíocht Dhún na nGall 5% níos airde

Nuacht an Tuaiscirt:Dífhostaíocht Dhún na nGall 5% níos airde

Dífhostaíocht 5% níos airde i nDún na nGall ná go náisiúnta

Ráta dífhostaíochta de 18% a bhí i nDún na nGall nuair a rinneadh daonáireamh na bliana anuraidh, do réir an eolais atá eisithe ag an Lár Oifig Staidrimh inniu.

Sin breis agus 5% níos airde ná an meán ráta náisiúnta. Bhí 71,182 duine i mbun saothair agus iad ag obair sa chontae in 2016, laghdú de 1.3% ó dhaonáireamh 2011.

Bhí 14.4% de dhaonra Dhún na nGall faoi mhíchumas agus bhí 4.5% de dhaonra na contae ag tabhairt cúraim do dhaoine, gan páighe, do réir an eolais atá eisithe inniu.

Príomh-Aoire McHugh an-sásta

Dúirt Príomh-Aoire úr an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh ar Bharrscéalta inniu go raibh sé thar a bheith sásta leis na cúramaí úra a bhéas air, agus go mbeidh freagracht air don Ghaeilge ar fud na tíre.

Tá guth arís ag an Ghaeilge agus ag an Ghaeltacht ag tábla an Rialtais anois, a dúirt Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge, agus é ag cur fáilte roimh cheapachán Joe McHugh.

Tá áit ag tábla an Rialtais faighte ag an Teachta Dála Joe McHugh san ath-eagar a d'fhógair an Taoiseach nua thofa, Leo Varadkar mall tráthnóna inné.

Is é príomh Aoire úr an Rialtais, le cúramaí na Gaeilge, na Gaeltachta agus na hOileáin.

Ní raibh Aire Rialtais ag Dún na nGall ó 2011 nuair a bhí Máire Ní Chlochalinn ina hAire.

Fear gafa ag Gardaí faoi bheith ag tiomáint an-ghasta

Bhí Gardaí sa tóir ar charr a bhí ag tiomáint ag luas iontach ard i gceantar Leitir Ceanainn aréir.

Ghabh na Gardaí fear a bhí ag tiomáint carr den déanamh Opel Corsa fríd bhaile Leitir Ceanainn ag luas iontach ard, i ndiaidh daofa a dhul sa tóir air.

Chuaigh an carr ó lár bhaile Leitir Ceanainn fhad le Gleann Súilí agus ar aghaidh go dtí'n Tearmann sular éirí leis na Gardaí an carr a stopadh agus an tiománaí a ghabháil.

Iarratais ar aitheantas scoileanna Ghaeltachta

Tá achan scoil sa Ghaeltacht Lár, i gCloich Cheann Fhaola agus i nGaeltacht an Iar Dheiscirt cláraithe do scéim le Aitheantais Scoileanna Gaeltachta a bhaint amach.  

Tuigtear go bhfuil an chuid is mó do bhunscoileanna Ghaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair i ndiaidh clárú go dtí seo fosta.  

Sé inniu an lá deireanach do scoileanna san limistéir pleanála teanga Gaeltachta clárú leis An Roinn Oideachais agus Eolaíochta le bheith páirteach i scéim a thabharfaidh deis daofa aitheantas mar Scoileanna Ghaeltachta a bhaint amach.

Beidh tréimhse cúig bliana acu le go mbeidh siad ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus i gcás na mbunscoileanna ní bheidh an Béarla a teagasc sna ranganna sóisearacha.

Breitheamh imithe ar scor

Ba inné an lá deireanach ag an Bhreitheamh John O Hagan i gCúirt Chuarda Dhún na nGall sula mbeidh sé ag éirí as a chuid oibre.

Ceapadh John O'Hagan mar Bhreitheamh sa bhliain 1998 agus chaith sé cuid mhaith den am ó shin ag feidhmiú i nDún na nGall.

