Nuacht an Iarthair: Díomá nár ath-ceapadh Seán Kyne, TD ina Aire

Nuacht an Iarthair: Díomá nár ath-ceapadh Seán Kyne, TD ina Aire

Díomá faoi chinneadh an Taoisigh i gcás Sheán Kyne TD

Ní mó ná sásta atá polaiteoirí i nGaillimh Thiar faoi chinneadh an Taoisigh Leo Varadkar, gan an Teachta Seán Kyne a cheapadh in athuair mar Aire Stát Gaeltachta.

Tá Gaillimh agus an Ghaeltacht caite sna fataí lofa ag cinneadh an Taoisigh a deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh , cinneadh a léiríonn easpa tuisceana ar an dul chun cinn le bliain anuas faoi stiúir an Teachta Kyne.

Céim siar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a dúirt urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil anTeachta Dála Éamon Ó Cuív a bhí i gcinneadh an Taoisigh.

Tá diúltaithe ag an Aire Stát na Gaeltachta agus Príomh Aoire an rialtais, Joe McHugh do cháineadh an tSeanadóra Uí Chlochartaigh.

Thug Joe McHugh le fios ar an gclár Barrscéalta inniu, go bhfuil sé  tábhachtach anois go mbeidh glór ag Aire Stát na Gaeilge agus na Gaeltachta ag Bord an Rialtais agus go mbeidh sé ag obair lena chomhleacaithe timpeall bhord an rialtais leis an teanga agus tiomantas an Taoisigh ina leith a chur chun cinn.

Líon fostaithe i nGaillimh & Maigh Eo níos ísle ná meán náisiúnta

Léiríonn na figiúirí is déanaí ón Lár Oifig Staidrimh atá foilsithe inniu a bhaineann le daonáireamh na bliana seo caite go raibh beagán faoi bhun an mheáin náisiúnta den daonra i nGaillimh agus i Maigh Eo páirteach sa margadh saothair.

Baineann na figiúirí inniu leis an méid daoine a bhí ag obair sa dá chontae ag am an daonáirimh chomh maith leis an ráta dífhostaíochta agus líon na scoláirí.

I gContae na Gaillimhe bhí beagnach 10,000 duine dífhostaithe i mí Abreán anuraidh, sin 12.1%  agus beagán le cois ocht míle go leith i gContae Mhaigh Eo 14.3%.  

6.4% an ráta dífhostaíochta ar bhonn náisiúnta.

Bhí laghdú 0.4% ar an líon scoláirí i Maigh Eo idir 2011 agus 2016 agus árdú 2.5% i gContae na Gaillimhe.

Athchóiriú thithe 

Tugadh le fios do na daoine a bhí i láthair ag cruinniú na hoíche areir i gComhar Chuigéil, i Leitir Mealláin, go ngabhfaidh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann ar aghaidh leis an obair chóirithe atá le déanamh ar suas le 30 teach sa gceantar. 

Déanadh obair ar thrí theach is fiche faoin scéim anuraidh agus tá measúnú déanta ar naoi gcinn fhichead de thithe i mbliana.  Is féidir leis na daoine a bhfuil obair ceadaithe le déanamh ar a gcuid tithe, a bheith súil le litir an tseachtain seo, a dúirt Maidhc Ó Curraoin ó Chomhairle Ceantar na nOileán.

Chomh maith leis sin ba cheart go bhfaighfeadh na daoine seo scéala ar an bposta freisin faoi lár na míosa seo chugainn faoin obair a bheidh le tosaí i dtús mí Lúnasa agus a leanfas ar aghaidh ar feadh 8 nó deich de sheachtainí ar na tithe sa gceantar. 

Is féidir fuinneoga, doirse, soirn, téiteoirí, córais teasa, insliú a dhéanamh thithe faoin scéim seo.

Tá coiste riartha Chomhar Chuigéil le suí síos agus iarratas na bliana seo chugainn a phlé go gairid, agus má bhíonn éileamh ó an dóthain tithe i gcóir obair na scéime, déanfaidh siad iarratas arís an chéad bhliain eile.

Mar gheall gur airgead stát a úsáidtear don scéim cuirtear an obair amach ar chonradh rud a chialaíonn go mbíonn dreamanna ó chuile cheard den tír ag déanamh na n-oibreacha. 

Tá an sciar airgid atá ar fáil ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann laghdaithe go mór ó thosaigh sé, 20% den chostas atá le n-íoc ag úinéir an tigh anois le h'ais chúig faoin gcéad den sciar a bhíodh le n-íoc i dtús aimsire. 
 

Scoil Ghaeltachta nach bhfuil ag déanamh iarratas ar stádas

Níl sé i gceist ag Scoil Mhuire i Maigh Cuilinn aitheantas a lorg mar scoil Ghaeltachta.  Vótáil 75% do phobal na scoile sa gceantar, gan aitheantas a bhaint amach i bpróiseas a bhí ar bun sa gceantar le scaitheamh.

Bhí deis ag tuismitheoirí na ngasúir, foireann na Scoile agus ag an mbord bainistíochta,  vóta a chaitheamh ar an gceist seo.

Dúirt an Teachta Dála Seán Kyne, nach bhfuil aon tagairt sa bPolasaí don Oideachas Gaeltachta, le déileáil le scoileanna nach mbíonn sásta aitheantas a lorg le bheith ina scoil Ghaeltachta.  

