Nuacht an Tuaiscirt:Tacaíocht Joe McHugh do Leo Varadkar
Tacaíocht Joe McHugh do Leo Varadkar
Tá sé dearbhaithe inniu ag Aire Stáit don Diaspora, Joe McHugh go mbeidh sé ag tacú le Leo Varadkar do cheannaireacht pháirtí Fhine Gael. Measann an tAire Stáit McHugh go mbeadh an tAire Varadkar mar cheannaire den scoth ar an tír, agus dúirt sé go bhfuil tuiscint mhaith aige ar na rudaí atá ag cur isteach ar phobail ar fud na tíre, go háirithe i nDún na nGall. Dúirt sé gur an tAire Varakdar a ba chúis le stáisiún an Gharda Cósta a choinneáil ag Ceann Mhálainne, nuair a bhí baol é a dhruid, agus gur é a chur tús le próiseas maidir le comhoibriú níos fearr trasteorann maidir le cúram ailse. Chaith sé seal ag obair mar dhochtúir teaghlaigh i gCarn Domhnach fosta, a dúirt an tAire Stáit McHugh.
Dúirt an t-iar Aire Stáit Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnghaile nach bhfuil cinneadh déanta aige féin go fóill cé dó a dtabharfaidh sé tacaíocht don cheannaireachtl. Dúirt sé go mbeidh deis ag baill an pháirtí i nDún na nGall eolas a fháil faoin rás don cheannaireacht mar go mbeidh Fine Gael ag eagrú cruinnithe go ceann roinnt seachtainí.
Deiseanna turasóireachta
Tá deiseanna móra turasóirí a mhealladh go dtí'n iar thuaisceart, ma dhéanfar comhnascadh idir Grianán Ailigh in Inis Eoghain agus Dún Thulaigh Óig ar an Chorr Chríochach i dTír Eoghain, a dúirt an Comhairleoir Contae Jack Murray. Dúirt sé go bhfuil ceangal láidir stairiúil idir an dá láthair agus gur cheart do ghrúpaí a bhfuil baint acu leis an dá láthair, obair lena chéile leis an réigiún a fhorbairt.
Tráigheanna Dhún na nGall
Tá caighdeán glaineachta iontach maith san uisce ar thráigheanna i nDún na nGall a ndearna an Ghníomhaireacht Um Chaomhnú Comhshaoil tástálacha orthu in 2016, de réir tuairisce atá foilsithe acu ar maidin. As an 19 tráigh sa chontae ar dearnadh scrúdaithe orthu, bhí caighdeán iontach ard ag triúr déag dena tráigheanna sin. Ina measc bhí Fionntrá, Bun Dobhráin, An Fhearthainn, An Charraig Fhinn, Port Artúir, Droim na Tine, Baile Thiarnáin agus Port an tSalainn. Bhí caighdeán maith bainte amach ag dhá thrá, Lios Feannáin agus Rath Maoláin. Léiríonn an suirbhé gur sásúil go díreach a bhí caighdeán an uisce ag Trá na mBan i mBun Cranncha, áit a bhfuil imní go bhfuil séarachas ag dul isteach san fharraige, a dúradh. Bhí dhá thráigh úr san áireamh sa tástáil anuraidh, sin Machaire Rabhartaigh agus Dubhaigh. Níor dearnadh go leor tástálacha ar an dá thrá seo agus measann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil gur cheart go mbainfí amach caighdeán iontach maith ag an dá thráigh seo.
Postanna á gcruthú i nGaoth Dobhair
Tá comhlacht RA Pacáistí ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair le 40 duine breise a fhostú. Tairgeann an comhlacht pacáistí plaisteacha do bhialanna agus déanann siad 90% dá dtairge a easpórtáil go dtí'n Bhreatain. Tá 170 duine fostaithe sa chomhlacht faoi láthair. Dúirt Micheál O hÉanaigh, Stiúrthóir Fostaíochta, Fiontraíochta agus Maoine Údarás na Gaeltachta, gur comhartha dóchais don Pháirc Ghnó é go bhfuil cinneadh déanta ag an chomhlacht infheistíocht shuntasach a dhéanamh.
Cuairt ar Theach Laighean
Tá toscaireachtaí ó thrí cinn de scoileanna i nDún na nGall ar cuairt ar an Dáil inniu le cruinniú a bheith acu leis an Aire Oideachais faoi thograí forbartha atá beartaithe acu. Casfaidh na Teachtaí Pat the Cope Ó Gallachóir agus Piaras Ó Dochartaigh leis an Aire i gcomhair le toscaireachtaí ó scoil Adhamhnáin ar an Luinnigh, Scoil Mhuire i Srath an Urláir agus Gaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall. Dúirt an Teachta Ó Gallachóir go bhfuil foirgneamh úr de dhith ar Scoil Mhuire, Srath an Urláir, agus go bhfuil suíomh aimsithe agus cead pleanála faighte. Tá síniú breise le cur le Scoil Adhmhnáin ar an Luinnigh i nGaoth Dobhair, a dúirt sé, agus tá foirgneamh úr de dhíth ar Ghaelscoil na gCeithre Máistrí.
An chéad Supermacs i nDún na nGall
Tuigtear go bhfuil pleananna ar bun leis an chéad bhialann de chuid Supermacs a oscailt i nDún na nGall. Tá cead pleanála a lorg faoi láthair le togra 950 méadar cearnach a fhorbairt i mBaile Dhún na nGall, agus tuigtear go bhfuil sé i gceist go mbeidh bialann de chuid Supermacs san áireamh san fhorbairt sin. Beidh stáisiún breosla, dhá shiopa agus bialann mar pháirt den fhorbairt a bheas á tógáil ag Comhlacht Korley Teoranta ag Droim Lonachair i mBaile Dhún na nGall. Tá níos mo nó 100 bialann ag Supermacs, comhlacht a bhunaigh Pat McDonagh as Gaillimh sa bhliain 1978, ar fud na tíre.
Coiste Forbartha Chnoc Fola
Tá Coiste Forbartha Chnoc Fola i nGaoth Dobhair ag tabhairt faoi thogra ar fiú níos mó na €200,000 a fhorbairt ar Loch Bhun an Inbhear. Tá pleananna ag an choiste leis an loch a ghlanadh, siúlóidí, áit súgartha agus picnic a thógáil ar an láthair agus an loch a fhorbairt mar loch iascaireachta. Beidh cruinniú ag an choiste leis an Aire Stáit Seán Kyne i mí Iúil le tacaíocht a lorg dá dtogra. Dúirt Treasa Ní Ghallchóir, Cathaoirleach an Choiste, go rachaidh an fhorbairt seo go mór chun sochar do chúrsaí turasóireachta agus forbartha san áit mar go bhfuil ganntanas mór áiseanna do thurasóirí sa cheantar.