Thréaslaigh an tAbhchóide Peter Nolan leis inné i gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn. Dúirt sé go bhfuil seirbhís luachmhar tugtha ag an Bhreitheamh O'Hagan do Dhún na nGall agus gur déileáil sé le achan chás go daonna i gcónaí.

Ghabh an Breitheamh O'Hagan buíochas le foireann na Cúirte, Gardaí, Oifigigh Príosúin agus na meáin, as a gcomhoibriú.

TD míshasta faoi easpa maoinithe

Deir an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir gur cinneadh dochreidte cinneadh an Rialtais gan maoiniú a chur ar fáil dona hoileáin i nDún na nGall faoi Chlár Oibreacha Caipitil 2017.  

Beidh milliún euro de dheontais ar fáil do oileáin i gceithre chontae, a fógraíodh inné, a dúirt sé, ach níl maoiniú a cheadú do thograí ar oileáin Dhún na nGall, a dúirt sé.

Sé'n rud is iontaí ar fad ná go raibh dhá Aire Stáit Rialtais, Seán Kyne agus Joe McHugh ar cuairt ar oileán Árainn Mhór le gairid, agus nár ceadaíodh maoiniú ar bith do thograí ar an oileán, a dúirt sé.

Tá tromaíocht a dhéanamh ag an Rialtas reatha ar oileáin Dhún na nGall, a dúirt an Teachta Ó Gallachóir.

D'iarr sé ar an Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar an chás láithreach agus maoiniú a chur ar fáil do thograí ar oileáin Dhún na nGall.

Ionaid Súgartha fágtha ar an ngannchuid

Níor cuireadh sciar chothrom d'airgead CLÁR a fógraíodh inné do bheartais shábháilteachta ag Ionaid Súgartha, ar fáil do Dhún na nGall, a dúirt an Leas Cheann Comhairle, An Teachta Pat the Cope Ó Gallachóir.

Níor cuireadh ach  €48,000 as buiséad de €4.9m ar fáil do Dhún na nGall a dúirt sé, agus seo sampla eile de neamart an Rialtais i nDún na nGall, a dúirt sé.

Le níos lú ná 1% de bhuiséad na scéime ceadaithe do thograí i nDún na nGall, léiríonn sé seo dímheas an Rialtais ar phobail tuaithe ar cheantair tuaithe Dhún na nGall, a dúirt an Teachta Ó Gallachóir.

D'iarr sé ar an Taoiseach úr agus ar na hAirí Rialtais deireadh a chur lena bpolasaí i gcoinne chontae Dhún na nGall, agus caitheamh go cothrom  le Dún na nGall.

Áis comhdhála oscailte in óstán Harveys Point

Tá seomra úr comhdhála oscailte ag an Ostán iomráiteach Harveys Point i mBaile Dhún na nGall.

Tá infheistíocht mhór déanta ag lucht an ostáin san ionad úr comhdhála, agus súil acu go mbeidh sé ar a gcumas ócáidí agus imeachtaí móra a mhealladh go dtí'n ostán, dá bharr.

Dúirt bainistíocht an Ostáin go raibh méadú mór le tamall ar éileamh do chruinnithe agus comhdhálacha corparáideacha, agus gur seo an fáth ar shocair siad ionad úr comhdhála a  thógáil ag an ostán.

Soláthar uisce Bhaile na Finne

Cuirfear isteach ar an soláthar uisce do dhaoine atá ag fáil uisce ó ghrúpscéim uisce na Seallagáin i mBaile na Finne inniu.

Deir Uisce Éireann agus Comhairle Contae Dhún na nGall gur seans go mbeidh an t-uisce gearrtha nó go mbeidh brú íseal sa cheantar sin ó 10.30 ar maidin go dtí'n 4.00 tráthnóna inniu.

Beidh obair chóirithe riachtanach a dhéanamh ar an chóras uisce 

Beo

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tequila Tíre

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 23ú Meitheamh 2017

An Saol ó Dheas 23ú Meitheamh 2017

 
Barrscéalta, clár beo ó Theach Solais Fhánada.

Barrscéalta, clár beo ó Theach Solais Fhánada.