Creideann an Teachta Dála Kyne go pearsanta, go gcaithfear breathnú ar an bpolasaí sin agus féachaint an féidir deis a thabhairt do scoileanna amach anseo an t-aitheantas seo a lorg.

€462k le caitheamh ar bhóithre oileáin na Gaillimhe

Is ar bhóithre in Inis Mór agus Inis Bó Finne is mó a chaithfear an maoiniú atá curtha ar fáil ag Aire Stáit na Gaeltachta d'Oileáin i gContae na Gaillimhe.  Tá os cionn €462,000 curtha ar fáil le caitheamh ar bhóithre ar na hoileáin.

Dúirt Innealtóir Sinsearacha i gComhairle Contae na Gaillimhe, Pádraig Breathnach, go mbeidh siad ag tosnú ar an obair ar na bóithre ar na hoileáin seo an mhí seo chugainn.  Tá obair mhór le déanamh ar na bóithre ar Inis Bó 

Beo

An Ghealach Ghorm

An Ghealach Ghorm

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 23ú Meitheamh 2017

An Saol ó Dheas 23ú Meitheamh 2017

 
Barrscéalta, clár beo ó Theach Solais Fhánada.

Barrscéalta, clár beo ó Theach Solais Fhánada.

 
Dr. Ciaran Mac An Bhaird, Ollscoil Chathair Átha Cliath -DCU.

Dr. Ciaran Mac An Bhaird, Ollscoil Chathair Átha Cliath -DCU.

 
Plean Teanga seolta i Maigh Cuilinn.

Plean Teanga seolta i Maigh Cuilinn.

 
Piaras Ó Dochartaigh.TD Sinn Féin.

Piaras Ó Dochartaigh.TD Sinn Féin.

 
Gearóid Ó Muilleoir, Iriseoir.

Gearóid Ó Muilleoir, Iriseoir.

 
Conall Mac Gearailt, Údarás Na Gaeltachta.

Conall Mac Gearailt, Údarás Na Gaeltachta.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió Na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió Na Gaeltachta.

 
Eoin Ó Catháin, An Bhruiséil.

Eoin Ó Catháin, An Bhruiséil.

 
Spóirt.

Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta / Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta / Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Eibhlín de Paor, Údarás na Gaeltachta.

Eibhlín de Paor, Údarás na Gaeltachta.

 
Sochraid Dhomhnall Mac Síthigh.

Sochraid Dhomhnall Mac Síthigh.

 
Breandán Ó Grifín, Aire Stáit Turasóireachta agus Spóirt.

Breandán Ó Grifín, Aire Stáit Turasóireachta agus Spóirt.

 
Tommy Jim Mac Gearailt, Féile an Dúinín.

Tommy Jim Mac Gearailt, Féile an Dúinín.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 22 Meitheamh 2017.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 22 Meitheamh 2017.

 
Mairead Ní Earcain, Nóirín Nic Aoidh, Micheál Ó Searcaigh agus Rónán Mac Gairbhigh.

Mairead Ní Earcain, Nóirín Nic Aoidh, Micheál Ó Searcaigh agus Rónán Mac Gairbhigh.

 
Máire Ní Fhearraigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Máire Ní Fhearraigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 
Maitiú de Hál, an ceantar an Chlochán Leith.

Maitiú de Hál, an ceantar an Chlochán Leith.

 
Grainne Rua Ní Ghallchóir as Gleann Cholm Cille.

Grainne Rua Ní Ghallchóir as Gleann Cholm Cille.

 
Dónal Ó Cnáimhsí, Paddy Ó Gallchóir agus Treasa Ní Ghallchóir.

Dónal Ó Cnáimhsí, Paddy Ó Gallchóir agus Treasa Ní Ghallchóir.

 
Barrscéalta: Déardaoin 22 Meitheamh 2017.

Barrscéalta: Déardaoin 22 Meitheamh 2017.

 
Peadar Tóibín, Teachta Dála,

Peadar Tóibín, Teachta Dála,

 
Seán Kelly MEP.

Seán Kelly MEP.

 
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóidíochta Conradh na Gaeilge.

Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóidíochta Conradh na Gaeilge.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire polaitíochta.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire polaitíochta.

 
Peadar Mac An Iomaire.

Peadar Mac An Iomaire.

 
Mánus Ó Luachra, Coláiste Árainn Mhór.

Mánus Ó Luachra, Coláiste Árainn Mhór.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

 
Tuairisg Spórt.

Tuairisg Spórt.

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 21ú Meitheamh 2017

An Saol ó Dheas 21ú Meitheamh 2017

 
Caitlín Nic Aoidh ó TG4.

Caitlín Nic Aoidh ó TG4.

 
Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig – Bosca na Faoistine.

Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig – Bosca na Faoistine.

 
Micheál ó hÉanaigh, Údarás na Gaeltachta.

Micheál ó hÉanaigh, Údarás na Gaeltachta.

 
John Curran, Oifigeach na gCoimisinéirí Ioncaim i n Dún na nGall.

John Curran, Oifigeach na gCoimisinéirí Ioncaim i n Dún na nGall.

 
Load More...
Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Iris Aniar

Iris Aniar

Scéal Aniar

Scéal Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

An Cheárta

An Cheárta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís