Nuacht an Deiscirt: Seirbhís nua idir Aerfort Chorcaí & Íoslainn
Tús le seirbhis nua aeir ag Aerfort Chorcaí
Cuirfear tús inniu leis an tseirbhís nua a bheidh á rith ag WOW Air idir Aerfort Chorcaí agus Reykjavik na hÍoslainne. Beidh paisinéirí ar na h-eitiltí seo in ann taisteal ar aghaidh ó Reykjavik go dtí deich gcinn de chathracha i Meiriceá Thuaidh, agus eitiltí trasatlantacha ar phraghas íseal ó Aerfort Chorcaí ar fáil anois don gcéad uair.
Seachbhóthar Bhaile Bhúirne agus Mhaigh Chromtha
Tá sé tugtha le fios ag stiúrthóir bóithre Chomhairle Chontae Chorcaí nach mbeidh na doiciméidí tairisceana do thógáil Sheachbhóthar Bhaile Bhúirne agus Mhaigh Chromtha á n-ullmhú go dtí lár na bliana seo chugainn, ach nach dtosnófar ag tógaint an bhóthair go dtí 2019 ar a luaithe.
Cúrsa Ard-Dioplóma i Léiriú Teilifíse le forbairt tuilleadh
Tá sé beartaithe cur leis an gcúrsa Ard -Dioplóma i léiriú Teilifíse eagraithe ag an gComhlacht Nemeton i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Udarás Na Gaeltachta, an bhliain seo chughainn agus cúrsa leibhéal a naoi a sholáthar chomh maith leis an Dioplóma.
Imní faoi slad atá déanta ag rónta ar ghabháil éisc
Tá imní agus fearg léirithe ag iascairí i gCiarraí Thiar arís an tseachtain seo tar éis do rónta slad a dhéanamh ar ghabháil éisc cheann de bháid cois cósta na leithinse. Tuigtear go bhfuil na cladaí rón timpeall na mBlascaodaí méadaithe go mór le blianta beaga anuas, agus go bhfuilid dulta i dtaithí ar mhodhanna iascaigh na mbád, go háirithe iascach na bpollóg, agus go bhfuil fleádh agus féasta ag na rónta ar an iasc atá á thabhairt ar barra.
Biaiste Turasóireachta Sceilig Mhichíl tosnaithe
Tá biaiste turasóireachta ar Sceilig Mhichíl, ar chósta Uíbh Ráthaigh, tosnaithe ón lá inné.
Bhí an séasúr in ainm agus tosnú Dé Domhnaigh seo d'imigh tharainn, ach ní rabhthas in ann tabhairt fén Sceilig go dtí'n lá inné de dheasca na drochaimsire.