 
Dr. Ciaran Mac An Bhaird, Ollscoil Chathair Átha Cliath -DCU.

Dr. Ciaran Mac An Bhaird, Ollscoil Chathair Átha Cliath -DCU.

 
Plean Teanga seolta i Maigh Cuilinn.

Plean Teanga seolta i Maigh Cuilinn.

 
Piaras Ó Dochartaigh.TD Sinn Féin.

Piaras Ó Dochartaigh.TD Sinn Féin.

 
Gearóid Ó Muilleoir, Iriseoir.

Gearóid Ó Muilleoir, Iriseoir.

 
Conall Mac Gearailt, Údarás Na Gaeltachta.

Conall Mac Gearailt, Údarás Na Gaeltachta.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió Na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió Na Gaeltachta.

 
Eoin Ó Catháin, An Bhruiséil.

Eoin Ó Catháin, An Bhruiséil.

 
Spóirt.

Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta / Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta / Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Eibhlín de Paor, Údarás na Gaeltachta.

Eibhlín de Paor, Údarás na Gaeltachta.

 
Sochraid Dhomhnall Mac Síthigh.

Sochraid Dhomhnall Mac Síthigh.

 
Breandán Ó Grifín, Aire Stáit Turasóireachta agus Spóirt.

Breandán Ó Grifín, Aire Stáit Turasóireachta agus Spóirt.

 
Tommy Jim Mac Gearailt, Féile an Dúinín.

Tommy Jim Mac Gearailt, Féile an Dúinín.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 22 Meitheamh 2017.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 22 Meitheamh 2017.

 
Mairead Ní Earcain, Nóirín Nic Aoidh, Micheál Ó Searcaigh agus Rónán Mac Gairbhigh.

Mairead Ní Earcain, Nóirín Nic Aoidh, Micheál Ó Searcaigh agus Rónán Mac Gairbhigh.

 
Máire Ní Fhearraigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Máire Ní Fhearraigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 
Maitiú de Hál, an ceantar an Chlochán Leith.

Maitiú de Hál, an ceantar an Chlochán Leith.

 
Grainne Rua Ní Ghallchóir as Gleann Cholm Cille.

Grainne Rua Ní Ghallchóir as Gleann Cholm Cille.

 
Dónal Ó Cnáimhsí, Paddy Ó Gallchóir agus Treasa Ní Ghallchóir.

Dónal Ó Cnáimhsí, Paddy Ó Gallchóir agus Treasa Ní Ghallchóir.

 
Barrscéalta: Déardaoin 22 Meitheamh 2017.

Barrscéalta: Déardaoin 22 Meitheamh 2017.

 
Peadar Tóibín, Teachta Dála,

Peadar Tóibín, Teachta Dála,

 
Seán Kelly MEP.

Seán Kelly MEP.

 
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóidíochta Conradh na Gaeilge.

Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóidíochta Conradh na Gaeilge.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire polaitíochta.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire polaitíochta.

 
Peadar Mac An Iomaire.

Peadar Mac An Iomaire.

 
Mánus Ó Luachra, Coláiste Árainn Mhór.

Mánus Ó Luachra, Coláiste Árainn Mhór.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

 
Tuairisg Spórt.

Tuairisg Spórt.

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 21ú Meitheamh 2017

An Saol ó Dheas 21ú Meitheamh 2017

 
Caitlín Nic Aoidh ó TG4.

Caitlín Nic Aoidh ó TG4.

 
Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig – Bosca na Faoistine.

Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig – Bosca na Faoistine.

 
Micheál ó hÉanaigh, Údarás na Gaeltachta.

Micheál ó hÉanaigh, Údarás na Gaeltachta.

 
John Curran, Oifigeach na gCoimisinéirí Ioncaim i n Dún na nGall.

John Curran, Oifigeach na gCoimisinéirí Ioncaim i n Dún na nGall.

 
Load More...
Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Scéal Aniar

Scéal Aniar

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

An Cheárta

An Cheárta

Iris Aniar

Iris Aniar

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís